France 24
05:30
Cainéal nuachta 24 uair an chloig na Fraince atá i France 24. Bíonn an clár á chraoladh beo as Páras. Tá 180 iriseoir ag an stáisiún ar fud an domhain mhóir a thugann tuairiscí cuimsitheacha agus cumasacha chuig an lucht féachana ar imeachtaí móra laethúla.
Cúla 4 na nÓg
07:00
Mír do ghasúir réamhscoile atá i Cúla4 na nÓg a thosóidh gach maidin ag 7 a.m. go dtí an 10.00 am agus arís ag an 3p.m. i rith na seachtaine. I measc na gclár beidh Wanda and the Alien, Masha agus an Béar, QPootle, Olly an Veain Bheag Bhán agus Dinosaur Train agus neart eile.
Olivia (GS)
07:02
(S2/CL23)
Tugann Olivia cuireadh dá cairde eitleoga a chur ag eitilt ar lá garbh. Ach faoin am a mbíonn na heitleoga déanta acu, bíonn an ghaoth lagaithe.
An Captaen Flinn agus na Foghlaithe Dineasár
07:13
(S1/CL41)
Téann Flinn agus a chriú amú agus iad sa tóir ar spúnóg Fhéasóig.
Astroblast! (GS)
07:25
(S1/CL21)
Tá cuairteoirí ag teacht inniu agus tá gach duine ag glanadh na spásloinge, gach duine seachas Radar!
Astroblast! (GS)
07:37
(S1/CL22)
Tá cairde Halley ag tabhairt aire na huibhe di mar gur gortaíodh a cos.
Olly an Veain Bheag Bhán
07:50
(S2/CL13)
Tá slaghdán ar Pheadar agus tá ar Olly agus ar Stan duine eile a fháil chun seinm sa cheolchoirm ina áit.
Olly an Veain Bheag Bhán
07:55
(S1/CL1)
Ba mhaith le Alice caifé a oscailt ach níl aon áras aici lena aghaidh.
Dora (GS)
08:00
(S7/CL3)
Tá Daithí sáinnithe ar Oileán na gCnónna Cócó. Tá Dora agus Bróigín ag iarraidh é a shábháil.
Tractor Tom
08:25
(S1/CL7)
Féachann Tom le Buzz a thabhairt anuas ón spéir gan é a ghortú.
Scéalta le Masha
08:35
(S3/CL4)
Inseoidh Masha a leagan féin de scéal Chochaillín Dearg.
Zou
08:42
(S2/CL32)
Briseann Zou vása Nana trí thimpiste agus caithfidh sé ceann nua a fháil di.
Masha agus an Béar
08:54
(S1/CL16)
Ligeann an Béar air féin go bhfuil sé tinn le go bhfaighidh sé suaimhneas ó Masha.
Messy, Seo Linn go Okido
09:01
(S1/CL28)
Ceapann Messy go bhfuil stocaí bréana agus cosa cáise iontach go dtí go mbíonn drochbholadh ó chosa Lofty.
Calimero
09:15
(S1/CL43)
Caithfidh Laoise óráid mhór a thabhairt os comhair an mhéara ach níl sí in ann é a dhéanamh gan a ribín speisialta atá imithe amú uirthi.
Ainmhithe Beaga sa bhFiántas (OS & TS)
09:30
(S1/CL3)
Caithfimid súil ar mar a chaitheann ainmhithe óga na trá an mhaidin.
The Waltons (TS)
10:00
(S3/CL14)
Bíonn taom croí ag Daideo agus ní cosúil go bhfuil an chóir leighis ag déanamh aon mhaith dó.
Wind At My Back
11:00
(S4/CL8)
Tá na buachaillí gafa ag an dornálaíocht agus is iad Max agus Jim atá á dtraenáil. Tá éad ar Fat mar go bhfuil Hub níos fearr ag dornálaíocht ná mar atá sé féin. Filleann Del ar an mbaile. Nuair a fheiceann Toppy é, insíonn sí do Grace é ach deir Grace léi nach bhfuil aon suim aici ann níos mó.
