Baile » Sceideal » Sceideal Iomlán

Dé Céadaoin, Eanáir 17, 2018
France 24
France 24
05:30
 
Cainéal nuachta 24 uair an chloig na Fraince atá i France 24. Bíonn an clár á chraoladh beo as Páras. Tá 180 iriseoir ag an stáisiún ar fud an domhain mhóir a thugann tuairiscí cuimsitheacha agus cumasacha chuig an lucht féachana ar imeachtaí móra laethúla.

Cúla 4 na nÓg
Cúla 4 na nÓg
07:00
 
Mír do ghasúir réamhscoile atá i Cúla4 na nÓg a thosóidh gach maidin ag 7 a.m. go dtí an 10.00 am agus arís ag an 3p.m. i rith na seachtaine. I measc na gclár beidh Wanda and the Alien, Masha agus an Béar, QPootle, Olly an Veain Bheag Bhán agus Dinosaur Train agus neart eile.

Olivia (GS)
Olivia (GS)
07:02
(S1/CL37)
Téann Olivia ar thuras scoile chuig an uisceadán.

An Captaen Flinn agus na Foghlaithe Dineasár
An Captaen Flinn agus na Foghlaithe Dineasár
07:13
(S1/CL33)
Tá sé faighte amach ag an gcriú go bhfuil planda ar leith ann atá in ann blas níos deise a chur ar chustard Fhéasóg.

Astroblast! (GS)
Astroblast! (GS)
07:25
(S1/CL7)
Tá Comet an-tógtha leis an gCaptaen is Fearr Riamh agus tá sé ag iarraidh a bheith díreach cosúil leis.

Astroblast! (GS)
Astroblast! (GS)
07:37
(S1/CL8)
Iarrann Sputnik ar Comet aire a thabhairt dá planda beag Zorky fad agus atá sí imithe.

Olly an Veain Bheag Bhán
Olly an Veain Bheag Bhán
07:50
(S1/CL23)
Tá sé in am ag Eoinín dul ar ais ar scoil ach níl na leabhair nua faighte ag an scoil fós. Tugann Olly agus Stan cúnamh don Phríomhoide Tabitha na leabhair a bhailiú.

Olly an Veain Bheag Bhán
Olly an Veain Bheag Bhán
07:55
(S1/CL24)
Leagann Bazza túr an raidió trí thimpiste agus bíonn ar DJ Cáit áit nua a fháil lena clár a chraoladh go dtí go mbeidh caoi ar an túr arís.

Dora (GS)
Dora (GS)
08:00
(S8/CL4)
Tugann Dora agus Bróigín cúnamh an damáiste a rinne na tuilte a ghlanadh suas in am do chóisir Verde.

Tractor Tom
Tractor Tom
08:25
(S1/CL14)
Tá Whinny in ísle brí ach tá a fhios ag Tom le gáire a bhaint aisti!

Balloon Barnyard
Balloon Barnyard
08:36
(S1/CL24)
Tá na hasail ag léamh leabhar faoi shárlaochra ach an dteastaíonn uatha duine ar bith a shábháil?

Dot
Dot
08:45
(S1/CL8)
Tagann madraí an bhaile tigh Dot.

Masha agus an Béar
Masha agus an Béar
08:56
(S1/CL9)
Tá an Béar ag iarraidh breathnú ar an gcluiche mór ar an teilifís ach tá pleananna eile ag Masha.

Messy, Seo Linn go Okido
Messy, Seo Linn go Okido
09:03
(S1/CL18)
Tá Messy ag súil go mór le Lá Nollag. Faigheann sé amach go bhfuil oíche mhaith codlata thar a bheith tábhachtach.

Cat a' Hata (GS)
Cat a' Hata (GS)
09:15
(S1/CL21)
Tá Sailí agus Nic ag ligean orthu féin go bhfuil siad ag eitilt. Nach mbeadh sé iontach dá mbeidís in ann eitilt ar nós na n-éan?

