Baile » Sceideal » Sceideal Iomlán

Dé hAoine, Nollaig 08, 2017
France 24
France 24
05:30
 
Cainéal nuachta 24 uair an chloig na Fraince atá i France 24. Bíonn an clár á chraoladh beo as Páras. Tá 180 iriseoir ag an stáisiún ar fud an domhain mhóir a thugann tuairiscí cuimsitheacha agus cumasacha chuig an lucht féachana ar imeachtaí móra laethúla.

Cúla 4 na nÓg
Cúla 4 na nÓg
07:00
 
Mír do ghasúir réamhscoile atá i Cúla4 na nÓg a thosóidh gach maidin ag 7 a.m. go dtí an 10.00 am agus arís ag an 3p.m. i rith na seachtaine. I measc na gclár beidh Wanda and the Alien, Masha agus an Béar, QPootle, Olly an Veain Bheag Bhán agus Dinosaur Train agus neart eile.

Olivia (GS)
Olivia (GS)
07:02
(S1/CL24)
Tá Olivia ar bís mar gur torthaí agus glasraí téama cheolchoirm na bliana seo.

An Captaen Flinn agus na Foghlaithe Dineasár
An Captaen Flinn agus na Foghlaithe Dineasár
07:13
(S1/CL16)
Fuadaíonn na foghlaithe dána Violet agus bíonn uirthi a bheith páirteach i ndráma nua na bhfoghlaithe.

Astroblast! (GS)
Astroblast! (GS)
07:25
(S1/CL23)
Tá Sputnik ag déanamh go leor athruithe sa chaifé. Ní mó ná sásta atá a cuid cairde mar níl a fhios acu cá bhfuil dada anois.

Astroblast! (GS)
Astroblast! (GS)
07:37
(S1/CL24)
Tá Sal ag obair ar Róbat nua a bheidh thar barr ag glanadh.

Olly an Veain Bheag Bhán
Olly an Veain Bheag Bhán
07:50
(S2/CL2)
Ní bhíonn an t-ádh ar Olly. Tá gach rud contráilte agus is measa atá cúrsaí ag fáil.

Olly an Veain Bheag Bhán
Olly an Veain Bheag Bhán
07:55
(S2/CL3)
Ní bhíonn Bazza go deas lena chairde ar a bhreithlá.

Dora (GS)
Dora (GS)
08:00
(S8/CL12)
Tá Dora agus Bróigín i dTír na Sí. An mbeidh siad in ann an draíocht a shábháil?

Tractor Tom
Tractor Tom
08:25
(S1/CL44)
Tá sé i bhfad níos deacra ná mar a cheap na cairde na caoirigh a chur isteach sa gharraí eile. Féachann na feithiclí le heitilt, seachas Wheezy, mar go mbíonn cúnamh ó Wheezy le dul ag eitilt.

Scéalta le Masha
Scéalta le Masha
08:35
(S3/CL5)
Inseoidh Masha scéal faoi Dheaide Reoite.

Zou
Zou
08:42
(S2/CL7)
Breithlá Bhean Zolli atá ann agus tá Zou agus Elzee ag iarraidh an bhronntanas is fearr a fháil di.

Masha agus an Béar
Masha agus an Béar
08:54
(S2/CL22)
Caithfidh an Béar meaisín ama a chruthú, ach ar ndóigh níl Masha in ann fanacht amach uaidh!

Messy, Seo Linn go Okido
Messy, Seo Linn go Okido
09:01
(S1/CL3)
Milleann an bháisteach caisleán gainimh Messy. Ach cén fáth a mbíonn sé ag báisteach?

Calimero
Calimero
09:15
(S1/CL18)
Bíonn Laoise ag seinm ceoil leis an mbanna máirseála, ach goideann Cocos a maide ceoil.

Ainmhithe Beaga Thart Orainn (OS)
Ainmhithe Beaga Thart Orainn (OS)
09:30
(S2/CL10)
Caithfimid súil ar mar a chaitheann tuilleadh ainmhithe óga atá ina bpeataí an tráthnóna.

The Waltons (TS)
The Waltons (TS)
10:00
(S4/CL17)
Tá Ben ag seilg ainmhithe chun a gcraicne a dhíol.

