Baile » Sceideal » Sceideal Iomlán

Déardaoin, Eanáir 18, 2018
France 24
France 24
05:30
 
Cainéal nuachta 24 uair an chloig na Fraince atá i France 24. Bíonn an clár á chraoladh beo as Páras. Tá 180 iriseoir ag an stáisiún ar fud an domhain mhóir a thugann tuairiscí cuimsitheacha agus cumasacha chuig an lucht féachana ar imeachtaí móra laethúla.

Cúla 4 na nÓg
Cúla 4 na nÓg
07:00
 
Mír do ghasúir réamhscoile atá i Cúla4 na nÓg a thosóidh gach maidin ag 7 a.m. go dtí an 10.00 am agus arís ag an 3p.m. i rith na seachtaine. I measc na gclár beidh Wanda and the Alien, Masha agus an Béar, QPootle, Olly an Veain Bheag Bhán agus Dinosaur Train agus neart eile.

Olivia (GS)
Olivia (GS)
07:02
(S1/CL38)
Cothrom an lae inniu a phós tuismitheoirí Olivia agus tá siad ag dul chuig béile speisialta i mbialann.

An Captaen Flinn agus na Foghlaithe Dineasár
An Captaen Flinn agus na Foghlaithe Dineasár
07:13
(S1/CL34)
Tá na foghlaithe sáinnithe i mbuidéal. An mbeidh Flinn agus a chriú in ann teacht i gcabhair orthu?

Astroblast! (GS)
Astroblast! (GS)
07:25
(S1/CL9)
Tá seó tallainne le bheith ar an spáslong inniu.. ach níl a fhios ag cuid acu cén tallann atá acu.

Astroblast! (GS)
Astroblast! (GS)
07:37
(S1/CL10)
Inniu breithlá Sputnik agus tá a cairde ag iarraidh bronntanas iontach a fháil di.

Olly an Veain Bheag Bhán
Olly an Veain Bheag Bhán
07:50
(S1/CL25)
Tá Comórtas na mBláthanna ar siúl i bPlimpán ach rinne Stan dearmad glan air. An mbeidh sé féin agus Olly in ann rud éigin a réiteach in am don chomórtas?

Olly an Veain Bheag Bhán
Olly an Veain Bheag Bhán
07:55
(S1/CL26)
An tUasal de Hainc a bheidh ina mholtóir ar chomórtas ealaíne Phlimpáin.

Dora (GS)
Dora (GS)
08:00
(S8/CL5)
Rachaidh Dora agus Perrito chuig an Loch Mór chun Bróigín a thabhairt slán.

Tractor Tom
Tractor Tom
08:25
(S1/CL15)
Bíonn Mo thar a bheith sásta nuair a deir Fi léi go bhfuil go leor cairde aici ar an bhfeirm.

Balloon Barnyard
Balloon Barnyard
08:36
(S1/CL25)
Breithlá Cud atá ann agus tá na hasail ag iarraidh cóisir a eagrú di.

Dot
Dot
08:45
(S1/CL9)
Tabharfaidh Dot cúnamh do Hal líomanáid a dhíol.

Masha agus an Béar
Masha agus an Béar
08:56
(S1/CL10)
Thaitneodh le Masha a bheith in ann scátáil ach níl aon duine ann chun é a mhúineadh di mar go bhfuil an Béar tite ina chodladh.

Peg & Cat
Peg & Cat
09:03
(S3/CL4)
Teastaíonn péint chorcra nua ó na healaíontóirí iomráiteacha Peg Casso agus Vincent Van Goo (Cat) don saothar breá atá ar bun acu.

Cat a' Hata (GS)
Cat a' Hata (GS)
09:15
(S1/CL22)
Tá Sailí, Nic agus an Cat ag iarraidh eitleog a chur ag eitilt ach níl sé sách gaofar.

Ainmhithe Beaga sa bhFiántas (OS & TS)
Ainmhithe Beaga sa bhFiántas (OS & TS)
09:30
(S1/CL16)
Caithfimid súil ar mar a chaitheann ainmhithe óga na hAstráile an tráthnóna.

The Waltons (TS)
The Waltons (TS)
10:00
(S6/CL12)
Tá an cogadh ag teannadh le Sliabh Walton. Lorgaíonn beirt dílleachta tearmann ón blitzkrieg Gearmánach.

The Waltons (TS)
The Waltons (TS)
10:58
(S6/CL13)
Is í an Nollaig í i Sliabh Walton ach is ag réiteach don chogadh atá gach duine.

