Baile » Sceideal » Sceideal Iomlán

Dé Máirt, Feabhra 13, 2018
France 24
France 24
05:30
 
Cainéal nuachta 24 uair an chloig na Fraince atá i France 24. Bíonn an clár á chraoladh beo as Páras. Tá 180 iriseoir ag an stáisiún ar fud an domhain mhóir a thugann tuairiscí cuimsitheacha agus cumasacha chuig an lucht féachana ar imeachtaí móra laethúla.

Cúla 4 na nÓg
Cúla 4 na nÓg
07:00
 
Mír do ghasúir réamhscoile atá i Cúla4 na nÓg a thosóidh gach maidin ag 7 a.m. go dtí an 10.00 am agus arís ag an 3p.m. i rith na seachtaine. I measc na gclár beidh Wanda and the Alien, Masha agus an Béar, QPootle, Olly an Veain Bheag Bhán agus Dinosaur Train agus neart eile.

Olivia (GS)
Olivia (GS)
07:02
(S1/CL6)
Iarrtar ar Olivia taispeántas a chur le chéile do Lá Idirnáisiúnta na Scoile ach níl a fhios aici cén tír a roghnóidh sí.

An Captaen Flinn agus na Foghlaithe Dineasár
An Captaen Flinn agus na Foghlaithe Dineasár
07:13
(S1/CL52)
Cuireann T Rex Flinn agus a chriú faoi gheasa chun taisce a ghoid.

Astroblast! (GS)
Astroblast! (GS)
07:25
(S1/CL45)
Tá Sputnik tinn ach ní ligeann sí dada uirthi féin sa chaoi is go mbeidh sí in ann dul ag ceolchoirm.

Astroblast! (GS)
Astroblast! (GS)
07:37
(S1/CL46)
Tá na bróga is fearr le Jet róbheag aige ach níl sé ag iarraidh fáil réidh leo.

Olly an Veain Bheag Bhán
Olly an Veain Bheag Bhán
07:50
(S2/CL9)
Tá an tUasal Dris faoi bhrú. Tá a mháthair ag teacht ar cuairt agus tá an teach le glanadh aige.

Olly an Veain Bheag Bhán
Olly an Veain Bheag Bhán
07:55
(S2/CL10)
Tá Bazza stoptha in áit chontúirteach agus caithfidh Olly agus Stan é a thabhairt as.

Dora (GS)
Dora (GS)
08:00
(S8/CL3)
Tá traein ag imeacht leis féin gan éinne á tiomáint! An mbeidh Dora in ann í a stopadh?

Tractor Tom
Tractor Tom
08:25
(S1/CL33)
Tá Buzz chun mistéir a bhaineann le hainmhithe a réiteach.

Balloon Barnyard
Balloon Barnyard
08:36
(S1/CL17)
Tá na duilleoga uilig ag titim sa chlós. An bhfuil rud éigin mícheart leis na crainn?

Dot
Dot
08:45
(S1/CL27)
Cuireann Ruby dráma ar siúl.

Masha agus an Béar
Masha agus an Béar
08:56
(S2/CL6)
Cabhróidh Masha leis an mBéar aird na piongaine a fháil.

Peg & Cat
Peg & Cat
09:03
(S3/CL11)
Rachaidh Peg agus na dineasáir sa tóir ar chara samhailteach Chat, Minkus an moncaí.

Cat a' Hata (GS)
Cat a' Hata (GS)
09:15
(S1/CL40)
Inniu Lá Fhéile Vailintín agus tá Nic agus Sailí ag teacht in aghaidh a chéile faoin gcineál cárta a dhéanfaidh siad don Chat.

Ainmhithe Craiceáilte (OS & TS)
Ainmhithe Craiceáilte (OS & TS)
09:30
(S1/CL53)
Ar chlár an lae inniu beidh pearóid a bhíonn ag tógáil meáchan, camall a bhíonn ag damhsa agus labradóir atá faoi ionsaí ag balúin.

The Waltons (TS)
The Waltons (TS)
10:00
(S7/CL22)
Ceannaíonn bean a mbíodh John ag dul in éineacht léi tráth an Dew Drop Inn agus tá faitíos ar na gasúir go meallfaidh sí é. Osclaíonn Elizabeth agus Cindy ceaintín do shaighdiúirí Champa Rockfish.

