Baile » Sceideal » Sceideal Iomlán

Dé Luain, Deireadh Fómhair 30, 2017
France 24
France 24
05:30
 
Cainéal nuachta 24 uair an chloig na Fraince atá i France 24. Bíonn an clár á chraoladh beo as Páras. Tá 180 iriseoir ag an stáisiún ar fud an domhain mhóir a thugann tuairiscí cuimsitheacha agus cumasacha chuig an lucht féachana ar imeachtaí móra laethúla.

Cúla 4 na nÓg
Cúla 4 na nÓg
07:00
 
Mír do ghasúir réamhscoile atá i Cúla4 na nÓg a thosóidh gach maidin ag 7 a.m. go dtí an 10.00 am agus arís ag an 3p.m. i rith na seachtaine. I measc na gclár beidh Wanda and the Alien, Masha agus an Béar, QPootle, Olly an Veain Bheag Bhán agus Dinosaur Train agus neart eile.

Olivia (GS)
Olivia (GS)
07:02
(S2/CL21)
Tagann Olivia ar bhronntanas do Fhraincín i mbosca gránach - bráisléad bándearg!

An Captaen Flinn agus na Foghlaithe Dineasár
An Captaen Flinn agus na Foghlaithe Dineasár
07:13
(S1/CL39)
Tá na farraigí faoi oighear. Cé is cúis leis? Tom!

Astroblast! (GS)
Astroblast! (GS)
07:25
(S1/CL17)
Níl Radar ag iarraidh ach cluiche amháin a imirt agus tá sé ag iarraidh ar a chairde imirt de réir a chuid rialacha.

Astroblast! (GS)
Astroblast! (GS)
07:37
(S1/CL18)
Ní thaitníonn sé le Radar nuair a chailleann sé cluichí. Déanann sé suas a chuid cluichí féin le déanamh cinnte nach gcailleann sé.

Olly an Veain Bheag Bhán
Olly an Veain Bheag Bhán
07:50
(S2/CL9)
Tá an tUasal Dris faoi bhrú. Tá a mháthair ag teacht ar cuairt agus tá an teach le glanadh aige.

Olly an Veain Bheag Bhán
Olly an Veain Bheag Bhán
07:55
(S2/CL10)
Tá Bazza stoptha in áit chontúirteach agus caithfidh Olly agus Stan é a thabhairt slán.

Dora (GS)
Dora (GS)
08:00
(S7/CL1)
Tá ciseán Choinín na Cásca ar iarraidh. An mbeidh Dora agus Bróigín in ann é a aimsiú?

Tractor Tom
Tractor Tom
08:25
(S1/CL5)
Ní bhíonn sos ar bith ag Tom ón obair nuair a chuireann cluiche peile an fheirm trína chéile.

Scéalta le Masha
Scéalta le Masha
08:35
(S3/CL2)
Inseoidh Masha scéal faoi bhuachaill óg ar rinneadh gabhar dó mar gur ith sé an iomarca.

Zou
Zou
08:42
(S2/CL30)
Tugann Zou cúnamh dá theaghlach rudaí a dhéanamh níos sciobtha inniu, ach meas tú an raibh an iomarca deifre air?

Masha agus an Béar
Masha agus an Béar
08:54
(S1/CL14)
Tá meall mór ar chloigeann an Bhéir ach ní cuimhin leis cén chaoi ar tharla sé.

Messy, Seo Linn go Okido
Messy, Seo Linn go Okido
09:01
(S1/CL26)
Caithfidh Messy agus a chairde cúnamh a thabhairt don fhathach lena bhreithlá a cheiliúradh.

Calimero
Calimero
09:15
(S1/CL41)
Gortaíonn Peadar a rúitín. Tá sé croí-bhriste mar nach mbeidh sé in ann páirt a ghlacadh ar chlár teilifíse dá bharr.

Ainmhithe Beaga sa bhFiántas (TS)
Ainmhithe Beaga sa bhFiántas (TS)
09:30
(S1/CL1)
Caithfimid súil ar mar a chaitheann ainmhithe óga na foraoise an mhaidin.

The Waltons (TS)
The Waltons (TS)
10:00
(S3/CL12)
Cuireann John tuairisc faoi phost i longchlós Norfolk ach ní bhíonn sé i bhfad go dtuigeann sé go dteastaíonn sé sa mbaile, agus go bhfuil sé ag iarraidh a bheith sa mbaile é féin.

