Baile » Sceideal » Sceideal Iomlán

Dé Luain, Eanáir 22, 2018
France 24
France 24
05:30
 
Cainéal nuachta 24 uair an chloig na Fraince atá i France 24. Bíonn an clár á chraoladh beo as Páras. Tá 180 iriseoir ag an stáisiún ar fud an domhain mhóir a thugann tuairiscí cuimsitheacha agus cumasacha chuig an lucht féachana ar imeachtaí móra laethúla.

Cúla 4 na nÓg
Cúla 4 na nÓg
07:00
 
Mír do ghasúir réamhscoile atá i Cúla4 na nÓg a thosóidh gach maidin ag 7 a.m. go dtí an 10.00 am agus arís ag an 3p.m. i rith na seachtaine. I measc na gclár beidh Wanda and the Alien, Masha agus an Béar, QPootle, Olly an Veain Bheag Bhán agus Dinosaur Train agus neart eile.

Olivia (GS)
Olivia (GS)
07:02
(S1/CL40)
Tagann Olivia agus Cian abhaile agus cuairteoirí ina dteannta nach raibh súil ar bith leo - lacha agus a hál!

An Captaen Flinn agus na Foghlaithe Dineasár
An Captaen Flinn agus na Foghlaithe Dineasár
07:13
(S1/CL36)
Tá an long lán le francaigh. Glaonn Féasóg ar a dheartháir chun réiteach a fháil ar an bhfadhb.

Astroblast! (GS)
Astroblast! (GS)
07:25
(S1/CL13)
Tagann Halley ar Phuifín beag sa chaifé, ach ní thaitníonn sé le Radar ar chor ar bith.

Astroblast! (GS)
Astroblast! (GS)
07:37
(S1/CL14)
Is í Halley laoch Sputnik inniu agus tá sí ag iarraidh a bheith díreach cosúil léi.

Olly an Veain Bheag Bhán
Olly an Veain Bheag Bhán
07:50
(S1/CL29)
Téann Stan ag imirt gailf ach go bhfóire Dia air mar is é an tUasal Dris a bheidh ag imirt in éineacht leis!

Olly an Veain Bheag Bhán
Olly an Veain Bheag Bhán
07:55
(S1/CL30)
Nuair a bhíonn beirt fhear dóiteáin tinn tugann Olly agus Stan cúnamh don fhoireann. Caithfidh Ruairí iad a thraenáil ar dtús áfach. An mbeidh siad in ann ag an bpost má bhíonn tine mhór ann?

Dora (GS)
Dora (GS)
08:00
(S8/CL7)
Tá lámhainní na bpiscíní ar iarraidh. An mbeidh Dora in ann iad a aimsiú?

Tractor Tom
Tractor Tom
08:25
(S1/CL17)
Tá sé faighte amach ag Tom céard a bhíonn ar siúl ag Wheezy san oíche.

Balloon Barnyard
Balloon Barnyard
08:36
(S1/CL1)
Tá neart mistéirí le réiteach ag Pip agus ag Streak i gClós na mBalún inniu.

Dot
Dot
08:45
(S1/CL11)
Tá Dot ag súil go mór leis an sneachta.

Masha agus an Béar
Masha agus an Béar
08:56
(S1/CL13)
Tá an Béar céasta ag Masha atá ag iarraidh go n-aimseoidh sé í agus í imithe i bhfolach air.

Messy, Seo Linn go Okido
Messy, Seo Linn go Okido
09:03
(S1/CL20)
Imíonn an chumhacht. Tá Messy ag iarraidh a fháil amach cá as a dtagann sé.

Cat a' Hata (GS)
Cat a' Hata (GS)
09:15
(S1/CL24)
Tá Sailí agus Nic ag imirt leaisteanna ach tá púicín orthu agus níl siad in ann a chéile a aimsiú!

Ainmhithe Beaga sa bhFiántas (OS & TS)
Ainmhithe Beaga sa bhFiántas (OS & TS)
09:30
(S1/CL20)
Caithfimid súil ar mar a chaitheann ainmhithe óga a mhaireann ar thalamh bogaigh an tráthnóna.

