Baile » Cláir » Cartlann Sean Nóis » An Seanduine Cam - Corn Uí Riada 2015

An Seanduine Cam-Corn Uí Riada 2015

Bhí aithne agamsa ‘gus eolas ar sheanfhear sách dathúil
‘Sé an áit a raibh cónaí air ná thíos ins an ngleann,
Bhí sé i ndeis mhór aige, bhí eallach go leor aige,
Airgead is ór buí le cur faoina cheann.

Thóg sé suas comhairle bean óg a phósadh,
Go gcoinneodh sí cúrsaí seacht n-uaire ní b’fhearr,
Ach ar maidin is tráthnóna bhí fearg is gruaim uirthi,
Faoi eochair an trunc mar ní raibh sí le fáil
.
“Nach suarach an tslí dhom a samhailt de mhnaoi
Bheith ag caitheamh mo shaoil leat gan súgradh ná greann,
Nach mór é mo ghnaoi ort, is nár fhága tú de shaol é ,
Go bhfanfainnse taobh leat a sheanduine cam.’

‘S nach dtug mé go leor dhuit, airgead ór buí,
Báid bheaga, báid mhóra, capall is carr,
Le n-ithe do dhóthain is beatha mhaith i gcónaí
Ó togha leaba chlúmhaigh is cead codladh go sámh.’

‘S sin é gach aon sórt dá gcuirfeása spóirt ann,
Go dtí fiú parasól le tabhairt leat i do lámh,
Capall nó pónaí le cur fút i gcónaí,
Goil ag an aifreann Dé Domhnaigh dá dtográ a dhul ann.

‘Muise, dhá dtabharfá an saol mór dom le n-ithe is le n-ól,
Ó shaibhreas Rí Sheoirse is nár mhór é le rá,
Loingis faoi sheolta is cóistí ar bhóithrí,
‘S b’fhearr liom fear óg ná thú, a sheanduine cam.’

‘Nuair nach nglacfaidh tú comhairle téirigh dhá thóraíocht,
Cuir ort do chóta is do chlóca ar do bhráid.
Bí ag na crosbhóithrí le teacht don tráthnóna,
Is beidh seans ar fhear óg agat má bhíonn tú i bhfad ann.

Nuair a thiocfas an oíche ‘s ní bhfuair tú aon dídean,
Ó tosóidh tú ag caoineadh ‘s gan aon mhaith dhuit ann.
Ach thabharfainnse an Bíobla, anois de glanfhírinne,
Go mb’fhearr leat a bheith arís ag do sheanduine cam.

 

Micheál Ó Confhaola - An Seanduine Cam - Corn Uí Riada 2015

Níl TG4 freagrach as an ábhar ar Shuíomh Gréasáin seachtrach ar bith