Baile » Sceideal » Sceideal Iomlán

Dé Domhnaigh, Eanáir 14, 2018
France 24
France 24
05:30
 
Cainéal nuachta 24 uair an chloig na Fraince atá i France 24. Bíonn an clár á chraoladh beo as Páras. Tá 180 iriseoir ag an stáisiún ar fud an domhain mhóir a thugann tuairiscí cuimsitheacha agus cumasacha chuig an lucht féachana ar imeachtaí móra laethúla.

Cúla 4
Cúla 4
07:00
 
Beidh Cúla 4 ar an aer ón 7 gach maidin agus ón 4 tráthnóna ó Luan go hAoine. I measc na gclár iontach a bheidh ar siúl, beidh Angelo Rules, Get Ace, Jungle Bunch, Camp Lakebottom, Dude that's my Ghost, Garfield agus neart eile.

Cat Cliste
Cat Cliste
07:02
(S1/CL54)
Tá Hal thar a bheith brónach. Nuair a ghlaonn sé ar an ngealach, mar a dhéanann sé gach oíche, bíonn an ghealach imithe.

Is Ait an Mac é Mús
Is Ait an Mac é Mús
07:15
(S1/CL18)
Tá éisteacht ag Mús agus ag Jeaicín le banna ceoil.

Camp Lakebottom
Camp Lakebottom
07:22
(S1/CL34)
Caithfidh na gasúir aghaidh a thabhairt ar an bPúca, an rud is mó a chuireann faitíos ar Scuaid!

Camp Lakebottom
Camp Lakebottom
07:33
(S1/CL35)
Tá na cairde ag insint scéalta chun an lá a chaitheamh.

Angelo Rules (GS)
Angelo Rules (GS)
07:45
(S3/CL24)
Tá Angelo ag iarraidh a bheith leis féin sa teach ar feadh píosa.

Cúla 4 na nÓg
Cúla 4 na nÓg
08:00
 
Mír do ghasúir réamhscoile atá i Cúla4 na nÓg a thosóidh gach maidin ag 7 a.m. go dtí an 10.00 am agus arís ag an 3p.m. i rith na seachtaine. I measc na gclár beidh Wanda and the Alien, Masha agus an Béar, QPootle, Olly an Veain Bheag Bhán agus Dinosaur Train agus neart eile.

Seo Linn Pocoyo
Seo Linn Pocoyo
08:02
(S3/CL17)
Tá Pocoyo agus Pato ag spraoi in éineacht le cara ón spás.

Seo Linn Pocoyo
Seo Linn Pocoyo
08:08
(S3/CL18)
Tá Pato ag dul ar thuras ach tá dearmad déanta aige ar ní tábhachtach amháin. An mbeidh Elly agus Pocoyo in ann cabhrú leis?

Eolaíocht le Bert
Eolaíocht le Bert
08:15
(S1/CL5)
Inniu déanfaidh Bert turgnamh a bhaineann le scála.

Elmo Anseo
Elmo Anseo
08:20
(S1/CL8)
Inniu foghlaimeoidh Elmo agus a chara nua Cliste níos mó faoi dhuaithníocht.

Scéalta le Masha
Scéalta le Masha
08:25
(S3/CL19)
Inseoidh Masha scéal faoi phrionsa a mhúineann ceacht do bhanphrionsa dána.

Bia Linn (TS)
Bia Linn (TS)
08:30
(S2/CL1)
Sraith spleodrach cócaireachta do pháistí óga. Bí linn sa chistin go bhfeicfidh tú cé a bheidh ag cuidiú le Muireann. Ag cócaireacht úll a bheidh Muireann inniu.

Woozle & Pip
Woozle & Pip
08:44
(S1/CL1)
Bíonn an-spórt ann nuair a bhíonn sé ag sneachta sa ghairdín Draíochta.

Zou
Zou
08:49
(S2/CL19)
Tarraingíonn Mamaí Elzee portráidí de Zou, Elzee agus Zak inniu agus ceannaíonn sí uachtar reoite dóibh nuair atá siad críochnaithe.

