Baile » Sceideal » Sceideal Iomlán

Déardaoin, Nollaig 07, 2017
France 24
France 24
05:30
 
Cainéal nuachta 24 uair an chloig na Fraince atá i France 24. Bíonn an clár á chraoladh beo as Páras. Tá 180 iriseoir ag an stáisiún ar fud an domhain mhóir a thugann tuairiscí cuimsitheacha agus cumasacha chuig an lucht féachana ar imeachtaí móra laethúla.

Cúla 4 na nÓg
Cúla 4 na nÓg
07:00
 
Mír do ghasúir réamhscoile atá i Cúla4 na nÓg a thosóidh gach maidin ag 7 a.m. go dtí an 10.00 am agus arís ag an 3p.m. i rith na seachtaine. I measc na gclár beidh Wanda and the Alien, Masha agus an Béar, QPootle, Olly an Veain Bheag Bhán agus Dinosaur Train agus neart eile.

Olivia (GS)
Olivia (GS)
07:02
(S1/CL23)
Tá sé in am do dhráma bliantúil na scoile ach páirt 'bó uimhir a dó' atá ag Olivia bhocht.

An Captaen Flinn agus na Foghlaithe Dineasár
An Captaen Flinn agus na Foghlaithe Dineasár
07:13
(S1/CL15)
Tá mac an Rí ar bord agus tá sé ag ligean air féin go bhfuil sé cróga ach tá sé ag déanamh amadáin dó féin.

Astroblast! (GS)
Astroblast! (GS)
07:25
(S1/CL21)
Tá cuairteoirí ag teacht inniu agus tá gach duine ag glanadh na spásloinge, gach duine seachas Radar!

Astroblast! (GS)
Astroblast! (GS)
07:37
(S1/CL22)
Tá cairde Halley ag tabhairt aire na huibhe di mar gur gortaíodh a cos.

Olly an Veain Bheag Bhán
Olly an Veain Bheag Bhán
07:50
(S1/CL52)
Tabharfaidh Olly cúnamh do Willie sa zú ag tabhairt aire d'Alfie an eilifint.

Olly an Veain Bheag Bhán
Olly an Veain Bheag Bhán
07:55
(S2/CL1)
Níl aon áit le fanacht ag na lachain. Socraíonn Olly agus Stan áit nua a fháil dóibh.

Dora (GS)
Dora (GS)
08:00
(S8/CL11)
Tá scátaí gach duine goidte ag Cailleach an tSeaca. An mbeidh Dora in ann iad a bhuachan ar ais i gcomórtas scátála?

Tractor Tom
Tractor Tom
08:25
(S1/CL43)
Lá báistí atá ann agus mar gheall go bhfuil faitíos ar Rora roimh uisce, ní thugtar dada le hithe do na lachain.

Scéalta le Masha
Scéalta le Masha
08:35
(S3/CL4)
Inseoidh Masha a leagan féin den scéal Cochaillín Dearg.

Zou
Zou
08:42
(S2/CL6)
Tá comórtas ar an trá inniu don chaisleán is fearr, ach meas tú cé a bhuafaidh?

Masha agus an Béar
Masha agus an Béar
08:54
(S2/CL21)
Ceapann Masha gurb é an bealach is fearr le bua a fháil i gcluiche leadóige ná a bheith ag screadaíl nuair a bhuaileann tú an liathróid.

Messy, Seo Linn go Okido
Messy, Seo Linn go Okido
09:01
(S1/CL2)
Bíonn deacrachtaí ag Fiachra labhairt agus tugann a chairde cabhair dó a ghuth a fháil ar ais.

Calimero
Calimero
09:15
(S1/CL17)
Níl ag Séamuisín ach cúpla uair an chloig chun scannán a chur le chéile don chomórtas scannánaíochta.

Ainmhithe Beaga Thart Orainn (OS)
Ainmhithe Beaga Thart Orainn (OS)
09:30
(S2/CL9)
Caithfimid súil ar mar a chaitheann tuilleadh ainmhithe óga atá ina bpeataí an mhaidin.

The Waltons (TS)
The Waltons (TS)
10:00
(S4/CL16)
Tá Jim-Bob ag ceapadh gur uchtaithe atá sé mar nach bhfuil cosúlacht ar bith aige lena theaghlach. Níl aon duine sásta labhairt faoin lá ar rugadh é.

Road to Avonlea
Road to Avonlea
11:00
(S3/CL8)
Téann Alec agus Felix King ag iascaireacht in éineacht le Jasper Dale agus Gus Pike. Bíonn Alec agus Jasper ag cuimhneamh siar ar nuair a bhí siad óg agus bíonn Felix agus Gus ag tóraíocht comhairle ar chúrsaí grá. Téann Janet agus Hetty King, Olivia Dale agus Abigail McEwan chuig ceant áit a n-éiríonn achrann.