The Waltons (TS)
The Waltons (TS)
10:58
(S7/CL23)
Bíonn lagmhisneach ar Jim Bob nuair a theipeann sé tástáil radharc na súl. Ní bheidh sé in ann dul san aerchór anois.

Cheese Slices
Cheese Slices
11:55
(S5/CL6)
Sraith a fhiosraíonn na scéalta agus na traidisiúin iontacha a bhaineann leis na cáiseanna is mó cáil ar domhan. Cáiseanna na Breataine Bige a bheidh faoi chaibidil inniu. Bíonn daoine den tuairim nach ndéantar aon cháis eile sa Bhreatain Bheag ach an Caerphilly ach ní fíor é sin. Rachaidh Will go déirí Caws le casadh le teaghlach a bhíonn ag déanamh cáis Caerphilly. Casfaidh sé le seanchara ansin ar fheirm Gorwydd a bhíonn ag déanamh cáise as bainne bó amh agus beirt eile atá freagrach as cáis speisialtóra na Breataine Bige a thabhairt chun cinn arís.

Laochra Gael (OS & TS)
Laochra Gael (OS & TS)
12:30
(S11/CL1)
Eddie Brennan, fear a bhfuil ocht mbonn Chraobh na hÉireann san iománaíocht buaite aige do Chill Chainnigh a bheidh faoi chaibidil sa chlár seo. Bhí Eddie ag imirt sna tosaithe ar cheann de na foirne iománaíochta ab fhearr riamh ann agus rinne sé sléacht ar chéilí comhraic idir na blianta 2000 agus 2011. D'éirigh leis sé chúl is fiche a scóráil sa chraobhchomórtas ón imirt. I measc na ndaoine a chuirfear faoi agallamh beidh Diarmuid Lyng, Michael Kavanagh agus Dónal O'Grady.

The Gilmore Girls (TS)
The Gilmore Girls (TS)
13:05
(S2/CL6)
Sraith ghrinn drámaíochta. Tá Emily ag iarraidh ar Rory dul chuig bál agus iarrann Lorelai ar Christopher, athair Rory, í a thabhairt ann.

Weakest Link (TS)
Weakest Link (TS)
14:00
(S8/CL11)
Sraith Tráth na gCeist ina bhféachfaidh 9 n-iomaitheoir leis an bpota óir a thabhairt abhaile leo. Cuirfear an t-iomaitheoir is measa, dar leis na hiomaitheoirí eile, abhaile ag deireadh gach babhta go dtí nach mbeidh ach duine amháin fanta chun an t-airgead a bhuachan. Á chur i láthair ag Anne Robinson.

Cúla 4 na nÓg
Cúla 4 na nÓg
15:00
 
Mír do ghasúir réamhscoile atá i Cúla4 na nÓg a thosóidh gach maidin ag 7 a.m. go dtí an 10.00 am agus arís ag an 3p.m. i rith na seachtaine. I measc na gclár beidh Wanda and the Alien, Masha agus an Béar, QPootle, Olly an Veain Bheag Bhán agus Dinosaur Train agus neart eile.

Masha agus an Béar
Masha agus an Béar
15:02
(S2/CL11)
Tá Béar ag iarraidh dul ar laethanta saoire. Ach ní éiríonn leis an stáisiún traenach a fhágáil.

Masha agus an Béar
Masha agus an Béar
15:09
(S2/CL12)
Titeann an Béar agus buaileann sé a chloigeann. Nuair a thagann sé chuige féin, bíonn sé ag déanamh aithrise ar Masha.

PJ Masks
PJ Masks
15:15
(S1/CL52)
Cuireann Gekko an misean i mbaol mar go bhfuil an-imní go deo air faoina chloch speisialta.

Loopdidoo
Loopdidoo
15:28
(S5/CL11)
Tá tionscadal ealaíne le déanamh ag Petunia agus tá Loopdidoo ag iarraidh a bheith mar mhainicín aici.

Is Ait an Mac é Mús
Is Ait an Mac é Mús
15:35
(S1/CL27)
Tabharfaidh Jeaicín agus Mús ochtapas amach ag siúl.

