Baile » Sceideal » Sceideal Iomlán

Déardaoin, Samhain 02, 2017
France 24
France 24
05:30
 
Cainéal nuachta 24 uair an chloig na Fraince atá i France 24. Bíonn an clár á chraoladh beo as Páras. Tá 180 iriseoir ag an stáisiún ar fud an domhain mhóir a thugann tuairiscí cuimsitheacha agus cumasacha chuig an lucht féachana ar imeachtaí móra laethúla.

Cúla 4 na nÓg
Cúla 4 na nÓg
07:00
 
Mír do ghasúir réamhscoile atá i Cúla4 na nÓg a thosóidh gach maidin ag 7 a.m. go dtí an 10.00 am agus arís ag an 3p.m. i rith na seachtaine. I measc na gclár beidh Wanda and the Alien, Masha agus an Béar, QPootle, Olly an Veain Bheag Bhán agus Dinosaur Train agus neart eile.

Olivia (GS)
Olivia (GS)
07:02
(S2/CL24)
Tá bís ar Olivia, ar Chian agus ar Fhraincín mar go bhfuil siad ag dul chuig an bpáirc do rás na mbáidíní beaga.

An Captaen Flinn agus na Foghlaithe Dineasár
An Captaen Flinn agus na Foghlaithe Dineasár
07:13
(S1/CL42)
Bíonn Féasóg trína chéile nuair a théann Ruiséal amú.

Astroblast! (GS)
Astroblast! (GS)
07:25
(S1/CL23)
Tá Sputnik ag déanamh go leor athruithe sa chaifé. Ní mó ná sásta atá a cuid cairde mar níl a fhios acu cá bhfuil dada anois.

Astroblast! (GS)
Astroblast! (GS)
07:37
(S1/CL24)
Tá Sal ag obair ar Róbat nua a bheidh thar barr ag glanadh.

Olly an Veain Bheag Bhán
Olly an Veain Bheag Bhán
07:50
(S1/CL2)
Milleann Olly agus Bazz Comórtas Déanta Cácaí Phlimpáin.

Olly an Veain Bheag Bhán
Olly an Veain Bheag Bhán
07:55
(S1/CL3)
Tá Olly agus Stan i bhfad ag fanacht sa scuaine chun uachtar reoite a cheannach nuair a deir Mario leo go bhfuil sé ar fad díolta aige!

Dora (GS)
Dora (GS)
08:00
(S7/CL4)
Tá eitleog déanta ag Dora dá hathair do Lá na nAithreacha. Ach imíonn sí le gaoth agus bíonn Dora ag iarraidh í a fháil ar ais!

Tractor Tom
Tractor Tom
08:25
(S1/CL8)
Ceapann Wheezy nach bhfuil maith ar bith leis agus féachann Tom le misneach a thabhairt dó.

Scéalta le Masha
Scéalta le Masha
08:35
(S3/CL5)
Inseoidh Masha scéal faoi Dheaide Reoite.

Zou
Zou
08:42
(S2/CL33)
Aimsíonn Zou taisceadán todhchaí Dhaideo sa ghairdín agus socraíonn sé a thaisceadán todhchaí féin a chur le chéile.

Masha agus an Béar
Masha agus an Béar
08:54
(S1/CL17)
Tá an Béar ag imirt cluiche táiplise. Iarrann Masha air béile a réiteach di. Réitíonn sé leite di ach ní thaitníonn sé léi.

Messy, Seo Linn go Okido
Messy, Seo Linn go Okido
09:01
(S1/CL29)
Téann na dathanna ar fad in Okido amú agus caithfidh Messy agus a chairde an baile ar fad a phéinteáil arís.

Calimero
Calimero
09:15
(S1/CL44)
Cailleann Séamuisín micreafón a mháthar agus caithfidh sé é a fháil ar ais sula mbeidh sé ina thráthnóna.

Ainmhithe Beaga sa bhFiántas (OS)
Ainmhithe Beaga sa bhFiántas (OS)
09:30
(S1/CL4)
Caithfimid súil ar mar a chaitheann ainmhithe óga na trá an tráthnóna.

The Waltons (TS)
The Waltons (TS)
10:00
(S3/CL15)
Tugann Ben leis carr John-Boy gan cead chun cailín óg a thabhairt go Charlottesville le go gcasfaidh sí lena máthair. Ach is cosúil go raibh an carr i dtimpiste bóthair buille is teitheadh agus nach raibh a fhios ag Ben dada faoi.