Wind At My Back
Wind At My Back
11:00
(S4/CL6)
Tabharfaidh Grace & Toppy cuairt ar Lillian Day, bean a bhfuil leigheas aici. Cuireann Grace agallamh ar Lillian agus feiceann siad í ag leigheas fear atá ar mhaidí croise.

The Cook & The Chef (TS)
The Cook & The Chef (TS)
11:55
(S4/CL2)
Sraith cócaireachta. Fiosróidh Maggie agus Simon an tionchar ollmhór a bhí ag imircigh as an Iodáil ar chócaireacht na hAstráile. Inseoidh Maggie faoin tréimhse a chaith sí i scoil chócaireachta sa Tuscáin nuair a bhí sí óg agus réiteoidh Simon miasa traidisiúnta as an Iodáil.

Kevin Dundon's Modern Irish Food (TS)
Kevin Dundon's Modern Irish Food (TS)
12:30
(S1/CL5)
I dTeach Fhóite i gCorcaigh a bheidh Kevin inniu. Réiteoidh sé sailéad colm coille. Beidh tionchar na Meánmhara le blaiseadh ar an doingean mara rósta i gcrústa salann sáile a réiteoidh Kevin le mionphrátaí brúite. Foghlaimeoidh sé faoi chomh maith is atá feamainn don tsláinte nuair a réiteoidh sé sailéad de ghlasraí farraige. Agus ullmhóidh sé milseog de bhláthanna troim agus spíonáin.

The Waltons (TS)
The Waltons (TS)
13:05
(S3/CL19)
Téann pleananna bainise in aimhréidh ar iníon chara leis an teaghlach nuair a fhuadaítear an fear atá le pósadh.

Weakest Link (TS)
Weakest Link (TS)
14:05
(S9/CL24)
Sraith Tráth na gCeist ina bhféachfaidh 9 n-iomaitheoir leis an bpota óir a thabhairt abhaile leo. Cuirfear an t-iomaitheoir is measa, dar leis na hiomaitheoirí eile, abhaile ag deireadh gach babhta go dtí nach mbeidh ach duine amháin fanta chun an t-airgead a bhuachan. Á chur i láthair ag Anne Robinson.

Cúla 4 na nÓg
Cúla 4 na nÓg
15:00
 
Mír do ghasúir réamhscoile atá i Cúla4 na nÓg a thosóidh gach maidin ag 7 a.m. go dtí an 10.00 am agus arís ag an 3p.m. i rith na seachtaine. I measc na gclár beidh Wanda and the Alien, Masha agus an Béar, QPootle, Olly an Veain Bheag Bhán agus Dinosaur Train agus neart eile.

Masha agus an Béar
Masha agus an Béar
15:02
(S1/CL9)
Tá an Béar ag iarraidh breathnú ar an gcluiche mór ar an teilifís ach tá pleananna eile ag Masha.

Masha agus an Béar
Masha agus an Béar
15:09
(S1/CL10)
Tá Masha ag iarraidh foghlaim le scátáil ach níl aon duine ann chun é a mhúineadh di mar go bhfuil an Béar tite ina chodladh.

PJ Masks
PJ Masks
15:16
(S1/CL31)
Ceapann Catboy gur ceannaire maith é, ach ní aontaíonn a chairde leis.

Cat a' Hata (GS)
Cat a' Hata (GS)
15:28
(S1/CL1)
Tá Sailí agus Nic rite amach as mil. Ar an dea-uair tá a fhios ag an gCat cá bhfaighidh sé tuilleadh di!

Cat a' Hata (GS)
Cat a' Hata (GS)
15:40
(S1/CL2)
Tá an gabhlán corcra a bhí i ngairdín Sailí imithe amú.

Cúla 4
Cúla 4
15:55
 
Beidh Cúla 4 ar an aer ón 7 gach maidin agus ón 4 tráthnóna ó Luan go hAoine. I measc na gclár iontach a bheidh ar siúl, beidh Angelo Rules, Get Ace, Jungle Bunch, Camp Lakebottom, Dude that's my Ghost, Garfield agus neart eile.

