Baile » Sceideal » Sceideal Iomlán

Déardaoin, Deireadh Fómhair 12, 2017
France 24
France 24
05:30
 
Cainéal nuachta 24 uair an chloig na Fraince atá i France 24. Bíonn an clár á chraoladh beo as Páras. Tá 180 iriseoir ag an stáisiún ar fud an domhain mhóir a thugann tuairiscí cuimsitheacha agus cumasacha chuig an lucht féachana ar imeachtaí móra laethúla.

Cúla 4 na nÓg
Cúla 4 na nÓg
07:00
 
Mír do ghasúir réamhscoile atá i Cúla4 na nÓg a thosóidh gach maidin ag 7 a.m. go dtí an 10.00 am agus arís ag an 3p.m. i rith na seachtaine. I measc na gclár beidh Wanda and the Alien, Masha agus an Béar, QPootle, Olly an Veain Bheag Bhán agus Dinosaur Train agus neart eile.

Olivia (GS)
Olivia (GS)
07:02
(S2/CL9)
Tá caitheamh aimsire nua ag Olivia, ag caint le turcaithe!

An Captaen Flinn agus na Foghlaithe Dineasár
An Captaen Flinn agus na Foghlaithe Dineasár
07:13
(S1/CL27)
Tá Flinn agus a chriú ar an mbealach go dtí an Mhol Thuaidh chun uachtar reoite a fháil!

Astroblast! (GS)
Astroblast! (GS)
07:25
(S1/CL45)
Tá Sputnik tinn ach ní ligeann sí dada uirthi féin sa chaoi is go mbeidh sí in ann dul ag ceolchoirm.

Astroblast! (GS)
Astroblast! (GS)
07:37
(S1/CL46)
Tá na bróga is fearr le Jet róbheag aige ach níl sé ag iarraidh fáil réidh leo.

Olly an Veain Bheag Bhán
Olly an Veain Bheag Bhán
07:50
(S1/CL37)
Cé atá ag goid na mbananaí ó Iníon Florette agus ó mhuintir an bhaile? An mbeidh Stan agus Olly in ann breith ar an ngadaí?

Olly an Veain Bheag Bhán
Olly an Veain Bheag Bhán
07:55
(S1/CL38)
Tá Olly ag súil go mór le casadh le Súibhín!

Dora (GS)
Dora (GS)
08:00
(S8/CL9)
Tá biseach ar Splanc anois agus tá sé féin agus Dora ag dul ag spaisteoireacht.

Tractor Tom
Tractor Tom
08:25
(S1/CL39)
Níl Dusty ag iarraidh folcadh a bheith aige agus níl Rev ag iarraidh aoileach a iompar.

Scéalta le Masha
Scéalta le Masha
08:35
(S3/CL16)
Inseoidh Masha a leagan féin den síscéal Luaithríona!

Zou
Zou
08:42
(S2/CL18)
Tá rás carranna sneachta le bheith ag Zou, Elzee agus Zinnia inniu. Ach téann cloigín Zinnia ar iarraidh.

Masha agus an Béar
Masha agus an Béar
08:54
(S2/CL25)
Déanann Masha agus an Panda ninja dóibh féin le ceacht a mhúineadh don Bhéar dubh dána.

Messy, Seo Linn go Okido
Messy, Seo Linn go Okido
09:01
(S1/CL14)
Tá Messy ag iarraidh a fháil amach cén chaoi a bhfanann éisc faoi uisce chomh fada. Téann sé chuig Okido len é a fháil amach.

Calimero
Calimero
09:15
(S1/CL29)
Tagann Calimero agus a chuid cairde ar sheanscannán a thaispeánann Do Vinci ag obair ar a chuid aireagán rúnda.

Ainmhithe Beaga Thart Orainn (OS)
Ainmhithe Beaga Thart Orainn (OS)
09:30
(S2/CL9)
Caithfimid súil ar mar a chaitheann tuilleadh ainmhithe óga atá ina bpeataí an mhaidin.

The Waltons (TS)
The Waltons (TS)
10:00
(S2/CL24)
Tá carr ag teastáil anois ó John-Boy chun freastal ar an gcoláiste. Déanann sé margadh le Hyder Rudge. Téann John-Boy ag obair tigh Rudge le go mbeidh sé in ann íoc as an gcarr.

