Baile » Sceideal » Sceideal Iomlán

Déardaoin, Meán Fómhair 14, 2017
France 24
France 24
05:30
 
Cainéal nuachta 24 uair an chloig na Fraince atá i France 24. Bíonn an clár á chraoladh beo as Páras. Tá 180 iriseoir ag an stáisiún ar fud an domhain mhóir a thugann tuairiscí cuimsitheacha agus cumasacha chuig an lucht féachana ar imeachtaí móra laethúla.

Cúla 4 na nÓg
Cúla 4 na nÓg
07:00
 
Mír do ghasúir réamhscoile atá i Cúla4 na nÓg a thosóidh gach maidin ag 7 a.m. go dtí an 10.00 am agus arís ag an 3p.m. i rith na seachtaine. I measc na gclár beidh Wanda and the Alien, Masha agus an Béar, QPootle, Olly an Veain Bheag Bhán agus Dinosaur Train agus neart eile.

Olivia (GS)
Olivia (GS)
07:02
(S1/CL39)
Téann Olivia ar thuras go dtí an iarsmalann lena muintir. Bíonn sí chomh tógtha sin leis go socraíonn sí féin a bheith ina healaíontóir.

An Captaen Flinn agus na Foghlaithe Dineasár
An Captaen Flinn agus na Foghlaithe Dineasár
07:13
(S1/CL7)
Téann long na bhfoghlaithe i bhfostú thuas san aer mar go bhfuil an iomarca balún ar bord acu do bhreithlá T-Rex.

Astroblast! (GS)
Astroblast! (GS)
07:25
(S1/CL5)
Níl suim ar bith ag Radar cluiche sacair a imirt lena chuid cairde inniu.

Astroblast! (GS)
Astroblast! (GS)
07:37
(S1/CL6)
Tá Comet ag iarraidh a chluiche ríomhaireachta a imirt ach níl sé ag fáil suaimhneas ar bith ó Halley.

Olly an Veain Bheag Bhán
Olly an Veain Bheag Bhán
07:50
(S2/CL10)
Tá Bazza stoptha in áit chontúirteach agus caithfidh Olly agus Stan é a thabhairt slán.

Olly an Veain Bheag Bhán
Olly an Veain Bheag Bhán
07:55
(S2/CL11)
Cliseann Súibhín agus téann sí chuig garáiste Mick lena deisiú. Réitíonn Bazza amach as an nua í ach an mbeidh sí sásta?

Dora (GS)
Dora (GS)
08:00
(S7/CL7)
Cuidíonn Dora le Perrito a bhealach a dhéanamh go Cnocán an Iontais lena bhronntanas a fháil. Ach an éireoidh leo a bheith ann roimh Sciobaí?

Tractor Tom
Tractor Tom
08:25
(S1/CL11)
Tá Buzz dána ag iarraidh a thaispeáint do Fi go bhfuil sé go maith ag obair ar an bhfeirm.

Scéalta le Masha
Scéalta le Masha
08:35
(S3/CL22)
Inseoidh Masha scéal faoin sionnach glic a thriail an ceann is fearr a fháil ar an gcat le go mbeadh sé in ann breith ar an gcoileach.

Zou
Zou
08:42
(S2/CL50)
Beidh cluichí séabracha sa sneachta ag Zou agus a chairde inniu.

Masha agus an Béar
Masha agus an Béar
08:54
(S1/CL24)
Tagann gaolta leis an mbéar ar cuairt. Réitíonn siad bia Síneach ach is gearr go mbíonn Masha sa bhealach orthu.

Messy, Seo Linn go Okido
Messy, Seo Linn go Okido
09:01
(S1/CL46)
Foghlaimíonn Messy faoi lionsaí agus an chaoi a gcabhraíonn siad le radharc na súl.

Calimero
Calimero
09:15
(S1/CL9)
Nuair a aimsíonn na gasúir cloch spáise, tá a fhios ag Calimero go gcaithfear é a thabhairt chomh fada leis na gardaí ach níl Séamuisín ag iarraidh scaoileadh leis.

Ainmhithe Beaga sa bhFiántas (OS & TS)
Ainmhithe Beaga sa bhFiántas (OS & TS)
09:30
(S1/CL9)
Caithfimid súil ar mar a chaitheann ainmhithe óga sa dufair an mhaidin.

Rawhide
Rawhide
10:00
(S8/CL211)
Ceannaíonn an criú 200 bó le seoladh ó thuaidh le go mbeidh brabach acu féin orthu.

Wind At My Back
Wind At My Back
11:00
(S2/CL2)
Níl cúrsaí go maith sa mianach. Caithfidh Bob tuilleadh airgid a fháil ón mbanc agus scaoileadh le cúpla oibrí chun an gnó a choinneáil ag imeacht. Níl na hoibrithe sásta.

