Baile » Sceideal » Sceideal Iomlán

Dé hAoine, Eanáir 19, 2018
France 24
France 24
05:30
 
Cainéal nuachta 24 uair an chloig na Fraince atá i France 24. Bíonn an clár á chraoladh beo as Páras. Tá 180 iriseoir ag an stáisiún ar fud an domhain mhóir a thugann tuairiscí cuimsitheacha agus cumasacha chuig an lucht féachana ar imeachtaí móra laethúla.

Cúla 4 na nÓg
Cúla 4 na nÓg
07:00
 
Mír do ghasúir réamhscoile atá i Cúla4 na nÓg a thosóidh gach maidin ag 7 a.m. go dtí an 10.00 am agus arís ag an 3p.m. i rith na seachtaine. I measc na gclár beidh Wanda and the Alien, Masha agus an Béar, QPootle, Olly an Veain Bheag Bhán agus Dinosaur Train agus neart eile.

Olivia (GS)
Olivia (GS)
07:02
(S1/CL39)
Téann Olivia ar thuras go dtí an iarsmalann lena muintir. Bíonn sí chomh tógtha sin leis go socraíonn sí féin a bheith ina healaíontóir.

An Captaen Flinn agus na Foghlaithe Dineasár
An Captaen Flinn agus na Foghlaithe Dineasár
07:13
(S1/CL35)
Feiceann an Captaen Flinn lasc sa phluais nach bhfuil sé ceapadh a tharraingt.

Astroblast! (GS)
Astroblast! (GS)
07:25
(S1/CL11)
Féachann Sputnik le turas iontach a eagrú dá cara Glippi. Tá sí ag teacht ar cuairt den chéad uair riamh.

Astroblast! (GS)
Astroblast! (GS)
07:37
(S1/CL12)
Faigheann Comet bréagán speisialta ar an bpost. Ní thugann Radar aird ar bith air nuair a deir sé leis gan lámh a leagan ar an mbréagán.

Olly an Veain Bheag Bhán
Olly an Veain Bheag Bhán
07:50
(S1/CL27)
Ní bhíonn aon cheo le déanamh ag na leanaí fad is a bhíonn Stan agus Alice ag obair sa gharraí agus mar sin eagraíonn Olly tóraíocht taisce dóibh.

Olly an Veain Bheag Bhán
Olly an Veain Bheag Bhán
07:55
(S1/CL28)
Tá an Feirmeoir Dan chun tarracóir nua a fháil ar iasacht ach an gcaillfidh Jethro bocht a phost?

Dora (GS)
Dora (GS)
08:00
(S8/CL6)
Tá Dora ag iarraidh doras rúnda na foraoise a aimsiú chun teacht ar an bpáirc siamsaíochta.

Tractor Tom
Tractor Tom
08:25
(S1/CL16)
Tá drochbhail ar fhear bréige Fi. Tá an t-ádh uirthi go bhfuil Tom thart chun ceann nua a dhéanamh.

Balloon Barnyard
Balloon Barnyard
08:36
(S1/CL26)
Oíche Shamhna atá ann ach tá faitíos ar Fraidy Francach dul chuig an gcóisir.

Dot
Dot
08:45
(S1/CL10)
Tá Dot ag iarraidh go mbeidh madra ag a madra féin!

Masha agus an Béar
Masha agus an Béar
08:56
(S1/CL11)
Tá mí Mheán Fómhair linn agus tá na gasúir ag filleadh ar an scoil. Tá Masha í féin ag iarraidh dul ar scoil. Iarrann sí ar an mBéar ceann a dhéanamh di.

Messy, Seo Linn go Okido
Messy, Seo Linn go Okido
09:03
(S1/CL19)
Laghdaíonn Zim Messy agus a chairde sa chaoi is go mbeidh siad in ann ciorcad atá briste a dheisiú.

Cat a' Hata (GS)
Cat a' Hata (GS)
09:15
(S1/CL23)
Tá Nic agus Sailí le seó a chur ar siúl dá máithreacha ach níl siad in ann an seó a chríochnú gan titim!

Ainmhithe Beaga sa bhFiántas (OS & TS)
Ainmhithe Beaga sa bhFiántas (OS & TS)
09:30
(S1/CL17)
Caithfimid súil ar mar a chaitheann ainmhithe óga féaraigh an mhaidin.