The Cook & The Chef (TS)
11:55
(S4/CL4)
Sraith cócaireachta. Réiteoidh Maggie agus Simon miasa veigeatóracha inniu. Ullmhóidh Maggie 'Tart Tatin' as cainneanna agus ubhthorthaí le bonn taosráin uachtar géar.
Garraí Glas (OS)
12:30
(S3/CL6)
Rachaidh Síle Nic Chonaonaigh ar fud na tíre ag casadh le garraíodóirí a bhíonn ag cur agus ag baint ar na seanbhealaí agus le daoine nach bhfuil ach tosaithe ag garraíodóireacht. Beidh neart saineolaithe, cócairí, soláthraithe agus iascairí ina measc. I mBaile Átha an Ghaorthaidh atá cónaí ar John Dolan agus tá sé tar éis garraí breá orgánach a dhéanamh de chúig acra portaigh ar thaobh sléibhe. Rachaidh Síle ar an bportach arís le John Ó Máille agus míneoidh Klaus Laitenberger di faoin mbealach is fearr le do gharraí a ghlanadh.
The Waltons (TS)
13:05
(S3/CL21)
Buann Daideo dealbh i raifil shiopa Godsey. Scríobhann John-Boy scéal faoi rómáns na Máistreása Emily agus Ashley Longworth.
Weakest Link (TS)
14:05
(S9/CL26)
Sraith Tráth na gCeist ina bhféachfaidh 9 n-iomaitheoir leis an bpota óir a thabhairt abhaile leo. Cuirfear an t-iomaitheoir is measa, dar leis na hiomaitheoirí eile, abhaile ag deireadh gach babhta go dtí nach mbeidh ach duine amháin fanta chun an t-airgead a bhuachan. Á chur i láthair ag Anne Robinson.
Cúla 4 na nÓg
15:00
Mír do ghasúir réamhscoile atá i Cúla4 na nÓg a thosóidh gach maidin ag 7 a.m. go dtí an 10.00 am agus arís ag an 3p.m. i rith na seachtaine. I measc na gclár beidh Wanda and the Alien, Masha agus an Béar, QPootle, Olly an Veain Bheag Bhán agus Dinosaur Train agus neart eile.
Masha agus an Béar
15:02
(S1/CL13)
Tá an Béar céasta ag Masha atá ag iarraidh go n-aimseoidh sé í agus í imithe i bhfolach air.
Masha agus an Béar
15:09
(S1/CL14)
Tá meall mór ar chloigeann an Bhéir ach ní cuimhin leis cén chaoi ar tharla sé.
PJ Masks
15:16
(S1/CL33)
Níl muinín ar bith ag Gekko as féin anocht.
Cat a' Hata (GS)
15:28
(S1/CL5)
Féachann Nic agus Sailí le puball a chur suas ach cinneann sé orthu.
Cat a' Hata (GS)
15:40
(S1/CL6)
Tagann Nic agus Sailí ar uibheacha éin sa chúlghairdín ach bíonn a nead millte.
Cúla 4
15:55
Beidh Cúla 4 ar an aer ón 7 gach maidin agus ón 4 tráthnóna ó Luan go hAoine. I measc na gclár iontach a bheidh ar siúl, beidh Angelo Rules, Get Ace, Jungle Bunch, Camp Lakebottom, Dude that's my Ghost, Garfield agus neart eile.
Alvinnn !!! agus na Chipmunks
15:57
(S1/CL33)
Tá cara nua ag Simon, Jamie. Tá sé cliste, greannmhar agus tá suim aige san eolaíocht, cosúil le Simon.
Dónall Dána (GS)
16:08
(S1/CL3)
Tá gasúir na scoile ag bailiú dearbhán ó bhoscaí gránach. Beartaíonn Dónall a bheith dána chun an ceann atá uaidh féin a fháil.
