Baile » Sceideal » Sceideal Iomlán

Dé Céadaoin, Deireadh Fómhair 11, 2017
France 24
France 24
05:30
 
Cainéal nuachta 24 uair an chloig na Fraince atá i France 24. Bíonn an clár á chraoladh beo as Páras. Tá 180 iriseoir ag an stáisiún ar fud an domhain mhóir a thugann tuairiscí cuimsitheacha agus cumasacha chuig an lucht féachana ar imeachtaí móra laethúla.

Cúla 4 na nÓg
Cúla 4 na nÓg
07:00
 
Mír do ghasúir réamhscoile atá i Cúla4 na nÓg a thosóidh gach maidin ag 7 a.m. go dtí an 10.00 am agus arís ag an 3p.m. i rith na seachtaine. I measc na gclár beidh Wanda and the Alien, Masha agus an Béar, QPootle, Olly an Veain Bheag Bhán agus Dinosaur Train agus neart eile.

Olivia (GS)
Olivia (GS)
07:02
(S2/CL8)
Nuair a scriostar mionsamhail-tí Dhaide, socraíonn Olivia ceann eile a thógáil. Teach a bheidh níos fearr agus níos mó.

An Captaen Flinn agus na Foghlaithe Dineasár
An Captaen Flinn agus na Foghlaithe Dineasár
07:13
(S1/CL26)
Tagann Flinn ar fhoghlaithe dána atá ag iarraidh poll a chur ina bhád.

Astroblast! (GS)
Astroblast! (GS)
07:25
(S1/CL43)
Tá faitíos ar na cuairteoirí atá ag teacht chuig an stáisiún spáis roimh Jet.

Astroblast! (GS)
Astroblast! (GS)
07:37
(S1/CL44)
Faigheann Comet meaisín ceoil le go mbainfidh gach duine sult as ach ní bhíonn Radar sásta é a roinnt.

Olly an Veain Bheag Bhán
Olly an Veain Bheag Bhán
07:50
(S1/CL35)
Tá scannán á dhéanamh i bPlimpán agus tá páirt ag Olly ann.

Olly an Veain Bheag Bhán
Olly an Veain Bheag Bhán
07:55
(S1/CL36)
Tá Olly síoraí ag iarraidh cúnamh a thabhairt do dhaoine ach níl a chúnamh ag teastáil ó aon duine inniu.

Dora (GS)
Dora (GS)
08:00
(S8/CL8)
Tugann Dora agus Bróigín aghaidh ar an mbulaí nach bhfuil ag ligean cead do ghasúir eile spraoi sa pháirc scátála.

Tractor Tom
Tractor Tom
08:25
(S1/CL38)
Tá áit chiúin faighte ag Wheezy chun an lá a chaitheamh ach níl seans dá laghad go ligfidh na cairde dó a scíth a ligean.

Scéalta le Masha
Scéalta le Masha
08:35
(S3/CL15)
Inseoidh Masha scéal faoi bhuachaill bocht ach cineálta, Ali Baba, agus a dheartháir saibhir santach.

Zou
Zou
08:42
(S2/CL17)
Téann Zou agus Zak go dtí an pháirc chun cluiche peile a imirt. Ach tagann siad ar rud éigin ait nuair a théann an liathróid amú orthu.

Masha agus an Béar
Masha agus an Béar
08:54
(S2/CL24)
Is sióg dhraíochtúil í Masha agus faigheann sí cultacha speisialta dá cairde do chóisir na Samhna.

Messy, Seo Linn go Okido
Messy, Seo Linn go Okido
09:01
(S1/CL13)
Tá Carraig bocht ag caoineadh ach níl a fhios aige cén fáth! An mbeidh Messy in ann cabhrú?

Calimero
Calimero
09:15
(S1/CL28)
Ligeann Calimero agus a chuid cairde cead do Phreab spraoi in éineacht leo nuair a dhíbríonn na coiníní é.

Ainmhithe Beaga Thart Orainn (OS)
Ainmhithe Beaga Thart Orainn (OS)
09:30
(S2/CL8)
Caithfimid súil ar mar a chaitheann ainmhithe óga sa chathair an tráthnóna.

The Waltons (TS)
The Waltons (TS)
10:00
(S2/CL23)
Ceannaíonn Olivia bailiúchán leabhar ó fhear a bhíonn ag dul ó dhoras go doras ag díol leabhar darb ainm George Reed. Ceannaíonn George bábóg dá iníon leis an airgead.

