Baile » Sceideal » Sceideal Iomlán

Dé Máirt, Deireadh Fómhair 31, 2017
France 24
France 24
05:30
 
Cainéal nuachta 24 uair an chloig na Fraince atá i France 24. Bíonn an clár á chraoladh beo as Páras. Tá 180 iriseoir ag an stáisiún ar fud an domhain mhóir a thugann tuairiscí cuimsitheacha agus cumasacha chuig an lucht féachana ar imeachtaí móra laethúla.

Cúla 4 na nÓg
Cúla 4 na nÓg
07:00
 
Mír do ghasúir réamhscoile atá i Cúla4 na nÓg a thosóidh gach maidin ag 7 a.m. go dtí an 10.00 am agus arís ag an 3p.m. i rith na seachtaine. I measc na gclár beidh Wanda and the Alien, Masha agus an Béar, QPootle, Olly an Veain Bheag Bhán agus Dinosaur Train agus neart eile.

Olivia (GS)
Olivia (GS)
07:02
(S2/CL22)
Bíonn áthas ar Olivia nuair a iarrtar uirthi bean sneachta a dhéanamh d'Fhéile an Gheimhridh.

An Captaen Flinn agus na Foghlaithe Dineasár
An Captaen Flinn agus na Foghlaithe Dineasár
07:13
(S1/CL40)
Gabhann fir an Rí Flinn agus a chriú mar go gceapann siad gur ghoid siad taisce.

Astroblast! (GS)
Astroblast! (GS)
07:25
(S1/CL19)
Tá Halley i gceannas ar an chaifé léi féin inniu.

Astroblast! (GS)
Astroblast! (GS)
07:37
(S1/CL20)
Tá chuile dhuine an-tógtha le bréagán nua Radar.

Olly an Veain Bheag Bhán
Olly an Veain Bheag Bhán
07:50
(S2/CL11)
Cliseann Súibhín agus téann sí chuig garáiste Mick lena deisiú. Réitíonn Bazza amach as an nua í ach an mbeidh sí sásta?

Olly an Veain Bheag Bhán
Olly an Veain Bheag Bhán
07:55
(S2/CL12)
Tá taibhse i bPlimpán agus tá Olly agus Stan chun é a aimsiú.

Dora (GS)
Dora (GS)
08:00
(S7/CL2)
Bíonn Dora, Bróigín agus Pinto ar a mbealach chuig aonach na gcapall ach cliseann an traein ar an mbealach ann.

Tractor Tom
Tractor Tom
08:25
(S1/CL6)
Caithfear an chruithneacht a chuir isteach sa scioból sula dtosaíonn sé ag báisteach ach is mó suime atá ag Rev sa chaoi ina mbreathnaíonn sé.

Scéalta le Masha
Scéalta le Masha
08:35
(S3/CL3)
Inseoidh Masha scéal faoi shionnach glic ar éirigh leis an coinín a chaitheamh amach as a theach féin.

Zou
Zou
08:42
(S2/CL31)
Tagann cuairteoir go dtí garraí glasraí Dhaideo agus féachann Zou le baile nua a fháil dó.

Masha agus an Béar
Masha agus an Béar
08:54
(S1/CL15)
Tagann cuairteoir óg ag Béar agus bíonn Masha ag spochadh as.

Messy, Seo Linn go Okido
Messy, Seo Linn go Okido
09:01
(S1/CL27)
Tugann róbait cúnamh do Messy agus a chairde nuair a bhíonn siad ag tógáil droichid.

Calimero
Calimero
09:15
(S1/CL42)
Titeann an muileann gaoithe ar dhíon Calimero oíche ghaofar agus bíonn go leor deacrachtaí acu é a chur in airde arís.

Ainmhithe Beaga sa bhFiántas (OS & TS)
Ainmhithe Beaga sa bhFiántas (OS & TS)
09:30
(S1/CL2)
Caithfimid súil ar mar a chaitheann ainmhithe óga na foraoise an tráthnóna.

The Waltons (TS)
The Waltons (TS)
10:00
(S3/CL13)
Tagann seanchara le Zeb ar ais go Sliabh Walton ach ní bhíonn a bhean chéile in éineacht leis. Faigheann muintir Walton amach gur bhásaigh sí, ach is léir nach bhfuil a fear céile in ann labhairt faoi.