Wind At My Back
Wind At My Back
11:00
(S3/CL8)
Ceapann May gur am maith é chun tús a chur leis an obair mhianadóireacht i Bass Lake de bharr go bhfuil praghas an airgid tite.

The Cook & The Chef (TS)
The Cook & The Chef (TS)
11:55
(S3/CL30)
Sraith cócaireachta. Réiteoidh Simon calzone ar chloch phíotsa agus taispeánfaidh Maggie dúinn le píotsa a fhriochadh.

The Waltons (TS)
The Waltons (TS)
12:25
(S3/CL1)
Tá teach Aintín Martha Corinne Walton lonnaithe san áit a bhfuiltear ag iarraidh an Mórbhealach Tírdhreachaithe Blue Ridge a thógáil. Féachann muintir Walton leis an gconraitheoir a stopadh.

Weakest Link (TS)
Weakest Link (TS)
14:10
(S9/CL12)
Sraith Tráth na gCeist ina bhféachfaidh 9 n-iomaitheoir leis an bpota óir a thabhairt abhaile leo. Cuirfear an t-iomaitheoir is measa, dar leis na hiomaitheoirí eile, abhaile ag deireadh gach babhta go dtí nach mbeidh ach duine amháin fanta chun an t-airgead a bhuachan. Á chur i láthair ag Anne Robinson.

Cúla 4 na nÓg
Cúla 4 na nÓg
15:00
 
Mír do ghasúir réamhscoile atá i Cúla4 na nÓg a thosóidh gach maidin ag 7 a.m. go dtí an 10.00 am agus arís ag an 3p.m. i rith na seachtaine. I measc na gclár beidh Wanda and the Alien, Masha agus an Béar, QPootle, Olly an Veain Bheag Bhán agus Dinosaur Train agus neart eile.

Masha agus an Béar
Masha agus an Béar
15:02
(S2/CL11)
Bíonn Béar ag iarraidh dul ar laethanta saoire ach ní éiríonn leis an stáisiún traenach a fhágáil.

Masha agus an Béar
Masha agus an Béar
15:09
(S2/CL12)
Titeann an Béar agus buaileann sé a chloigeann. Nuair a thagann sé chuige féin, bíonn sé ag déanamh aithrise ar Masha.

PJ Masks
PJ Masks
15:16
(S1/CL19)
Níl Gekko sásta glacadh le cúnamh óna chairde anocht.

Cat a' Hata (GS)
Cat a' Hata (GS)
15:28
(S1/CL37)
Tá Nic ag iarraidh lón a dhéanamh dá mháthair i ngan fhios di, ach tá sí seasta ag teacht isteach sa gcistin.

Cat a' Hata (GS)
Cat a' Hata (GS)
15:40
(S1/CL38)
Níl a fhios ag Nic cár fhág sé a yó-yó.

Cúla 4
Cúla 4
15:55
 
Beidh Cúla 4 ar an aer ón 7 gach maidin agus ón 4 tráthnóna ó Luan go hAoine. I measc na gclár iontach a bheidh ar siúl, beidh Angelo Rules, Get Ace, Jungle Bunch, Camp Lakebottom, Dude that's my Ghost, Garfield agus neart eile.

Alvinnn !!! agus na Chipmunks
Alvinnn !!! agus na Chipmunks
15:57
(S1/CL19)
Is é Simon maoirseoir slándála na scoile agus tá cead aigesean an áit a rachaidh an teaghlach ar saoire a roghnú. Roghnaíonn sé an Smithsonian.

Camp Lakebottom
Camp Lakebottom
16:08
(S1/CL19)
Tugann Scuaid a pheata ar ais óna mairbh.

Garfield (GS)
Garfield (GS)
16:19
(S4/CL41)
Cuireann na racúin an dallamullóg ar gach duine agus fágtar Garfield agus a chuid cairde sa bhforaois thar oíche.

Winston Steinburger & Sir Dudley Ding Dong
Winston Steinburger & Sir Dudley Ding Dong
16:32
(S1/CL19)
Is é breithlá Dud é, ach níl sé chomh sásta is a bhíonn go hiondúil. An bhfuil aon bhaint ag Pam leis?

Spongebob Squarepants (GS)
Spongebob Squarepants (GS)
16:43
(S9/CL30)
Sruthlaítear taisceadán an Uasail Krabs síos sa leithreas.

