France 24
05:30
Cainéal nuachta 24 uair an chloig na Fraince atá i France 24. Bíonn an clár á chraoladh beo as Páras. Tá 180 iriseoir ag an stáisiún ar fud an domhain mhóir a thugann tuairiscí cuimsitheacha agus cumasacha chuig an lucht féachana ar imeachtaí móra laethúla.
Cúla 4 na nÓg
07:00
Mír do ghasúir réamhscoile atá i Cúla4 na nÓg a thosóidh gach maidin ag 7 a.m. go dtí an 10.00 am agus arís ag an 3p.m. i rith na seachtaine. I measc na gclár beidh Wanda and the Alien, Masha agus an Béar, QPootle, Olly an Veain Bheag Bhán agus Dinosaur Train agus neart eile.
Olivia (GS)
07:02
(S2/CL25)
Téann rang Olivia ar thuras scoile ach bíonn rudaí ina gcíor thuathail nuair a chailleann Bean Hogenmuller eochair an bhus!
An Captaen Flinn agus na Foghlaithe Dineasár
07:13
(S1/CL43)
Bogann Dippy isteach in éineacht le Flinn agus a chriú.
Astroblast! (GS)
07:25
(S1/CL25)
Faigheann Comet bronntanas iontach do Radar. Tá Comet é féin chomh tógtha leis an mbronntanas go bhfuil fonn air é a choinneáil.
Astroblast! (GS)
07:37
(S1/CL26)
Bíonn díomá ar Comet nuair nach bhfaigheann sé an príomhpháirt sa dráma ach foghlaimíonn sé ceacht an-tábhachtach dá bharr.
Olly an Veain Bheag Bhán
07:50
(S1/CL4)
Tá an príomhoide Tabitha i bponc mar nach bhfuil córas teasa na scoile ag obair. Cabhraíonn Stan agus Olly léi ceolchoirm a eagrú le hairgead a bhailiú.
Olly an Veain Bheag Bhán
07:55
(S1/CL5)
Cuireann Stan a mhadra Ben isteach ar Sheó Madraí Phlimpáin. Ach nuair a ghortaíonn Ben é féin roimh ré bíonn ar Olly teacht ar phlean eile.
Dora (GS)
08:00
(S7/CL5)
Bíonn Dora ag cleachtadh don seó gleacaíochta nuair a sciobann Sciobaí a ribín. An bhfaighidh sí ar ais in am é?
Tractor Tom
08:25
(S1/CL9)
Tá páirc spóirt déanta ag Tom de pháirc na feirme.
Scéalta le Masha
08:35
(S3/CL6)
Inseoidh Masha scéal an tsionnaigh ghlic agus an chomhairle a chuireann sí ar an mac tíre.
Zou
08:42
(S2/CL34)
Ba bhreá le Zou agus Elzee cairpéad draíochta a bheith acu.
Masha agus an Béar
08:54
(S1/CL18)
Bíonn an Béar seasta ag níochán éadaí Masha mar go mbíonn siad brocach i gcónaí.
Messy, Seo Linn go Okido
09:01
(S1/CL30)
Foghlaimeoidh Messy faoi ghnáthóga difriúla ar fud an domhain.
Calimero
09:15
(S1/CL45)
Tá damhsa ar siúl ar an mbaile ach níl Calimero ag iarraidh dul ann mar go bhfuil páirtí eile faighte ag Laoise.
Ainmhithe Beaga sa bhFiántas (OS & TS)
09:30
(S1/CL5)
Caithfimid súil ar mar a chaitheann ainmhithe óga atá i Sabhána na hAfraice an mhaidin.
The Waltons (TS)
10:00
(S3/CL16)
Tagann Corabeth Walton ar chuairt fhada tigh Walton. Taitníonn sí le Ike Godsey ar an bpointe agus ní bhíonn sé i bhfad go mbíonn siad pósta.
Wind At My Back
11:00
(S4/CL10)
Nuair a bhíonn fadhbanna airgid ag Ollie agus ag Marjorie, socraíonn Marjorie post eile a fháil.
The Cook & The Chef (TS)
11:55
(S4/CL6)
Sraith cócaireachta. Réiteoidh Maggie agus Simon miasa as an bhFrainc inniu. Réiteoidh siad Bouillabaisse agus Parfait Ae Lacha.