Garfield (GS)
16:19
(S4/CL1)
Tá Abigail, neacht Bean Cauldron ag fanacht in éineacht léi fad is atá sí ag freastal ar an Scoil Asarlaíochta ach tá i bhfad an iomarca suime aici i ndraíocht olc.
Winston Steinburger & Sir Dudley Ding Dong
16:32
(S1/CL33)
Leaindeálann Winston, Dudley agus Hampton ar Phláinéad an Seascainn trí thimpiste agus casann siad le déagóir craiceáilte.
Fangbone
16:43
(S1/CL20)
Nuair a chuireann Bill ina luí ar Fangbone féachaint ar scannáin an lá ar fad, iompaíonn sé isteach ina ainmhí fiáin, mar nach bhfuil cleachtadh ag an mBarbarach a bheith taobh istigh an fhad sin.
Whiz sa Chistin (GS)
16:55
(S1/CL14)
Seó cluichí é Whiz sa Chistin atá bunaithe ar bhia. Beidh ceathrar leanaí sa chistin ar gach clár agus beidh a fhios againn cé chomh maith is atá said sa chistin nuair a chaithfidh siad tabhairt faoi dhúshlán bia agus ceisteanna go leor a fhreagairt. Ar chlár an lae inniu tabharfaidh Ruadhán agus Oisín aghaidh ar Phádraig agus ar Maya.
An Aimsir Láithreach
17:25
(S21/CL291)
Aimsir réigiúnach agus náisiúnta.
Glór Tíre - Rogha & Togha (TS)
17:30
(S12/CL4)
Rogha agus togha an dara sraith déag de Ghlór Tíre. Beidh mór uaisle an cheoil tíre ar stáitse i dTeach na Céibhe leis an rogha is fearr amhrán. Ar chlár na hoíche anocht ag gabháil fhoinn beidh Mick Flavin, Patrick Feeney, Mike Denver, Shawn Cuddy, Lee Matthews, Jimmy Buckley agus Justin McGurk.
Weakest Link (TS)
18:00
(S9/CL26)
Sraith Tráth na gCeist ina bhféachfaidh 9 n-iomaitheoir leis an bpota óir a thabhairt abhaile leo. Cuirfear an t-iomaitheoir is measa, dar leis na hiomaitheoirí eile, abhaile ag deireadh gach babhta go dtí nach mbeidh ach duine amháin fanta chun an t-airgead a bhuachan. Á chur i láthair ag Anne Robinson.
An Aimsir Láithreach
18:57
(S21/CL305)
Aimsir réigiúnach agus náisiúnta.
Nuacht TG4
19:00
Mórimeachtaí an lae ó Aonad Nuachta TG4.
Junior Eurovision (OS)
19:30
(S3/CL2)
Den tríú bliain as a chéile beidh iomaitheoir ón tír seo ag glacadh páirt sa gComórtas Amhránaíochta Eoraifíse Sóisearach. Tá amhrán Gaeilge na hÉireann le roghnú agus déanfar sin sa tsraith 5 chlár seo agus an babhta ceannais Eorpach ina dhiaidh sin mar bhuaic. Sna cláir in Éirinn, roghnófar amhrán Gaeilge ó amhránaí aonair nó grúpa a sheasfaidh an fód don tír seo sa gcomórtas mór Eorpach seo. Á chur i láthair ag Eoghan McDermott. Is iad Fiachna Ó Braonáin agus Bláthnaid Treacy, na moltóirí buana agus is iad Jedward aoi-mholtóirí na hoíche anocht.