Zack & Quack
Zack & Quack
09:00
(S1/CL28)
Tá col ceathrar Hop agus Skip, Flip, tagtha ar cuairt. Is cleasghleacaí í agus tá cáil mhór uirthi ar fud an domhain.

Loopdidoo
Loopdidoo
09:11
(S5/CL2)
Tá Loopdidoo ag ligean air féin go bhfuil sé gortaithe le go mbeidh daoine ag peataireacht air.

Maya an Bheachín
Maya an Bheachín
09:18
(S1/CL31)
Tá Maya agus Willie ag súil go mór le Féile an Earraigh.

Wissper
Wissper
09:30
(S1/CL2)
Casann Wissper le heilifint mhístuama atá ag iarraidh a bheith ina ghleacaí.

Cat a' Hata (GS)
Cat a' Hata (GS)
09:37
(S1/CL15)
Tá Sailí ag iarraidh uisce a chur ar na plandaí ach níl sé te ná grianmhar taobh amuigh.

Alvinnn !!! agus na Chipmunks
Alvinnn !!! agus na Chipmunks
09:50
(S1/CL48)
Tá Alvin ag iarraidh a bheith páirteach i gclár réalaíoch a bheidh thar a bheith dian air. Ach gortaíonn sé é féin agus é ag traenáil.

Ainmhithe Beaga sa bhFiántas (OS)
Ainmhithe Beaga sa bhFiántas (OS)
10:05
(S1/CL12)
Caithfimid súil ar mar a chaitheann ainmhithe óga sa bhfásach an tráthnóna.

Naíonáin an Zú (OS)
Naíonáin an Zú (OS)
10:35
(S4/CL8)
Sraith faoin saol mar a chaitheann ainmhithe nuabheirthe é i zú nua-aimseartha i mBeirlín na Gearmáine. Bíonn gach cineál ainmhí sa zú; ainmhithe mar liopard na Síne, atá beagnach imithe i léig, ach atá á phórú sa zú faoi chlár pórúcháin idirnáisiúnta agus an t-ócáipe óg i bPáirc na nAinmhithe. Tá gabhar fadchluasach agus caoirigh as an Ungáir sa zú freisin.

Timpeall na Tíre (OS)
Timpeall na Tíre (OS)
11:05
(S16/CL1)
Achoimre ar chuid de mhórscéalta na seachtaine mar a craoladh ar Nuacht TG4.

Rawhide
Rawhide
11:35
(S8/CL208)
Sáinnítear Quince agus Blake i mianach.

The Waltons (TS)
The Waltons (TS)
12:35
(S5/CL14)
Tá sé ag cur as do Mhamó go bhfuil bean eile ag seinm orgán an tséipéil anois. Tá Olivia míshocair agus socraíonn sí stíl gruaige nua a fháil ach bíonn droch-chuma uirthi.

The Waltons (TS)
The Waltons (TS)
13:35
(S5/CL15)
Bíonn tromluí ag Elizabeth faoi a bheith sáinnithe ar roth Ferris. Tharla rud éigin di nuair a bhí sí níos óige. Tá imní ar Ben nach bhfuil aon airde ann.

An Aimsir L�ithreach
An Aimsir L�ithreach
14:32
(S21/CL12)
Aimsir r�igi�nach agus n�isi�nta.

Mary O'Hara (OS & TS)
Mary O'Hara (OS & TS)
14:35
 
Clár faisnéise ar an gcruitire agus an t-amhránaí clúiteach, Mary O'Hara, ar as Sligeach ó dhúchas í ach atá ina cónaí in Árainn anois. Bhí clú agus cáil ar Mary i ndeireadh na gcaogaidí. Chas sí i Carnegie Hall, in Áras Ceoldrámaíochta Sydney agus bhí a sraith féin aici ar an BBC chomh maith le bheith ar The Ed Sullivan Show cúpla uair. Bhí sí i mbarr a réime nuair a shocraigh sí éirí as an gceol. 12 bliain ina dhiaidh sin d'fhill sí ar an gceol arís agus d'éirigh thar cionn arís léi ach tar éis scaithimh shocraigh sí arís éirí as. Inseoidh Mary a scéal féin dúinn.