Dochreidte Gan Dabht (GS)
Dochreidte Gan Dabht (GS)
16:55
(S4/CL7)
Seo é Dochreidte Gan Dabht, an clár ar a mbeidh na curiarrachtaí is aistí, is iontaí agus is dochreidte dá bhfaca tú riamh. Feicfimid iarracht sa tSín le curiarracht a bhaint amach ag úsáid taos píotsa. Á chur i láthair ag Eoghan Ó Loideáin.

Dochreidte Gan Dabht (GS)
Dochreidte Gan Dabht (GS)
17:10
(S4/CL8)
Seo é Dochreidte Gan Dabht, an clár ar a mbeidh na curiarrachtaí is aistí, is iontaí agus is dochreidte dá bhfaca tú riamh. Feicfimid an siúlóid is tapúla san aer idir dhá bhalúin te. Á chur i láthair ag Eoghan Ó Loideáin.

An Aimsir Láithreach
An Aimsir Láithreach
17:25
(S21/CL274)
Aimsir réigiúnach agus náisiúnta.

Ros na Rún (OS & GS)
Ros na Rún (OS & GS)
17:30
(S22/CL12)
Caithfidh Maggie dul i ngleic leis an dochar ata déanta aici. Tá sí ag iarraidh go dtuigfidh Tadhg nach raibh sé riamh i gceist aici teacht idir é féin agus theaghlach. Tá Fia i ndroch-chaoi agus déanfaidh sí rud ar bith le dearmad a dhéanamh ar an méid atá tarlaithe. Tá David ag iarraidh go mbeadh gach rud mar a bhí arís ach níl aon mhuinín aige as féin níos mó. An mbeidh David in ann an méid a tharla a chur taobh thiar de?

Weakest Link (TS)
Weakest Link (TS)
18:00
(S9/CL12)
Sraith Tráth na gCeist ina bhféachfaidh 9 n-iomaitheoir leis an bpota óir a thabhairt abhaile leo. Cuirfear an t-iomaitheoir is measa, dar leis na hiomaitheoirí eile, abhaile ag deireadh gach babhta go dtí nach mbeidh ach duine amháin fanta chun an t-airgead a bhuachan. Á chur i láthair ag Anne Robinson.

An Aimsir Láithreach
An Aimsir Láithreach
18:57
(S21/CL285)
Aimsir réigiúnach agus náisiúnta.

Nuacht TG4
Nuacht TG4
19:00
 
Mórimeachtaí an lae ó Aonad Nuachta TG4.

Léirmheas Leabhar (OS)
Léirmheas Leabhar (OS)
19:30
(S1/CL7)
Sa tsraith nua seo, déanfaidh léirmheastóirí agus údair léirmheas ar leabhair Ghaeilge nua-fhoilsithe. Á chur i láthair ag Róisín Ní Ghairbhí. Tá an tsraith seo urraithe ag Foras na Gaeilge.

Éire na Nuachtscannán (OS & TS)
Éire na Nuachtscannán (OS & TS)
20:00
(S1/CL4)
Sraith 6 chlár a thugann léargas ar an mbealach inar cuireadh imeachtaí in Éirinn i láthair sna nuachtscannáin. Ba mhór i gceist na nuachtscannáin idir 1910 agus 1950 agus bhí tionchar mór acu ar an bpobal. Fiosrófar sa chlár seo mar a léiríodh an Dara Cogadh Domhanda sna nuachtscannáin ó thuaidh agus ó dheas. Is cosúil freisin, de réir na nuachtscannán, go rabhthas ag fáil faoi réir d'ionradh ar Éirinn.

Ros na Rún (OS & GS)
Ros na Rún (OS & GS)
20:30
(S22/CL12)
Caithfidh Maggie dul i ngleic leis an dochar ata déanta aici. Tá sí ag iarraidh go dtuigfidh Tadhg nach raibh sé riamh i gceist aici teacht idir é féin agus theaghlach. Tá Fia i ndroch-chaoi agus déanfaidh sí rud ar bith le dearmad a dhéanamh ar an méid atá tarlaithe. Tá David ag iarraidh go mbeadh gach rud mar a bhí arís ach níl aon mhuinín aige as féin níos mó. An mbeidh David in ann an méid a tharla a chur taobh thiar de?

Siar an Bóthar (OS)
Siar an Bóthar (OS)
21:00
(S12/CL10)
Ar an gclár seo beidh an píobaire mór le rá as an Spidéal, Ronan Browne, an fidléir Paddy Glackin, agus neart ceoltóirí breátha eile ar nós Máirtín O'Connor ar an mbosca ceoil agus John Lee ar an bhfliúit.

