Baile » Sceideal » Sceideal Iomlán

Dé Luain, Eanáir 15, 2018
France 24
France 24
05:30
 
Cainéal nuachta 24 uair an chloig na Fraince atá i France 24. Bíonn an clár á chraoladh beo as Páras. Tá 180 iriseoir ag an stáisiún ar fud an domhain mhóir a thugann tuairiscí cuimsitheacha agus cumasacha chuig an lucht féachana ar imeachtaí móra laethúla.

Cúla 4 na nÓg
Cúla 4 na nÓg
07:00
 
Mír do ghasúir réamhscoile atá i Cúla4 na nÓg a thosóidh gach maidin ag 7 a.m. go dtí an 10.00 am agus arís ag an 3p.m. i rith na seachtaine. I measc na gclár beidh Wanda and the Alien, Masha agus an Béar, QPootle, Olly an Veain Bheag Bhán agus Dinosaur Train agus neart eile.

Olivia (GS)
Olivia (GS)
07:02
(S1/CL35)
Is é lá breithe Mhama é agus tá Olivia chun dinnéar speisialta a réiteach di.

An Captaen Flinn agus na Foghlaithe Dineasár
An Captaen Flinn agus na Foghlaithe Dineasár
07:13
(S1/CL31)
Aimsíonn Captaen Flinn paiste súile mallaithe Jack Jekkyl.

Astroblast! (GS)
Astroblast! (GS)
07:25
(S1/CL3)
Ní cosúil go mbuafaidh Comet bonn óir ag comórtas bliantúil Zizmort i mbliana ach an oiread.

Astroblast! (GS)
Astroblast! (GS)
07:37
(S1/CL4)
Tagann deartháir Comet ar cuairt aige agus téann sé i bhfeidhm go mór ar a chuid cairde. Ach meas tú an rud maith é sin?

Olly an Veain Bheag Bhán
Olly an Veain Bheag Bhán
07:50
(S1/CL19)
Tá Stan agus Olly ag dul ag campáil ach tá sé deacair láthair champála cheart a aimsiú. Nuair a thagann siad ar an láthair, ní ligeann Stan d'Olly cúnamh a thabhairt.

Olly an Veain Bheag Bhán
Olly an Veain Bheag Bhán
07:55
(S1/CL20)
Tá Niteoir Cairr nua déanta ag Stan ach níl sé ag iarraidh go bhfeicfeadh aon duine é go dtí amárach. Meas tú an mbeidh Olly in ann an rún a choinneáil?

Dora (GS)
Dora (GS)
08:00
(S8/CL2)
Rachaidh Dora agus a cairde in éineacht le Dáithí chun coileáinín a shábháil.

Tractor Tom
Tractor Tom
08:25
(S1/CL12)
Tá Matt ag tóraíocht óir ar an bhfeirm.

Balloon Barnyard
Balloon Barnyard
08:36
(S1/CL22)
Tá an t-arbhar réidh le baint ach tá na préacháin á ithe.

Dot
Dot
08:45
(S1/CL6)
Cé aige atá an teach is taibhsiúla?

Masha agus an Béar
Masha agus an Béar
08:56
(S1/CL7)
Dúisíonn an Béar in am don earrach. Casann sé le béar baineann álainn sa bhforaois.

Messy, Seo Linn go Okido
Messy, Seo Linn go Okido
09:03
(S1/CL17)
Cabhraíonn Messy agus a chairde le Sneachtín, a gcara nua, a bhealach a dhéanamh abhaile.

Cat a' Hata (GS)
Cat a' Hata (GS)
09:15
(S1/CL19)
Teastaíonn cadhnraí ón tóirse le go mbeidh Nic, Sailí agus Cat in ann cluiche a imirt.

Ainmhithe Beaga sa bhFiántas (OS & TS)
Ainmhithe Beaga sa bhFiántas (OS & TS)
09:30
(S1/CL13)
Caithfimid súil ar mar a chaitheann ainmhithe óga sna sléibhte an mhaidin.