Wind At My Back
Wind At My Back
11:00
(S4/CL7)
Tá leacht cuimhneacháin nua le nochtadh ar an mbaile mar chuid den cheiliúradh ar Lá Cuimhneacháin an Chogaidh. Is léir nach bhfuil Alden ró-shásta faoi agus níl sé sásta dul chuig an ócáid. Iarrann Max ar Alden labhairt leis na gasúir scoile faoin gcogadh ach níl sé sásta é sin a dhéanamh ach oiread.

The Cook & The Chef (TS)
The Cook & The Chef (TS)
11:55
(S4/CL3)
Sraith cócaireachta. Leagan na Breataine de mhiasa idirnáisiúnta a bheidh faoi chaibidil ag Simon agus Maggie inniu. Casfaidh siad leis an gcócaire mór le rá Cheong Liew freisin.

Comhrá (OS)
Comhrá (OS)
12:30
(S1/CL23)
Micheál Mháire Ghabha Ó Ceannabháin, nach maireann, a bheidh ag comhrá le Máirtín Tom Sheáinín ar an gclár seo. Bhuail Micheál lena bhean nuair a bhí sé cheithre bliana déag. Bhí an bheirt acu ag glacadh páirte i gcomórtas amhránaíochta agus bhí an bua ag Micheál. Is amhránaí den scoth é Michael a raibh ard-mheas aige ar an gceol.

The Waltons (TS)
The Waltons (TS)
13:05
(S3/CL20)
Beartaíonn John an muileann a mhéadú agus 'Walton and Sons' a thabhairt air, ach bíonn Jason ag iarraidh staidéar a dhéanamh ar cheol agus féachann sé le scoláireacht a fháil.

Weakest Link (TS)
Weakest Link (TS)
14:05
(S9/CL25)
Sraith Tráth na gCeist ina bhféachfaidh 9 n-iomaitheoir leis an bpota óir a thabhairt abhaile leo. Cuirfear an t-iomaitheoir is measa, dar leis na hiomaitheoirí eile, abhaile ag deireadh gach babhta go dtí nach mbeidh ach duine amháin fanta chun an t-airgead a bhuachan. Á chur i láthair ag Anne Robinson.

Cúla 4 na nÓg
Cúla 4 na nÓg
15:00
 
Mír do ghasúir réamhscoile atá i Cúla4 na nÓg a thosóidh gach maidin ag 7 a.m. go dtí an 10.00 am agus arís ag an 3p.m. i rith na seachtaine. I measc na gclár beidh Wanda and the Alien, Masha agus an Béar, QPootle, Olly an Veain Bheag Bhán agus Dinosaur Train agus neart eile.

Masha agus an Béar
Masha agus an Béar
15:02
(S1/CL11)
Tá mí Mheán Fómhair linn agus tá na gasúir ag filleadh ar an scoil. Tá Masha í féin ag iarraidh dul ar scoil. Iarrann sí ar an mBéar ceann a dhéanamh di.

Masha agus an Béar
Masha agus an Béar
15:09
(S1/CL12)
Féachann Masha le gach duine a choinneáil amach as gairdín an Bhéir.

PJ Masks
PJ Masks
15:16
(S1/CL32)
Caithfidh Owlette foghlaim le bheith sásta agus foighneach anocht.

Cat a' Hata (GS)
Cat a' Hata (GS)
15:28
(S1/CL3)
Tá Nic ag iarraidh fanacht ina dhúiseacht an oíche ar fad. Tugann an Cat Nic agus Sailí ar eachtra oíche.

Cat a' Hata (GS)
Cat a' Hata (GS)
15:40
(S1/CL4)
Tá Sailí ag iarraidh sliogán cosúil leis an gceann atá ag Nic. Tugann an Cat chuig an trá iad áit a gcasann siad le Féilim, faocha ghliomaigh atá ag cuardach sliogáin nua freisin.

Cúla 4
Cúla 4
15:55
 
Beidh Cúla 4 ar an aer ón 7 gach maidin agus ón 4 tráthnóna ó Luan go hAoine. I measc na gclár iontach a bheidh ar siúl, beidh Angelo Rules, Get Ace, Jungle Bunch, Camp Lakebottom, Dude that's my Ghost, Garfield agus neart eile.

Alvinnn !!! agus na Chipmunks
Alvinnn !!! agus na Chipmunks
15:57
(S1/CL32)
Nuair a mhilleann Alvin rothar Theodore trí thimpiste, cuireann sé isteach ar chomórtas ag bailiú cairteacha siopadóireachta chun rothar nua a fháil dó.