Racht (OS & TS)
Racht (OS & TS)
21:30
(S2/CL2)
Sraith 6 chlár a scrúdóidh dúnmharuithe ón am atá caite, féachaint lena gcúlra a thabhairt chun suntais agus tuiscint a fháil ar na cúiseanna a bhí leo agus a dtionchar ar na daoine a bhain leis an scéal. Díríonn clár seo ar a tharla i gCeanada sa mbliain 1843. Gabhadh Grace Marks, cailín aimsire 16 bliain d'aois, as cúige Uladh ó dhúchas agus tugadh ar ais go hOntario í lena cur ar triail faoi bhás a fostóra agus searbhónta mná leis a bhí ag iompar clainne nuair a maraíodh í.

Fir Bolg (OS & TS)
Fir Bolg (OS & TS)
22:00
(S1/CL2)
Ó tharla é socraithe anois ag na fir dul ar ais ag ceol, tosaíonn siad ag cleachtadh a gcuid seanamhrán arís. Ach ní fada go mbíonn cuid de na slíomadóirí a mbíodh aithne acu orthu fadó ag tarraingt orthu arís. I measc na n-aisteoirí speisialta sa chlár seo beidh Caroline Morahan, Marty Morrissey agus Paddy Courtney.

Fíorscéal (OS & TS)
Fíorscéal (OS & TS)
22:30
(S18/CL5)
Clár faisnéise ar an Isle de Jean Charles, oileán i Louisiana, Meiriceá, a bheidh faoi bhun leibhéal na farraige go gairid. Is ar thionscal na hola atá an milleán go bhfuil leibhéal na farraige ag ardú, go bhfuil an talamh á chreimeadh agus go bhfuil tubaistí timpeallachta ag tarlú ann. Bhí cónaí ar threibh Indiach ar a dtugtar, Biloxi-Chitimacha-Choctaw ar an oileán tráth ach bhí orthu an t-oileán a fhágáil de bharr téamh domhanda. Cé gur gealladh do na hIndiaigh go dtabharfaí maoiniú dóibh agus go n-athlonnófaí iad, bhí an-mhoill air.

An Aimsir Láithreach
An Aimsir Láithreach
23:35
(S21/CL285)
An Aimsir Náisiúnta agus Idirnáisiúnta.

Follow the Money (OS)
Follow the Money (OS)
23:40
(S2/CL2)
Scéinséir coiriúlachta as an Danmhairg. Caithfidh na póilíní ráiteas a thabhairt maidir leis an méid a tharla ag Banc Nova. Fiosraíonn Mads an baint a bhí ag an mbanc le féimheacht an cearpantóir. Tosaíonn Claudia a jab nua i mBanc Absalon ach airíonn sí uaithi a mac go mór. Tá ardteannas sa gharáiste mar go bhfuil Nicky ag caitheamh níos mó ama ar jabanna na Sualannaigh in áit a bheith ag tabhairt cúnamh do Bimse sa gharáiste.

Gafa sa Túr (OS)
Gafa sa Túr (OS)
00:50
(S1/CL6)
Sraith ina ndéanfaidh an staraí mór-ráchairte, Séamas Mac Annaidh, cur síos ar scéal na bpríosúnach Éireannach a coinníodh i dTúr Londan. Sa chlár seo, fiosróidh Séamas scéal an Athar James Coigley as Ard Mhacha a cuireadh chun báis i 1798 agus tabharfaidh sé cuntas ar Roger Casement, a gabhadh in 1916 agus a bhí ar an ridire deiridh as Éirinn a chaith seal sa Túr.

D�il �ireann
D�il �ireann
01:20
(S18/CL8)
Craoladh ar imeachta� na maidine de riar na hoibre i nD�il �ireann.

France 24
France 24
01:45
 
Cainéal nuachta 24 uair an chloig na Fraince atá i France 24. Bíonn an clár á chraoladh beo as Páras. Tá 180 iriseoir ag an stáisiún ar fud an domhain mhóir a thugann tuairiscí cuimsitheacha agus cumasacha chuig an lucht féachana ar imeachtaí móra laethúla.

Déardaoin, Deireadh Fómhair 12, 2017
Níl TG4 freagrach as an ábhar ar Shuíomh Gréasáin seachtrach ar bith