Baile » Sceideal » Sceideal Iomlán

Dé hAoine, Deireadh Fómhair 13, 2017
France 24
France 24
05:30
 
Cainéal nuachta 24 uair an chloig na Fraince atá i France 24. Bíonn an clár á chraoladh beo as Páras. Tá 180 iriseoir ag an stáisiún ar fud an domhain mhóir a thugann tuairiscí cuimsitheacha agus cumasacha chuig an lucht féachana ar imeachtaí móra laethúla.

Cúla 4 na nÓg
Cúla 4 na nÓg
07:00
 
Mír do ghasúir réamhscoile atá i Cúla4 na nÓg a thosóidh gach maidin ag 7 a.m. go dtí an 10.00 am agus arís ag an 3p.m. i rith na seachtaine. I measc na gclár beidh Wanda and the Alien, Masha agus an Béar, QPootle, Olly an Veain Bheag Bhán agus Dinosaur Train agus neart eile.

Olivia (GS)
Olivia (GS)
07:02
(S2/CL10)
Tagann Olivia, Fraincín agus Daid ar nithe go leor agus iad amuigh ag siúl ar an sliabh. Scúnc ina measc.

An Captaen Flinn agus na Foghlaithe Dineasár
An Captaen Flinn agus na Foghlaithe Dineasár
07:13
(S1/CL28)
Tabharfaidh an criú Russell chuig 'Domhan na bhFoghlaithe Mara' chun gáire a bhaint as.

Astroblast! (GS)
Astroblast! (GS)
07:25
(S1/CL47)
Ceapann Halley go mbeidh sí in ann post Radar a dhéanamh don lá, ach is gearr go mbíonn a fhios aici nach jab éasca ar bith é.

Astroblast! (GS)
Astroblast! (GS)
07:37
(S1/CL48)
Ceannaíonn Halley bronntanas dá cairde ach níl a fhios acu céard é féin.

Olly an Veain Bheag Bhán
Olly an Veain Bheag Bhán
07:50
(S1/CL39)
Bíonn anraith speisialta réitithe ag Bazza do na carranna ar fad a thagann Tigh Mick ach ní bhíonn sé i bhfad go bhfaigheann na carranna ar fad tinn.

Olly an Veain Bheag Bhán
Olly an Veain Bheag Bhán
07:55
(S1/CL40)
Tá lá saoire ag Olly. Fágann sé sin go bhfuil ar Stan an obair ar fad a dhéanamh.

Dora (GS)
Dora (GS)
08:00
(S8/CL10)
Féachann Dora le prionsa a dhéanamh arís de leon.

Tractor Tom
Tractor Tom
08:25
(S1/CL40)
Inniu a bheidh Rás na gCaorach ar siúl agus tá gach duine ar bís faoi, go háirithe Buzz.

Scéalta le Masha
Scéalta le Masha
08:35
(S3/CL17)
Inseoidh Masha scéal faoin bPrionsa cumhachtach ar rinneadh storc dó.

Zou
Zou
08:42
(S2/CL19)
Tarraingíonn Mamaí Elzee portráidí de Zou, Elzee agus Zak inniu agus ceannaíonn sí uachtar reoite dóibh nuair atá siad críochnaithe.

Masha agus an Béar
Masha agus an Béar
08:54
(S2/CL26)
Tá Masha ag fáil mór agus caithfidh sí féin agus Béar slán a fhágáil ag a chéile.

Messy, Seo Linn go Okido
Messy, Seo Linn go Okido
09:01
(S1/CL15)
Tá duilleoga an chrainn ar iarraidh agus tá Messy ag iarraidh a fháil amach cén fáth?

Calimero
Calimero
09:15
(S1/CL30)
Déanann Seamúsín róbó as fear bréige le cúnamh ó aireagán Do Vinci ach imíonn an róbó ó smacht.

Ainmhithe Beaga Thart Orainn (OS)
Ainmhithe Beaga Thart Orainn (OS)
09:30
(S2/CL10)
Caithfimid súil ar mar a chaitheann tuilleadh ainmhithe óga atá ina bpeataí an tráthnóna.