Cheese Slices
Cheese Slices
11:55
(S4/CL3)
Sraith a fhiosraíonn na scéalta agus na traidisiúin iontacha a bhaineann leis na cáiseanna is mó cáil ar domhan. Cáiseanna Quebec a bheidh faoi chaibidil ar an gclár seo. Tá borradh faoi dhéanamh cáise i Quebec, Ceanada. Tabharfaidh Will cuairt ar Quebec chun a fháil amach an raibh aon tionchar ag na lonnaitheoirí as an bhFrainc ar an athbheochan seo. Tar éis dó an cháis thraidisiúnta is sine a dhéantar fós i Meiriceá Thuaidh a fheiceáil, rachaidh sé go lle-aux-Grues in Abhainn St Lawrence lena fháil amach cén chaoi a bhfuil déantóir beag céadair ag dul i dtaithí ar an margadh.

An Lá a Rugadh Mé (OS & TS)
An Lá a Rugadh Mé (OS & TS)
12:30
(S1/CL7)
Sraith ina dtagann pearsa aitheanta ar eolas breise faoi imeachtaí na tíre seo, an lá ar saolaíodh iad. Scrúdaíonn an duine an nuachtán a foilsíodh an lá a rugadh é agus tá cead ansin dul sa tóir ar scéal ón lá sin nó iarmhairt éigin de. Tar éis eagrán iomlán an lae a léamh, roghnaíonn an t-aoi a scéal agus seo leis anois ar aistear ar thóir breis eolais faoin scéal agus ag caint le daoine a thabharfaidh léargas breise dó. Faigheann Breandán de Gallaí amach cén fáth a raibh an t-amhránaí Joe Dolan ag iarraidh oileán John Lennon a cheannach i 1969.

The Waltons (TS)
The Waltons (TS)
13:05
(S5/CL6)
Tá strainséir ag siúl timpeall Sliabh Walton san oíche agus tá imní ar mhuintir na háite faoi. Osclaíonn Ike Halla Godsey agus beartaíonn Jason damhsa a eagrú ann. Casann muintir na háite leis an strainséir agus cuireann siad fáilte is fiche roimhe.

Weakest Link (TS)
Weakest Link (TS)
14:05
(S9/CL22)
Sraith Tráth na gCeist ina bhféachfaidh 9 n-iomaitheoir leis an bpota óir a thabhairt abhaile leo. Cuirfear an t-iomaitheoir is measa, dar leis na hiomaitheoirí eile, abhaile ag deireadh gach babhta go dtí nach mbeidh ach duine amháin fanta chun an t-airgead a bhuachan. Á chur i láthair ag Anne Robinson.

Cúla 4 na nÓg
Cúla 4 na nÓg
15:00
 
Mír do ghasúir réamhscoile atá i Cúla4 na nÓg a thosóidh gach maidin ag 7 a.m. go dtí an 10.00 am agus arís ag an 3p.m. i rith na seachtaine. I measc na gclár beidh Wanda and the Alien, Masha agus an Béar, QPootle, Olly an Veain Bheag Bhán agus Dinosaur Train agus neart eile.

Masha agus an Béar
Masha agus an Béar
15:02
(S1/CL13)
Tá an Béar céasta ag Masha atá ag iarraidh go n-aimseoidh sé í agus í imithe i bhfolach air.

Masha agus an Béar
Masha agus an Béar
15:09
(S1/CL14)
Tá meall mór ar chloigeann an Bhéir ach ní cuimhin leis cén chaoi ar tharla sé.

PJ Masks
PJ Masks
15:16
(S1/CL7)
Gaireas nua Romeo a chruthóidh trioblóid do Catboy anocht.

Cat a' Hata (GS)
Cat a' Hata (GS)
15:28
(S1/CL57)
Tá Nic agus Sailí ag iarraidh a fháil amach cé chomh domhain agus atá siad in ann tochailt sa mbosca gainimh.

Cat a' Hata (GS)
Cat a' Hata (GS)
15:40
(S1/CL58)
Tá Nic agus Sailí ag súil go mór le léim isteach sa lochán uisce atá sa ngairdín - ach tá sé imithe. Cá ndeachaigh sé?

Cúla 4
Cúla 4
15:55
 
Beidh Cúla 4 ar an aer ón 7 gach maidin agus ón 4 tráthnóna ó Luan go hAoine. I measc na gclár iontach a bheidh ar siúl, beidh Angelo Rules, Get Ace, Jungle Bunch, Camp Lakebottom, Dude that's my Ghost, Garfield agus neart eile.