Wind At My Back
Wind At My Back
11:00
(S4/CL9)
Tá stoirm shneachta geallta i New Bedford. Tugann Fat bia agus nithe eile chuig Callie agus í tinn. Tugann sí irisleabhar a thaitníonn leis dó mar chomhartha buíochais.

The Cook & The Chef (TS)
The Cook & The Chef (TS)
11:55
(S4/CL5)
Sraith cócaireachta. Tá Simon agus Maggie ag fáil faoi réir do chóisir tae. Ullmhóidh siad neart cácaí agus ceapairí cúcamair ar ndóigh!

Siar Chuig an bhFleadh (OS)
Siar Chuig an bhFleadh (OS)
12:30
(S1/CL4)
Caithfimid súil ar stair Fhleadh Cheoil na hÉireann agus beimid i dteannta roinnt de na rannpháirtithe agus iad ag fáil faoi réir d'Fhleadh Cheoil na hÉireann in Inis in 2016. Sa chlár seo féachfaimid ar an bhFleadh ag dul ó thuaidh don chéad uair in 2013 agus rachaidh na hiomaitheoirí san iomaíocht do Chraobh na hÉireann.

The Waltons (TS)
The Waltons (TS)
13:05
(S3/CL22)
Titeann Ben i ngrá le Sally Ann Harper, ach faraor tá sise i ngrá le Jason.

Weakest Link (TS)
Weakest Link (TS)
14:05
(S9/CL27)
Sraith Tráth na gCeist ina bhféachfaidh 9 n-iomaitheoir leis an bpota óir a thabhairt abhaile leo. Cuirfear an t-iomaitheoir is measa, dar leis na hiomaitheoirí eile, abhaile ag deireadh gach babhta go dtí nach mbeidh ach duine amháin fanta chun an t-airgead a bhuachan. Á chur i láthair ag Anne Robinson.

Cúla 4 na nÓg
Cúla 4 na nÓg
15:00
 
Mír do ghasúir réamhscoile atá i Cúla4 na nÓg a thosóidh gach maidin ag 7 a.m. go dtí an 10.00 am agus arís ag an 3p.m. i rith na seachtaine. I measc na gclár beidh Wanda and the Alien, Masha agus an Béar, QPootle, Olly an Veain Bheag Bhán agus Dinosaur Train agus neart eile.

Masha agus an Béar
Masha agus an Béar
15:02
(S1/CL15)
Tagann cuairteoir óg ag Béar agus bíonn Masha ag spochadh as.

Masha agus an Béar
Masha agus an Béar
15:09
(S1/CL16)
Ligeann an Béar air féin go bhfuil sé tinn le go bhfaighidh sé suaimhneas ó Masha.

PJ Masks
PJ Masks
15:16
(S1/CL34)
Níl Catboy ag iarraidh a rothar a úsáid anocht agus tá an misean i mbaol aige dá bharr.

Cat a' Hata (GS)
Cat a' Hata (GS)
15:28
(S1/CL7)
Tá Nic agus Sailí ag spraoi sa ngaineamh ach níl aon áit acu le caisleáin a dhéanamh.

Cat a' Hata (GS)
Cat a' Hata (GS)
15:40
(S1/CL8)
Tá amhrán cumtha ag Nic agus ag Sailí dá gcuid máithreacha, ach níl siad in ann deireadh ceart a chur leis an amhrán.

Cúla 4
Cúla 4
15:55
 
Beidh Cúla 4 ar an aer ón 7 gach maidin agus ón 4 tráthnóna ó Luan go hAoine. I measc na gclár iontach a bheidh ar siúl, beidh Angelo Rules, Get Ace, Jungle Bunch, Camp Lakebottom, Dude that's my Ghost, Garfield agus neart eile.

Alvinnn !!! agus na Chipmunks
Alvinnn !!! agus na Chipmunks
15:57
(S1/CL34)
Cuireann Alvin ina luí ar Dave a sheomra féin a thabhairt dó tar éis dó a bheith ag troid lena dheartháireacha.

Dónall Dána (GS)
Dónall Dána (GS)
16:08
(S1/CL4)
Is gearr go mbeidh aonach na scoile ar siúl agus caithfidh Dónall agus Learaí roinnt de na bréagáin nach mbíonn siad ag spraoi leo níos mó a thabhairt uathu.

Garfield (GS)
Garfield (GS)
16:19
(S4/CL2)
Sciobann Abigail Odie le bheith mar pheata aici. Leanann Garfield í chuig an Scoil Asarlaíochta chun é a fháil ar ais.