Wind At My Back
Wind At My Back
11:00
(S3/CL7)
Tá go leor coiriúlachta ag tarlú i New Bedford. Tá Baby Face Nelson ag robáil banc sna Stáit agus tá grúpa gadaithe ag goid ó mhuintir na háite.

The Cook & The Chef (TS)
The Cook & The Chef (TS)
11:55
(S3/CL29)
Sraith cócaireachta. Bachlóga Bruiséile agus abhacáid a réiteoidh Simon agus Maggie inniu. Réiteoidh Simon mornay de bhachlóga Bruiséile le hanlann béchamel agus arán gallchnónna. Ullmhóidh Maggie sailéad le duilleoga agus croíthe na mbachlóga Bruiséile le cnónna coill, bagún agus líomóid le sicín scaloppini.

Daichead Bliain ag Fás (OS & TS)
Daichead Bliain ag Fás (OS & TS)
12:30
(S13/CL6)
In 1972 shuigh an rang sinsearach Gaeilge i gColáiste Mhaolmhaodhóg i mBéal Feirste sa seomra ranga agus iad ag tabhairt aghaidh ar na scrúduithe A leibhéal. Tiocfaidh ceathrar acu le chéile arís le rian na teanga ar a saol a phlé, dul siar ar bhóithrín na smaointe agus na mórathruithe ar shaol Bhéal Feirste a thabhairt chun suntais. Is iad an ceathrar atá i gceist Cathal Goan, Diarmuid Ó Tuama, Malachy Doyle agus Danny Brown.

The Waltons (TS)
The Waltons (TS)
13:05
(S2/CL24)
Tá carr ag teastáil anois ó John-Boy chun freastal ar an gcoláiste. Déanann sé margadh le Hyder Rudge. Téann John-Boy ag obair tigh Rudge le go mbeidh sé in ann íoc as an gcarr.

Weakest Link (TS)
Weakest Link (TS)
14:05
(S9/CL11)
Sraith Tráth na gCeist ina bhféachfaidh 9 n-iomaitheoir leis an bpota óir a thabhairt abhaile leo. Cuirfear an t-iomaitheoir is measa, dar leis na hiomaitheoirí eile, abhaile ag deireadh gach babhta go dtí nach mbeidh ach duine amháin fanta chun an t-airgead a bhuachan. Á chur i láthair ag Anne Robinson.

Cúla 4 na nÓg
Cúla 4 na nÓg
15:00
 
Mír do ghasúir réamhscoile atá i Cúla4 na nÓg a thosóidh gach maidin ag 7 a.m. go dtí an 10.00 am agus arís ag an 3p.m. i rith na seachtaine. I measc na gclár beidh Wanda and the Alien, Masha agus an Béar, QPootle, Olly an Veain Bheag Bhán agus Dinosaur Train agus neart eile.

Masha agus an Béar
Masha agus an Béar
15:02
(S2/CL9)
Teastaíonn ó Masha a bheith ina dochtúir ach is mó dochair a dhéanann sí ná maitheas.

Masha agus an Béar
Masha agus an Béar
15:09
(S2/CL10)
Tagann col ceathar Masha ar cuairt agus ní bhíonn an Béar in ann iad a aithint thar a chéile.

PJ Masks
PJ Masks
15:16
(S1/CL18)
Níl aird ar bith ag Gekko ar mhisean na hoíche anocht.

Cat a' Hata (GS)
Cat a' Hata (GS)
15:28
(S1/CL35)
Bíonn Nic agus Sailí ag spraoi sa mbaile nuair a thagann an Cat agus tugann sé ar eachtra cheart iad!

Cat a' Hata (GS)
Cat a' Hata (GS)
15:40
(S1/CL36)
Ba mhaith le Sailí bronntanas a fháil do Pheigí, a panda stuáilte.

Cúla 4
Cúla 4
15:55
 
Beidh Cúla 4 ar an aer ón 7 gach maidin agus ón 4 tráthnóna ó Luan go hAoine. I measc na gclár iontach a bheidh ar siúl, beidh Angelo Rules, Get Ace, Jungle Bunch, Camp Lakebottom, Dude that's my Ghost, Garfield agus neart eile.

Alvinnn !!! agus na Chipmunks
Alvinnn !!! agus na Chipmunks
15:57
(S1/CL18)
Le fáil réidh leis an gceannaire ranga cam Ferdia Mac an tSionnaigh, socraíonn Simon dul san iomaíocht leis chun a bheith ina cheannaire ranga.