The Cook & The Chef (TS)
The Cook & The Chef (TS)
11:55
(S4/CL15)
Sraith cócaireachta. Caithfidh Maggie agus Simon súil siar 150 bliain go dtí tréimhse a mbíodh bia á roinnt ar oibrithe agus léireoidh an tábhacht a bhí le feoil ag an am.

Bliain in Árainn Mhór (OS & TS)
Bliain in Árainn Mhór (OS & TS)
12:30
(S3/CL2)
Sraith faisnéise ar an saol mar a bhí agus atá anois ar an dara oileán is mó a bhfuil cónaí air in Éirinn - Árainn Mhór i nDún na nGall. Caitheadh bliain ag taifeadadh na sraithe seo ina léireofar ann saol na n-oileánach féin agus saol na ndaoine a tháinig chun cónaithe ann. San earrach agus i dtús an tsamhraidh a taifeadadh an clár seo agus feicfimid muintir an oileáin ag ceiliúradh roinnt de na himeachtaí móra a bhíonn ar siúl gach bliain ar an oileán agus iad ag fáil faoi réir do na trí mhí is gnóthaí den bhliain.

The Gilmore Girls (TS)
The Gilmore Girls (TS)
13:05
(S1/CL9)
Sraith ghrinn drámaíochta. Iarrann beirt bhuachaillí Rory chuig damhsa na scoile ach eitíonn sí an bheirt agus téann ann in éineacht le Dean. Tarraingíonn sin caint idir Dean agus na buachaillí. Titeann Dean agus Rory ina gcodladh i stiúideo damhsa Mháistreás Patty. Téann Rory abhaile a luaithe agus a dhúisíonn siad ach tagann ar a máthair agus ar a seanmháthair agus iad in árach a chéile. Cuid a haon de chlár dhá chuid.

Weakest Link (TS)
Weakest Link (TS)
14:00
(S8/CL13)
Sraith Tráth na gCeist ina bhféachfaidh 9 n-iomaitheoir leis an bpota óir a thabhairt abhaile leo. Cuirfear an t-iomaitheoir is measa, dar leis na hiomaitheoirí eile, abhaile ag deireadh gach babhta go dtí nach mbeidh ach duine amháin fanta chun an t-airgead a bhuachan. Á chur i láthair ag Anne Robinson.

Cúla 4 na nÓg
Cúla 4 na nÓg
15:00
 
Mír do ghasúir réamhscoile atá i Cúla4 na nÓg a thosóidh gach maidin ag 7 a.m. go dtí an 10.00 am agus arís ag an 3p.m. i rith na seachtaine. I measc na gclár beidh Wanda and the Alien, Masha agus an Béar, QPootle, Olly an Veain Bheag Bhán agus Dinosaur Train agus neart eile.

Masha agus an Béar
Masha agus an Béar
15:02
(S1/CL1)
Castar Masha agus an Béar ar a chéile den chéad uair.

Masha agus an Béar
Masha agus an Béar
15:09
(S1/CL2)
Tá an Béar ag iarraidh codladh ar feadh an gheimhridh ach ní tharlóidh sé sin agus Masha timpeall air!

PJ Masks
PJ Masks
15:16
(S1/CL28)
Tá Owlette ag iarraidh peata, ach an bhfuil sí réidh le ceann a fháil?

Loopdidoo
Loopdidoo
15:28
(S5/CL4)
Múinfidh Petunia agus Basil na rialacha a bhaineann le druil dóiteáin do Loopdidoo, Oodles agus Gwendolyn.

Is Ait an Mac é Mús
Is Ait an Mac é Mús
15:35
(S1/CL9)
Féachann Jeaicín le cúnamh a thabhairt don chailleach titim ina codladh sa chaoi is go dtabharfaidh sí síob dó ar a scuab caillí.

Cat a' Hata (GS)
Cat a' Hata (GS)
15:40
(S1/CL30)
Tá Nic agus Sailí ag iarraidh pictiúir a tharraingt d'fhéileacán ach níl siad in ann dul sách gar dó. Tabharfaidh an Cat na gasúir chun casadh le Malachaí an spadán.

Cúla 4
Cúla 4
15:55
 
Beidh Cúla 4 ar an aer ón 7 gach maidin agus ón 4 tráthnóna ó Luan go hAoine. I measc na gclár iontach a bheidh ar siúl, beidh Angelo Rules, Get Ace, Jungle Bunch, Camp Lakebottom, Dude that's my Ghost, Garfield agus neart eile.