Winston Steinburger & Sir Dudley Ding Dong
Winston Steinburger & Sir Dudley Ding Dong
16:32
(S1/CL34)
Scaoileann Sissy Wissy taibhse saor ó bhurgar trí thimpiste.

Spongebob Squarepants (GS)
Spongebob Squarepants (GS)
16:43
(S9/CL36)
Tá a chuid ordóga gortaithe ag SpongeBob.

Dochreidte Gan Dabht (GS)
Dochreidte Gan Dabht (GS)
16:55
(S4/CL13)
Seo é Dochreidte Gan Dabht, an clár ar a mbeidh na curiarrachtaí is aistí, is iontaí agus is dochreidte dá bhfaca tú riamh. Féachann foireann curiarracht a bhaint amach leis an méid is mó aer-rothlaithe tríd fáinne a dhéanamh i nóiméad amháin. Á chur i láthair ag Eoghan Ó Loideáin.

Dochreidte Gan Dabht (GS)
Dochreidte Gan Dabht (GS)
17:10
(S4/CL14)
Seo é Dochreidte Gan Dabht, an clár ar a mbeidh na curiarrachtaí is aistí, is iontaí agus is dochreidte dá bhfaca tú riamh. Féachfaidh na hiomaitheoirí leis an méid uisce is atá siad in ann a aistriú lena gcuid lámh i 30 soicind. Á chur i láthair ag Eoghan Ó Loideáin.

An Aimsir Láithreach
An Aimsir Láithreach
17:25
(S21/CL292)
Aimsir réigiúnach agus náisiúnta.

Ros na Rún (OS & GS)
Ros na Rún (OS & GS)
17:30
(S22/CL18)
Tá Maggie agus Tadhg idir dhá cheann na meá faoina gcaidreamh. An mbeidh sé de mhisneach acu leanúint leis nó an stopfaidh siad? Tá Fia agus Pól an-mhór go deo lena chéile anois. Is é sin go bhfaigheann Fia amach cé hé féin. An maithfidh Fia do Phól é nó an dtabharfaidh sí bóthar dó? Is maith le Berni Briain ach tá imní uirthi mar go bhfuil sise i bhfad níos sine é.

Weakest Link (TS)
Weakest Link (TS)
18:00
(S9/CL27)
Sraith Tráth na gCeist ina bhféachfaidh 9 n-iomaitheoir leis an bpota óir a thabhairt abhaile leo. Cuirfear an t-iomaitheoir is measa, dar leis na hiomaitheoirí eile, abhaile ag deireadh gach babhta go dtí nach mbeidh ach duine amháin fanta chun an t-airgead a bhuachan. Á chur i láthair ag Anne Robinson.

An Aimsir Láithreach
An Aimsir Láithreach
18:57
(S21/CL306)
Aimsir réigiúnach agus náisiúnta.

Nuacht TG4
Nuacht TG4
19:00
 
Mórimeachtaí an lae ó Aonad Nuachta TG4.

Bliain in Árainn Mhór (OS & TS)
Bliain in Árainn Mhór (OS & TS)
20:00
(S3/CL1)
Tá Árainn Mhór i nDún na nGall ar an dara oileán is mó a bhfuil cónaí air. Thar cheithre séasúr a taifeadadh an tsraith seo agus léireofar saol na n-oileánach féin agus saol na ndaoine atá tagtha le gairid ann. Sa gcéad chlár beidh ceiliúradh na Féile Pádraig, déagóir óg san iomaíocht ag Craobh an Domhain sa Damhsa Gaelach agus fear a tháinig go dtí an t-oileán le gairid atá ag cur barr slacht ar Bhanna Píopaí an oileáin.

Ros na Rún (OS & GS)
Ros na Rún (OS & GS)
20:30
(S22/CL18)
Tá Maggie agus Tadhg idir dhá cheann na meá faoina gcaidreamh. An mbeidh sé de mhisneach acu leanúint leis nó an stopfaidh siad? Tá Fia agus Pól an-mhór go deo lena chéile anois. Is é sin go bhfaigheann Fia amach cé hé féin. An maithfidh Fia do Phól é nó an dtabharfaidh sí bóthar dó? Is maith le Berni Briain ach tá imní uirthi mar go bhfuil sise i bhfad níos sine é.