Alvinnn !!! agus na Chipmunks
Alvinnn !!! agus na Chipmunks
15:57
(S1/CL7)
Tá sé tugtha faoi deara ag Dáithí go bhfuil na hioraí talún ag fás aníos agus tá sé ag iarraidh tuilleadh ama a chaitheamh in éineacht leo. Ach ceapann na hioraí talún go bhfuil sé á bplúchadh agus féachann siad le cailín a fháil dó sa chaoi is go n-éistfidh sé leo.

Dónall Dána (GS)
Dónall Dána (GS)
16:08
(S1/CL29)
Inniu lá breithe Learaí agus níl sé d'fhoighne ag Dónall fanacht leis an gcáca.

Garfield (GS)
Garfield (GS)
16:19
(S4/CL27)
Tagann na lucha atá ag fanacht Tigh Jon amach gach oíche chun féachaint ar an teilifís.

Winston Steinburger & Sir Dudley Ding Dong
Winston Steinburger & Sir Dudley Ding Dong
16:32
(S1/CL7)
Tá Winston ag iarraidh gach suaitheantas a bhuachan ag Campa Samhraidh na Sár-Ghardaí - ach tá buachaill amháin níos fearr ná é.

Spongebob Squarepants (GS)
Spongebob Squarepants (GS)
16:43
(S9/CL46)
Scríobhann SpongeBob litir chuig a chara pinn nua.

Dochreidte Gan Dabht (GS)
Dochreidte Gan Dabht (GS)
16:55
(S5/CL8)
Seo é Dochreidte Gan Dabht, an clár ar a mbeidh na curiarrachtaí is aistí, is iontaí agus is dochreidte dá bhfaca tú riamh. Beidh comórtas idir na hiomaitheoirí cé is faide a chaithfidh meaisín níocháin. Á chur i láthair ag Eoghan Ó Loideáin.

Dochreidte Gan Dabht (GS)
Dochreidte Gan Dabht (GS)
17:10
(S5/CL9)
Seo é Dochreidte Gan Dabht, an clár ar a mbeidh na curiarrachtaí is aistí, is iontaí agus is dochreidte dá bhfaca tú riamh. An té is tapa a rachaidh 20m ar a dtóin is ea comórtas an lae inniu. Á chur i láthair ag Eoghan Ó Loideáin.

An Aimsir Láithreach
An Aimsir Láithreach
17:25
(S21/CL322)
Aimsir réigiúnach agus náisiúnta.

Ros na Rún (OS & GS)
Ros na Rún (OS & GS)
17:30
(S22/CL28)
Tá Vanessa croíbhriste faoin méid a tharla idir Niall agus Fia. Tá sí den tuiscint gur éignigh Niall Fia. Tá Mack ar mhuin na muice tar éis an oíche a chaitheamh in éineacht le Dee. Tá sé ag ceapadh anois go mbeidh cúrsaí mar is ceart eatarthu arís. Ach faraor ní cosúil go bhfuil sise ar aon aigne.

Weakest Link (TS)
Weakest Link (TS)
18:00
(S9/CL22)
Sraith Tráth na gCeist ina bhféachfaidh 9 n-iomaitheoir leis an bpota óir a thabhairt abhaile leo. Cuirfear an t-iomaitheoir is measa, dar leis na hiomaitheoirí eile, abhaile ag deireadh gach babhta go dtí nach mbeidh ach duine amháin fanta chun an t-airgead a bhuachan. Á chur i láthair ag Anne Robinson.

An Aimsir Láithreach
An Aimsir Láithreach
18:57
(S21/CL341)
Aimsir réigiúnach agus náisiúnta.

Nuacht TG4
Nuacht TG4
19:00
 
Mórimeachtaí an lae ó Aonad Nuachta TG4.

Comhrá (OS)
Comhrá (OS)
19:30
(S2/CL4)
Judeen Seoige, nach maireann, as Loch Con Aortha, Conamara a bheidh ag comhrá le Máirtín Tom Sheáinín ar an gclár seo. In 1933, chuaigh Judeen ar stíméar a bhí ag tabhairt aghaidh ar Mheiriceá gan cead. Nuair a fuarthas í, b'éigean don stíméar stopadh siar ó Árainn agus bád a fháil len í a thabhairt ar ais go Gaillimh. Dúirt sí cúpla paidir freisin agus labhair sí ar sheanphaidreacha agus an creideamh.

Bus Ghlaschú (OS & TS)
Bus Ghlaschú (OS & TS)
20:00
(S1/CL2)
Creideann daoine áirithe go gcaithfeadh go bhfuil ceangal imleacáin de shaghas éigin idir Dún na nGall agus cathair Ghlaschú in Albain. Is cinnte go bhfuil daoine ag dul anonn is anall eatarthu leis na céadta bliain. Tugann an tsraith 4 chlár seo léargas dúinn ar an gceangal sin sa lá atá inniu ann agus ríomhann cuid den stair agus den seanchas a bhaineann leis an gcaidreamh ilchineálach atá idir an dá áit. Sa dara clár casfaimid leis an iar-imreoir sacair mór le rá Packie Bonner agus é ar Bhus Ghlaschú.

