Tá críoch tagtha le mór chomórtas ealaíne Saol Faoi Shráid!

Ba mhaith le foireann Cúla4 buíochas ó chroí a ghabháil le gach duine a sheol pictiúr isteach. Tháinig na mílte iarratas isteach agus gach ceann ar ard chaighdeán. Bhí sé an-deacair buaiteoir a roghnú, mar sin- d’aontaigh muid cúpla duais breise a thabhairt amach.

Comhghairdeas mór millteach le Kelsey Dsemwegie, Gaelscoil Dhún Dealgan a bhain an chéad duais amach.

Chomh maith leis sin táimid chun cúpla duais breise a bhronnadh ar na healaíontóirí seo a leanas as an iarracht iontach:

  • Katie O’ Shaughnessy Larkin, Scoil Mhuire na nGael
  • Cathal Ó Braoin, Baile Átha Cliath
  • Aimee Ní Choileáin, Co. Lú

Comhghairdeas ó chroí le gach duine, moladh ard do gach ealaíontóir a sheol pictiúr isteach.

Foireann Cúla4

Cúla4 Email
Níl TG4 freagrach as an ábhar ar Shuíomh Gréasáin seachtrach ar bith