Cartlann Sean Nóis » Cláir » Baile

Sraith nua thábhachtach a thugann chun cuimhne seachtar fear a chuir údaráis na Breataine chun báis i bPríosún Chill Mhaighneáin tar éis Éirí Amach na Cásca 1916. Is minic ómós tugtha don seachtar ceannairí a daoradh agus a cuireadh chun báis ar dtús ach tá a scéal féin ag gach duine den seachtar, scéal a fágadh ar lár go minic agus eachtraí corracha na tréimhse sin á meas agus á gcomóradh.

Ba leor a síniú ar an bhforógra chun an seachtar ceannairí sin a dhaoradh ach tá scéal níos casta le hinsint i gcás an tseachtair eile a cuireadh chun báis ina ndiaidh ar minic iad ligthe i ndearmad sa gcur síos ar an Éirí Amach agus ar tharla ina dhiaidh.

Seo anois é an scéal sin, clár uair an chloig faoi gach duine den seachtar:
Michael Mallin, Ned Daly, John MacBride, Willie Pearse, Micheál O’Hanrahan, Seán Heuston agus Con Colbert.

Faoi mar a bhí sa tsraith iomráiteach a léirigh an fhoireann seo do TG4 ar an seachtar sínitheoirí, tugann na cláracha nua seo scéal na laochra seo chun cuimhne le cabhair saineolaithe staire agus míreanna drámaíochta ó shaol na bhfear, ón Éirí Amach agus óna seal gairid i bpríosún.

Orthu sin atá páirteach tá:
Damian Lawlor, Diarmaid Ferriter, Elaine Sisson, Ferghal Mac Garry, Fintan Lane, Aindrias Ó Cathasaigh, Ann Matthews, Brian Feeney, Frank Prendergast, Margaret Ward, Marnie Hay, Michael Foy, Pádraig Ó Snodaigh, Pádraig Óg Ó Ruairc, Paul O’Brien, Róisín Ní Ghairbhí, Séamus Ó Síocháin, Anthony Jordan, Brian Crowley, Brian Hughes, Helen Litton John Gibney, William Henry, Úna Uí Challanáin, Micheál Ó Doibhlin agus Colbert Kearney.

Faoi mar a bhí leis an duais-shraith roimhe seo, is é Dathaí Keane a scríobh agus a stiúraigh an tsraith seo a léiríodh le tacaíocht ón scéim Fuaim agus Fís de chuid Údarás Craolacháin na hÉireann.

Dé Céadaoin @ 21:30 | Athchraoladh - Dé Sathairn @ 20:00

1234567
Níl TG4 freagrach as an ábhar ar Shuíomh Gréasáin seachtrach ar bith