Dónall Dána (GS)
Dónall Dána (GS)
16:08
(S1/CL2)
Nuair a bhogann Peigí Pusach isteach ar feadh roinnt laethanta, tuigeann Dónall go bhfuil sise níos dána ná é féin.

Garfield (GS)
Garfield (GS)
16:19
(S4/CL54)
Sa chuid dheireanach de shraith na Meaisíní Gránna, feicfimid an éireoidh le Garfield agus a chairde an domhan a shábháil.

Winston Steinburger & Sir Dudley Ding Dong
Winston Steinburger & Sir Dudley Ding Dong
16:32
(S1/CL32)
Nuair a bhíonn amhras ar ridire eile nach ridire ceart é Dudley Ding Dong, bíonn air a chumas a chruthú.

Spongebob Squarepants (GS)
Spongebob Squarepants (GS)
16:43
(S9/CL35)
Tá sé beartaithe ag Pearl post a fháil.

Dochreidte Gan Dabht (GS)
Dochreidte Gan Dabht (GS)
16:55
(S2/CL12)
Seo é Dochreidte Gan Dabht, an clár ar a mbeidh na curiarrachtaí is aistí, is iontaí agus is dochreidte dá bhfaca tú riamh - bean atá in ann liathróid daorchluiche a chaitheamh agus luas os cionn 65 míle san uair fúithi ina measc. Á chur i láthair ag Eoghan Ó Loideáin.

An Aimsir Láithreach
An Aimsir Láithreach
17:25
(S21/CL290)
Aimsir réigiúnach agus náisiúnta.

Ros na Rún (OS & GS)
Ros na Rún (OS & GS)
17:30
(S22/CL17)
Níl dada ag cur imní ar Thadhg ach Maggie ach an bhfuil Maggie ar nós chuma liom leat anois? Tá Dee i ndroch-chaoi. Insíonn sí do Mack faoi chomh uaigneach is atá sí i Ros na Rún. Tá cúrsaí ag fáil níos measa d'Fhia agus tá Evan agus Máire an-bhuartha fúithi. An ligfidh Fia cead do dhaoine cúnamh a thabhairt di nó an leanfaidh sí uirthi ar bhealach a basctha?

Weakest Link (TS)
Weakest Link (TS)
18:00
(S9/CL25)
Sraith Tráth na gCeist ina bhféachfaidh 9 n-iomaitheoir leis an bpota óir a thabhairt abhaile leo. Cuirfear an t-iomaitheoir is measa, dar leis na hiomaitheoirí eile, abhaile ag deireadh gach babhta go dtí nach mbeidh ach duine amháin fanta chun an t-airgead a bhuachan. Á chur i láthair ag Anne Robinson.

An Aimsir Láithreach
An Aimsir Láithreach
18:57
(S21/CL304)
Aimsir réigiúnach agus náisiúnta.

Nuacht TG4
Nuacht TG4
19:00
 
Mórimeachtaí an lae ó Aonad Nuachta TG4.

Garraí Glas (OS)
Garraí Glas (OS)
19:30
(S3/CL6)
Rachaidh Síle Nic Chonaonaigh ar fud na tíre ag casadh le garraíodóirí a bhíonn ag cur agus ag baint ar na seanbhealaí agus le daoine nach bhfuil ach tosaithe ag garraíodóireacht. Beidh neart saineolaithe, cócairí, soláthraithe agus iascairí ina measc. I mBaile Átha an Ghaorthaidh atá cónaí ar John Dolan agus tá sé tar éis garraí breá orgánach a dhéanamh de chúig acra portaigh ar thaobh sléibhe. Rachaidh Síle ar an bportach arís le John Ó Máille agus míneoidh Klaus Laitenberger di faoin mbealach is fearr le do gharraí a ghlanadh.

Hup (OS & TS)
Hup (OS & TS)
20:00
(S1/CL1)
Sraith ceoil traidisiúnta. Sa chlár seo beimid i nDún Garbhán chun bualadh le ceoltóirí an cheantair. Gheobhaimid blaiseadh de stíl réigiúnach na nDéise le ceol ó leithéidí Finbar Furey, Muireann Nic Amhlaoibh agus Cór Fear na nDéise. Taifeadadh ceol, amhránaíocht agus rince i suíomhanna suimiúla ar fud an bhaile agus déanfar ceiliúradh ar cheoil cheantar na nDéise. HUP!