Cat a' Hata (GS)
Cat a' Hata (GS)
15:40
(S1/CL51)
Tá Nic agus Sailí ag caitheamh a gcuid buataisí nua ach tá siad ag dul i bhfostú sa phuiteach.

Cúla 4
Cúla 4
15:55
 
Beidh Cúla 4 ar an aer ón 7 gach maidin agus ón 4 tráthnóna ó Luan go hAoine. I measc na gclár iontach a bheidh ar siúl, beidh Angelo Rules, Get Ace, Jungle Bunch, Camp Lakebottom, Dude that's my Ghost, Garfield agus neart eile.

Alvinnn !!! agus na Chipmunks
Alvinnn !!! agus na Chipmunks
15:57
(S1/CL49)
Cuireann Alvin ina luí ar Theodore go bhfuil cumhachtaí draíochta aige atá in ann milseáin a dhéanamh as bruscar.

Dónall Dána (GS)
Dónall Dána (GS)
16:08
(S1/CL15)
Milleann Dónall an béile ar chuile dhuine nuair a théann siad chuig bialann ghalánta.

Garfield (GS)
Garfield (GS)
16:19
(S4/CL14)
Aimsíonn siad an Crann Lasáinne ar deireadh, agus tá an lasáinne ar an gceann is fearr ar bhlais Garfield de riamh. Ach tá fir Mama Meaney ag teacht suas leo.

Jamie's Got Tentacles
Jamie's Got Tentacles
16:32
(S1/CL11)
Tá faitíos ar Jamie roimh phiseanna.

Spongebob Squarepants (GS)
Spongebob Squarepants (GS)
16:43
(S9/CL29)
Cumann Patrick cluiche cláir nua.

Dochreidte Gan Dabht (GS)
Dochreidte Gan Dabht (GS)
16:55
(S3/CL12)
Seo é Dochreidte Gan Dabht, an clár ar a mbeidh na curiarrachtaí is aistí, is iontaí agus is dochreidte dá bhfaca tú riamh - ina measc cailín agus buachaill atá ag iarraidh an líon is mó saltó ar gcúl a dhéanamh in aon nóiméad amháin. Á chur i láthair ag Eoghan Ó Loideáin.

An Aimsir Láithreach
An Aimsir Láithreach
17:25
(S21/CL37)
Aimsir réigiúnach agus náisiúnta.

Ros na Rún (OS & GS)
Ros na Rún (OS & GS)
17:30
(S22/CL47)
Is cosúil nach bhfuil dada i Ros na Rún anois ach cúplaí sásta, grámhara. Sin mar is léir do Bobbi Lee é ar aon nós. Tá Áine thar a bheith sásta go bhfuil Tadhg ar ais sa bhaile. Tá Sam thar a bheith sásta go bhfuil Sonia dúisithe as an gcóma. Tá Sonia fós maraithe tuirseach agus tagann Helen abhaile chun aire a thabhairt di.

Weakest Link (TS)
Weakest Link (TS)
18:00
(S8/CL11)
Sraith Tráth na gCeist ina bhféachfaidh 9 n-iomaitheoir leis an bpota óir a thabhairt abhaile leo. Cuirfear an t-iomaitheoir is measa, dar leis na hiomaitheoirí eile, abhaile ag deireadh gach babhta go dtí nach mbeidh ach duine amháin fanta chun an t-airgead a bhuachan. Á chur i láthair ag Anne Robinson.

An Aimsir Láithreach
An Aimsir Láithreach
18:57
(S22/CL44)
Aimsir réigiúnach agus náisiúnta.

Nuacht TG4
Nuacht TG4
19:00
 
Mórimeachtaí an lae ó Aonad Nuachta TG4.

7 Lá
7 Lá
19:30
 
Clár cúrsaí reatha TG4 beo as Baile na hAbhann.

Garraí Glas (OS & TS)
Garraí Glas (OS & TS)
20:00
(S4/CL4)
Tabharfaidh Síle cuairt ar Marina Kesso, luibhlia i Sligeach. Déanann sí cur síos do Shíle ar na hairíonna iontacha sláinte a bhaineann le bianna de dhathanna éagsúla. Téann sí ansin ag cuardach gairleoige in éineacht le Eoin Warner a thaispeánann di le pesto tapa agus éasca a dhéanamh.