The Waltons (TS)
The Waltons (TS)
10:00
(S6/CL16)
Scaipeann Elizabeth ráfla go bhfuil teaghlach ar an mbaile ag spiaireacht do na Gearmánaigh, cuireann a cuid ráflaí a teaghlach agus a cairde i mbaol.

The Waltons (TS)
The Waltons (TS)
10:58
(S6/CL17)
Tá Mamie Baldwin ag ceapadh go bhfuil an bás ag bagairt uirthi. Tá Jim Bob agus Ben in árach a chéile faoina gcuid cailíní.

The Cook & The Chef (TS)
The Cook & The Chef (TS)
11:55
(S4/CL17)
Sraith cócaireachta. Is breá le Maggie agus Simon araon leabhair chócaireachta. Taispeánfaidh Maggie an méid leabhar atá bailithe aici féin le blianta anuas. Úsáideann Simon an chéad leabhar cócaireachta a fuair sé féin go fóill, leabhar cócaireachta Charmaine Solomon a thaispeánann le bia as an Áise a chócaráil.

Dallamullóg (OS & TS)
Dallamullóg (OS & TS)
12:30
(S1/CL3)
Tabharfaidh an t-ealaíontóir mór le rá, Liam de Frinse, cúnamh don phéintéir agus maisitheoir Johnny Mac Gearailt as an Daingean píosa ealaíne a dhéanamh. Beidh air taispeántas dá chuid oibre a reáchtáil agus déanfaidh critic é a scrúdú. An gceapfaidh an critic gur ealaíontóir ceart é?

The Gilmore Girls (TS)
The Gilmore Girls (TS)
13:05
(S1/CL11)
Sraith ghrinn drámaíochta. Insíonn Paris don phobal go bhfuil Lorelai agus Max, múinteoir Rory, in éineacht agus bíonn sé ina raic. Imíonn Lorelai agus Max óna chéile ina dhiaidh sin. Tugann Rory aghaidh ar Paris ach nuair a insíonn Paris di go bhfuil a muintir féin ag scaradh óna chéile bíonn trua ag Rory di agus éiríonn siad mór lena chéile.

Weakest Link (TS)
Weakest Link (TS)
14:00
(S8/CL15)
Sraith Tráth na gCeist ina bhféachfaidh 9 n-iomaitheoir leis an bpota óir a thabhairt abhaile leo. Cuirfear an t-iomaitheoir is measa, dar leis na hiomaitheoirí eile, abhaile ag deireadh gach babhta go dtí nach mbeidh ach duine amháin fanta chun an t-airgead a bhuachan. Á chur i láthair ag Anne Robinson.

Cúla 4 na nÓg
Cúla 4 na nÓg
15:00
 
Mír do ghasúir réamhscoile atá i Cúla4 na nÓg a thosóidh gach maidin ag 7 a.m. go dtí an 10.00 am agus arís ag an 3p.m. i rith na seachtaine. I measc na gclár beidh Wanda and the Alien, Masha agus an Béar, QPootle, Olly an Veain Bheag Bhán agus Dinosaur Train agus neart eile.

Masha agus an Béar
Masha agus an Béar
15:02
(S1/CL5)
Féachann na mic tíre le Masha a fhuadú le go mbeidh ar Bhéar airgead a íoc leo chun í a fháil ar ais.

Masha agus an Béar
Masha agus an Béar
15:09
(S1/CL6)
Tá an Béar chun caora a phiocadh agus subh a dhéanamh astu.

PJ Masks
PJ Masks
15:16
(S1/CL32)
Caithfidh Owlette foghlaim le bheith sásta agus foighneach anocht.

Wissper
Wissper
15:28
(S1/CL7)
Casann Wissper le órang-útan le lámha fada. Tá an ghráin ag an órang-útan ar a chuid lámh.

Is Ait an Mac é Mús
Is Ait an Mac é Mús
15:35
(S1/CL11)
Tá Jeaicín agus Mús ag glacadh páirte i rás carbad.