The Waltons (TS)
The Waltons (TS)
10:00
(S6/CL14)
Caithfidh Olivia dul i ngleic leis an athrú saoil.

The Waltons (TS)
The Waltons (TS)
10:58
(S6/CL15)
Níl muintir Walton i bhfiacha níos mó a bhuíochas d'obair chrua. Ba mhaith le Corabeth go bpósfadh an seanmóirí nua óg.

The Cook & The Chef (TS)
The Cook & The Chef (TS)
11:55
(S4/CL16)
Sraith cócaireachta. Clár in onóir do Shannon Bennett, cócaire óg i Melbourne a bhfuil a bialann ar cheann de na bialanna is fearr ar domhan ó thaobh bhia na Fraince de. Réiteoidh Maggie agus Simon stéig tartare agus uaineoil a bheidh cócaráilte go mall, mús seacláide agus croustillant cainche agus prúnaí.

Stair na mBannaí Céilí (OS & GS)
Stair na mBannaí Céilí (OS & GS)
12:30
(S1/CL2)
Sraith ar stair na mbannaí céilí in Éirinn. Leis an mborradh a bhí faoi dhamhsa céilí sna 30idí tugadh isteach an tAcht um Hallaí Rince Poiblí, 1935. Tá bannaí ceoil an lae inniu ag ullmhú don Fhleadh Cheoil agus iad faoi bhrú ag iarraidh Craobh na hÉireann a bhaint amach.

The Gilmore Girls (TS)
The Gilmore Girls (TS)
13:05
(S1/CL10)
Sraith ghrinn drámaíochta. Titeann Richard as a sheasamh ag cóisir Nollag mhuintir Gilmore. Mionnaíonn Dean do Lorelai nár tharla dada idir é féin agus Rory an oíche ar thit siad ina gcodladh sa scoil. Is cosúil go bhfuil an-tóir ag Lorelai agus Luke ar a chéile.

Weakest Link (TS)
Weakest Link (TS)
14:00
(S8/CL14)
Sraith Tráth na gCeist ina bhféachfaidh 9 n-iomaitheoir leis an bpota óir a thabhairt abhaile leo. Cuirfear an t-iomaitheoir is measa, dar leis na hiomaitheoirí eile, abhaile ag deireadh gach babhta go dtí nach mbeidh ach duine amháin fanta chun an t-airgead a bhuachan. Á chur i láthair ag Anne Robinson.

Cúla 4 na nÓg
Cúla 4 na nÓg
15:00
 
Mír do ghasúir réamhscoile atá i Cúla4 na nÓg a thosóidh gach maidin ag 7 a.m. go dtí an 10.00 am agus arís ag an 3p.m. i rith na seachtaine. I measc na gclár beidh Wanda and the Alien, Masha agus an Béar, QPootle, Olly an Veain Bheag Bhán agus Dinosaur Train agus neart eile.

Masha agus an Béar
Masha agus an Béar
15:02
(S1/CL3)
Tá deacrachtaí ag an mBéar agus ag Masha lena gcrann Nollag.

Masha agus an Béar
Masha agus an Béar
15:09
(S1/CL4)
Féachann an Béar lena thaispeáint do Masha le lorg coise ainmhithe éagsúla a aithint.

PJ Masks
PJ Masks
15:16
(S1/CL29)
Goidfidh an Ninja Oíche na busanna scoile uilig anocht.

Wissper
Wissper
15:28
(S1/CL6)
Ba bhreá le Cian an Crogall a bheith ina shurfálaí ach níl aon mhaith leis. Féachann sé le cabhair a fháil ó Wissper.

Is Ait an Mac é Mús
Is Ait an Mac é Mús
15:35
(S1/CL10)
Níl Bessie an bó sásta páirt a ghlacadh sa gComórtas Bó Sásta ach an mbeidh Jeaicín in ann cabhrú léi?

Cat a' Hata (GS)
Cat a' Hata (GS)
15:40
(S1/CL31)
Tá na gasúir ag péinteáil pictiúir de thuar ceatha ach níl siad in ann cuimhneamh ar na dathanna uilig. Tugann Cat iad chun casadh le Rí Cailéideascóp, saineolaí ar thuartha ceatha.