The Waltons (TS)
The Waltons (TS)
10:00
(S3/CL1)
Tá teach Aintín Martha Corinne Walton lonnaithe san áit a bhfuiltear ag iarraidh an Mórbhealach Tírdhreachaithe Blue Ridge a thógáil. Féachann muintir Walton leis an gconraitheoir a stopadh.

An Gobán Saor (OS)
An Gobán Saor (OS)
11:45
(S1/CL3)
Sraith a dhéanann ceiliúradh ar an ngreann i saol na hÉireann. Inseoidh fir, idir óg agus sean, ó cheann ceann na tíre na scéalta grinn is ansa leo féin. Baineann na scéalta seo le gnáthchúrsaí an tsaoil, ó bhreith go bás agus ó chúrsaí creidimh go cleamhnais.

The Cook & The Chef (TS)
The Cook & The Chef (TS)
12:00
(S3/CL31)
Sraith Cócaireachta. Ullmhóidh Maggie agus Simon miasa blasta le cnónna macadamia agus caife.

GAA - Club na mBan (OS & TS)
GAA - Club na mBan (OS & TS)
12:30
(S1/CL4)
Sraith faoi mhná agus Cumann Lúthchleas Gael a thugann léargas ón taobh istigh dúinn ar shaothar agus ar dhúthracht na mban atá páirteach sna cluichí ag gach leibhéal. Tabharfaidh Rena agus Sinéad aghaidh ar a chéile i bPáirc an Chrócaigh sa gCluiche Ceannais. Fágfaidh Bernie agus foireann Mothers and Others na páistí sa mbaile le go mbeidh píosa spraoi acu féin sa mbaile mór. Féachann Gwen le Conall a ullmhú chun filleadh ar an bpáirc imeartha, agus beidh ceiliúradh mór ag Alma lena teaghlach agus lena cairde.

The Waltons (TS)
The Waltons (TS)
13:05
(S3/CL2)
Bíonn neart dúshlán roimh John-Boy ar a chéad lá ag Boatwright. Ceapann Jason gur cheart dó déanamh thar cionn ag an scoil mar a rinne John-Boy mar gurb é an duine is sine sa teaghlach anois é.

Weakest Link (TS)
Weakest Link (TS)
14:05
(S9/CL13)
Sraith Tráth na gCeist ina bhféachfaidh 9 n-iomaitheoir leis an bpota óir a thabhairt abhaile leo. Cuirfear an t-iomaitheoir is measa, dar leis na hiomaitheoirí eile, abhaile ag deireadh gach babhta go dtí nach mbeidh ach duine amháin fanta chun an t-airgead a bhuachan. Á chur i láthair ag Anne Robinson.

Cúla 4 na nÓg
Cúla 4 na nÓg
15:00
 
Mír do ghasúir réamhscoile atá i Cúla4 na nÓg a thosóidh gach maidin ag 7 a.m. go dtí an 10.00 am agus arís ag an 3p.m. i rith na seachtaine. I measc na gclár beidh Wanda and the Alien, Masha agus an Béar, QPootle, Olly an Veain Bheag Bhán agus Dinosaur Train agus neart eile.

Masha agus an Béar
Masha agus an Béar
15:02
(S2/CL13)
Níor cheart don Bhéar Masha a fhágáil ag breathnú ar scannán scanrúil léi féin.

Masha agus an Béar
Masha agus an Béar
15:09
(S2/CL14)
Tugann an béar baineannach iris shnasta do Masha, faigh réidh do cheacht san áilleacht!

PJ Masks
PJ Masks
15:16
(S1/CL20)
Tá cara nua ag Catboy anocht ach ní mó ná sásta atá sé faoi.

Cat a' Hata (GS)
Cat a' Hata (GS)
15:28
(S1/CL39)
Níl aon bhainne ag Nic agus Sailí don bhricfeasta. Tugann an Cat chuig feirm Finola iad le bricfeasta a bheith acu in éineacht le léi.