Ainmhithe Beaga sa bhFiántas (OS & TS)
Ainmhithe Beaga sa bhFiántas (OS & TS)
09:30
(S1/CL15)
Caithfimid súil ar mar a chaitheann ainmhithe óga na hAstráile an mhaidin.

The Waltons (TS)
The Waltons (TS)
10:00
(S6/CL10)
Déanann Arm na Stát Aontaithe ionradh ar Shliabh Walton agus iad i mbun cleachtaidh. Díolann Olivia a cuid pictiúr uilig le fear uasal mistéireach.

The Waltons (TS)
The Waltons (TS)
10:56
(S6/CL11)
Éiríonn Jim Bob mór le buachaill a deir go bhfuil sé ag dul san Aerchór. Deir Elizabeth gurb í Maud a mamó anois agus bíonn meannán ag Myrtle an gabhar.

The Cook & The Chef (TS)
The Cook & The Chef (TS)
11:55
(S4/CL14)
Sraith cócaireachta. Réiteoidh Maggie agus Simon miasa as an nGréig inniu. Ullmhóidh siad gabhar fulachta, souvlaki agus ochtapas.. Réiteoidh siad milseoga áille as an nGréig freisin.

Garraí Glas (OS)
Garraí Glas (OS)
12:30
(S3/CL13)
Tabharfaidh Síle cuairt ar Stiofán Ó Curráin i gCill Chiaráin a bhíonn ag cur meascán mór glasraí. Taispeánfaidh Anne McKeon dúinn conas do gharraí a ghlanadh ag deireadh an tséasúir agus cén chaoi len é a réiteach don tséasúr nua. Taispeánfaidh Klaus Laitenberger do Shíle le caiseal traidisiúnta prátaí a dhéanamh chun fataí a choinneáil ann don gheimhreadh. Déanfaidh Hans Wieland cabáiste a leasú agus fillfidh Síle ar Stiofán a inseoidh di faoi leigheasanna traidisiúnta.

The Gilmore Girls (TS)
The Gilmore Girls (TS)
13:05
(S1/CL8)
Sraith ghrinn drámaíochta. Caitheann Lorelai an lá in éineacht le Max agus bíonn an-lá acu. Tá Rory sáinnithe tigh Mhamó agus Dhaideo ag an sneachta. Tugann Lane cuairt ar Rory mar go n-airíonn sí uaithi í.

Weakest Link (TS)
Weakest Link (TS)
14:00
(S8/CL12)
Sraith Tráth na gCeist ina bhféachfaidh 9 n-iomaitheoir leis an bpota óir a thabhairt abhaile leo. Cuirfear an t-iomaitheoir is measa, dar leis na hiomaitheoirí eile, abhaile ag deireadh gach babhta go dtí nach mbeidh ach duine amháin fanta chun an t-airgead a bhuachan. Á chur i láthair ag Anne Robinson.

Cúla 4 na nÓg
Cúla 4 na nÓg
15:00
 
Mír do ghasúir réamhscoile atá i Cúla4 na nÓg a thosóidh gach maidin ag 7 a.m. go dtí an 10.00 am agus arís ag an 3p.m. i rith na seachtaine. I measc na gclár beidh Wanda and the Alien, Masha agus an Béar, QPootle, Olly an Veain Bheag Bhán agus Dinosaur Train agus neart eile.

Masha agus an Béar
Masha agus an Béar
15:02
(S2/CL25)
Déanann Masha agus an Panda ninja díobh féin le ceacht a mhúineadh don Bhéar dubh dána.

Masha agus an Béar
Masha agus an Béar
15:09
(S2/CL26)
Tá Masha ag fáil mór agus caithfidh sí féin agus Béar slán a fhágáil ag a chéile.

PJ Masks
PJ Masks
15:16
(S1/CL27)
Tá gaisce ag Catboy agus ag Gekko anocht. Ní thuigeann siad go bhfuil siad ag cur as d'Owlette.

Wissper
Wissper
15:28
(S1/CL5)
Tá luch coinnithe sa teach ag Wissper ach tá an ghráin ag Mama uirthi.