Alvinnn !!! agus na Chipmunks
Alvinnn !!! agus na Chipmunks
15:57
(S1/CL31)
Nuair nach ligeann Dáithí d'Alvin carr spóirt chontúirteach a cheannach, éiríonn leis cur ina luí ar Simon carr díreach cosúil léi a thógáil.

Dónall Dána (GS)
Dónall Dána (GS)
16:08
(S1/CL1)
Caithfidh Dónall Dána dul ag siúlóid lena mhuintir agus caillfidh sé an clár teilifíse is fearr leis dá bharr - Bodach Trodach.

Garfield (GS)
Garfield (GS)
16:19
(S4/CL53)
Éiríonn le Garfield agus a chairde éirí amach in aghaidh cheannasaíocht na róbat...ach an éireoidh leo?

Winston Steinburger & Sir Dudley Ding Dong
Winston Steinburger & Sir Dudley Ding Dong
16:32
(S1/CL31)
Ní théann dada i gceart do Winston ná do Dudley nuair a bhíonn siad ag iarraidh dul chuig an bhFéile sa spás.

Fangbone
Fangbone
16:43
(S1/CL19)
Nuair a chuireann Bill Clogad na Daille air féin, éiríonn sé uafásach mór agus dúr! An mbeidh Fangbone in ann Bill agus an ladhar a shábháil?

Whiz sa Chistin (GS)
Whiz sa Chistin (GS)
16:55
(S1/CL13)
Seó cluichí é Whiz sa Chistin atá bunaithe ar bhia. Beidh ceathrar leanaí sa chistin ar gach clár agus beidh a fhios againn cé chomh maith is atá said sa chistin nuair a chaithfidh siad tabhairt faoi dhúshlán bia agus ceisteanna go leor a fhreagairt. Ar chlár an lae inniu tabharfaidh Austin agus Rhys aghaidh ar Dhónal agus ar Leo.

An Aimsir Láithreach
An Aimsir Láithreach
17:25
(S21/CL289)
Aimsir réigiúnach agus náisiúnta.

Glór Tíre - Rogha & Togha (TS)
Glór Tíre - Rogha & Togha (TS)
17:30
(S12/CL3)
Rogha agus togha an dara sraith déag de Ghlór Tíre. Beidh mór uaisle an cheoil tíre ar stáitse i dTeach na Céibhe leis an rogha is fearr amhrán. Ar chlár na hoíche anocht ag gabháil fhoinn beidh John McNicholl, Patrick Feeney, Lee Matthews, Mick Flavin, Jimmy Buckley, Shawn Cuddy agus Mike Denver.

Weakest Link (TS)
Weakest Link (TS)
18:00
(S9/CL24)
Sraith Tráth na gCeist ina bhféachfaidh 9 n-iomaitheoir leis an bpota óir a thabhairt abhaile leo. Cuirfear an t-iomaitheoir is measa, dar leis na hiomaitheoirí eile, abhaile ag deireadh gach babhta go dtí nach mbeidh ach duine amháin fanta chun an t-airgead a bhuachan. Á chur i láthair ag Anne Robinson.

An Aimsir Láithreach
An Aimsir Láithreach
18:57
(S21/CL303)
Aimsir réigiúnach agus náisiúnta.

Nuacht TG4
Nuacht TG4
19:00
 
Mórimeachtaí an lae ó Aonad Nuachta TG4.

An Gobán Saor (OS)
An Gobán Saor (OS)
19:15
(S1/CL6)
Sraith a dhéanann ceiliúradh ar an ngreann i saol na hÉireann. Inseoidh fir, idir óg agus sean, ó cheann ceann na tíre, na scéalta grinn is ansa leo féin. Baineann na scéalta seo le gnáthchúrsaí an tsaoil, ó bhreith go bás agus ó chúrsaí creidimh go cleamhnais.

Laochra Gael (OS & TS)
Laochra Gael (OS & TS)
19:30
(S11/CL4)
Seamus Moynihan Chiarraí a bheidh faoi chaibidil ar an gclár seo. Bhí sé ar dhuine de na peileadóirí ab fhearr riamh a d'imir do Chiarraí. D'imir sé leo ó 1992 go 2006. Imreoir inspioráideach a bhí ann cuma cén áit ar an bpáirc a raibh sé ag imirt. Bhuaigh sé Craobh na hÉireann ceithre huaire idir 1997 agus 2006 agus bhí sé ina chaptaen agus ina lánchúlaí ar an bhfoireann i mbliain na mílaoise. Cuirfear Dara Ó Cinnéide, Peter Canavan agus Seán Ó Domhnaill faoi agallamh ar an gclár.