Camp Lakebottom
Camp Lakebottom
16:08
(S1/CL18)
Tagann gaol le Bricín ar ais ón mairbh le Campa Loch Íochtair a chuir bun os cionn.

Garfield (GS)
Garfield (GS)
16:19
(S4/CL40)
Tugann Garfield, Jon, Odie agus Nermal cuairt ar cheann de na Páirceanna Náisiúnta, áit a gcastar an cúpla Minerva agus Drusilla orthu.

Winston Steinburger & Sir Dudley Ding Dong
Winston Steinburger & Sir Dudley Ding Dong
16:32
(S1/CL18)
Téann Cutty ar saoire, agus fágann sé Winston i gceannas ar an gcaifé.

Fangbone
Fangbone
16:43
(S1/CL11)
Tá déideadh ar Fangbone. Tuigeann Bill go gcuireann an fiaclóir an-fhaitíos go deo air.

Whiz sa Chistin (GS)
Whiz sa Chistin (GS)
16:55
(S1/CL8)
Seó cluichí é Whiz sa Chistin atá bunaithe ar bhia. Beidh ceathrar leanaí sa chistin ar gach clár agus beidh a fhios againn cé chomh maith is atá said sa chistin nuair a chaithfidh siad tabhairt faoi dhúshlán bia agus ceisteanna go leor a fhreagairt. Ar chlár an lae inniu tabharfaidh Micheál agus Shane aghaidh ar Áine agus Connor.

An Aimsir Láithreach
An Aimsir Láithreach
17:25
(S21/CL273)
Aimsir réigiúnach agus náisiúnta.

Glór Tíre Rogha agus Togha (TS)
Glór Tíre Rogha agus Togha (TS)
17:30
(S11/CL4)
Rogha agus togha an aonú sraith déag de Ghlór Tíre. Beidh mór uaisle an cheoil tíre ar stáitse i dTeach na Céibhe leis an rogha is fearr amhrán. Ar chlár na hoíche anocht beidh Hugo Duncan, Paddy O Brien, Lisa McHugh, Derek Ryan, John Hogan, Trudi Lawlor, Mike Denver, Gerry Guthrie agus Robert Mizzell.

Weakest Link (TS)
Weakest Link (TS)
18:00
(S9/CL11)
Sraith Tráth na gCeist ina bhféachfaidh 9 n-iomaitheoir leis an bpota óir a thabhairt abhaile leo. Cuirfear an t-iomaitheoir is measa, dar leis na hiomaitheoirí eile, abhaile ag deireadh gach babhta go dtí nach mbeidh ach duine amháin fanta chun an t-airgead a bhuachan. Á chur i láthair ag Anne Robinson.

An Aimsir Láithreach
An Aimsir Láithreach
18:57
(S21/CL284)
Aimsir réigiúnach agus náisiúnta.

Nuacht TG4
Nuacht TG4
19:00
 
Mórimeachtaí an lae ó Aonad Nuachta TG4.

An Ríl Deal (OS & TS)
An Ríl Deal (OS & TS)
19:30
(S2/CL6)
Sraith nua: Táthar sa tóir ar an gcéad réalta mór eile i saol an damhsa Ghaelaigh. Oíche amháin mar chuid de léiriúchán ar Broadway i Nua-Eabhrac duais na sraithe seo. Cuirfear fáilte roimh chuile chineál damhsóir Gaelach, idir dhamhsa céime, dhamhsa scuaibe, dhamhsóirí ar an sean-nós agus rince seit. Tabharfaidh cúpla iomaitheoir eile aghaidh ar an stáitse anocht ach cé a bhfaighidh áit sa mbabhta ceannais? Is iad Breandán de Gallaí, Sibéal Davitt agus Roy Galvin moltóirí an chomórtais. Á chur i láthair ag Máire Treasa Ní Dhubhghaill.

GAA - Club na mBan (OS & TS)
GAA - Club na mBan (OS & TS)
20:30
(S1/CL4)
Sraith faoi mhná agus Cumann Lúthchleas Gael a thugann léargas ón taobh istigh dúinn ar shaothar agus ar dhúthracht na mban atá páirteach sna cluichí ag gach leibhéal. Tabharfaidh Rena agus Sinéad aghaidh ar a chéile i bPáirc an Chrócaigh sa gCluiche Ceannais. Fágfaidh Bernie agus foireann Mothers and Others na páistí sa mbaile le go mbeidh píosa spraoi acu féin sa mbaile mór. Féachann Gwen le Conall a ullmhú chun filleadh ar an bpáirc imeartha, agus beidh ceiliúradh mór ag Alma lena teaghlach agus lena cairde.