Cluichí na Bliana
Cluichí na Bliana
15:35
(S10/CL3)
Deis eile Cluiche Leathcheannais Chraobchomórtas Iomána Sinsear na hÉireann 2017 idir Gaillimh agus Tiobraid Árann ar Pháirc an Chrócaigh a fheiceáil. Is iad Garry Mac Donncha agus Pat Fleury a bheidh i mbun tráchtaireachta.

Capaillíní Chonamara (OS & TS)
Capaillíní Chonamara (OS & TS)
16:35
 
Clár faoi cheann de na cineálacha capall dúchasach atá againn anseo in Éirinn, Capaillín Chonamara. Taifeadadh an clár seo thar tréimhse 8 mí agus leanann sé roinnt póraitheoirí, úinéirí, marcach agus iomaitheoirí le go mbeimid in ann léargas ceart a fháil ar an gcapall beag speisialta seo. Taispeánfar cúpláil agus breith searraigh, mar a dhíoltar ar an margadh iad agus an iomaíocht ghéar a bhíonn le brath ag na haontaí.

Volvo Ocean Race
Volvo Ocean Race
17:40
 
An nuacht is déanaí ó Rás Aigéin Volvo 2017-18. Tá Annalise Murphy as Éirinn, a bhuaigh bonn airgid sna Cluichí Oilimpeacha, mar chuid den fhoireann atá ar bord 'Turn the Tide on Plastic'. Leagfar amach bealach an ráis - 45,000 míle farraige trasna cheithre aigéin, sé mhór-roinn agus dhá chathair déag.

European Rugby Champions Cup
European Rugby Champions Cup
18:10
(S4/CL11)
Buaicphointí na gcluichí a imríodh sa chúigiú babhta de Chorn Seaimpíní Rugbaí na hEorpa, Laighin v Glasgow Warriors as an RDS, Racing v Mumha as an U Arena agus Ulaidh v La Rochelle as Staid Kingspan.

An Aimsir L�ithreach
An Aimsir L�ithreach
19:12
(S22/CL14)
Aimsir r�igi�nach agus n�isi�nta.

Nuacht TG4
Nuacht TG4
19:15
 
Mórimeachtaí an lae ó Aonad Nuachta TG4.

Ollchlár Ros na Rún (OS & GS)
Ollchlár Ros na Rún (OS & GS)
19:30
(S21/CL19)
Tá Frances ar a dícheall ag iarraidh a chur ina luí ar Áine nach mbeidh siad i bhfad eile tigh Mack agus Dee. Castar Sam ar Phádraig arís. Tá David faoi bhrú airgid mar gheall ar an mbainis ach tá Gráinne ag súil go mór leis an lá mór. Ní thugann Frances aird ar bith ar an gcomhairle dlí atá faighte aici ó Dee. Tá sé ina achrann idir Micheál agus Réailtín. Níl Micheál ag iarraidh go rachadh Réailtín chuig dioscó.

Taithí gan Teorainn (OS & TS)
Taithí gan Teorainn (OS & TS)
20:30
(S1/CL1)
Rachaidh na cócairí as Éirinn, Pádraig Ó Neachtain agus Cian Ó Tuairisg chuig an Deilí Nua san India chun taithí gan teorainn a fháil sna cistineacha agus ar na stainníní bia ansin. Beidh siad ag obair leis an gcarthanacht 'Feeding India', a bhailíonn bia nár itheadh ó bhialanna agus a roinneann ar leanaí i ndílleachtlanna é. Is mór idir cistineacha na hIndia agus na hÉireann mar a gheobhaidh an bheirt fhear amach.