The Waltons (TS)
The Waltons (TS)
10:00
(S6/CL7)
Is gearr go mbeidh an páiste ag Mary Ellen ach faraor bíonn páiste marbh-bheirthe ag cara léi. Tá cara Mary Ellen in ísle brí ceart agus deir sí rudaí uafásacha faoi pháiste Mary Ellen dá bharr. Tá post faighte ag Jason sa téatar buirlisce.

The Waltons (TS)
The Waltons (TS)
10:58
(S6/CL8)
Tugann Mary Ellen leanbh ar an saol ach goideann a cara, atá faoi bhrón, an leanbh. Cloiseann ceannaire chór soiscéalach Jason ag ceol sa téatar buirlisce agus tairgeann sé post dó.

The Cook & The Chef (TS)
The Cook & The Chef (TS)
12:00
(S4/CL12)
Sraith cócaireachta. Léireoidh Maggie an méid oibre a bhíonn i gceist le pictiúir a thógáil de mhiasa le cur i gcló in irisleabhair, i bpáipéir nuachta agus le taispeáint ar chláir teilifíse.

Dallamullóg (OS & TS)
Dallamullóg (OS & TS)
12:30
(S1/CL2)
Tabharfaidh an dealbhóir cloiche, Clíodhna Cussen, cúnamh don phláistéir Gearóid Ó Ceannabháin, píosa ealaíne a dhéanamh. Beidh air taispeántas dá chuid oibre a reáchtáil agus déanfaidh critic é a scrúdú. An dtuigfidh an critic nach ealaíontóir ceart é?

The Gilmore Girls (TS)
The Gilmore Girls (TS)
13:05
(S1/CL6)
Sraith ghrinn drámaíochta. Ní maith le Rory go bhfuil cóisir eagraithe ag Emily di dá breithlá agus ní mó ná sásta a bhíonn Emily nuair a deir Rory léi nach bhfuil sí ag iarraidh na cóisire. Eagraíonn Lorelai cóisir eile a mbíonn an-chraic ag gach duine ann.

Weakest Link (TS)
Weakest Link (TS)
14:00
(S8/CL10)
Sraith Tráth na gCeist ina bhféachfaidh 9 n-iomaitheoir leis an bpota óir a thabhairt abhaile leo. Cuirfear an t-iomaitheoir is measa, dar leis na hiomaitheoirí eile, abhaile ag deireadh gach babhta go dtí nach mbeidh ach duine amháin fanta chun an t-airgead a bhuachan. Á chur i láthair ag Anne Robinson.

Cúla 4 na nÓg
Cúla 4 na nÓg
15:00
 
Mír do ghasúir réamhscoile atá i Cúla4 na nÓg a thosóidh gach maidin ag 7 a.m. go dtí an 10.00 am agus arís ag an 3p.m. i rith na seachtaine. I measc na gclár beidh Wanda and the Alien, Masha agus an Béar, QPootle, Olly an Veain Bheag Bhán agus Dinosaur Train agus neart eile.

Masha agus an Béar
Masha agus an Béar
15:02
(S2/CL21)
Ceapann Masha gurb é an bealach is fearr le bua a fháil i gcluiche leadóige ná a bheith ag screadaíl nuair a bhuaileann tú an liathróid.

Masha agus an Béar
Masha agus an Béar
15:09
(S2/CL22)
Caithfidh an Béar meaisín ama a chruthú, ach ar ndóigh níl Masha in ann fanacht amach uaidh!

PJ Masks
PJ Masks
15:16
(S1/CL25)
Cuirfidh Romeo na laochra óga agus Cailín Luna trína chéile anocht.

Wissper
Wissper
15:28
(S1/CL4)
Tagann Máirtín an míorchat chuig teach Wissper mar go bhfuil fadhb aige - tá an baile lán le míorchait.

Is Ait an Mac é Mús
Is Ait an Mac é Mús
15:35
(S1/CL6)
Féachann Jeaicín le grianghraf a fháil d'éan speisialta chun duais a bhuachan.

Cat a' Hata (GS)
Cat a' Hata (GS)
15:40
(S1/CL27)
Tá na gasúir ag maisiú an teachín crainn don chóisir. Tá aithne ag an gCat ar an maisitheoir is fearr ar domhan.