Is Ait an Mac é Mús
Is Ait an Mac é Mús
15:35
(S1/CL8)
Caithfidh Jeaicín pianó a thabhairt go dtí an ceoláras ar a chlár scátála.

Cat a' Hata (GS)
Cat a' Hata (GS)
15:40
(S1/CL29)
Tá balún Shailí i bhfostú sa chrann agus níl sí féin ná Nic in ann léim sách ard len é a fháil.

Cúla 4
Cúla 4
15:55
 
Beidh Cúla 4 ar an aer ón 7 gach maidin agus ón 4 tráthnóna ó Luan go hAoine. I measc na gclár iontach a bheidh ar siúl, beidh Angelo Rules, Get Ace, Jungle Bunch, Camp Lakebottom, Dude that's my Ghost, Garfield agus neart eile.

Alvinnn !!! agus na Chipmunks
Alvinnn !!! agus na Chipmunks
15:57
(S1/CL27)
Caithfidh Alvin cúrsa ar bhéasa a dhéanamh sula mbeidh sé in ann casadh leis an mbanphrionsa Cáit.

Dónall Dána (GS)
Dónall Dána (GS)
16:08
(S1/CL48)
Caithfidh Dónall Plásáinín a aimsiú nuair a théann sé ar iarraidh.

Garfield (GS)
Garfield (GS)
16:19
(S4/CL46)
Piocann Angie suas Liz agus Jon ag an aerfort agus téann siad díreach chuig teach Armstrong.

Winston Steinburger & Sir Dudley Ding Dong
Winston Steinburger & Sir Dudley Ding Dong
16:32
(S1/CL24)
Faigheann Ham áit i gclub idir-réaltrach rúnda na gcaomhnóirí.

Fangbone
Fangbone
16:43
(S1/CL47)
Tar éis roinnt droch-chomharthaí, titeann claíomh Dhroimchloiche ón spéir.

Whiz sa Chistin (GS)
Whiz sa Chistin (GS)
16:55
(S1/CL32)
Seó cluichí é Whiz sa Chistin atá bunaithe ar bhia. Beidh ceathrar leanaí sa chistin ar gach clár agus beidh a fhios againn cé chomh maith is atá said sa chistin nuair a chaithfidh siad tabhairt faoi dhúshlán bia agus ceisteanna go leor a fhreagairt. Ar chlár an lae inniu tabharfaidh Neasa agus Tomás aghaidh ar Anna agus ar Mháire.

An Aimsir Láithreach
An Aimsir Láithreach
17:25
(S21/CL15)
Aimsir réigiúnach agus náisiúnta.

The Foster & Allen Show
The Foster & Allen Show
17:30
(S3/CL4)
Sraith eile ceoil agus siamsaíochta i dteannta Mick Foster agus Tony Allen. Sa chlár seo feicfimid Mick agus Tony ag casadh i stiúideonna TG4 agus físeáin a taifeadadh san Iarmhí, in Aontroim agus i mBaile Átha Cliath. Á chur i láthair ag an gcraoltóir mór le rá Gloria Hunniford.

Weakest Link (TS)
Weakest Link (TS)
18:00
(S8/CL12)
Sraith Tráth na gCeist ina bhféachfaidh 9 n-iomaitheoir leis an bpota óir a thabhairt abhaile leo. Cuirfear an t-iomaitheoir is measa, dar leis na hiomaitheoirí eile, abhaile ag deireadh gach babhta go dtí nach mbeidh ach duine amháin fanta chun an t-airgead a bhuachan. Á chur i láthair ag Anne Robinson.

An Aimsir Láithreach
An Aimsir Láithreach
18:57
(S22/CL17)
Aimsir réigiúnach agus náisiúnta.

Nuacht TG4
Nuacht TG4
19:00
 
Mórimeachtaí an lae ó Aonad Nuachta TG4.