Siar an Bóthar (OS)
Siar an Bóthar (OS)
21:00
(S13/CL9)
Togha agus rogha an cheoil agus an damhsa ar Siar an Bóthar. Beidh clár speisialta againn anocht ina mbeidh ceol, damhsa agus spraoi ó Scoil Samhraidh Willie Clancy le feiceáil mar a bhí ar an gclár 'Art Attacks' a taifeadadh i 1993. Múinfidh an píobaire Mary Mitchell as Corcaigh 'The Frieze Breeches' do thriúr mac léinn agus casfaidh Kevin Crawford dhá ríl ar an bhfeadóg mhór dúinn.

Racht (OS & TS)
Racht (OS & TS)
21:30
(S2/CL5)
Sraith 6 chlár a scrúdóidh dúnmharuithe ón am atá caite, féachaint lena gcúlra a thabhairt chun suntais agus tuiscint a fháil ar na cúiseanna a bhí leo agus a dtionchar ar na daoine a bhain leis an scéal. I Luimneach sa mbliain 1946 chaith beirt chomhaltaí den Gharda Síochána naoi mí ar dualgas oíche le chéile ar garda ag ionad a bhí ag croí-lár aighnis talún. Oíche amháin, tharla rud éigin a d'fhág Garda amháin marbh agus an fear eile cúisithe ina dhúnmharú, daortha agus pionós an bháis gearrtha air.

Fir Bolg (OS & TS)
Fir Bolg (OS & TS)
22:00
(S1/CL5)
Tá an tóin ag titim as an mbanna ó d'éirigh an príomhamhránaí as an gcamchuairt. Níl a fhios ag an gcuid eile anois ar fiú dóibh féin leanúint leis. I measc na n-aisteoirí speisialta sa chlár seo beidh Stephen Rea, Liam Cunningham, Daniel O'Donnell agus Conal Gallen.

F�orsc�al (OS & TS)
F�orsc�al (OS & TS)
22:30
(S18/CL8)
Is � an Vein�is ceann de na h�iteanna is m� san Iod�il a tharraing�onn turas�ir� ach t� an tionscal ag cur ruaig ar mhuintir na Vein�ise f�in. T� beagnach 50,000 duine imithe as an Vein�is le leathch�ad bliain agus is gearr eile a bheidh aon duine de bhun�s na Vein�ise fanta.

An Aimsir Láithreach
An Aimsir Láithreach
23:35
(S21/CL306)
An Aimsir Náisiúnta agus Idirnáisiúnta.

Follow the Money (OS)
Follow the Money (OS)
23:40
(S2/CL5)
Scéinséir coiriúlachta as an Danmhairg. Níl dada faighte amach ag Mads ná Alf ar chathaoirleach Banc Nova maidir le calaois, ach tá leid nua faighte acu agus tá siad in ann é a thabhairt isteach le ceistiú. Tugann duine nach raibh súil aige leis cuairt ar Nicky sa gharáiste, rud a chuireann tuilleadh brú ar a chaidreamh le Bimse. Ach faraor ní hé sin an chloch is mó ar phaidrín Nicky faoi láthair. Tuigeann Amanda agus Claudia má tá siad ag iarraidh nach bhfaighidh Nova greim ar Bhanc Absalon, caithfidh siad banc eile a fháil a cheannóidh iad.

Éagóir (OS)
Éagóir (OS)
00:50
(S2/CL3)
Scéal John Stout as Corcaigh a thréig Óglaigh na hÉireann le dul ag troid le fórsaí na gComhghuaillithe i gcoinne na Naitsithe sa Dara Cogadh Domhanda. Throid sé gach lá ar feadh dhá mhí dhéag sa gcogadh agus chonaic na huafáis ar fad a bhain leis. Nuair a d'fhill sé ar Éirinn ba bheag fáilte a bhí roimhe. Thug a mhuintir féin cúl dó gur mb'éigean dó imeacht uilig as Corcaigh sa deireadh. In 2012 ghlac an Stát pardún le leithéid John Stout agus leis na daoine a thréig Óglaigh na hÉireann faoin bhail a cuireadh orthu mar gheall air.

D�il �ireann
D�il �ireann
01:20
(S18/CL14)
Craoladh ar imeachta� na maidine de riar na hoibre i nD�il �ireann.

France 24
France 24
01:45
 
Cainéal nuachta 24 uair an chloig na Fraince atá i France 24. Bíonn an clár á chraoladh beo as Páras. Tá 180 iriseoir ag an stáisiún ar fud an domhain mhóir a thugann tuairiscí cuimsitheacha agus cumasacha chuig an lucht féachana ar imeachtaí móra laethúla.

Déardaoin, Samhain 02, 2017
Níl TG4 freagrach as an ábhar ar Shuíomh Gréasáin seachtrach ar bith