Cúla 4
Cúla 4
15:55
 
Beidh Cúla 4 ar an aer ón 7 gach maidin agus ón 4 tráthnóna ó Luan go hAoine. I measc na gclár iontach a bheidh ar siúl, beidh Angelo Rules, Get Ace, Jungle Bunch, Camp Lakebottom, Dude that's my Ghost, Garfield agus neart eile.

Alvinnn !!! agus na Chipmunks
Alvinnn !!! agus na Chipmunks
15:57
(S1/CL29)
Nuair a bhíonn na cailíní ag glanadh amach an teachín crainn, smaoiníonn siad siar ar an am ar stop siad fear a bhí ag iarraidh an crann céanna a ghearradh anuas.

Dónall Dána (GS)
Dónall Dána (GS)
16:08
(S1/CL50)
Caithfidh Dónall dialann a choinneáil ar feadh lá amháin don scoil.

Garfield (GS)
Garfield (GS)
16:19
(S4/CL48)
Féachann Garfield le teagmháil a dhéanamh le Jon chun a insint dó cá bhfuil sé féin agus Odie.

Winston Steinburger & Sir Dudley Ding Dong
Winston Steinburger & Sir Dudley Ding Dong
16:32
(S1/CL25)
Tá Win ag iarraidh dul chuig an gcluiche coraíochta, ach caithfidh sé an caifé a ghlanadh ó bhun go barr ar dtús.

Fangbone
Fangbone
16:43
(S1/CL48)
Inseoidh Fangbone agus Bill faoi mar a chas siad ar a chéile ar dtús lena thaispeáint nach gcaithfidh dlúthchairde a bheith díreach cosúil lena chéile.

WAC (OS)
WAC (OS)
16:55
(S1/CL3)
Bí faoi réir! Tá Tomaí, Éadaoin agus Caoimhe ag fáil faoi réir le dul i ngleic leis na hainmhithe is déistiní ar domhan.

Is Eolaí Mé (GS)
Is Eolaí Mé (GS)
17:25
(S1/CL5)
Leictreachas is ábhar don chlár seo. Rachaidh Peadar amach chun níos mó a fhoghlaim faoi charranna leictreacha agus na buntáistí a bhaineann leo ó thaobh na timpeallachta de. Beidh Conall Ó Mistéal agus Ailbhe Seoighe ag cabhrú le Peadar sa stiúideo agus déanfaidh siad ceallra líomóide. Tabharfaidh Úna cuairt ar Scoil Bhríde i mBaile Átha Cliath, áit a bhfuil ceardlann leictreachais ar siúl ann. Imríonn Aodh cleas eile ar an Ollamh Ullamh ag úsáid cumascóra.

Clann Feirm Factor (OS)
Clann Feirm Factor (OS)
17:55
(S1/CL5)
Is é seo an chéad bhabhta leathcheannais agus is cinnte go mbeidh coimhlint ghéar idir muintir Walsh as Ciarraí agus muintir Gill as Liatroim. Oibreoidh na foirne i mbeirteanna as seo amach le tabhairt faoi na taisc. Tabharfaidh Seán agus Cathal Walsh aghaidh ar Tara agus Marty Gill i dtasc na gcaorach. Tiocfaidh Marty in áit Michelle atá ag súil lena céad páiste.

Lurgan 2K17 (GS)
Lurgan 2K17 (GS)
18:40
(S1/CL5)
Sraith siamsaíochta do dhaoine óga ina dtaispeánfar físeáin nua ó, 'TG Lurgan' chomh maith leis na daltaí ardchumasacha a ghlacann páirt iontu. Tabharfar cuntas sa tsraith seo ar na heachtraí saoil a thug na daoine óga seo le chéile agus tabharfar léargas ar an tuiscint atá ag na scoláirí ar chultúr na Gaeilge tríd an gceol. Sa chlár seo casfaidh Seán Bonner, 16, as Contae Mhuineacháin 'Brother' le Kodaline agus 'Kiwi' le Harry Styles. Labhróidh Seán faoi ghearrscannán a stiúradh sé faoi mheabhairshláinte chomh maith.

An Aimsir Láithreach
An Aimsir Láithreach
18:57
(S22/CL19)
Aimsir réigiúnach agus náisiúnta.

Nuacht TG4
Nuacht TG4
19:00
 
Mórimeachtaí an lae ó Aonad Nuachta TG4.