Road to Avonlea
Road to Avonlea
11:00
(S3/CL9)
Tugann Alec, Olivia agus Hetty raca, a bhí ag muintir King leis na cianta, do Janet. Cailleann Felicity an raca ach ní insíonn sí do Janet é. Éiríonn achrann idir muintir King agus bíonn faitíos ar na col ceathracha nach mbeidh siad mór le chéile arís.

Cheese Slices
Cheese Slices
11:55
(S4/CL4)
Sraith a fhiosraíonn na scéalta agus na traidisiúin iontacha a bhaineann leis na cáiseanna is mó cáil ar domhan. Cáiseanna na Portaingéile a bheidh faoi chaibidil ar an gclár seo. Go dtí le déanaí, ní minic a fuarthas cáiseanna chaorach na Portaingéile lasmuigh den tír. Tabharfaidh Will a aghaidh ar shléibhte an tuaiscirt chun cáis Serra de Estrela a fhiosrú. Tá an cháis seo fós á déanamh le bainne caorach agus téachtaítear é le sú ó fheochadáin cardúin. Rachaidh Will chuig oileán Sao Jorge sna hAsóir le níos mó a fháil amach faoi cháiseanna na hEilvéise.

Gléasta chun Féasta (OS & TS)
Gléasta chun Féasta (OS & TS)
12:30
(S1/CL8)
Sraith úrnua 10 gclár, á cur i láthair ag Bláthnaid Treacy ina mbeidh ar bhean atá ag réiteach d'ócáid mhór sa saol rogha a dhéanamh idir trí fheisteas a roghnófar go speisialta di. Beidh neart comhairle ar fáil ó na saineolaithe faisin gach seachtain - Ándrea Tighe agus Aisling Ní Chormaic. Sa mbreis orthusan, beidh aoi speisialta ar gach clár. Is é Ruairí Ó Neill aoi na hoíche anocht. Beidh an t-amhránaí ar an sean-nós as an mBrasaíl Natalia Ní Fhaoláin ag glacadh páirte in Oireachtas na Samhna agus tá súil aici gúna a fháil a thabharfaidh léargas ar a pearsantacht.

The Waltons (TS)
The Waltons (TS)
13:05
(S5/CL7)
Tá Mary Ellen geallta leis an Dochtúir David Spencer agus tá pleananna na bainise faoi lán seoil. Is é an Dochtúir Curtis Willard dochtúir nua an bhaile. Tá Mary Ellen idir dhá intinn faoin ngealltanas pósta anois.

Weakest Link (TS)
Weakest Link (TS)
14:05
(S9/CL23)
Sraith Tráth na gCeist ina bhféachfaidh 9 n-iomaitheoir leis an bpota óir a thabhairt abhaile leo. Cuirfear an t-iomaitheoir is measa, dar leis na hiomaitheoirí eile, abhaile ag deireadh gach babhta go dtí nach mbeidh ach duine amháin fanta chun an t-airgead a bhuachan. Á chur i láthair ag Anne Robinson.

Cúla 4 na nÓg
Cúla 4 na nÓg
15:00
 
Mír do ghasúir réamhscoile atá i Cúla4 na nÓg a thosóidh gach maidin ag 7 a.m. go dtí an 10.00 am agus arís ag an 3p.m. i rith na seachtaine. I measc na gclár beidh Wanda and the Alien, Masha agus an Béar, QPootle, Olly an Veain Bheag Bhán agus Dinosaur Train agus neart eile.

Masha agus an Béar
Masha agus an Béar
15:02
(S1/CL15)
Tagann cuairteoir óg ag Béar agus bíonn Masha ag spochadh as.

Masha agus an Béar
Masha agus an Béar
15:09
(S1/CL16)
Ligeann an Béar air féin go bhfuil sé tinn le go bhfaighidh sé suaimhneas ó Masha.

PJ Masks
PJ Masks
15:16
(S1/CL8)
Is í Cailín Luna a tharraingeoidh an trioblóid anocht.

Cat a' Hata (GS)
Cat a' Hata (GS)
15:28
(S1/CL59)
Inniu breithlá Iasc ach níl cliú ag Nic ná ag Sailí céard a gheobhaidh siad dó. Cé a thabharfaidh moltaí maithe dóibh?

Cat a' Hata (GS)
Cat a' Hata (GS)
15:40
(S1/CL60)
Téann liathróid Nic agus Sailí i bhfostú sa chrann nuair a bhíonn siad ag imirt cluiche. Nach é an peaca é nach bhfuil siad ard.

