Baile » Cláir » Cartlann Sean Nóis » An Gabha Ceártan - Comórtas na bhFear 2014

An Gabha Ceártan-Comórtas na bhFear 2013

Agus chaith mé bliain ‘gus ráithe i mo ghabha ceártan i gCúige Laighean
Agus tuairisc mo ghrá ní bhfuair mé nó go dtáinig mé ar m’ais arís
Tá an saol seo ar fad cráite is ní áirím mo mhuintir fhéin
Is ar an gcnoc úd thall atá m’áras, is ar an bPápa ní cheilfead é.

Agus soir atá mo tharraingt is nach fada uaimse grá mo chroí.
A ghiolla an chúilín phéacaigh, in do dhiaidh-sa ní mhairfead beo.
Mar tharraing tú milleán mór orm ach a stóirín níor mhaith leat é,
Is naoi n-uaire b’fhearr liomsa pósta leat go mór ná a bheith i bhFlaithis Dé.

Agus tuige nach dtagann tú a ghrá geal, is mé fháil uaidh mo mhuintir fhéin
Nó tuige nach dtagann tú lá éicint ‘s mé fháil uathu uilig go léir
Mar a mbeidís sásta leis an gcás seo is é a fheiceál réidh
Ó déanaigí cónra chláir dhom ‘gus fágaidh mé go domhain i gcré.

Agus marach mo intinn dána gheobhfainn áras uaidh mo mhuintir fhéin,
Óra ba agus caoirigh bhána agus páirceanna lena gcur chun féir.
Codladh fada Samhraidh is cead greann a bheith dhá chaitheamh léi,
Is go m’fhearr liom faoi na tamhnachaí ná piocadh seamróg le grá mo chléibh.

Is diomú Rí na hAoine don té a dhíbir mo ghrá i bhfad uaim,
Níl goir agam dul ina gaobhar aon Dé hAoine ná go moch Dé Luain.
Dá mbeadh sé ina stoirm thintí is an oíche a bheith ag cur sneachta aduaidh,
Le mo ghrá dhá bhfaighinn cead síneadh is go mbeinn chomh haoibhinn leis an eala ar cuan.

Traolach Ó Conghaile - Comórtas na bhFear 2014

Níl TG4 freagrach as an ábhar ar Shuíomh Gréasáin seachtrach ar bith