France 24
05:30
Cainéal nuachta 24 uair an chloig na Fraince atá i France 24. Bíonn an clár á chraoladh beo as Páras. Tá 180 iriseoir ag an stáisiún ar fud an domhain mhóir a thugann tuairiscí cuimsitheacha agus cumasacha chuig an lucht féachana ar imeachtaí móra laethúla.
Cúla 4 na nÓg
07:00
Mír do ghasúir réamhscoile atá i Cúla4 na nÓg a thosóidh gach maidin ag 7 a.m. go dtí an 10.00 am agus arís ag an 3p.m. i rith na seachtaine. I measc na gclár beidh Wanda and the Alien, Masha agus an Béar, QPootle, Olly an Veain Bheag Bhán agus Dinosaur Train agus neart eile.
Olivia (GS)
07:02
(S1/CL36)
Nuair a fheiceann Olivia seó draíochta Mhamó, socraíonn sí cleasa draíochta a fhoghlaim í féin!
An Captaen Flinn agus na Foghlaithe Dineasár
07:13
(S1/CL32)
Tugann Captaen Flinn agus a chriú cuairt ar Bhaile Sea Shanty áit a bhfaigheann siad amach go bhfuil na Gardaí sa tóir ar Flinn.
Astroblast! (GS)
07:25
(S1/CL5)
Níl suim ar bith ag Radar cluiche sacair a imirt lena chuid cairde inniu.
Astroblast! (GS)
07:37
(S1/CL6)
Tá Comet ag iarraidh a chluiche ríomhaireachta a imirt ach tá Halley ag cur isteach air.
Olly an Veain Bheag Bhán
07:50
(S1/CL21)
Tá Ivan agus Mario le páirt a ghlacadh i gceoldráma. Ach nuair a thagann an lá mór ní bhíonn Ivan sásta a sheomra a fhágáil mar go bhfuil a chroí ina bhéal.
Olly an Veain Bheag Bhán
07:55
(S1/CL22)
Ba mhaith le Jethro dul ag imirt i gcluiche peile agus an corn a bhuachan ach síleann sé go bhfuil sé róshean agus rómhall aige anois. Socraíonn Olly agus Suibhín cluiche speisialta a eagrú dó.
Dora (GS)
08:00
(S8/CL3)
Tá traein ag imeacht leis féin gan éinne á tiomáint! An mbeidh Dora in ann í a stopadh?
Tractor Tom
08:25
(S1/CL13)
Níl Fi ná Tom in ann dul chuig an gcarnabhal agus mar sin tá Matt chun an carnabhal a thabhairt chomh fada leosan.
Balloon Barnyard
08:36
(S1/CL23)
Tá Pip agus Streak ag eagrú damhsa sa scioból ach níl Fraidy in ann damhsa.
Dot
08:45
(S1/CL7)
Is fearr le Dot a bheith ag spraoi lena cairde ná a bheith ag cleachtadh ceoil.
Masha agus an Béar
08:56
(S1/CL8)
Cé go bhfuil an Béar ag iarraidh a bheith ag iascaireacht, tá Masha ag iarraidh a bheith ag spraoi.
Peg & Cat
09:03
(S3/CL3)
Is Ridirí Boird Cruinn iad Peg agus Cat i siopa troscán. Ach níl siad in ann teacht ar bhord cruinn!
Cat a' Hata (GS)
09:15
(S1/CL20)
Tugtar cuireadh do Nic, Sailí agus Cat chuig turas seilidí.
Ainmhithe Beaga sa bhFiántas (OS & TS)
09:30
(S1/CL14)
Caithfimid súil ar mar a chaitheann ainmhithe óga sna sléibhte an tráthnóna.
The Waltons (TS)
10:00
(S6/CL6)
Caithfidh John agus Olivia glacadh leis gur duine fásta í Erin anois nuair a iarrann G.W. Haines uirthi é a phósadh. Liostálann sé san arm nuair a dhiúltaíonn Erin é a phósadh.