Cat a' Hata (GS)
Cat a' Hata (GS)
15:40
(S1/CL33)
Tá Sailí agus Nic ar bís go bhfuil siad ag dul ag scátáil amárach agus níl siad in ann codladh!

Cúla 4
Cúla 4
15:55
 
Beidh Cúla 4 ar an aer ón 7 gach maidin agus ón 4 tráthnóna ó Luan go hAoine. I measc na gclár iontach a bheidh ar siúl, beidh Angelo Rules, Get Ace, Jungle Bunch, Camp Lakebottom, Dude that's my Ghost, Garfield agus neart eile.

Alvinnn !!! agus na Chipmunks
Alvinnn !!! agus na Chipmunks
15:57
(S1/CL31)
Níl aon chead ag Alvin carr spóirt a cheannach agus mar sin cuireann sé ina luí ar Simon ceann díreach cosúil léi a dhéanamh dó.

Dónall Dána (GS)
Dónall Dána (GS)
16:08
(S1/CL51)
Féachann Dónall le leabhar a léamh do chomórtas scoile.

Garfield (GS)
Garfield (GS)
16:19
(S4/CL50)
Tá gach duine ag baint an iomarca úsáide as a nguthán cliste.

Winston Steinburger & Sir Dudley Ding Dong
Winston Steinburger & Sir Dudley Ding Dong
16:32
(S1/CL26)
Ceapann Win go bhfuil leid faighte aige maidir le láthair an fhathaigh spáis, ach tá Pam ann roimhe.

Fangbone
Fangbone
16:43
(S1/CL49)
Tá Drool chun slabhra an domhain a úsáid leis an domhan agus an Bhlaoscbán a thabhairt le chéile, ionas go mbeidh sé in ann an ladhar a fháil ar ais.

Whiz sa Chistin (GS)
Whiz sa Chistin (GS)
16:55
(S1/CL33)
Seó cluichí é Whiz sa Chistin atá bunaithe ar bhia. Beidh ceathrar leanaí sa chistin ar gach clár agus beidh a fhios againn cé chomh maith is atá said sa chistin nuair a chaithfidh siad tabhairt faoi dhúshlán bia agus ceisteanna go leor a fhreagairt. Ar chlár an lae inniu tabharfaidh Donncha agus Brandon aghaidh ar Sheán agus ar Chaitlín.

An Aimsir Láithreach
An Aimsir Láithreach
17:25
(S21/CL19)
Aimsir réigiúnach agus náisiúnta.

The Foster & Allen Show
The Foster & Allen Show
17:30
(S3/CL5)
Sraith eile ceoil agus siamsaíochta i dteannta Mick Foster agus Tony Allen. Is iad Barney McKenna agus Eamonn Campbell ón mbanna 'The Dubliners' aíonna an chlár seo.

Weakest Link (TS)
Weakest Link (TS)
18:00
(S8/CL15)
Sraith Tráth na gCeist ina bhféachfaidh 9 n-iomaitheoir leis an bpota óir a thabhairt abhaile leo. Cuirfear an t-iomaitheoir is measa, dar leis na hiomaitheoirí eile, abhaile ag deireadh gach babhta go dtí nach mbeidh ach duine amháin fanta chun an t-airgead a bhuachan. Á chur i láthair ag Anne Robinson.

An Aimsir Láithreach
An Aimsir Láithreach
18:57
(S22/CL22)
Aimsir réigiúnach agus náisiúnta.

Nuacht TG4
Nuacht TG4
19:00
 
Mórimeachtaí an lae ó Aonad Nuachta TG4.

Laochra Gael (OS & TS)
Laochra Gael (OS & TS)
19:30
(S12/CL3)
Noel Lane réalta mhór iomána na Gaillimhe is ábhar do Laochra Gael na seachtaine seo. Bhí Noel ar fhoireann na Gaillimhe sna hochtóidí tráth a raibh an contae i mbarr réime san iománaíocht agus ar bhuaigh siad Craobh na hÉireann i 1980, i 1987 agus i 1988. Ina dhiaidh sin arís in 2001 ba é bainisteoir na Gaillimhe é nuair a bhain an fhoireann an cluiche ceannais amach. I measc na ndaoine a chuirfear faoi agallamh beidh Cyril Farrell, Joe Connolly agus Pat Fleury.