Cat a' Hata (GS)
Cat a' Hata (GS)
15:40
(S1/CL40)
Inniu Lá Fhéile Vailintín agus tá Nic agus Sailí ag teacht in aghaidh a chéile faoin gcineál cárta a dhéanfaidh siad don Chat.

Cúla 4
Cúla 4
15:55
 
Beidh Cúla 4 ar an aer ón 7 gach maidin agus ón 4 tráthnóna ó Luan go hAoine. I measc na gclár iontach a bheidh ar siúl, beidh Angelo Rules, Get Ace, Jungle Bunch, Camp Lakebottom, Dude that's my Ghost, Garfield agus neart eile.

Alvinnn !!! agus na Chipmunks
Alvinnn !!! agus na Chipmunks
15:57
(S1/CL20)
Tugann Alvin, Simon agus na Chipettes comhairle do Theodore faoi chúrsaí grá nuair a cheapann siad go dtaitníonn cailín leis.

Camp Lakebottom
Camp Lakebottom
16:08
(S1/CL20)
Éiríonn le MacAodh agus Bricín malartú a dhéanamh ó chorp amháin go corp eile.

Garfield (GS)
Garfield (GS)
16:19
(S4/CL42)
Socraíonn Garfield agus a chuid cairde a mbealach féin a dhéanamh abhaile ach ní bhíonn sé i bhfad nó go gcastar dainséar orthu.

Winston Steinburger & Sir Dudley Ding Dong
Winston Steinburger & Sir Dudley Ding Dong
16:32
(S1/CL20)
Ceannaíonn Win agus a chairde mapa taisce ó róbat sa chaifé.

Fangbone
Fangbone
16:43
(S1/CL12)
Agus iad ar thuras scoile thar oíche sa mhúsaem, aimsíonn Fangbone agus Bill iarsma Blaoscbánach a chruthaíonn tairseach go dtí domhan dúchais Fangbone.

WAC (OS)
WAC (OS)
16:55
(S1/CL36)
Rachaidh Tomaí, Éadaoin agus Caoimhe sa tóir ar na hainmhithe is craiceáilte ar domhan.

Is Eolaí Mé (GS)
Is Eolaí Mé (GS)
17:25
(S1/CL7)
Tabharfaidh Peadar cuairt ar ionad Náisiúnta Mara na hÉireann agus bainfidh sé triail as an linn snámha speisialta atá acu chun chuile staid den aimsir a mhothú! Beidh Conall Ó Cualáin agus Micí Ó Sé ag cabhrú sa stiúideo agus foghlaimeoidh siad faoi chomhiompar. Beidh post nua ag Úna, le cúnamh agus comhairle ó Fiona Ní Fhlaithearta, gheobhaidh Úna deis a bheith ina cailín aimsire don lá.

An Ceoldráma (OS & TS)
An Ceoldráma (OS & TS)
17:55
(S1/CL1)
Mí Eanáir atá ann agus tá ceithre seachtaine ag Rang a 6 Ghaelscoil Charraig Uí Leighin lena gceoldráma a fháil faoi réir do Bhabhta Ceannais Chorcaí den Fhéile Scoildrámaíochta. I mBaile Mhuineacháin, tá Gaelscoil Ultain soir siar mar go bhfuil siad ag athrú isteach i scoil nua ach céard faoi na babhtaí ceannais contae? Is beag am atá fanta!

An Aimsir Láithreach
An Aimsir Láithreach
18:57
(S21/CL286)
Aimsir réigiúnach agus náisiúnta.

Nuacht TG4
Nuacht TG4
19:00
 
Mórimeachtaí an lae ó Aonad Nuachta TG4.