Ros na Rún (OS & GS)
Ros na Rún (OS & GS)
20:30
(S22/CL28)
Tá Vanessa croíbhriste faoin méid a tharla idir Niall agus Fia. Tá sí den tuiscint gur éignigh Niall Fia. Tá Mack ar mhuin na muice tar éis an oíche a chaitheamh in éineacht le Dee. Tá sé ag ceapadh anois go mbeidh cúrsaí mar is ceart eatarthu arís. Ach faraor ní cosúil go bhfuil sise ar aon aigne.

The Foster & Allen Show
The Foster & Allen Show
21:00
(S3/CL4)
Sraith eile ceoil agus siamsa�ochta i dteannta Mick Foster agus Tony Allen. Sa chl�r seo feicfimid Mick agus Tony ag casadh i sti�ideonna TG4 agus f�se�in a ndearna siad san Iarmh�, in Aontroim agus i mBaile �tha Cliath. � chur i l�thair ag an gcraolt�ir m�r le r� Gloria Hunniford.

Fir, Marú agus Grá (OS & TS)
Fir, Marú agus Grá (OS & TS)
21:30
(S1/CL4)
Sraith ina gcaitear súil ar chásanna dúnmharaithe in Éirinn inar mharaigh an fear a chéile nó a leannán. I mí Mheán Fómhair 1992 las Frank McCann a theach cónaithe i Ráth Fearnáin i ndeisceart Bhaile Átha Cliath. Bhí a bhean chéile Esther agus a neacht Jessica ina gcodladh ag an am agus maraíodh iad sa dóiteán. Dúradh sa gcúirt gur las sé an teach agus gur thug bás na beirte mar go raibh imní air go sceithfí roinnt rún a bhain lena shaol pearsanta agus go ndéanfadh sin dochar dá uaillmhian bheith ina Uachtarán ar an gCónaidhm Snámha.

An Klondike 2 (OS & TS)
An Klondike 2 (OS & TS)
22:00
(S2/CL2)
Cruthaíonn Micí Bán aighneas idir Tom agus Séamus Connolly. Is in olcas atá an eipidéim tíofóidigh ag dul agus tá Kate i ndroch-chaoi tar éis di a fháil amach go bhfuil a leanbh fós beo.

Fíorscéal (OS & TS)
Fíorscéal (OS & TS)
23:00
(S18/CL13)
Clár faisnéise faoi chearta na mban. Ainneoin a bhfuil déanta agus tarlaithe tá éagothromaíocht mhór fós ann idir mná agus fir. Léiríonn staitisticí go bhfuil fir fós ag saothrú 18% níos mó ná mná. Tá roinnt comhlachtaí atá ag obair go láidir ina choinne seo. Féachfaidh an clár seo ar na comhlachtaí sin agus ar na hiarrachtaí atá ar bun acu chun cothromaíocht a bhaint amach i measc a gcuid oibrithe.

An Aimsir Láithreach
An Aimsir Láithreach
00:05
(S21/CL341)
An Aimsir Náisiúnta agus Idirnáisiúnta.

Follow the Money (OS)
Follow the Money (OS)
00:10
(S2/CL10)
Scéinséir coiriúlachta as an Danmhairg. Tá plean Christensen faighte amach ag Alf, ionsaí ollmhór ar airgead na Danmhairge. Féachann sé féin agus Mads le stop a chur leis ach tá an t-ionsaí tosaithe cheana féin agus tá seans ann go gcuirfidh sé drochbhail ar eacnamaíocht na tíre. Tugann Claudia ainm Steen do na póilíní mar bhealach le díoltas a fháil ar Christensen ach fós féin níl an dóthain fianaise ag na póilíní le greim a fháil ar Christensen. Tá deacrachtaí ag Amanda agus í ag iarraidh a chruthú nach raibh aon bhaint ag Simon le coireanna Christensen.

D�il �ireann
D�il �ireann
01:20
(S18/CL24)
Craoladh ar imeachta� na maidine de riar na hoibre i nD�il �ireann.

France 24
France 24
01:45
 
Cainéal nuachta 24 uair an chloig na Fraince atá i France 24. Bíonn an clár á chraoladh beo as Páras. Tá 180 iriseoir ag an stáisiún ar fud an domhain mhóir a thugann tuairiscí cuimsitheacha agus cumasacha chuig an lucht féachana ar imeachtaí móra laethúla.

Déardaoin, Nollaig 07, 2017
Níl TG4 freagrach as an ábhar ar Shuíomh Gréasáin seachtrach ar bith