Baile » Cláir » Cartlann Sean Nóis » An Bhinsín Luachra - Corn Uí Riada 2014

An Bhinsín Luachra-Corn Uí Riada 2014

Bhíos-sa maidin Shamhradh ag góilt síos trí Chontae an Chláir,
‘Gus bhí éanlaith coille ag labhairt liom ar an gcrann is iad ag siúnáil,
Sea do casadh liomsa ansacht ba bhreátha is ba dheise snua,
Agus thugas searc is gean di, ar n’amhras 'sí bláth na n-úll.

Maidin aoibhinn uaibhreach ar bhruach na coille glaise breá,
Is mo ghadhar le m'ais ag gluaiseacht go huasal is mo ghunna im' láimh,
Sea do dhearcas chughamsa stuairín na gruaige finne 's a muinéal bán,
Agus ábhar binsín buainte aici den luachra ba ghlaise fás.

‘S a chailín bhig na luachra bí socair is fan go réidh,
Ní cáil duit a bheith chomh huaibhreach  insan uaigneas is tú leat féin,
Mar má scaipfeadsa do chuid luachra ní dual go bhfuil fás dá héis,
Agus bainfeadsa binsín úr duit agus mórchuid mar thuilleadh léi.
 
D’fhéachas ar na cuanta is bhí ann uaigneas agam dar ndóigh
Is do dhruideas le mo stúirín agus d’fhuadíos  uaithi cúpla póg,
‘Sé dúirt sí liom go huaibhreach, “Fan suanmhar is ná cuir orm stró,
Is ná scaip mo bhinsín luachra théis a bhfuaireas dá thrioblóid.”

Is a chailín bhig na luachra, dá ligfeá-sa do bheart ar lár,
Ar bhruach na coille craobhaí nó ag éisteacht le cuan an ghrá.
Sagart ní bhfaigheadh scéala ná éinne dá bhfuil san áit,
Nó go dtiocfadh  an chaint don chéirseach 's go n-iompódh an londubh bán.
 
A óigfhir cuirim suas díot san deabhas maith a bheith agat liom
Mar is mó cailín sultmhar suáilceach a síor-ghol faoi dhuilliúr crann
Mar go mbfhearr liomsa seal ag baint luachra ná bheith am ruagairt ó aois go bás.
Is do bhábán ar mo ghualainn is mé cur tuairisc gan tú bheith agam le fáil. 

Sí an cailín deas ab fhearr liom sí a bheith  lách,  banúil, mín.
Mar dá bpósfainn cailleach ghránna mo lámh dhuit ná mairfinn bliain,
Ach dá bpósfainn tusa, a ghrá ghil, a chúil fáinneach na ndriopall ngliar,
Agus bainfeadsa binsín breá duit chomh hálainn dá chonaicíos ariamh.

Nár dheas an cailín seomra í Dé Domhnaigh agus bris 'na láimh,
Cár dheise ná ‘crú na mbó í, 'sí mo stóirín í go bhfaigh mé bás
Tharraingeodh sí samplaí coróinneach go róbhreá ar éadaigh clár,
Agus cara mo chroí  mo rún í, sí smóilín an bhrollaigh bháin.

Aodán Ó Ceallaigh - Corn Uí Riada 2014

Níl TG4 freagrach as an ábhar ar Shuíomh Gréasáin seachtrach ar bith