The Waltons (TS)
10:58
(S6/CL9)
Tá tionchar mór ag an gcogadh ar mhuintir Walton. Cuirtear Curt ar dualgas gníomhach agus maraítear G.W. Haines agus é i mbun traenála.
The Cook & The Chef (TS)
11:55
(S4/CL13)
Réiteoidh Maggie agus Simon miasa a bhí sa bhfaisean sna 80idí inniu. Pléifidh siad cócaireacht agus miasa triúr cócairí mór le rá, Gay Bilson, Tony Bilson agus Janni Kyritsis.
Laochra Gael (OS & TS)
12:30
(S12/CL2)
Bhí James McCartan agus ina dhiaidh sin a mhac James óg i gcroílár chúrsaí peile an Dúin sna tréimhsí ab fhearr riamh ar éirigh leis an gcontae: sna 60idí agus sna 90idí. Bhí James ar fhoireann 'The Stars of the County Down' a bhuaigh Craobh na hÉireann dhá bhliain as a chéile i 1960 agus i 1961, foireann a chinntigh nach mbeadh cúrsaí peile i gcontae an Dúin ná i gCúige Uladh mar a chéile go brách arís. Mar a rinne a athair roimhe, bhuaigh James Óg é féin Craobh na hÉireann i 1991 agus i 1994. Cuirfear Maurice Hayes, Mick O'Dwyer, Ross Carr agus Jarlath Burns faoi agallamh ar an gclár.
The Gilmore Girls (TS)
13:05
(S1/CL7)
Sraith ghrinn drámaíochta. Níl Rory sásta a insint dá máthair gur phóg sí Dean. Iarrann Lorelai Dean chuig an teach. Náiríonn Lorelai Rory.
Weakest Link (TS)
14:00
(S8/CL11)
Sraith Tráth na gCeist ina bhféachfaidh 9 n-iomaitheoir leis an bpota óir a thabhairt abhaile leo. Cuirfear an t-iomaitheoir is measa, dar leis na hiomaitheoirí eile, abhaile ag deireadh gach babhta go dtí nach mbeidh ach duine amháin fanta chun an t-airgead a bhuachan. Á chur i láthair ag Anne Robinson.
Cúla 4 na nÓg
15:00
Mír do ghasúir réamhscoile atá i Cúla4 na nÓg a thosóidh gach maidin ag 7 a.m. go dtí an 10.00 am agus arís ag an 3p.m. i rith na seachtaine. I measc na gclár beidh Wanda and the Alien, Masha agus an Béar, QPootle, Olly an Veain Bheag Bhán agus Dinosaur Train agus neart eile.
Masha agus an Béar
15:02
(S2/CL23)
Ceannaíonn an Béar teilifís úrnua.
Masha agus an Béar
15:09
(S2/CL24)
Is sióg dhraíochtúil í Masha agus faigheann sí cultacha speisialta dá cairde do chóisir na Samhna.
PJ Masks
15:16
(S1/CL26)
Níl Catboy sásta a admháil go bhfuil sé místuama anocht.
Loopdidoo
15:28
(S5/CL3)
Féachann Loopdidoo le snámh a mhúineadh do Petunia.
Is Ait an Mac é Mús
15:35
(S1/CL7)
Caithfidh Jeaicín béile a réiteach don Mhéara ach tá an comhábhar is tábhachtaí imithe amú air.
Cat a' Hata (GS)
15:40
(S1/CL28)
Níl Nic in ann greim a choinneáil ar na barraí moncaí.
Cúla 4
15:55
Beidh Cúla 4 ar an aer ón 7 gach maidin agus ón 4 tráthnóna ó Luan go hAoine. I measc na gclár iontach a bheidh ar siúl, beidh Angelo Rules, Get Ace, Jungle Bunch, Camp Lakebottom, Dude that's my Ghost, Garfield agus neart eile.