Ros na Rún (OS & GS)
Ros na Rún (OS & GS)
20:30
(S22/CL17)
Níl dada ag cur imní ar Thadhg ach Maggie ach an bhfuil Maggie ar nós chuma liom leat anois? Tá Dee i ndroch-chaoi. Insíonn sí do Mack faoi chomh uaigneach is atá sí i Ros na Rún. Tá cúrsaí ag fáil níos measa d'Fhia agus tá Evan agus Máire an-bhuartha fúithi. An ligfidh Fia cead do dhaoine cúnamh a thabhairt di nó an leanfaidh sí uirthi ar bhealach a basctha?

Siar an Bóthar (OS)
Siar an Bóthar (OS)
21:00
(S13/CL7)
Togha agus rogha an cheoil agus an damhsa ar Siar an Bóthar. Ar an gclár seo beidh mír de Austin Dawe, Seán Mac Donnacha agus Liam Farrell ag casadh dhá ríl. Beidh Máire Ní Iarnáin as Carna le feiceáil agus í páirteach sa chéad chomórtas damhsa ar an sean-nós ar an teilifís riamh a craoladh in 1986. Casfaidh grúpa as Cumann CLG Naomh Oilibhéar Pluincéad i nDroichead Átha, 'Do Ghluais an Bathlach Beag' ar SCÓR in Aibreán 1978 agus neart eile.

Opry an Iúir (OS)
Opry an Iúir (OS)
21:30
(S4/CL6)
Séasúr eile de cheann de na sraitheanna ceoil is mó a thuilleann lucht féachana do TG4 - sraith coirmeacha ceoil a taifeadadh i sean-Halla an Bhaile san Iúr. Tá na láithreoirí - an rí é féin Daniel O'Donnell agus Lynette Fay ar ais agus rogha iontach amhránaithe ina gcuideachta. Sa tsraith seo, beidh Daniel ag canadh leaganacha Gaeilge d'amhráin atá luaite leis féin le fada an lá. Jim Devine agus Maighréad Ní Dhomhnaill aíonna speisialta Daniel anocht.

Nashville (TS)
Nashville (TS)
22:40
(S5/CL4)
Tá an mothú ag teacht ar ais i gcosa Juliette. Tá sí stoptha ag tógáil a cuid cógas le faitíos go bhfaigheadh sí tugtha dóibh arís. Tá Will agus Kevin sa tóir ar theach. Fágtar pacáiste taobh amuigh de theach Rayna gan stampa ná ainm. Ceistíonn Juliette Dia faoi gur ise an t-aon duine a tháinig slán as an timpiste.

Friday Night Lights (TS)
Friday Night Lights (TS)
23:30
(S1/CL14)
Tá na Panthers ag fáil faoi réir don chéad chluiche cáilithe. Caithfidh an cóitseálaí Taylor teacht ar phlean chun Smash a stopadh ó bheith ag úsáid drugaí. Éiríonn Tyra agus Julie mór lena chéile agus féachann Riggins le aithne níos fearr a chur ar a athair. Faigheann Buddy amach go bhfuil Jason agus Lyla geallta.

An Aimsir Láithreach
An Aimsir Láithreach
00:25
(S21/CL304)
An Aimsir Náisiúnta agus Idirnáisiúnta.

F�orsc�al (OS & TS)
F�orsc�al (OS & TS)
00:30
(S18/CL7)
Cl�r faisn�ise faoin tuiscint at� anois againn ar r�ocht na n-ainmhithe de bharr dul chun cinn i gc�rsa� eola�ochta. Tuigimid go bhfuil ainmhithe i bhfad n�os cliste agus n�os goilli�na� n� mar a cheapamar. An cheart d�inn coinn�ollacha beostoc ar fheirmeacha, i seamlais n� i saotharlanna taighde a fheabhs� agus ar cheart deireadh a chur ar fad le d�shaothr� ainmhithe? Ar cheart cearta d� gcuid f�in a bheith ag ainmhithe?

France 24
France 24
01:35
 
Cainéal nuachta 24 uair an chloig na Fraince atá i France 24. Bíonn an clár á chraoladh beo as Páras. Tá 180 iriseoir ag an stáisiún ar fud an domhain mhóir a thugann tuairiscí cuimsitheacha agus cumasacha chuig an lucht féachana ar imeachtaí móra laethúla.

Dé Máirt, Deireadh Fómhair 31, 2017
Níl TG4 freagrach as an ábhar ar Shuíomh Gréasáin seachtrach ar bith