Geantraí
Geantraí
21:30
(S9/CL11)
Is as an Lough Ree Arms, Béal Átha Liag, Co. an Longfoirt a chraolfar an clár seo. I measc na gceoltóirí a bheidh ar an gclár beidh Joe Burke agus Ann Conroy Burke, Noel Carbery, Jimmy Flanagan, Johnny Duffy, an t-amhránaí Eilís Ní Chonghaile, John Wynne, Patsy Hanley, Tommy Guihan, Irene Guckian agus James Donoghue. Á chur i láthair ag Breandán Ó Beaglaoich.

Hup (OS & TS)
Hup (OS & TS)
22:00
(S1/CL13)
Sraith ceoil thraidisiúnta. I mBéal na mBuillí i gcontae Ros Comáin áit a bhfuil féile an bhaile faoi lán seoil a bheimid an tseachtain seo. Tá sé 30 bliain ó d'eisigh fear Ros Comáin Matt Molloy agus an fidléir Seán Keane ó na Chieftains ceirnín leis an ngiotáraí Arty McGlynn, ceirnín dar teideal Contentment is Wealth agus seinnfidh an triúr laoch go speisialta dúinn anseo. Ceol & amhrán álainn ó John Carty agus a iníon Maggie, chomh maith le laochra fliúite an chontae Patsy Hanley, Tommy Guihan, John Carlos, mar aon le John Wynne. Scoth an cheoil & stíl Thuaisceart Chonnacht chun tosaigh.

Sé Mo Laoch (OS)
Sé Mo Laoch (OS)
22:30
(S7/CL2)
Treasa Ní Mhiolláin as Árainn, amhránaí ar an sean-nós agus an chéad bhuaiteoir ar Chorn Uí Riada i 1972, a bheidh faoi chaibidil ar an gclár seo. Tá blianta fada caite aici ag múineadh amhránaíocht ar an sean-nós sna scoileanna in Árainn agus tá ceardlanna sean-nóis tugtha ar fud an domhain aici. Mhúin sí ar chlár sean-nóis OÉ Gaillimh agus ghlac sí páirt i 'Famine', ceann de dhrámaí clúiteach Druid Murphy.

An Aimsir L�ithreach
An Aimsir L�ithreach
23:00
(S22/CL14)
An Aimsir N�isi�nta agus Idirn�isi�nta.

Scúp (OS)
Scúp (OS)
23:05
(S1/CL3)
Nuair atá braon ólta ag Alix ag oscailt gailearaí ealaíne, tapaíonn sí an deis Rob a phógadh. Ní mó ná sásta atá an t-iriseoir óg, Michael, nuair a iarrtar air scéal maidir le leabhair atá á ngoid as leabharlann a fhiosrú. Ach ní fada go dtagann sé ar scéal atá i bhfad níos suimiúla.

Scúp (OS)
Scúp (OS)
23:35
(S1/CL4)
Nuair a chloiseann Rob go bhfuil baol ann go gcuirfear Ling, imreoir cumasach eitpheile, abhaile go dtí an tSín, cuireann sé iachall ar fhoireann an nuachtáin tacú léi. Baintear geit as Alix nuair a shiúlann Rebecca, bean chéile Rob, agus a chuid leanaí, isteach san oifig. Múineann Cormac ceacht i gcúrsaí eitice do Michael.

Saol Rúnda faoi Thalamh (OS & TS)
Saol Rúnda faoi Thalamh (OS & TS)
00:10
(S1/CL1)
Sraith fiadhúlra. Sa chéad chlár den tsraith, rachaimid éadomhain faoi thalamh. Bheifeá a cheapadh gur beag a mhaireann ann ach is a mhalairt ar fad atá fíor.

France 24
France 24
01:15
 
Cainéal nuachta 24 uair an chloig na Fraince atá i France 24. Bíonn an clár á chraoladh beo as Páras. Tá 180 iriseoir ag an stáisiún ar fud an domhain mhóir a thugann tuairiscí cuimsitheacha agus cumasacha chuig an lucht féachana ar imeachtaí móra laethúla.

Dé Domhnaigh, Eanáir 14, 2018
Níl TG4 freagrach as an ábhar ar Shuíomh Gréasáin seachtrach ar bith