Baile » Cláir » Cartlann Sean Nóis » An tIolrach Mór - Corn Uí Riada 2014

An tIolrach Mór - Corn Uí Riada 2014

Ó d'éirigh mé go feargach ar maidin moch Dé Domhnaigh
Chuir mé orm mo bhróga is mé ag goil go Tír an Fhia,
‘S ag goil thrí Ghleann an Duine Mhairbh dhom sea casadh an tIolrach Mór orm,
Is ba gheall le dúchán móna é go pramaí ina shuí.

Ghlaoigh mé straoill is strachaille air, amadán is óinseach,
Cineál Briain Mac Lóbhais de phóir Chathail Bhuí,
Sin ‘gus mo sheacht mallacht go bhfeara sé go deo air,
A thóig mo choileach óg uaim a ligfeadh dhom a ghlao.

"Gabh do chiall i gceart chugat is ná maslaigh mé ar an nós sin,
Dár mo mhionna is dar mo mhóide, ní thógfainn ort aon dlí,
Níor mhór liom a bheith de bhrabach ort i dteach na dtroscadh dóite
Mar is duine thú bhí fóintinneach i gcónaí de fhear slí.

Fill is téir abhaile is fiafraigh fhéin de Nóra é,
Cén t-ainm a bhí ar an ógmhnaoi a bhí ag scóladh a chinn,
An clumhach a bhí ar a leasrachaí sa teallach acu dóite,
D'itheadar i gcomhar é is dheamhan mórán a bhí buíoch."

“Thug tú t-éitheach, a sclabhaire, ní h-iad a chaithfeadh i gcomhar é
Ná rud ar bith den tsórt sin gan na comharsana a bheith buíoch.
Ach thusa fhéin a chroch leat é faoi do sciatháin mhóra
Agus ní chaithfear ráithe an fhómhair nó go gcuirfidh mé ort dlí”.

Tá roinnt de leabhair an tseanchais nár aithris mé go fóill dhuit
Nuair a chuala sé na glórtha thit na deora uaidh síos:
"Gheobhfaidh tú amach sa tseanchas gur mac don Dearg Mhór mé,
Is más troid atá tú a thóraíocht, seas romham is ní bhéir buíoch."

Ghléas sé a chulaith ghaisce air, a chuid arm agus éadach
A chlaíomh aige ba ghéire dá mb'fhéidir a fháil,
Mise ‘gus mo speal agam gan falach ach mo léine
Gur ionsaíomar a chéile go dianmhoch sa lá.

D'fheicfeá tínte cneasa a bhí na hairm a bhaint as a chéile,
‘Gus leathuair roimh an ngréin a dhul faoi b'éigean dó a rá,
Gur gheall le dhá tharbh sinn ag fuirseadh i ngleann sléibhe.
Is dúshlán fearaibh Éirinn fháil amach cé againn ab fhearr.

Scríobh sé fógra teagmhála chugam lá arna ‘mháireach
Go dtroidfimis gan aimhreas le fáinne an lae.
Ach na grástaí go bhfaighe Ó Donnghaile, dá mairfeadh sé san áit seo
Bhéarfadh sé dhom sásamh nó chaillfí leis é.

‘Sé an freagra a chuir mé ar ais aige nár ghlac mé ariamh le critheagla
Roimh aon duine acu dá dtáinig thar sáile go tréan.
D’éirigh mé ar maidin is bhí agam talamh gearrtha
Agus cluinfidh sibh ar ball go raibh an barr agam fhéin.

Is a chomharsana, an dtaitníonn libh a fheabhas is chruthaigh Féilim
Nuair a throid sé an beithíoch éigiallta ab éifeachtaí cáil?
Chuaigh sé ‘un spairn’ le fathach bhí níos leithne ná Binn Éadain
Nó an measann sibh ar aon chor go mb’fhéidir go dtiocfainn slán?

Ach an darna dorn a tharraing mé bhuail mé ar chnámh a ghéill é
Shín mé é gan bhréag agus chuir mé meabhrán ina cheann:
Séard a dúirt sé liom, ‘Ná maraigh mé is molfaidh mé go haer thú
Mar cosnóidh tú clú Éireann gan bhuíochas ar ball.”

Nollaig Ní Laoire - An tIolrach Mór

Níl TG4 freagrach as an ábhar ar Shuíomh Gréasáin seachtrach ar bith