Alvinnn !!! agus na Chipmunks
15:57
(S1/CL26)
Ceapann daoine gur diabhal Tasmánach é Alvin nuair a thugann sé cuairt ar an zú.
Dónall Dána (GS)
16:08
(S1/CL47)
Féachann Dónall le héalú as an rang. Ach an éireoidh leis?
Garfield (GS)
16:19
(S4/CL45)
Tugann an tUasal Spendington cuireadh do Liz chuig a theach áit a bhfuil zú príobháideach aige.
Jamie's Got Tentacles
16:32
(S1/CL3)
Caithfidh Jamie an domhan a scriosadh.
Spongebob Squarepants (GS)
16:43
(S9/CL21)
Tógann SpongeBob an t-aicearra chuig an obair ach téann sé amú.
Dochreidte Gan Dabht (GS)
16:55
(S3/CL8)
Seo é Dochreidte Gan Dabht, an clár ar a mbeidh na curiarrachtaí is aistí, is iontaí agus is dochreidte dá bhfaca tú riamh - beirt ag iarraidh an líon is mó cleas ar chlár uisce a dhéanamh taobh istigh de 60 soicind ina measc. Á chur i láthair ag Eoghan Ó Loideáin.
An Aimsir L�ithreach
17:25
(S21/CL14)
Aimsir r�igi�nach agus n�isi�nta.
Ros na Rún (OS & GS)
17:30
(S22/CL39)
Níl uaidh Réailtín ach a bheith mór agus dul chuig an dioscó ach meas tú an bhfuil sí réidh? Tá sí ag tabhairt a dhóthain le déanamh do Mhicheál agus tá sé maraithe le himní di ach tá a fhios ag Réailtín go maith leis an gcloigeann a imirt ar Mhicheál. Tá tuilleadh fadhbanna ag David agus Gráinne agus iad ag eagrú na bainise. Meas tú an bpósfaidh siad ar chor ar bith?
Weakest Link (TS)
18:00
(S8/CL11)
Sraith Tráth na gCeist ina bhféachfaidh 9 n-iomaitheoir leis an bpota óir a thabhairt abhaile leo. Cuirfear an t-iomaitheoir is measa, dar leis na hiomaitheoirí eile, abhaile ag deireadh gach babhta go dtí nach mbeidh ach duine amháin fanta chun an t-airgead a bhuachan. Á chur i láthair ag Anne Robinson.
An Aimsir L�ithreach
18:57
(S22/CL16)
Aimsir r�igi�nach agus n�isi�nta.
Nuacht TG4
19:00
Mórimeachtaí an lae ó Aonad Nuachta TG4.
Garraí Glas (OS)
19:30
(S3/CL13)
Tabharfaidh Síle cuairt ar Stiofán Ó Curráin i gCill Chiaráin a bhíonn ag cur meascán mór glasraí. Taispeánfaidh Anne McKeon dúinn conas do gharraí a ghlanadh ag deireadh an tséasúir agus cén chaoi len é a réiteach don tséasúr nua. Taispeánfaidh Klaus Laitenberger do Shíle le caiseal traidisiúnta prátaí a dhéanamh chun fataí a choinneáil ann don gheimhreadh. Déanfaidh Hans Wieland cabáiste a leasú agus fillfidh Síle ar Stiofán a inseoidh di faoi leigheasanna traidisiúnta.
Hup (OS & TS)
20:00
(S1/CL13)
Sraith ceoil thraidisiúnta. I mBéal na mBuillí i gcontae Ros Comáin áit a bhfuil féile an bhaile faoi lán seoil a bheimid an tseachtain seo. Tá sé 30 bliain ó d'eisigh fear Ros Comáin Matt Molloy agus an fidléir Seán Keane ó na Chieftains ceirnín leis an ngiotáraí Arty McGlynn, ceirnín dar teideal Contentment is Wealth agus seinnfidh an triúr laoch go speisialta dúinn anseo. Ceol & amhrán álainn ó John Carty agus a iníon Maggie, chomh maith le laochra fliúite an chontae Patsy Hanley, Tommy Guihan, John Carlos, mar aon le John Wynne. Scoth an cheoil & stíl Thuaisceart Chonnacht chun tosaigh.