Alvinnn !!! agus na Chipmunks
Alvinnn !!! agus na Chipmunks
15:57
(S1/CL28)
Tá Alvin agus Theodore ag ceapadh go bhfuil Simon le cur chuig scoil chónaithe agus tá siad ar a ndícheall ag iarraidh é a choinneáil sa mbaile.

Dónall Dána (GS)
Dónall Dána (GS)
16:08
(S1/CL49)
Féachann Dónall le Learaí a fháil i dtrioblóid.

Garfield (GS)
Garfield (GS)
16:19
(S4/CL47)
Caithfidh Odie agus Garfield aire a thabhairt don eitleán rud a chiallaíonn go mbeidh orthu fanacht taobh amuigh thar oíche. Tá Jon agus Liz maraithe le himní fúthu.

Jamie's Got Tentacles
Jamie's Got Tentacles
16:32
(S1/CL4)
Tá Jamie ag iarraidh bronntanas speisialta a thabhairt d'athair Erwin.

Spongebob Squarepants (GS)
Spongebob Squarepants (GS)
16:43
(S9/CL22)
Tabharfaidh an tUasal Krabs ceachtanna tiomána do SpongeBob.

Dochreidte Gan Dabht (GS)
Dochreidte Gan Dabht (GS)
16:55
(S4/CL1)
Seo é Dochreidte Gan Dabht, an clár ar a mbeidh na curiarrachtaí is aistí, is iontaí agus is dochreidte dá bhfaca tú riamh. Féachfaidh Chloe Bruce le curiarracht a bhaint amach leis an líon is mó ciceanna scairpe i nóiméad amháin a dhéanamh. Á chur i láthair ag Eoghan Ó Loideáin.

Dochreidte Gan Dabht (GS)
Dochreidte Gan Dabht (GS)
17:10
(S4/CL2)
Seo é Dochreidte Gan Dabht, an clár ar a mbeidh na curiarrachtaí is aistí, is iontaí agus is dochreidte dá bhfaca tú riamh. Féachfaidh madra le curiarracht a bhaint amach ag imirt peile do mhadraí. Á chur i láthair ag Eoghan Ó Loideáin.

An Aimsir Láithreach
An Aimsir Láithreach
17:25
(S21/CL16)
Aimsir réigiúnach agus náisiúnta.

Ros na Rún (OS & GS)
Ros na Rún (OS & GS)
17:30
(S22/CL40)
Tá Sonia go dona tinn san ospidéal agus tá Sam, Pádraig agus a deirfiúr Helen ag fanacht ina haice go ndúiseoidh sí. Níl aon amhras ach gur maith le Bobbi Lee an chúlchaint! An bhfuil a fhios aici faoina bhfuil ar bun idir Tadhg agus Frances? Caithfidh Gráinne clár raidió a chur i láthair. Ach an mbeidh suim ag aon duine sa méid a bheidh le rá aici?

Weakest Link (TS)
Weakest Link (TS)
18:00
(S8/CL13)
Sraith Tráth na gCeist ina bhféachfaidh 9 n-iomaitheoir leis an bpota óir a thabhairt abhaile leo. Cuirfear an t-iomaitheoir is measa, dar leis na hiomaitheoirí eile, abhaile ag deireadh gach babhta go dtí nach mbeidh ach duine amháin fanta chun an t-airgead a bhuachan. Á chur i láthair ag Anne Robinson.

An Aimsir Láithreach
An Aimsir Láithreach
18:57
(S22/CL18)
Aimsir réigiúnach agus náisiúnta.

Nuacht TG4
Nuacht TG4
19:00
 
Mórimeachtaí an lae ó Aonad Nuachta TG4.

Turas Húicéara (OS & TS)
Turas Húicéara (OS & TS)
19:30
(S1/CL2)
Leanfaidh an triúr bádóirí as Conamara lena dturas millteach mara ar bord húicéara ar thóir a gcine dúchais, na Gaeil. Tá siad tar éis aithne a chur ar Ghaeil Mhanainn agus anois tabharfaidh siad a n-aghaidh ar cheanncheathrú ársa Dhál Riata ar bhruach Chanáil Chrianáin na hAlban.

Tríd an Lionsa (OS & TS)
Tríd an Lionsa (OS & TS)
20:00
(S2/CL2)
Sraith a thugann léargas ar an saibhreas breá atá sna taiscí cartlainne de ghrianghraif a tógadh sa tír sa tréimhse ó 1880-1902, luath-laethanta ré na grianghrafadóireachta in Éirinn. Á chur i láthair ag an Dr. Úna Ní Bhroiméil. Caithfear súil sa chlár seo ar cheann de na bailiúcháin portráidí is mó sa tír - Grianghraif na bPríosúnach sa Chartlann Náisiúnta. Tugann na grianghraif léargas ar na fir agus na mná a bhí sa phríosún ag an am, go leor acu nach raibh ach coireanna fánacha déanta acu. Duine acu sin é Sam Hale as Béal Feirste a chaith formhór a shaoil isteach agus amach as an bpríosún.

