Peigí Mistéal

Is b’ait liom bean a d’imreodh cleas is nach gclisfeadh ar a grá
A shiúlfadh isteach le gean ar fhear is nach seasfadh leis sa tsráid
Do bhéilín deas is milse blas ná mil na mbeach faoi Cháisc
Do chúl trom tais fionn fáinneach glas sí Peigín atá mé a rá.

Is míne a dreach ná clúmhach mín geal ná cúr na toinne ar thrá
Croí breá glas gan fhás nár mheath mar a éiríonn duilliúr is  bláth
Sul a dtéigh mé i bhfeart tá m’intinn leat a Pheigín a mhíle grá
Sé mo léan is mo chreach gan tú is mé leat ar chóstaí Mheiriceá.

Dhá bhfaighinnse caoi nó áit le suí ní stopfainn bliain ná ráithe
Go scríobhfainn síos le peann deas caol do chuma agus do cháil
Mar nár rugadh ariamh aon bhean sa tír a bhéarfadh uaitse an barr
Ó scriosadh an Traoi mar gheall ar mhnaoi is ó cuireadh Deirdre chun báis.

Tá lonradh an óir i bhfolt mo stór is é ag fás go fáinneach, fionn
Go béal a bróige chomh glas le deoir is é fite os a cionn
A bhláth na n-úll is breáichte snua ná duilliúr bharr na gcrann
Faigh réidh Dé Luain, nó go dtéimid chun siúil, féach mar a bhfuil tú i ndán.

Tá breáichte is gile, fuil as cuisle agus lasadh deas dhá réir,
I mbláth na cruinne is gainne glaise súil is leagan béil
Ní bréag ar bith an scéal atá amuigh gur fear mé atá gan chéill
Le bliain inniu is gach aon lá suilt is mé ag cuimhniú ar bhláth na gcraobh.

Mo ghrá faoi dhó na mná go deo, is iad a d’fhága mise tinn
Ag déanamh bróin faoi luach an óil do dhíobháil é a bheith cruinn
B’fhearr liom póg ó Pheigín, ar ndóigh, is í a bheith in uaigneas liom
Ná saibhreas Sheoirse, gidh  gur mór é a leath, dhá mbeadh sé uilig cruinn.

B'ait liom dórtadh a fháil ar phórtar is cannaí lán de leann
Puins ar bord is gloine i gcóir an fhads a bhéas mo phócaí teann.
Mo ghrá 's mo stór bheith os mo chomhair 's í caint 's a comhrá liom
Is léi a d'ólfainn luach na mbróg dá mbeadh mo chuntas cruinn. 

 

 

Corn Uí Riada 2011 - Caitlín Ní Chualáin

Téama an Amhráin