Volvo Ocean Race
Volvo Ocean Race
19:30
 
An nuacht is déanaí ó Rás Aigéin Volvo 2017-18. Tá Annalise Murphy as Éirinn, a bhuaigh bonn airgid sna Cluichí Oilimpeacha, mar chuid den fhoireann atá ar bord 'Turn the Tide on Plastic'. Leagfar amach bealach an ráis - 45,000 míle farraige trasna cheithre aigéin, sé mhór-roinn agus dhá chathair déag.

Rónán ar an Camino (OS)
Rónán ar an Camino (OS)
20:00
(S1/CL2)
Rachaimid i dteannta an láithreora raidió Rónán Mac Aodha Bhuí ar oilithreacht ársa an Camino de Santiago. Turas pearsanta atá ann ina bhféachann sé lena fháil amach an fáth a bhfuil an oiread sin tóir ag daoine ar an oilithreacht chéanna. Rachaidh Rónán i dtaithí ar chultúr na mBascach i gcathair Pamplona agus bíonn sé sáinnithe ag na tairbh ar shráideanna Los Arcos.

Radharc na Rúise (OS & TS)
Radharc na Rúise (OS & TS)
20:30
(S1/CL2)
Sraith faisnéise ar an gceangal agus na cosúlachtaí atá ag an Rúis le hÉirinn na linne seo. Cén fáth a bhfuil an oiread suime ag na Rúisigh i gcultúr na hÉireann agus cé na cosúlachtaí atá ag na Rúisigh linne? I gclár a 2 fiosróidh Feargus an Rúis nua-aimseartha agus an tionchar atá ag an mborradh caipitlíoch ar shaol na Rúiseach. Buailfidh sé le beirt fhear gnó as an Rúis: tá duine acu éirithe as an gnó a bhí aige le dul ag ceol i mbanna rac-cheoil agus tá beár Éireannach ag an bhfear eile agus a ainm athraithe aige go 'Sean O'Brien'.

An Aimsir Láithreach
An Aimsir Láithreach
21:00
(S22/CL19)
An Aimsir Náisiúnta agus Idirnáisiúnta.

An Western: Posse (TS)
An Western: Posse (TS)
21:05
 
(1975, Scannán buachaillí bó) Kirk Douglas, Bruce Dern agus Bo Hopkins na príomhaisteoirí sa scannán seo faoi stiúir Kirk Douglas. Téann polaiteoir neamhscrupallach agus a chuid ionadaithe sa tóir ar gheaing a bhíonn ag robáil traenacha.

Rugbaí Beo
Rugbaí Beo
23:10
(S7/CL35)
Buaicphointí chluichí dearbaí na gCúigí a imríodh le gairid sa Guinness PRO14.

Turas Húicéara (OS & TS)
Turas Húicéara (OS & TS)
00:10
(S1/CL2)
Leanfaidh an triúr bádóirí as Conamara lena dturas millteach mara ar bord húicéara ar thóir a gcine dúchais, na Gaeil. Tá siad tar éis aithne a chur ar Ghaeil Mhanainn agus anois tabharfaidh siad a n-aghaidh ar cheanncheathrú ársa Dhál Riata ar bhruach Chanáil Chrianáin na hAlban.

The Almighty Johnsons (TS)
The Almighty Johnsons (TS)
00:40
(S2/CL6)
Agus Ty ina chodladh go sámh ina leaba, bíonn Colin ag coinneáil súil ghéar air, ag labhairt i Sean-Lochlainnis. Agus Colin ag siúl timpeall ar leaba Ty, léimeann lasracha in airde taobh thiar dó, agus faoin am a mbíonn a chuid oibre déanta, bíonn Ty fós ina chodladh, le tine thart timpeall air.

France 24
France 24
01:35
 
Cainéal nuachta 24 uair an chloig na Fraince atá i France 24. Bíonn an clár á chraoladh beo as Páras. Tá 180 iriseoir ag an stáisiún ar fud an domhain mhóir a thugann tuairiscí cuimsitheacha agus cumasacha chuig an lucht féachana ar imeachtaí móra laethúla.

Dé hAoine, Eanáir 19, 2018
Níl TG4 freagrach as an ábhar ar Shuíomh Gréasáin seachtrach ar bith