Cispheil Beo:  National Cup Semi-Finals
Cispheil Beo: National Cup Semi-Finals
20:00
 
Buaicphointí Chluiche Leathcheannais Chorn Náisiúnta Cispheile Hula Hoops.

Geantraí (OS)
Geantraí (OS)
21:00
(S17/CL9)
An t-amhránaí Seán Tyrell a chuirfidh an clár seo i láthair as teach tábhairne Greene i mBaile Uí Bheacháin i gCo. an Chláir. I measc na gceoltóirí beidh Damien agus Padraig O'Reilly agus James Cullinan, Chris Droney agus an píobaire Eugene Lambe.

Scannán: Escape Plan (TS)
Scannán: Escape Plan (TS)
21:30
 
(2013, Aicsean) Sylvester Stallone, Arnold Schwarzenegger agus 50 Cent na príomhaisteoirí sa scannán seo faoi stiúir Mikael Håfström. Caithfidh saineolaí slándála a chuid scileanna a chur ag obair le héalú as an bpríosún is daingne agus is rúnda ar domhan.

Wwoofáil (OS)
Wwoofáil (OS)
23:30
(S1/CL2)
Ionad Budaíoch Tibéadach Jampa Ling an suíomh a roghnaíodh d'eachtra Wwoofála na seachtaine seo. Rachaidh Mairéad agus Conall ar chúrsa spioradáltachta in éineacht le Rinpoche, Lama an ionaid. Tabharfaidh Conall cúnamh an stupa nua a thógáil agus rachaidh Mairéad ar thóir luchín atá ina seomra. An mbeidh blas ar bith ar an iógart a réiteoidh siad do Rinpoche? Beidh orthu cloí le rialacha an ionaid fad is atá siad ann ach meas tú an mbrisfidh siad aon cheann?

An Aimsir Láithreach
An Aimsir Láithreach
00:00
(S22/CL22)
An Aimsir Náisiúnta agus Idirnáisiúnta.

The Vampire Diaries (TS)
The Vampire Diaries (TS)
00:05
(S7/CL9)
Téann Damon agus Stefan sa tóir ar Julian agus aimsíonn é i mbaile beag taobh amuigh de Mystic Falls. Iarrann Bonnie cabhair ar Nora leis an mbailiúchán bréagán agus éiríonn siad mór lena chéile. Féachann Caroline le dul i ngleic leis an saol anois agus í ag iompar clainne. Tá imní ar Alaric go bhfuil an toircheas ag cur níos mó as di ná mar atá sí ag ligean uirthi.

The Vampire Diaries (TS)
The Vampire Diaries (TS)
00:55
(S7/CL10)
Tá Julian ag iarraidh díoltas a fháil le haghaidh bás Lily agus is é Damon a bhíonn siar leis nuair a dhúisíonn sé suas sáinnithe i gCloch Féinics. Chun teacht slán as an gcloch, caithfidh Damon aghaidh a thabhairt ar an rud is mó a chuireann eagla air. Taobh amuigh den chloch tá Bonnie ag déanamh a míle dícheall Damon a fháil amach as an gcloch Féinics sula n-athróidh an taithí go deo é.

France 24
France 24
01:45
 
Cainéal nuachta 24 uair an chloig na Fraince atá i France 24. Bíonn an clár á chraoladh beo as Páras. Tá 180 iriseoir ag an stáisiún ar fud an domhain mhóir a thugann tuairiscí cuimsitheacha agus cumasacha chuig an lucht féachana ar imeachtaí móra laethúla.

Dé Luain, Eanáir 22, 2018
Níl TG4 freagrach as an ábhar ar Shuíomh Gréasáin seachtrach ar bith