GAA 2017
GAA 2017
20:00
(S17/CL35)
Súil siar ar na cluichí a imríodh ar an deireadh seachtaine ina measc Cluichí Ceannais Contae san iomáint agus sa pheil.

Siar an Bóthar (OS)
Siar an Bóthar (OS)
21:00
(S13/CL6)
Togha agus rogha an cheoil agus an damhsa ar Siar an Bóthar. Ar an gclár seo beidh mír den amhránaí Johnny Mháirtín Learaí Mac Donnchadha as Carna, Conamara ag casadh 'Bríd Thomáis Mhurchaidh'. Beidh Séamus Tansey agus James Murray ag caint le Paddy Glackin faoin bhfliúit agus tuairimí éagsúla acu beirt. Beidh Michael Tubridy agus Christy Barry againn chomh maith leis na damhsóirí Cathleen Murray agus Aaron Crosbie.

Scannán: The Ring (TS)
Scannán: The Ring (TS)
21:30
 
(2002, Scannán Uafáis) Naomi Watts, Martin Henderson agus Brian Cox na príomhaisteoirí sa scannán seo faoi stiúir Gore Verbinski. Fiosraíonn iriseoir óg fístéip a bhfuil sé ráite go bhfaigheann duine ar bith a fhéachann uirthi bás.

Racht (OS & TS)
Racht (OS & TS)
23:40
(S2/CL4)
Sraith 6 chlár a scrúdóidh dúnmharuithe ón am atá caite, féachaint lena gcúlra a thabhairt chun suntais agus tuiscint a fháil ar na cúiseanna a bhí leo agus a dtionchar ar na daoine a bhain leis an scéal. Sa Róimh sa mbliain 1926, rinne Violet Gibson, bean de bhunadh Átha Cliath, iarracht an Príomh-Aire conspóideach Benito Mussolini (Il Duce) a fheallmharú. Theip uirthi agus nuair a tugadh a cás chun cúirte, mheas daoine áirithe gur polaitíocht a spreag í, daoine eile antoisceachas reiligiúin ba chúis lena hiarracht agus chreid go leor gur amhlaidh a bhí sí as a meabhair.

The Vampire Diaries (TS)
The Vampire Diaries (TS)
00:10
(S6/CL11)
Coinníonn Kai Elena in aghaidh a tola. Féachann Liv agus Alaric le Jo a réiteach don searmanas mór le Kai ach is gearr go dtuigeann siad go bhfuil Jo níos laige ná mar a cheap siad. Nuair a thagann an Sirriam Forbes abhaile, téann Caroline agus Stefan go North Carolina le leigheas a fháil ar ailse a máthar.

The Vampire Diaries (TS)
The Vampire Diaries (TS)
01:00
(S6/CL12)
Tagann athair Liv agus Luke lena mbreithlá a cheiliúradh in éineacht leo. Tá siad ag iarraidh go ligfidh sé cead do Jo agus Kai a n-áit a thógáil sa searmanas mór. Nuair a fhaigheann Tyler amach go mbeidh an searmanas ann níos luaithe ná mar a bhí ceaptha impíonn sé ar Liv cead a thabhairt dó labhairt lena hathair.

An Aimsir Láithreach
An Aimsir Láithreach
01:50
(S21/CL303)
An Aimsir Náisiúnta agus Idirnáisiúnta.

France 24
France 24
01:55
 
Cainéal nuachta 24 uair an chloig na Fraince atá i France 24. Bíonn an clár á chraoladh beo as Páras. Tá 180 iriseoir ag an stáisiún ar fud an domhain mhóir a thugann tuairiscí cuimsitheacha agus cumasacha chuig an lucht féachana ar imeachtaí móra laethúla.

Dé Luain, Deireadh Fómhair 30, 2017
Níl TG4 freagrach as an ábhar ar Shuíomh Gréasáin seachtrach ar bith