Gléasta chun Féasta (OS & TS)
12:30
(S1/CL3)
Sraith úrnua 10 gclár, á chur i láthair ag Bláthnaid Treacy ina mbeidh ar bhean atá ag réiteach d'ócáid mhór sa saol rogha a dhéanamh idir trí fheisteas a roghnófar go speisialta di. Beidh neart comhairle ar fáil ó shaineolaithe faisin gach seachtain - Ándrea Tighe agus Aisling Ní Chormaic. Sa mbreis orthusan, beidh aoi speisialta ar gach clár. Is é Aidan Courtney aoi an chlár seo. Ar chlár na hoíche anocht beidh Peigí O Ruairc, a bhfuil fíor-shuim sa ghalf aici, ag lorg gúna le caitheamh chuig ócáid mhór na bliana; Dinnéar Chaptaen na mBan.
The Waltons (TS)
13:05
(S3/CL23)
Tá John agus Olivia i mbun pleanála do chomóradh 20 bliain a bpósta. Titeann John-Boy i ngrá le bean níos sine agus socraíonn sé an Sliabh a fhágáil in éineacht léi.
Weakest Link (TS)
14:05
(S9/CL29)
Sraith Tráth na gCeist ina bhféachfaidh 9 n-iomaitheoir leis an bpota óir a thabhairt abhaile leo. Cuirfear an t-iomaitheoir is measa, dar leis na hiomaitheoirí eile, abhaile ag deireadh gach babhta go dtí nach mbeidh ach duine amháin fanta chun an t-airgead a bhuachan. Á chur i láthair ag Anne Robinson.
Cúla 4 na nÓg
15:00
Mír do ghasúir réamhscoile atá i Cúla4 na nÓg a thosóidh gach maidin ag 7 a.m. go dtí an 10.00 am agus arís ag an 3p.m. i rith na seachtaine. I measc na gclár beidh Wanda and the Alien, Masha agus an Béar, QPootle, Olly an Veain Bheag Bhán agus Dinosaur Train agus neart eile.
Masha agus an Béar
15:02
(S1/CL17)
Tá an Béar ag imirt cluiche táiplise. Iarrann Masha air béile a réiteach di. Réitíonn sé leite di ach ní thaitníonn sé léi.
Masha agus an Béar
15:09
(S1/CL18)
Bíonn an Béar seasta ag níochán éadaí Masha mar go mbíonn siad brocach i gcónaí.
PJ Masks
15:16
(S1/CL35)
Tá seans ann go millfidh an Ninja Oíche ceolchoirm na scoile ach ní cosúil go bhfuil sé ag cur isteach ar Catboy.
Cat a' Hata (GS)
15:28
(S1/CL9)
Tá slaghdán ar mhamaí Shailí agus tá Sailí ag iarraidh bláthanna deasa a phiocadh di le go n-aireoidh sí níos fearr.
Cat a' Hata (GS)
15:40
(S1/CL10)
Tá Nic agus Sailí díreach críochnaithe leis an bhfear sneachta a thóg siad ach tá sé ag leá anois.
Cúla 4
15:55
Beidh Cúla 4 ar an aer ón 7 gach maidin agus ón 4 tráthnóna ó Luan go hAoine. I measc na gclár iontach a bheidh ar siúl, beidh Angelo Rules, Get Ace, Jungle Bunch, Camp Lakebottom, Dude that's my Ghost, Garfield agus neart eile.
Alvinnn !!! agus na Chipmunks
15:57
(S1/CL35)
Féachann na hioraí talún agus na Chipettes lena lorg carbóin a laghdú nuair a chuireann Jeanette isteach ar chomórtas Glas iad.
Dónall Dána (GS)
16:08
(S1/CL5)
Caithfidh Dónall fanacht sa mbaile Oíche Shamhna mar go raibh sé dána. Féachann sé le dul amach i ngan fhios dá thuismitheoirí.
Garfield (GS)
16:19
(S4/CL3)
Cuireann an Chailleach Ghránna Varicella iachall ar Abigail í a scaoileadh saor as an leabhar agus tarraingítear trioblóid ar Garfield agus Odie dá bharr.
Winston Steinburger & Sir Dudley Ding Dong
16:32
(S1/CL35)
Cruthaíonn Winston ath-úraitheoir borróige a dhéanann páiste de Sháirsint Sasha Spritz trí thimpiste.
Fangbone
16:43
(S1/CL21)
Nuair a théann rang Fangbone ar thuras scoile chuig an mBlaoscbán, bíonn deis aige an ladhar a scriosadh ar deireadh.
WAC (OS)
16:55
(S1/CL42)
Rachaidh Tomaí, Éadaoin agus Caoimhe sa tóir ar na cruimhe is uaibhrí ar domhan.