Cúla 4
Cúla 4
15:55
 
Beidh Cúla 4 ar an aer ón 7 gach maidin agus ón 4 tráthnóna ó Luan go hAoine. I measc na gclár iontach a bheidh ar siúl, beidh Angelo Rules, Get Ace, Jungle Bunch, Camp Lakebottom, Dude that's my Ghost, Garfield agus neart eile.

Alvinnn !!! agus na Chipmunks
Alvinnn !!! agus na Chipmunks
15:57
(S1/CL8)
Tá bulaíocht á dhéanamh ar Simon ag an scoil. Cruthaíonn sé róbat le faitíos a chur ar na bulaithe.

Dónall Dána (GS)
Dónall Dána (GS)
16:08
(S1/CL30)
Bíonn comórtas ag Dónall agus Peigí go bhfeicfidh siad cé aige a bhfuil an club rúnda is fearr.

Garfield (GS)
Garfield (GS)
16:19
(S4/CL28)
Cuireann Jon Garfield ar aiste bia chun airgead a shábháil mar go bhfuil col ceathrair Liz ag fanacht in éineacht leo.

Winston Steinburger & Sir Dudley Ding Dong
Winston Steinburger & Sir Dudley Ding Dong
16:32
(S1/CL8)
Tá comórtas cultacha Chutty ar siúl agus tá Winston ag iarraidh é a bhuachan i mbliana.

Fangbone
Fangbone
16:43
(S1/CL36)
Nuair a thugann Bill agus na cairde Fangbone ag siopadóireacht, seolann Drool a Mhucasár chun an ladhar a ghoid uathu.

WAC (OS)
WAC (OS)
16:55
(S1/CL50)
Rachaidh Tomaí, Éadaoin agus Caoimhe sa tóir ar rí na dufaire.

Is Eolaí Mé (GS)
Is Eolaí Mé (GS)
17:25
(S1/CL22)
Eagrán speisialta ina gcaithfear súil siar ar bhuaicphointí na sraithe le Peadar agus Úna. Fillfimid ar na háiteanna iontacha ar thug Peadar agus Úna cuairt orthu agus an spraoi a bhí acu lena gcairde.

Clann Feirm Factor (OS)
Clann Feirm Factor (OS)
17:55
(S1/CL1)
Teaghlaigh a bheidh ag tabhairt aghaidh ar a chéile ar Fheirm Factor na bliana seo chun duais Eur20,000 a bhuachan. Sa chéad chlár, tabharfaidh muintir Behan as Leic Snámha aghaidh ar mhuintir Gill as Cora Droma Rúisc. Rachaidh na múinteoirí bunscoile Geraldine Behan agus Tara Ní Táilliúr in iomaíocht i dtasc ina mbeidh laonna le scaradh óna chéile. Tabharfaidh Junior Gill, feirmeoir páirtaimseartha, aghaidh ar David Ó Treantaigh, comhairleoir Teagasc sa tasc innealra agus aitheantais. Tabharfaidh an dá fhoireann aghaidh ar a chéile i dtasc na ngrúpaí.

Lurgan 2K17 (OS & TS)
Lurgan 2K17 (OS & TS)
18:40
(S1/CL1)
Sraith siamsaíochta do dhaoine óga ina dtaispeánfar físeáin nua ó, 'TG Lurgan' chomh maith leis na daltaí ardchumasacha a ghlacann páirt iontu. Tabharfar cuntas sa tsraith seo ar na heachtraí saoil a thug na daoine óga seo le chéile agus tabharfar léargas ar an tuiscint atá ag na scoláirí ar chultúr na Gaeilge tríd an gceol. Sa chlár seo casfaidh Jack Ó Nualláin, 14, as Glas Naíon 'This Town' le Niall Horan agus 'There's Nothing Holding Me Back' le Shawn Mendes.

An Aimsir Láithreach
An Aimsir Láithreach
18:57
(S21/CL342)
Aimsir réigiúnach agus náisiúnta.

Nuacht TG4
Nuacht TG4
19:00
 
Mórimeachtaí an lae ó Aonad Nuachta TG4.