Comhrá (OS)
Comhrá (OS)
19:30
(S2/CL6)
Josie Sheáin Jeaic Mac Donncha, nach maireann, a bheidh ag comhrá le Máirtín Tom Sheáinín ar an gclár seo. Is ar an Oireachtas a bhíonn Josie ag caint an tseachtain seo, tá Corn Uí Riada buaite aige trí huaire. Labhraíonn sé ar an gcéad amhrán a d'fhoghlaim sé, an Bonnán Buí. Bhí sé mar amhránaí cónaithe in Ollscoil na hÉireann, Gaillimh le bliain anuas, agus labhraíonn sé ar cén chaoi a mhúintear amhránaíocht ar an sean-nós.

Sean-Nós (OS)
Sean-Nós (OS)
20:00
(S1/CL1)
Scoth na n-amhrán le togha na n-amhránaithe ó chuile Ghaeltacht sa tír. Anocht fonnadóirí Chonamara Dara Bán, Josie Sheáin Jack, Meaití Joe Shéamuis, Johnny Mháirtín Learaí, Michael Mhaire a' Ghabha &rl.

An Aimsir Láithreach
An Aimsir Láithreach
21:00
(S21/CL286)
An Aimsir Náisiúnta agus Idirnáisiúnta.

An Western: Vera Cruz
An Western: Vera Cruz
21:05
 
(1954, Scannán buachaillí bó) Gary Cooper, Burt Lancaster agus Denise Darcel na príomhaisteoirí sa scannán seo faoi stiúir Robert Aldrich. Le linn Réabhlóid Mheicsiceo in 1866, fostaíonn an tImpire Maximilian grúpa taiscéalaithe as Meiriceá le cuntaois a thabhairt chomh fada le Vera Cruz.

European Rugby Champions Cup
European Rugby Champions Cup
22:50
(S4/CL1)
Buaicphoint� an chluiche idir Ulaidh agus Wasps as Staid Kingspan sa ch�ad bhabhta de Chorn Seaimp�n Rugba� na hEorpa.

Fir Bolg (OS & TS)
Fir Bolg (OS & TS)
23:50
(S1/CL2)
Ó tharla é socraithe anois ag na fir dul ar ais ag ceol, tosaíonn siad ag cleachtadh a gcuid seanamhrán arís. Ach ní fada go mbíonn cuid de na slíomadóirí a mbíodh aithne acu orthu fadó ag tarraingt orthu arís. I measc na n-aisteoirí speisialta sa chlár seo beidh Caroline Morahan, Marty Morrissey agus Paddy Courtney.

Glaoch an Cheoil (OS & TS)
Glaoch an Cheoil (OS & TS)
00:20
(S1/CL2)
Tabharfar na mílte uirlisí ceoil, nach bhfuil in úsáid, agus daoine a dteastaíonn uathu iad a fhoghlaim le chéile. Roinntear na huirlisí ar fhoghlaimeoirí na Rinne agus Bhéal an Mhuirthead. Inseoidh an ceoltóir áitiúil agus bunaitheoir Danú, Dónal Clancy, do Johnny McCarthy faoi stair ceoil na Rinne agus beidh seisiún ceoil acu ag féachaint amach ar Chuan Dhún Garbhán agus ceann Helvic. Tugann Fergal Ó Murchú cuireadh don fliúiteadóir agus craoltóir Joe Byrne teacht chuig a theach i mBéal an Átha le léargas a fháil ar stair cheol Mhaigh Eo. Casfaidh siad The Races of Castlebar.

The Almighty Johnsons (TS)
The Almighty Johnsons (TS)
00:50
(S1/CL4)
Is beag a bhíonn idir an t-olc agus an mhaith.

France 24
France 24
01:45
 
Cainéal nuachta 24 uair an chloig na Fraince atá i France 24. Bíonn an clár á chraoladh beo as Páras. Tá 180 iriseoir ag an stáisiún ar fud an domhain mhóir a thugann tuairiscí cuimsitheacha agus cumasacha chuig an lucht féachana ar imeachtaí móra laethúla.

Dé hAoine, Deireadh Fómhair 13, 2017
Níl TG4 freagrach as an ábhar ar Shuíomh Gréasáin seachtrach ar bith