Is Eolaí Mé (GS)
17:25
(S1/CL13)
Cúrsaí fuinnimh is ábhar do chlár an lae inniu. Beidh Peadar ag fiosrú na mbealaí is fearr le leas a bhaint as fuinneamh, lena stóráil agus le hathrú a chur air. Tabharfaidh sé cuairt ar fheirm ghaoithe agus gheobhaidh sé amach le fuinneamh a dhéanamh as aer. Beidh Marita Moran agus Éabha Bhreathnach sa stiúideo le tabhairt faoi thurgnaimh iontach spéisiúil. Tabharfaidh Úna cuairt ar an gcoiste fuinnimh i nGaelscoil Riada go bhfeicfidh sí an méid atá ar bun acusan chun fuinneamh a chaomhnú sa scoil. Is cosúil go mbeidh an tOllamh Ullamh ag cleasaíocht arís inniu.
Volvo Ocean Race
17:55
Clár faisnéise a fhéachfaidh ar an Rás Aigéin Volvo. Casfaimid leis an seacht bhfoireann phroifisiúnta a bheidh ag glacadh páirte sa tríú heagrán déag den rás a thosóidh in Alicante an 22ú Deireadh Fómhair. Deirtear go minic gurb é Rás Aigéin Volvo an ócáid is faide agus is deacra i saol an spóirt. Is é an rás seo ceann de na trí ócáidí is mó sa spóirt taobh leis na Cluichí Oilimpeacha agus Corn Mheiriceá. Tabharfaidh an rás seo na foirne ar thuras 45,000 míle farraige, trasna cheithre aigéin, sé mhór-roinn agus 12 cathair.
An Aimsir Láithreach
18:57
(S21/CL307)
Aimsir réigiúnach agus náisiúnta.
Nuacht TG4
19:00
Mórimeachtaí an lae ó Aonad Nuachta TG4.
L�r St�itse
20:00
Cl�r beo � Oireachtas na Samhna de na com�rtais st�itse do dhaoine �ga agus an t-agallamh beirte go h�irithe. Craolfar babhta craoibhe an aoisghr�pa 12-15 bliana agus roinnt de na com�rtais aithriseoireachta, sc�ala�ochta agus l�ib�n�.
Rugba� Beo
21:30
(S7/CL20)
Craoladh iarbheo ar Glasgow Warriors v Laighin as Staid Scotstoun san ocht� babhta den tSraith Guinness PRO14.
Fir Bolg (OS & TS)
23:10
(S1/CL5)
Tá an tóin ag titim as an mbanna ó d'éirigh an príomhamhránaí as an gcamchuairt. Níl a fhios ag an gcuid eile anois ar fiú dóibh féin leanúint leis. I measc na n-aisteoirí speisialta sa chlár seo beidh Stephen Rea, Liam Cunningham, Daniel O'Donnell agus Conal Gallen.
Glaoch an Cheoil (OS & TS)
23:40
(S1/CL5)
Tabharfar na mílte uirlisí ceoil, nach bhfuil in úsáid, agus daoine a dteastaíonn uathu iad a fhoghlaim le chéile. Cuirfidh ceathrar laochra Ghlaoch an Cheoil ina luí ar phobail áitiúla bailiúchán uirlisí a chur ar bun agus beidh siad ag iarraidh múinteoirí ceoil a spreagadh lena gcuid ama a thabhairt go deonach le múineadh do na daoine conas na huirlisí céanna a sheinm. Iarrann Colm Ó Snodaigh agus Liz Doherty ar roinnt de na foghlaimeoirí i gCluain Dolcáin agus i nGaoth Dobhair seinm ar Shráid Grafton agus ag an bhFleadh Cheoil i nDoire.
An Aimsir Láithreach
00:10
(S21/CL307)
An Aimsir Náisiúnta agus Idirnáisiúnta.
An Western: Barquero
00:15
(1970, Scannán buachaillí bó) Is iad Lee Van Cleef, Warren Oates agus Forrest Tucker na príomhaisteoirí sa scannán seo faoi stiúir Gordon Douglas. Bíonn sé ina achrann idir grúpa eisreachtaí agus muintir an bhaile nuair nach mbíonn oibreoir an bháid fharantóireachta sásta an grúpa eisreachtaí a thabhairt trasna na habhann.
France 24
02:15
Cainéal nuachta 24 uair an chloig na Fraince atá i France 24. Bíonn an clár á chraoladh beo as Páras. Tá 180 iriseoir ag an stáisiún ar fud an domhain mhóir a thugann tuairiscí cuimsitheacha agus cumasacha chuig an lucht féachana ar imeachtaí móra laethúla.