Ros na Rún (OS & GS)
Ros na Rún (OS & GS)
20:30
(S22/CL40)
Tá Sonia go dona tinn san ospidéal agus tá Sam, Pádraig agus a deirfiúr Helen ag fanacht ina haice go ndúiseoidh sí. Níl aon amhras ach gur maith le Bobbi Lee an chúlchaint! An bhfuil a fhios aici faoina bhfuil ar bun idir Tadhg agus Frances? Caithfidh Gráinne clár raidió a chur i láthair. Ach an mbeidh suim ag aon duine sa méid a bheidh le rá aici?

Geantraí (OS)
Geantraí (OS)
21:00
(S17/CL8)
An seinnteoir consairtín Holly Geraghty a chuirfidh an clár seo i láthair as teach tábhairne Dolan i gCathair Luimnigh. I measc na gceoltóirí beidh na boscadóirí Graham Wells agus Brian O'Leary, Jonathon Roche agus Matt Griffin agus an t-amhránaí Elaine Cormican.

Taithí gan Teorainn (OS & TS)
Taithí gan Teorainn (OS & TS)
21:30
(S1/CL2)
Rachaidh Rónán Ó Siochrú agus Ann Martin, feirmeoirí as Ciarraí, chuig an gCirgeastáin san Áise Láir chun dul ag obair ina n-aoirí agus ina bhfeirmeoirí fánaíochta. Caithfidh siad dul ag obair ar fheirm nach bhfuil leictreachas ná uisce reatha ar bith uirthi agus a yurt féin a thógáil. Caithfidh Rónán, nach raibh ar dhroim capaill riamh, na capaill agus na beithígh a chruinniú. Caithfidh Ann, a bhfuil cleachtadh maith aici ar mharcaíocht, fanacht sa mbaile ag cócaireacht agus ag tabhairt aire do na gasúir. Féachfaidh Ann agus Rónán le caoirigh a dhíol ag an margadh is gnóthaí sa tír.

Fíorscéal (OS & TS)
Fíorscéal (OS & TS)
22:30
(S18/CL17)
Clár faisnéise ar mhasaif charastach Lengguru in Iarthar Phapua san Aigéan Indiach. Tharla an mhasaif nuair a shleamhnaigh plátaí teicteonacha isteach ina chéile de bharr crith talún 11 milliún bliain ó shin. Ó tharla go raibh sé rídheacair dul go dtí é tá feithidí, dúlra agus éiceachóras dá chuid féin ann. Féachfar sa chlár seo ar an turas taiscéalaíochta eolaíoch is tábhachtaí a rinneadh i bPapua riamh nuair a chaith taighdeoirí as an Eoraip agus as an Indinéis seachtainí ag taiscéalaíocht ann.

An Aimsir Láithreach
An Aimsir Láithreach
23:35
(S22/CL18)
An Aimsir Náisiúnta agus Idirnáisiúnta.

Scannán: The Convenient Groom (TS)
Scannán: The Convenient Groom (TS)
23:40
 
(2016, Scannán grinn) Vanessa Marcil, David Sutcliffe agus Karen Holness na príomhaisteoirí sa scannán seo faoi stiúir David Winning. Nuair a fhaigheann comhairleoir mór le rá póstaí amach nach bhfuil an fear a bhí sí ag dul a phósadh ag iarraidh í a phósadh socraíonn sí fear eile a fháil ionas nach mbeidh sí náirithe.

Dáil Éireann
Dáil Éireann
01:15
(S18/CL28)
Craoladh ar imeachtaí na maidine de riar na hoibre i nDáil Éireann.

France 24
France 24
01:40
 
Cainéal nuachta 24 uair an chloig na Fraince atá i France 24. Bíonn an clár á chraoladh beo as Páras. Tá 180 iriseoir ag an stáisiún ar fud an domhain mhóir a thugann tuairiscí cuimsitheacha agus cumasacha chuig an lucht féachana ar imeachtaí móra laethúla.

Déardaoin, Eanáir 18, 2018
Níl TG4 freagrach as an ábhar ar Shuíomh Gréasáin seachtrach ar bith