The Waltons (TS)
The Waltons (TS)
12:00
(S1/CL20)
Nuair nach mbíonn muintir Walton in ann gníomhas dlíthiúil a chur ar fáil, bítear in amhras ar leo an talamh ar chor ar bith.

Weakest Link (TS)
Weakest Link (TS)
13:00
(S9/CL22)
Sraith Tráth na gCeist ina bhféachfaidh 9 n-iomaitheoir leis an bpota óir a thabhairt abhaile leo. Cuirfear an t-iomaitheoir is measa, dar leis na hiomaitheoirí eile, abhaile ag deireadh gach babhta go dtí nach mbeidh ach duine amháin fanta chun an t-airgead a bhuachan. Á chur i láthair ag Anne Robinson.

R�sa� Lios Tuathail
R�sa� Lios Tuathail
13:55
 
Craoladh beo ar an gc�igi� l� de R�sa� Lios Tuathail - F�ile an Fh�mhair. �c�id mh�r ar an mbaile gach bliain iad R�sa� Lios Tuathail at� ar bun �n mbliain 1858. Tarraing�onn na r�sa� an t-uaf�s lucht lean�na mar gurb � seo an fh�ile r�sa�ochta deiridh sa Samhradh. B�onn an fh�ile seo ar si�l an t-am c�anna le F�ile an Fh�mhair. Cisr�s Cise Ladbrokes r�s m�r an lae. � chur i l�thair ag S�an B�n Breathnach agus M�nus � Conghaile agus is � M�che�l � S� a bheidh i mbun tr�chtaireachta. Beidh Mick � hUallach�in agus S�le N� Dhearg�in i l�r an aicsin chomh maith.

Ros na Rún (OS & GS)
Ros na Rún (OS & GS)
17:30
(S22/CL4)
Tá a fhios ag David anois gur chaill Gráinne an páiste ach tá drochscéala eile faighte aige freisin a chuirfidh athrú ar a shaol go deo. Insíonn an Ceannfort Uí Shé an fhírinne do Eric faoin uair a raibh sí ina cónaí le handúileach hearóine. Bíonn an-trua ag Niamh agus ag Eric di. Tuigeann Máire anois chomh tábhachtach is atá do mhuintir agus do chairde agus í fós go mór ag caitheamh i ndiaidh Pheadair.

Weakest Link (TS)
Weakest Link (TS)
18:00
(S9/CL22)
Sraith Tráth na gCeist ina bhféachfaidh 9 n-iomaitheoir leis an bpota óir a thabhairt abhaile leo. Cuirfear an t-iomaitheoir is measa, dar leis na hiomaitheoirí eile, abhaile ag deireadh gach babhta go dtí nach mbeidh ach duine amháin fanta chun an t-airgead a bhuachan. Á chur i láthair ag Anne Robinson.

An Aimsir Láithreach
An Aimsir Láithreach
18:57
(S21/CL257)
Aimsir réigiúnach agus náisiúnta.

Nuacht TG4
Nuacht TG4
19:00
 
Mórimeachtaí an lae ó Aonad Nuachta TG4.

An Aimsir Láithreach
An Aimsir Láithreach
19:26
(S21/CL139)
Aimsir réigiúnach agus náisiúnta.

Comhrá (OS)
Comhrá (OS)
19:30
(S10/CL12)
Tony Barrett as Lios Tuathail ó dhúchas a bheidh ag comhrá le Máirtín Tom Sheáinín. Déanfaidh sé cur síos ar an saol nuair a fágadh an teaghlach ina ndílleachtaí go hóg. Chuaigh sé sna sagairt i Maigh Nuad ach níor tugadh cead amach dó le himirt do Chiarraí i gcluiche Ceannais na hÉireann i 1964.

Bliain in Inis Mór (OS & TS)
Bliain in Inis Mór (OS & TS)
20:00
(S2/CL4)
Tá dhá mhí dhéag caite ar Inis Mór anois againn. Cuirfear tús leis an séasúr nua turasóireachta le Tedfest, deireadh seachtaine spraoi a cheiliúrann an tsraith teilifíse, Fr. Ted. Tá Gabriel Ó Fatharta an-ghnóthach lena tháirge cáis gabhair agus é tiomanta an gnó a sheoladh sa samhradh. Tá an saol sa mbaile faighte an-ghnóthach freisin agus a bhean tar éis a ceathrú páiste a thabhairt ar an saol. Casfaimid leis an sagart ceilteach Dara Molloy go bhfeicfimid ceann dá chuid póstaí ar shuíomh theampall ársa ar an oileán.