Cúla 4
Cúla 4
15:55
 
Beidh Cúla 4 ar an aer ón 7 gach maidin agus ón 4 tráthnóna ó Luan go hAoine. I measc na gclár iontach a bheidh ar siúl, beidh Angelo Rules, Get Ace, Jungle Bunch, Camp Lakebottom, Dude that's my Ghost, Garfield agus neart eile.

Alvinnn !!! agus na Chipmunks
Alvinnn !!! agus na Chipmunks
15:57
(S1/CL25)
Teastaíonn airgead ó Alvin chun an físchluiche is déanaí a cheannach, mar sin socraíonn sé post feighlí leanaí Brittany a ghoid uaithi.

Dónall Dána (GS)
Dónall Dána (GS)
16:08
(S1/CL46)
Is é féin a bhíonn siar leis nuair a fhéachann Dónall lena chuid jabanna a sheachaint.

Garfield (GS)
Garfield (GS)
16:19
(S4/CL44)
Bíonn Garfield agus a chriú i dtrioblóid nuair a chastar scata cadhóití orthu atá ag iarraidh pionós a chur ar Odie gan údar ar bith acu leis.

Winston Steinburger & Sir Dudley Ding Dong
Winston Steinburger & Sir Dudley Ding Dong
16:32
(S1/CL23)
Cruthaíonn Winston clogad a aistríonn teangacha. Athraíonn Pam é chun go dtitfidh sé i ngrá léi.

Fangbone
Fangbone
16:43
(S1/CL46)
Baineann Fangbone chuile phíosa spraoi as saol na ngasúr sa rang agus é ag súil le cleasa Drool a sheachaint. Ach nuair a chuireann sé stop leis an Lá Píotsa, bíonn sé ina réabadh.

Whiz sa Chistin (GS)
Whiz sa Chistin (GS)
16:55
(S1/CL31)
Seó cluichí é Whiz sa Chistin atá bunaithe ar bhia. Beidh ceathrar leanaí sa chistin ar gach clár agus beidh a fhios againn cé chomh maith is atá said sa chistin nuair a chaithfidh siad tabhairt faoi dhúshlán bia agus ceisteanna go leor a fhreagairt. Ar chlár an lae inniu tabharfaidh Aoife agus Leo aghaidh ar Orlaith agus ar Marita.

An Aimsir Láithreach
An Aimsir Láithreach
17:25
(S21/CL13)
Aimsir r�igi�nach agus n�isi�nta.

The Foster & Allen Show
The Foster & Allen Show
17:30
(S3/CL3)
Sraith eile ceoil agus siamsaíochta i dteannta Mick Foster agus Tony Allen. Is iad an banna 'The Irish Rovers' aíonna na hoíche anocht. Feicfimid Mick agus Tony agus iad ag taisteal mórbhealaí agus cúlbhealaí na tíre agus casfaidh siad ceann de na hamhráin nua atá acu 'We Owe It All To You'. Á chur i láthair ag gcraoltóir mór le rá Gloria Hunniford.

Weakest Link (TS)
Weakest Link (TS)
18:00
(S8/CL10)
Sraith Tráth na gCeist ina bhféachfaidh 9 n-iomaitheoir leis an bpota óir a thabhairt abhaile leo. Cuirfear an t-iomaitheoir is measa, dar leis na hiomaitheoirí eile, abhaile ag deireadh gach babhta go dtí nach mbeidh ach duine amháin fanta chun an t-airgead a bhuachan. Á chur i láthair ag Anne Robinson.

An Aimsir Láithreach
An Aimsir Láithreach
18:57
(S22/CL15)
Aimsir r�igi�nach agus n�isi�nta.

Nuacht TG4
Nuacht TG4
19:00
 
Mórimeachtaí an lae ó Aonad Nuachta TG4.

