Baile » Cláir » Cartlann Sean Nóis » An tIolrach Mór - Corn Uí Riada 2013

An tIolrach Mór - Corn Uí Riada 2013

Agus d’éirigh mé go feargach ar maidin moch Dé Domhnaigh
Agus chuir mé mo chuid bhróga orm le ghoil go Tír an Fhia,
Ins an ngleann a raibh an fear marbh ann casadh an tIolrach Mór liom
Nár gheall le dúchán móna é is é go gróigthe ina shuí.

Nach dtug mé sraoill is amhas air, mac amadáin is óinsí,
Cineál sclabhais dúchais agus mór Chathail Bhuí,
‘Sin agus mo mhallacht duit, is gan rath a bheith aríst go deo ort,
Mar is tú thug an coileach óg uaim ba ghleoite a ligfeadh glaoch.'

'Muise stop do bhéal ar ais agus ná maslaigh mé chomh mór sin,
Dar mo mhionna agus mo mhóide ní mise a d'ith an t-éan,
Mar níor mhór liomsa a mbeadh de bhrabach ort i dteach na holann dóite,
Mar is fear thú a bhíodh go fiúntach i gcónaí i dteach an óil.'

Ach téirigh arís abhaile agus fiafraigh de Nóra,
Sin é an t-ainm a bhí ar an ógbhean a’ scóladh a chinn,
An clumhach a bhí ar a easnachaí, sa teallach a fuair mé dóite é,
Agus d'ith muid i gcomhar é agus ní raibh muid uilig buíoch.'

'Muise thug tú éitheach a sclabhaire, níor ith muid i gcomhar é,
Ná rud ar bith den tsórt sin gan na comharsana a bheith buíoch,
Ach is tú féin a chroch leat é faoi do dhá sciathán mhóra,
Agus ní chaithfear ráithe an fhómhair nó go gcuirfidh mé ort dlí.'

‘Nach bhfuil cuid de leabhar an tseanchais le n-inseacht agamsa fós dhuit,
Is nuair a chluinfeas tú na glórtha, beidh na deora leatsa síos,
Agus gheobhaidh tú amach sa seanchas gur mac leis an Dearg Mór mé
Is más troid atá tú a thóraíocht, seas romham is ní bheifear buíoch.'

Nár chuir sé a chulaith ghaisce air féin in arm is in éadach,
Agus an claíomh ba ghéire dá mb’fhéidir leis a fháil,
Bhí mise agus mo speal dheamhan folach ach mo léine,
Nó gur throid muid a chéile go raibh sé deireanach ins an lá.

Nár gheall le tinte tóirní a bhí na hairm a bhaint ó chéile,
Agus ag goil faoi don ghréin sea b'éigean domsa a rá,
Gur gheall le péire tairbh muid ag fuirseadh sa ngleann sléibhe,
Agus dúshlán fear ó Éirinn fáil amach cé againn ab’fhearr.

An darna dorn a tharraing mise bhuail mé ar chnámh a ghéill é,
Shín mé é gan bhréag agus chuir mé meabhrán ina cheann,
‘Séard a dúirt sé liom, 'ná maraigh mé ‘gus molfaidh mé go haer thú
Mar cosnóidh tú clú Éireann gan bhuíochas ar ball.

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

Traolach Ó Conghaile - An tIolrach Mór

Níl TG4 freagrach as an ábhar ar Shuíomh Gréasáin seachtrach ar bith