Ros na Rún (OS & GS)
Ros na Rún (OS & GS)
20:30
(S22/CL4)
Tá a fhios ag David anois gur chaill Gráinne an páiste ach tá drochscéala eile faighte aige freisin a chuirfidh athrú ar a shaol go deo. Insíonn an Ceannfort Uí Shé an fhírinne do Eric faoin uair a raibh sí ina cónaí le handúileach hearóine. Bíonn an-trua ag Niamh agus ag Eric di. Tuigeann Máire anois chomh tábhachtach is atá do mhuintir agus do chairde agus í fós go mór ag caitheamh i ndiaidh Pheadair.

Siar an Bóthar (OS)
Siar an Bóthar (OS)
21:00
(S11/CL4)
Ar chlár na hoíche anocht beidh ríleanna againn ó ghrúpa ceoil sa Longfort, Paul Brady ina measc, ón bhliain 1978. Beidh tuairisc againn ó Bill O'Herlihy faoi bhannaí ceoil an Airm i 1967 agus an damhsóir Kevin Massey as Baile Átha Cliath, fear a raibh tionchar mór aige ar Michael Flatley.

Súile Londain (OS & TS)
Súile Londain (OS & TS)
21:30
(S1/CL2)
Sraith nua a thabharfaidh léargas ar shaol agus ar thaithí na nÉireannach óg atá ag cur fúthu i bpríomhchathair na Breataine le roinnt blianta anuas. Tabharfaidh an tsraith léiriú ar an saol mar a chaitheann seisear Gaeilgeoirí é i gcathair ina maireann 8 milliún duine. Gheobhaimid tuiscint ar na nithe a mheallann daoine óga go Londain chomh maith le léiriú a fháil ar na deiseanna atá le tapú ann.

Grace Harte (OS & TS)
Grace Harte (OS & TS)
22:00
(S1/CL1)
Sraith nua drámaíochta: Mothaíonn Grace Harte go bhfuil sí sáinnithe i bpósadh gan paisean sa seanóstán a ritheann sí in éineacht lena fear céile Leo ar chósta thiar na hÉireann. Nuair a thagann surfálaí óg, Danny, chuig an trá cóngarach don óstán, tarlaíonn go leor eachtraí foréigneacha a athróidh saol gach duine go deo.

Fíorscéal (OS & TS)
Fíorscéal (OS & TS)
23:00
(S18/CL1)
Clár faisnéise faoi mar atáthar ag iarraidh fáil réidh le lotnaidicídí dainséaracha. Mionscrúdaíonn eolaithe ar fud an domhain inveirteabraigh, feithidí, fíneoga, fungais, baictéir agus víris. Is iad na mionorgánaí seo an seans is fearr atá ag earnáil na talmhaíochta a bheith saor ó lotnaidicídí dainséaracha. Tá na milliúin feirmeoirí san Eoraip, sa mBrasaíl agus san India ag úsáid bithchosantóirí cheana féin. Cé go bhfuil tionscal na n-agraiceimiceán ag infheistiú go leor sa réimse seo, níl an teicníc gan lucht.

Corp + Anam (OS)
Corp + Anam (OS)
00:05
(S2/CL2)
Bíonn Natalie Boner, cailín óg as Dún na nGall, sásta nuair a chiontaítear an Sagart Mathew King in ionsaí gnéis a dhéanamh uirthi nuair a bhí sí ag an scoil. Nuair a fhiosraíonn Mac Iarnáin an cás faigheann sé amach gur lean an t-aturnae i bhfad ródhaor ise agus íospartaigh eile. Cuireann Cathal ina luí ar an gcainéal an scéal a chraoladh ach ní bhíonn sé i bhfad go mbíonn an teanga caillte ag a chuid foinsí.

Gafa sa Túr (OS)
Gafa sa Túr (OS)
01:10
 
Sraith ina ndéanfaidh an staraí mór-ráchairte, Séamas Mac Annaidh, cur síos ar scéal na bpríosúnach Éireannach a coinníodh i dTúr Londan. Sa dara clár, fiosróidh Séamas beatha agus bás Richard Creagh, Ard-Easpag Ard Mhacha agus Príomháidh Caitliceach na hÉireann. Ba as Luimneach Creagh agus chaith sé beagnach 20 bliain sa Túr ar son a chreidimh sular maraíodh é le nimh ina chillín in 1587.

An Aimsir Láithreach
An Aimsir Láithreach
01:40
(S21/CL257)
An Aimsir Náisiúnta agus Idirnáisiúnta.

France 24
France 24
01:45
 
Cainéal nuachta 24 uair an chloig na Fraince atá i France 24. Bíonn an clár á chraoladh beo as Páras. Tá 180 iriseoir ag an stáisiún ar fud an domhain mhóir a thugann tuairiscí cuimsitheacha agus cumasacha chuig an lucht féachana ar imeachtaí móra laethúla.

Déardaoin, Meán Fómhair 14, 2017
Níl TG4 freagrach as an ábhar ar Shuíomh Gréasáin seachtrach ar bith