Cuirfidh TG4 soláthar iontach ábhair ar fáil don Chomóradh Céid, idir sheoda cartlainne agus nua-léirithe. Ríomhfar imeachtaí na Réabhlóide, na cúiseanna a bhí leis agus na daoine a ghlac páirt (nó nár ghlac). Cuirfidh an rogha clár seo le do thuiscint ar scéal casta na linne sin agus ar an oidhreacht a d’fhág sin againne mar náisiún. Ar an gCéadaoin,craolfar arís an sraith Seachtar na Cásca, a thugann léargas ar bhreith an náisiúin agus Oíche Mháirt ag 21:30 craolfar sraith scéalta ar fhás an náisiúin ó shin i leith. TG4 marks the 1916 Centenary with a combination of jewels from our archive and bold new content, Wednesday nights at 19:30 will re-show Seachtar na Cásca: profiles of all of those executed after the Rising. TG4 is also dedicating a prime time slot on Tuesday nights, 9.30pm, as a showcase for a series of major documentaries and drama documentaries that focus on some of the stories, events and personalities that shaped the nation in the decades that followed since. |