Laochra Gael (OS & TS)
Laochra Gael (OS & TS)
19:30
(S12/CL2)
Bhí James McCartan agus ina dhiaidh sin a mhac James óg i gcroílár chúrsaí peile an Dúin sna tréimhsí ab fhearr riamh ar éirigh leis an gcontae: sna 60idí agus sna 90idí. Bhí James ar fhoireann 'The Stars of the County Down' a bhuaigh Craobh na hÉireann dhá bhliain as a chéile i 1960 agus i 1961, foireann a chinntigh nach mbeadh cúrsaí peile i gcontae an Dúin ná i gCúige Uladh mar a chéile go brách arís. Mar a rinne a athair roimhe, bhuaigh James Óg é féin Craobh na hÉireann i 1991 agus i 1994. Cuirfear Maurice Hayes, Mick O'Dwyer, Ross Carr agus Jarlath Burns faoi agallamh ar an gclár.

Cluichí na Bliana
Cluichí na Bliana
20:00
(S10/CL5)
Deis eile Cluiche Leathcheannais Sinsear Peile na hÉireann 2017 idir Ciarraí agus Maigh Eo ar Pháirc an Chrócaigh a fheiceáil. Is iad Dara Ó Cinnéide agus Garry Mac Donncha a bheidh i mbun tráchtaireachta.

Geantraí (OS)
Geantraí (OS)
21:00
(S17/CL5)
Is as The Derg Inn i dTír Dhá Ghlas i dTiobraid Árann a chraolfar an clár seo de Gheantraí. I measc na gceoltóirí beidh Gavin agus Jamie Strappe, Bobby Gardiner agus Eileen O'Brien agus an grúpa FullSet. Á chur i láthair ag an bhfidléir Michael Harrison.

Scannán: Before We Go (TS)
Scannán: Before We Go (TS)
21:30
 
(2014, Scannán grinn) Chris Evans, Alice Eve agus Emma Fitzpatrick na príomhaisteoirí sa scannán seo faoi stiúir Chris Evans. Caithfidh beirt strainséirí dul i muinín a chéile agus smacht a ghlacadh ar a saol nuair a sháinnítear i Manhattan in éineacht iad.

Wwoofáil (OS)
Wwoofáil (OS)
23:10
(S1/CL1)
Rachaidh Mairéad agus Conall, beirt nach ndeachaigh ag Wwoofáil riamh cheana, ar a gcéad turas le Wwoof (World Wide Opportunities on Organic Farms) chuig Gyreum Ecolodge i Sligeach. Foghlaimeoidh siad le tuirbín gaoithe a chur in airde agus le glasraí orgánacha a chur sa ngairdín pobail. Casfaidh siad le lucht Wwoofála as an Spáinn chomh maith agus bainfidh siad triail as an gclár seaschéaslóireachta ar a lá saoire. An mbeidh cearca na feirme compordach sa teach atá déanta ag Mairéad agus ag Conall dóibh?

An Aimsir Láithreach
An Aimsir Láithreach
23:40
(S22/CL15)
An Aimsir N�isi�nta agus Idirn�isi�nta.

The Vampire Diaries (TS)
The Vampire Diaries (TS)
23:43
(S7/CL7)
Insíonn Damon agus Stefan do Lily faoi na cuimhní cinn uafásacha atá acu óna n-óige le súil is go dtuigfidh sí an sórt duine é Julian. Ach nuair a insíonn Lily rún dóibhsean atá coinnithe faoi cheilt aici le 160 bliain, ní bhíonn a fhios acu céard a chreidfidh siad faoin teaghlach níos mó. Tá mistéir mór ag baint le muintir Mystic Falls mar a fhaigheann Matt amach agus insíonn Valerie ní éigin do Caroline a chuirfidh athrú ar a saol.

The Vampire Diaries (TS)
The Vampire Diaries (TS)
00:35
(S7/CL8)
Eagraíonn Julian agus Lily cóisir do Mary Louise agus Nora. Cuireann Damon agus Stefan plean i dtoll a chéile chun aon bhagairt ó Julian a sheachaint.

France 24
France 24
01:25
 
Cainéal nuachta 24 uair an chloig na Fraince atá i France 24. Bíonn an clár á chraoladh beo as Páras. Tá 180 iriseoir ag an stáisiún ar fud an domhain mhóir a thugann tuairiscí cuimsitheacha agus cumasacha chuig an lucht féachana ar imeachtaí móra laethúla.

Dé Luain, Eanáir 15, 2018
Níl TG4 freagrach as an ábhar ar Shuíomh Gréasáin seachtrach ar bith