Gléasta chun Féasta (OS & TS)
20:30
(S1/CL3)
Sraith úrnua 10 gclár, á chur i láthair ag Bláthnaid Treacy ina mbeidh ar bhean atá ag réiteach d'ócáid mhór sa saol rogha a dhéanamh idir trí fheisteas a roghnófar go speisialta di. Beidh neart comhairle ar fáil ó shaineolaithe faisin gach seachtain - Ándrea Tighe agus Aisling Ní Chormaic. Sa mbreis orthusan, beidh aoi speisialta ar gach clár. Is é Aidan Courtney aoi an chlár seo. Ar chlár na hoíche anocht beidh Peigí O Ruairc, a bhfuil fíor-shuim sa ghalf aici, ag lorg gúna le caitheamh chuig ócáid mhór na bliana; Dinnéar Chaptaen na mBan.
Siar an Bóthar (OS)
21:00
(S13/CL8)
Togha agus rogha an cheoil agus an damhsa ar Siar an Bóthar. Beidh clár speisialta againn anocht ina mbeidh ceol ó thuaisceart an oileáin againn daoibh. Beidh míreanna againn as an tsraith 'The Corner House' agus beidh Shane McAleer, Frankie McFadden, Gabriel McArdle, Fintan McManus, Mary Elliot agus Martin McGinley i measc na gceoltóirí ar an gclár.
Damhsa na hÉigeandála (OS)
21:30
Clár faisnéise ar Erina Brady, bean as an nGearmáin a tháinig go hÉirinn sna 1940idí agus a bhunaigh an chéad scoil damhsa comhaimseartha anseo. Ba léir nach raibh muintir na hÉireann ullamh ag an am don damhsa nua seo. Léireofar scéal Brady i gcomhthéacs an méid daoine a bhíonn ag déanamh an damhsa comhaimseartha sa tír seo sa lá atá inniu ann.
Survivor - Kaoh Rong (OS & TS)
22:30
(S32/CL9)
F�achann bean amh�in leis na mn� a chur in aghaidh iomaitheora eile ach b'fh�idir gurb � f�in a bheidh siar leis nuair a bheidh an v�t�il ar si�l.
Mr. Robot (TS)
23:25
(S2/CL5)
Baineann Elliot úsáid as ríomhaire Ray chun bogearraí an FBI a haiceáil. Deir Darlene le Angela go bhfuil sí ábalta fáil réidh leis an bhfianaise atá ag an FBI a cheanglaíonn í leis an CD Allsafe má thugann sí cúnamh dóibh, ach diúltaíonn Angela. Tá teagmhálaí Joanna ag ceapadh go bhfuil a fhios ag an FBI céard atá ar siúl acu. Iarann Joanna ar dhuine éigin an teagmhálaí sin a mharú. Deir Elliott le Ray go gcaithfidh sé labhairt leis an TF a bhí aige roimh seo, RT. Go drogallach tugann Ray RT chomh fada leis. Téann Dom agus a foireann chuig an tSín le ról an Airm Dhuibh sa Cúig/Naoi a fhiosrú.
An Aimsir Láithreach
00:20
(S21/CL305)
An Aimsir Náisiúnta agus Idirnáisiúnta.
Busker Abú (OS)
00:25
(S1/CL9)
Is minic le bailte agus sráidbhailte na hÉireann a bheith beo le turasóirí, daoine ag siopadóireacht agus ar ndóigh lucht siamsaíochta sráide. Ar an seó seo de chuid TG4, Busker Abú, rachaidh plúr na gceoltóirí sráide in iomaíocht le chéile gach seachtain. Á chur i láthair ag Róisín Ní Thomáin. Níl ach dhá áit fanta sna babhtaí leathcheannais ach cé a rachaidh i bhfeidhm ar na moltóirí, Fiachna Ó Braonáin, Síle Seoige agus Aindrias De Staic?
D�il �ireann
01:25
(S18/CL13)
Craoladh ar imeachta� na maidine de riar na hoibre i nD�il �ireann.
France 24
01:50
Cainéal nuachta 24 uair an chloig na Fraince atá i France 24. Bíonn an clár á chraoladh beo as Páras. Tá 180 iriseoir ag an stáisiún ar fud an domhain mhóir a thugann tuairiscí cuimsitheacha agus cumasacha chuig an lucht féachana ar imeachtaí móra laethúla.