Ros na Rún (OS & GS)
Ros na Rún (OS & GS)
20:30
(S22/CL47)
Is cosúil nach bhfuil dada i Ros na Rún anois ach cúplaí sásta, grámhara. Sin mar is léir do Bobbi Lee é ar aon nós. Tá Áine thar a bheith sásta go bhfuil Tadhg ar ais sa bhaile. Tá Sam thar a bheith sásta go bhfuil Sonia dúisithe as an gcóma. Tá Sonia fós maraithe tuirseach agus tagann Helen abhaile chun aire a thabhairt di.

A Little Bit Showband
A Little Bit Showband
21:00
(S2/CL6)
Clár faoin amhránaí Danny Ellis as Baile Átha Cliath a raibh saol crua aige ag éirí aníos. Cuireadh Danny isteach i Scoil Saothair Ard Aidhin nuair a bhí sé ocht mbliana d'aois. Ní raibh sé i bhfad imithe as an scoil nuair a fuair sé áit i seó-bhanna ag seinm an trombóin agus chuaigh sé ag ceol le bannaí go leor ina dhiaidh sin. Ach chlis a shláinte a bhuíochas don méid a bhain dó ina ghasúr agus b'éigean dó éirí as saol na seó-bhannaí. Ach tháinig athrú arís ar an scéal in 2002.

Glór Tíre (OS & TS)
Glór Tíre (OS & TS)
21:30
(S14/CL6)
Sraith nua eile de Ghlór Tíre. Beidh seisear iomaitheoirí i dteannta Aoife Ní Thuairisg agus Phádraic Ó Neachtain agus gach duine acu ag iarraidh an duais mhór a thabhairt leo. John Creedon, Caitríona Ní Shúilleabháin agus Jó Ní Chéide a bheidh ag moltóireacht. Muintir Sheerin a bheidh ag casadh ar stáitse Ghlór Tíre an tseachtain seo. Cuirfidh Muintir Sheerin a n-iomaitheoir féin in aithne dúinn freisin, Joe Rabbette. Seo a leanas sonraí vótála Joe: Glór 5: 1513 415 105 / Glor5 to 53307; Glór 5: 0901 6566 105 / Glor5 to 60999.

Nashville (TS)
Nashville (TS)
22:30
(S5/CL17)
Ainneoin comhairle ó lucht caidrimh phoiblí Highway 65, tugann Scarlett faoin iriseoir Mackenzie Rhodes é. Faigheann Will páirt i bhfógra mór le rá.

Friday Night Lights (TS)
Friday Night Lights (TS)
23:20
(S2/CL5)
Féachann an cóitseálaí Taylor le hathmhuintearas a dhéanamh idir beirt dá chuid imreoirí. Tá sé ag iarraidh am a chaitheamh lena bhean chéile freisin. Iarrann Tim ar Lila labhairt le Jason faoin obráid chontúirteach atá le cur air i Meicsiceo. Féachann athair Landry lena mhac agus Tyra a choinneáil amach óna chéile.

An Aimsir Láithreach
An Aimsir Láithreach
00:12
(S22/CL44)
An Aimsir Náisiúnta agus Idirnáisiúnta.

Fíorscéal (OS & TS)
Fíorscéal (OS & TS)
00:15
(S18/CL20)
Clár faisnéise faoi Williston, baile beag i North Dakota, nach bhfuil aon lorg den chúlú eacnamaíochta ná den dífhostaíocht le brath ann, ní hionann is bailte eile i Meiriceá. Tá ceann de na cúltaiscí is mó ola scealla i Williston. Déanann na mílte a mbealach go Williston anois agus iad ag iarraidh airgead mór a shaothrú ann, beag beann ar an dochar a dhéanfar don cheantar san fhadtéarma.

France 24
France 24
01:20
 
Cainéal nuachta 24 uair an chloig na Fraince atá i France 24. Bíonn an clár á chraoladh beo as Páras. Tá 180 iriseoir ag an stáisiún ar fud an domhain mhóir a thugann tuairiscí cuimsitheacha agus cumasacha chuig an lucht féachana ar imeachtaí móra laethúla.

Dé Máirt, Feabhra 13, 2018
Níl TG4 freagrach as an ábhar ar Shuíomh Gréasáin seachtrach ar bith