Ros na Rún (OS & GS)
20:30
(S22/CL39)
Níl uaidh Réailtín ach a bheith mór agus dul chuig an dioscó ach meas tú an bhfuil sí réidh? Tá sí ag tabhairt a dhóthain le déanamh do Mhicheál agus tá sé maraithe le himní di ach tá a fhios ag Réailtín go maith leis an gcloigeann a imirt ar Mhicheál. Tá tuilleadh fadhbanna ag David agus Gráinne agus iad ag eagrú na bainise. Meas tú an bpósfaidh siad ar chor ar bith?
Geantraí (OS)
21:00
(S17/CL6)
An fliúiteadóir Joe Byrne a chuirfidh an clár seo i láthair as teach tábhairne The Merry Monk i mBéal an Átha, Co. Mhaigh Eo. I measc na gceoltóirí beidh Marianne Knight agus Michael Conboy, Stephen agus Tommy Doherty, Noel Kilkenny agus Kevin Corbett agus an t-amhránaí Dawn Doherty.
Glór Tíre (OS & TS)
21:30
(S14/CL2)
Sraith nua eile de Ghlór Tíre. Beidh seisear iomaitheoirí i dteannta Aoife Ní Thuairisg agus Phádraic Ó Neachtain agus gach duine acu ag iarraidh an duais mhór a thabhairt leo. John Creedon, Caitríona Ní Shúilleabháin agus Jó Ní Chéide a bheidh ag moltóireacht. Johnny Brady a bheidh ag casadh ar stáitse Ghlór Tíre an tseachtain seo. Cuirfidh Johnny a iomaitheoir féin in aithne dúinn freisin, Chantelle Padden. Seo a leanas sonraí vótála Chantelle Padden Glór 1: 1513 41510 1 / Glor1 to 53307; Glór 1: 0901 656610 1 / Glor1 to 60999.
Nashville (TS)
22:30
(S5/CL13)
Tá imní ar Juliette faoi dhul ar stáitse arís tar éis na timpiste eitleáin. Tá Bucky agus Zach in árach a chéile mar gheall ar Highway 65. Tugann Daphne cúnamh dá cara nua. Tugann Scarlett aghaidh ar Damien.
Friday Night Lights (TS)
23:20
(S2/CL1)
Tá scoilbhliain nua tosaithe agus airíonn na Panthers uathu an Cóitseálaí Taylor, ach ní hiad an fhoireann amháin a airíonn uathu é, tá cumha mór ar Tami agus a iníon ina dhiaidh.
An Aimsir L�ithreach
00:12
(S22/CL16)
An Aimsir N�isi�nta agus Idirn�isi�nta.
Fíorscéal (OS & TS)
00:15
(S18/CL16)
Clár faisnéise a chaithfidh súil siar ar na tubaistí nádúrtha ba mhó a tharla in 2017. Bhí go leor hairicíní móra san Atlantach in 2017 - Harvey, Irma agus Maria ina measc. Tharla tuile mhór i Meiriceá Theas agus crith talún tromchúiseach i Meicsiceo. Sa Phortaingéil, loisceadh go leor talamh foraoise. Scrios tíofún grád a 4 Madagascar agus leagadh go leor den bhonneagar go talamh. Rinneadh luach na mbilliún de dhamáiste.
France 24
01:20
Cainéal nuachta 24 uair an chloig na Fraince atá i France 24. Bíonn an clár á chraoladh beo as Páras. Tá 180 iriseoir ag an stáisiún ar fud an domhain mhóir a thugann tuairiscí cuimsitheacha agus cumasacha chuig an lucht féachana ar imeachtaí móra laethúla.