Cúl Stáitse - Oireachtas 2017 (OS & TS)
Cúl Stáitse - Oireachtas 2017 (OS & TS)
19:30
(S1/CL1)
Sa tsraith seo, a taifeadadh dhá mhí roimh Oireachtas na Samhna, casfaimid le daoine ó cheann ceann na tíre a bhí ag fáil faoi réir le dul san iomaíocht ag Oireachtas na bliana seo. Tabharfaimid cuairt ar na hiomaitheoirí seo sa bhaile, ag an obair, ar scoil agus i measc an phobail agus iad ag réiteach do phríomhfhéile na nGael, Oireachtas na Samhna. Tabharfar léargas ar an tallann mhór atá ag na daoine sin agus an t-údar ar maith leo a bheith páirteach sna comórtais lúibíní, scéalaíochta, damhsa, amhránaíochta agus sceitse.

Face to Face (OS & TS)
Face to Face (OS & TS)
20:00
(S2/CL4)
Sa tsraith seo, déantar anailís ar roinnt samplaí den iomaíocht idir ceannairí gnó agus eile inar thuill an choimhlint go leor poiblíochta agus inar dúradh gur fuath agus fearg is mó a tháinig aisti. An choimhlint idir Che Guevara, an smaointeoir radacach, agus Fidel Castro, fear mór na polaitíochta, is ábhar don chlár seo. An raibh an bás i ndán do Che Guevara sa Bholaiv nó ar thréig Fidel Castro a chomrádaí ar mhaithe leis féin?

An Aimsir Láithreach
An Aimsir Láithreach
21:00
(S21/CL342)
An Aimsir Náisiúnta agus Idirnáisiúnta.

An Western: Kid Vengeance
An Western: Kid Vengeance
21:05
 
(1977, Scannán buachaillí bó) Lee Van Cleef, Jim Brown agus Leif Garrett na príomhaisteoirí sa scannán seo faoi stiúir Joseph Manduke. Téann sirtheoir, a bhfuil a chuid óir goidte ag eisreachtaí uaidh, i bpáirt le gasúr a bhfuil a mhuintir maraithe agus a dheirfiúr fuadaithe ag an eisreachtaí céanna.

Bus Ghlaschú (OS & TS)
Bus Ghlaschú (OS & TS)
22:45
(S1/CL2)
Creideann daoine áirithe go gcaithfeadh go bhfuil ceangal imleacáin de shaghas éigin idir Dún na nGall agus cathair Ghlaschú in Albain. Is cinnte go bhfuil daoine ag dul anonn is anall eatarthu leis na céadta bliain. Tugann an tsraith 4 chlár seo léargas dúinn ar an gceangal sin sa lá atá inniu ann agus ríomhann cuid den stair agus den seanchas a bhaineann leis an gcaidreamh ilchineálach atá idir an dá áit. Sa dara clár casfaimid leis an iar-imreoir sacair mór le rá Packie Bonner agus é ar Bhus Ghlaschú.

Ceol Hank Williams (OS)
Ceol Hank Williams (OS)
23:15
 
Clár uair an chloig in ómós dhuine de na hamhránaithe/scríbhneoirí amhrán ceoil tíre is mó cáil riamh, Hank Williams. I measc amhrán dá chuid tá "Cold, Cold Heart", "Your Cheatin' Heart", "Hey, Good Lookin" and "I'll Never Get Out of This World Alive'?. Tabharfaidh amhránaithe mór le rá na hÉireann faoi roinnt d'amhráin Hank, lena n-áirítear Jack L - Your Cheatin' Heart, Mundy - Lost on the River agus Lumiere - Cold Cold Heart. Ná cailligí an clár seo.

The Almighty Johnsons (TS)
The Almighty Johnsons (TS)
00:15
(S2/CL1)
Níl Bandia Frigg aimsithe fós ag muintir Johnson. Tá Mike agus a bhean imithe óna chéile agus tá sé ag fanacht tigh Axl agus Zeb. Tá Ty gafa lena phósadh féin agus tá Anders ag fáil faoi réir dá thuras go dtí an Iorua ar mhisean rúnda gnó.

France 24
France 24
01:10
 
Cainéal nuachta 24 uair an chloig na Fraince atá i France 24. Bíonn an clár á chraoladh beo as Páras. Tá 180 iriseoir ag an stáisiún ar fud an domhain mhóir a thugann tuairiscí cuimsitheacha agus cumasacha chuig an lucht féachana ar imeachtaí móra laethúla.

Dé hAoine, Nollaig 08, 2017
Níl TG4 freagrach as an ábhar ar Shuíomh Gréasáin seachtrach ar bith