Baile » Cláir » Cartlann Sean Nóis » Fearghas Mac Lochlainn » An Binsín Luachra - Sean Nós na bhFear 2013

An Binsín Luachra - Sean Nós na bhFear 2013

 Agus bhí mé maidin uaigneach is mé ag siúl síos le bruach na trá

Bhí mo choin agam go huaibhreach is mé ag gabháil liom is mo ghunna im’ láimh

Nuair a casadh dhom an stuabhean ba chumhra ‘gus ba deise scáil

Agus ardbhinse bainte aici don luachair is glaise bláth.

 

A chailín scoth na luachra, sé an truaigh liomsa do bheart ar lár,

Nó an dtiocfá liom san uaigneas  faoi bhruach na coille is glaise bláth.

Mar sagart ní bhfaighidh scéal air ná aon neach á bhfuil le fáil

Nó go dtige caint don chéirseach nó Gréigis don londubh breá.

 

Ní mheallfaidh  tú mé a bhuachaill le do chluainíocht níl gar duit ann

Is a liachtaí cailín stuama ag iompar ualaigh is dá goil go fann.

B’fhearr liomsa  baint na luachra is dá tuar go lá mo bháis

Ná do leanna a bheith ar mo ghualainn ag cur do thuairisc is gan tú le fáil.

 

Gheall tú giní is punt dhom is bhí súil agam le ‘cur ina cheann

Ó culaith ó bhonn go huachtar agus gúna den tsíoda bán

Ó gheall tú  a theacht ar cuairt agam gach Domhnach agus maidin bhreá

Le luach mo bheartín luachra is a bhfuair tú ariamh dhá bharr.

 

Ní stoc agam, níl bróig a’am, níl stól agam lena suífinn síos

Níl mo bhríste ar fónamh ar ndóigh-nín tá an phluid gan fí

Níl dhá phingin sa domhan mór agam is go bhfóire ormsa Íosa Críost

Tá lán de mhná an ósta sa tóir orm faoi luach na dí.

 

Nach olc an cuntóir dhomsa thú lá an fhómhair is mé ag baint an lín

Do sheisreach lá an Mhárta níorbh ádhúil thú a bheith ag cur an tsíl

Ní dhéanfá cruach ná stáca mar a dhéanfadh aon fhear sa tír

Is a Mhic Mhuire is a Rí na nGrásta cérbh áil liom a bheith a’meath do chionn.

 

Fearghas Mac Lochlainn - Sean Nós na bhFear 2013

Téama an Amhráin

Níl TG4 freagrach as an ábhar ar Shuíomh Gréasáin seachtrach ar bith