Gafa ar Cheamara (OS & TS)
Gafa ar Cheamara (OS & TS)
19:30
(S5/CL2)
Sraith fiadhúlra a léireoidh iontais an dúlra ar fud na cruinne. Tabharfar léiriú neamhghnách ar fhiadhúlra ó phictiúir agus ó scannáin a thóg lucht gairmiúil agus gnáthdhaoine a bhí san áit cheart ag an am ceart.

Stair na mBannaí Céilí (OS & GS)
Stair na mBannaí Céilí (OS & GS)
20:30
(S1/CL2)
Sraith ar stair na mbannaí céilí in Éirinn. Leis an mborradh a bhí faoi dhamhsa céilí sna 30idí tugadh isteach an tAcht um Hallaí Rince Poiblí, 1935. Tá bannaí ceoil an lae inniu ag ullmhú don Fhleadh Cheoil agus iad faoi bhrú ag iarraidh Craobh na hÉireann a bhaint amach.

Geantraí (OS)
Geantraí (OS)
21:00
(S17/CL7)
An fidléir Dónall Donnelly a chuirfidh an clár seo i láthair as teach tábhairne Hayden's, An Charraig i gCo. Thír Eoghain. Beidh Cathal Hayden agus Stephen Hayden, an grúpa Reel It In agus an t-amhránaí Cathal O'Neill i measc a chuid aíonna.

Filleadh ar an Teampall Mór (OS & TS)
Filleadh ar an Teampall Mór (OS & TS)
21:30
 
Clár faisnéise ar Choláiste na nGardaí sa Teampall Mór. I 1964 bhog ionad oiliúna na nGardaí as Páirc an Fhionnuisce go dtí an Teampall Mór. Le ceiliúradh a dhéanamh ar an gcaoga bliain ó d'oscail an t-ionad, d'fhill na daoine a cháiligh mar Ghardaí i 1964 ar an Teampall Mór agus inseoidh siad dúinn mar a bhí an saol acu ina ngardaí ó shin. Bhí roinnt de na gardaí sin ag obair ar chuid de na cásanna is mó cainte sa tír. Bhí duine acu ina Choimisinéir ar na Gardaí fiú! Déanfaidh siad cur síos ar mar a bhí agus mar atá an saol ag na Gardaí.

Survivor: Millennials vs. Gen X (OS & TS)
Survivor: Millennials vs. Gen X (OS & TS)
22:30
(S33/CL2)
Tá iomaitheoir amháin an-tógtha le duine eile de na hiomaitheoirí. Caitear cóir leighis a chur ar iomaitheoir eile mar go bhfuil sé maraithe ag an teas.

An Aimsir Láithreach
An Aimsir Láithreach
23:23
(S22/CL17)
An Aimsir Náisiúnta agus Idirnáisiúnta.

Rita Coolidge Ar Stáitse
Rita Coolidge Ar Stáitse
23:25
(S3/CL2)
Rita Coolidge ar stáitse ag Siamsa Cois Laoi i 1983. Casfaidh sí 'We're All Alone', 'Words' agus 'Higher and Higher'.

Scór Encore (OS)
Scór Encore (OS)
23:55
(S1/CL2)
Beidh 8 iomaitheoir eile ar stáitse anocht agus iad ar fad ag iarraidh a bheith ar Shiamsóirí Óga na Bliana TG4. Cé a bheidh in ann dul i gcion ar na moltóirí lena gcuid ceoil, amhrán agus damhsa?

Dáil Éireann
Dáil Éireann
00:55
(S18/CL27)
Craoladh ar imeachtaí na maidine de riar na hoibre i nDáil Éireann.

France 24
France 24
01:20
 
Cainéal nuachta 24 uair an chloig na Fraince atá i France 24. Bíonn an clár á chraoladh beo as Páras. Tá 180 iriseoir ag an stáisiún ar fud an domhain mhóir a thugann tuairiscí cuimsitheacha agus cumasacha chuig an lucht féachana ar imeachtaí móra laethúla.

Dé Céadaoin, Eanáir 17, 2018
Níl TG4 freagrach as an ábhar ar Shuíomh Gréasáin seachtrach ar bith