Baile » Cláir » Cartlann Sean Nóis » Fearghas Mac Lochlainn » Pluid Dhorcha Lára - Sean nós na bhFear 2016

Pluid Dhorcha Lára - Sean nós na bhFear 2016

Nach suarach an past-time a fuair mise, faraor
Ag cur tuairisc phluid dhorcha Leára
I leaba a bheith freastal amuigh i mo gharraí
Nó i ngreim i mo dhá mhaide rámha.
B’fhearr liomsa maraithe nó curtha beo i dtalamh
Ná a bheith beo roimh an anró atá i ndán dhom.
Má tá sí sa bpobal, i gclaise nó i gclochar
Dar m’fhocail dhaoibh cuirfead ar fáil í.

D’éirigh mé ar maidin is thug mé mo mhaide liom
Shiúil mise amach ag tigh Leára:
“Éirigh a rud salach, tabhair comhartha ceart dom
Ar éadach leapa do pháistí!
An taobh a bhí ceart dhe bhí fionnach mór fada air
Bhí an taobh eile chomh mín leis an bpláta.
Ná déan ach gabh abhaile agus glac comhairle chara
Is dheamhan blas a gheofar go brách dhi.”

Mar thóig mise an traein ar uair a dó dheág
Chuaigh mé go Queenstown an lá sin,
Shiúil mise Éirinn thart timpeall fré chéile
Ansin agus trí Oileán Árann!
Théis an méid trioblóide a fuair mé dhá lorg
Ó Chorcaigh go bun Chruach Phádraig,
Cé mbeadh sí ach sa seomra ag Beairtlí Ó Cuanaigh
Le haghaidh Bhríd Óg is a páistí.

Muise dhá mbeadh sí sa seomra ag Beairtlín Ó Cuanaigh,
Chaithfeadh sé amach ar an tsráid í,
Ní hé sin d’Aindí nár chleacht ariamh tada
Nach raibh faoi ná thairis ach málaí;
Bhí leaba ‘thart-thart’ aige ar nós chuile bhacach,
Bhí a ordóig i bpolláirí a mhná thuas
Ar fhaitíos go gcasfaí ann Ciarragán bacach,
’S go dtosódh sé ag goil ar a cnámha!

’S ar chuala tú an battle a bheas thiar anseo i gCaisín,
Ó tosóidh sé an chéad lá de Mhárta,
Beidh soithigh na Banríona ann lán suas le airm,
Beidh an Turcach, an Francach ’s an Spáinn ann;
Beidh an Russian ag teacht ann, é fhéin ’s a chuid fearaibh
’Gus tógfadh an Merican láimh leis,
Dheamhan fear a bheas againn a chuirfeas an t-earrach
Mara bhfágha muid pluid dhorcha Leára!

Tráthnóna Dé Domhnaigh, chuaigh mise ag siúlóid,
Shiúil mé Ros Muc is Coill Sáile,
Thart anonn go ndeachas go Dúras
Go Cnagaire is Ceathrú na Madraí;
Ag goil anoir ag tigh Wallace sea casadh fear feasa dhom,
Bhain sé trí toss as na cártaí,
‘Ná déan ach gabh abhaile go dtí an Doirín Darach
Mar is ann atá pluid dhorcha Leára!’

Tá eascainí an tsagairt ag titim ar Aindí
Ó ghoid sé an phluid dhorcha ó Leára.
Dheamhan breac a mharódh sé ó Luan go Satharn
Dhá mbeadh an fharraige lán leo.
Nach éard dúirt a bhean leis: “Tabhair aige abhaile í
Is cá bhfios nach dtóigfeadh Dia an smál dínn?
Mar is maith atá ‘fhios ‘a’tsa ó aimsir an tsneachta
Gur rinne mé léine agus drár dhi!”

Chuir Henry Lochlainn litir ag Colm
Stampa ‘gus séala uirthi fáiscthe
Gan cónaí ná stopadh go dtéadh sí go Corcaigh
Gan aon phingin chostais ná páighe.
Bhí sé faoi dheifir ag goil go ríocht eile
Níor labhair sé ach aon fhocal amháin leis:
“Gur daoine gan deifir ná imní faoi obair
A bheadh ar thuairisic phluid dhorcha Leára!”

Na mná a bhí dhá deilbh, bhí siad faoi dheifir
Níor chuir siad aon chrios ach ar cheann di
Tá bua agam uirthi, ní féidir í a lochtú
Ní luíonn an dusta ar phluid Leára.
Níl cailín óg dathúil dhá ndéantar a cleamhnas
Nach mbeidh ar thuairisc phluid dhorcha Leára
Mar dhá bhfaigheadh sí trí oíche í le scaradh ar a’ leaba
Nach mbeadh mac aici i gceann na dtrí ráithe.

’S tá Henry Mitchell a chlaimh is a ghunna aige
Anseo againn ar Chnocán an Bháire,
Chuala sé i gCorcaigh go raibh sé ina chogadh
Mar gheall ar phluid dhorcha Leára;
Is a bhuachaillí maith ná déanaigí tada
Mar beidh sibh in aiféal amárach
Gearrfaidh muid isteach í san airgead acraí
Mar sílim gurbh í an phlean is fearr é.

Bhí mé an lá cheana ag gabháil soir thar an mbeairic
Bhí fear de na póilíos á rá liom
Nach raibh aon choirnéal i nGaillimh nach raibh an phluid dhorcha ann scartha
Bhí mac Roddy á léamh ins na páipéir
Go raibh fear ar an mbaile a raibh a bhean in aon teach leis
Níor chodail sí néal leis le ráithe
Rachainnse i mbannaí go gcaillfeadh sí rampúch
Faoi bhinn de phluid dhorcha Leára!

Bhí mé an lá cheana is mé ag siúlóid i nGaillimh
Is mé ag fanacht go snámhfadh na báid ann.
Cé d’fheicfinn ag gabháil tharam taobh thall ar an mBalla
Ach seanbheainín gheanúil as Malbay.
“Muise an tusa Aindí Ó Ceallaigh, nár thriall mise i bhfad ort?
Gabh anall nó go gcraithfidh mé láimh leat!
Beannacht na bhFlaitheas le anam do mharbh
Is gabháil dhom “Pluid dhorcha Leára!”

“Muise, a chailín óg gheanúil, pé ar bith cé as thú
Ní maith liom thú a mhaslú sa gcás sin
Ach tá mé trom tuirseach ó d’fhága mé an baile
Ag imeacht is maide ins gach láimh liom.
Ach olann gan bealadh is deacair í a scalladh
Ní féidir í a shníomh ná í a chárdáil
Ach dhá bhfaighinnse bleaist fuisce a thóigfeadh mo mhisneach
Nach deas a déarfainn bleaist de “Phluid dhorcha Leára!”

D’éirigh mé ar maidin, ‘s bhí mé ag coimhlint thar chara
Nach bhfaca mé an feitheadach gránna.
Nach raibh rud mar a bheadh trach ann aige faoina ascaill
Bhí an phluid dhorcha síos lena shála.
Lig mé fead ar an mada go ndíbreoinn ón teach é
Ar fhaitíos go scanródh sé an páiste.
Ach cé d’fheicfinn agam ach Aindí Ó Ceallaigh
Is ní thabharfainn deoir fhola le náire!

 

 

 

 

Fearghas Mac Lochlainn - Sean Nós na bhFear 2016

Níl TG4 freagrach as an ábhar ar Shuíomh Gréasáin seachtrach ar bith