Siar an Bóthar (OS)
Siar an Bóthar (OS)
21:00
(S12/CL9)
An chuid is fearr de na míreanna ceoil agus amhránaíochta traidisiúnta atá i gcartlann RTÉ. Beidh mír againn de Pheig McGrath ar an bhfliúit agus mír den amhránaí Packie Manus Byrne ag gabháil fhoinn. Beidh míreanna againn chomh maith de Liz Carroll ar an bhfidil agus de John Williams ar an gconsairtín.

Scéal Benny (OS & TS)
Scéal Benny (OS & TS)
21:30
 
Clár nua faisnéise faoi dhornálaí de bhunadh Thír Chonaill (1913-1946) a rugadh agus a tógadh in Albain agus a thuill clú agus cáil sa gcró dornálaíochta ina óige. Áirítear é ar dhuine de na dornálaithe éadrom-mheáchain ab fhearr riamh. Bhuaigh sé craobhacha na hAlban, na Breataine, na hEorpa agus an Domhain sna blianta 1934 agus 1935 ach faraor, fuair an t-ól greim air gur thug a bhás agus gan é ach trí bliana déag is fiche. Orthu sin atá faoi agallamh sa gclár seo tá curaidh domhanda Bernard Dunne, Jim Watt agus Barry McGuigan.

Survivor - Kaoh Rong (OS & TS)
Survivor - Kaoh Rong (OS & TS)
22:30
(S32/CL6)
Smaoin�onn iomaitheoir amh�in duine a raibh s� m�r leis a chur abhaile. F�achann comhaontas eile gan an t� a bh� i gceist acu a chur abhaile.

Mr. Robot (TS)
Mr. Robot (TS)
23:25
(S2/CL2)
Déanann fsociety dúmhál ar Scott Knowles 5.9 milliún dollar a dhó go poiblí agus é ag caitheamh masc fsociety. Tá ardú céime faighte ag Angela san Evil Corp agus is cosúil go bhfuil sí breá sásta agus go bhfuil dearmad déanta aici ar an gcás dlí. Faigheann Joanna bronntanas, bosca ceoil le fón póca i bhfolach ann, ach ní éiríonn léi an fón a fhreagairt in am. Tá sé faighte amach ag Elliot go bhfuil sé faoi smacht Mr. Robot nuair atá sé ina chodladh. Maraíonn fear darb ainm Brock Guideon. Bhí Guideon ag bagairt sular cailleadh é go n-inseodh sé don FBI faoi iompar Elliot ag Allsafe.

An Aimsir Láithreach
An Aimsir Láithreach
00:10
(S21/CL284)
An Aimsir Náisiúnta agus Idirnáisiúnta.

Busker Abú (OS)
Busker Abú (OS)
00:15
(S1/CL6)
Is minic le bailte agus sráidbhailte na hÉireann a bheith beo le turasóirí, daoine ag siopadóireacht agus ar ndóigh lucht siamsaíochta sráide. Ar an seó seo de chuid TG4, Busker Abú, rachaidh plúr na gceoltóirí sráide in iomaíocht le chéile gach seachtain. Á chur i láthair ag Róisín Ní Thomáin. Ní bheidh ach 90 soicind ag na hiomaitheoirí dul i bhfeidhm ar na moltóirí Fiachna Ó Braonáin, Síle Seoige agus Aindrias De Staic.

D�il �ireann
D�il �ireann
01:15
(S18/CL7)
Craoladh ar imeachta� na maidine de riar na hoibre i nD�il �ireann.

France 24
France 24
01:40
 
Cainéal nuachta 24 uair an chloig na Fraince atá i France 24. Bíonn an clár á chraoladh beo as Páras. Tá 180 iriseoir ag an stáisiún ar fud an domhain mhóir a thugann tuairiscí cuimsitheacha agus cumasacha chuig an lucht féachana ar imeachtaí móra laethúla.

Dé Céadaoin, Deireadh Fómhair 11, 2017
Níl TG4 freagrach as an ábhar ar Shuíomh Gréasáin seachtrach ar bith