Baile » Sceideal » Sceideal Iomlán

Dé Máirt, Márta 13, 2018
France 24
France 24
05:30
 
Cainéal nuachta 24 uair an chloig na Fraince atá i France 24. Bíonn an clár á chraoladh beo as Páras. Tá 180 iriseoir ag an stáisiún ar fud an domhain mhóir a thugann tuairiscí cuimsitheacha agus cumasacha chuig an lucht féachana ar imeachtaí móra laethúla.

Cúla 4 na nÓg
Cúla 4 na nÓg
07:00
 
Mír do ghasúir réamhscoile atá i Cúla4 na nÓg a thosóidh gach maidin ag 7 a.m. go dtí an 10.00 am agus arís ag an 3p.m. i rith na seachtaine. I measc na gclár beidh Wanda and the Alien, Masha agus an Béar, QPootle, Olly an Veain Bheag Bhán agus Dinosaur Train agus neart eile.

Olivia (GS)
Olivia (GS)
07:02
(S1/CL26)
Tá drogall ar Fhraincín dul ar thuras campála le muintir Olivia.

An Captaen Flinn agus na Foghlaithe Dineasár
An Captaen Flinn agus na Foghlaithe Dineasár
07:13
(S1/CL20)
Tugann na gasúir ranganna snámha do na foghlaithe mara.

Astroblast! (GS)
Astroblast! (GS)
07:25
(S1/CL33)
Tá Comet ag ceapadh go mbeidh sé féin agus a chairde in ann flóta a dhéanamh. Meas tú an bhfuil an ceart aige?

Astroblast! (GS)
Astroblast! (GS)
07:37
(S1/CL34)
Tá Radar ag fanacht thar oíche i dteach eile den chéad uair ach tá faitíos air go mbeidh an oíche fada.

Olly an Veain Bheag Bhán
Olly an Veain Bheag Bhán
07:50
(S1/CL36)
Tá Olly síoraí ag iarraidh cúnamh a thabhairt do dhaoine ach níl a chúnamh ag teastáil ó aon duine inniu.

Olly an Veain Bheag Bhán
Olly an Veain Bheag Bhán
07:55
(S1/CL37)
Cé atá ag goid na mbananaí ó Iníon Florette agus ó mhuintir an bhaile? An mbeidh Stan agus Olly in ann breith ar an ngadaí?

Dora (GS)
Dora (GS)
08:00
(S8/CL4)
Tugann Dora agus Bróigín cúnamh an damáiste a rinne na tuilte a ghlanadh suas in am do chóisir Verde.

Tractor Tom
Tractor Tom
08:25
(S1/CL1)
Tá a fhón nua caillte ag Matt ach tá an t-ádh air go bhfuil Tom ann chun cabhrú leis é a chuardach.

Balloon Barnyard
Balloon Barnyard
08:36
(S1/CL11)
Tá an lá an-fhliuch. An mbeidh na hainmhithe ar fad tirim istigh sa scioból?

Dot
Dot
08:45
(S1/CL47)
Socraíonn Dot agus Mamó saoire a bheith acu sa bhaile.

Masha agus an Béar
Masha agus an Béar
08:56
(S1/CL4)
Féachann an Béar lena thaispeáint do Masha le lorg coise ainmhithe éagsúla a aithint.

Peg & Cat
Peg & Cat
09:03
(S3/CL19)
Tá Peg ag iarraidh an cat fáin beag a choinneáil mar pheata ach ní éiríonn léi é seo a mhíniú dá máthair.

Cat a' Hata (GS)
Cat a' Hata (GS)
09:15
(S1/CL60)
Téann liathróid Nic agus Sailí i bhfostú sa chrann nuair a bhíonn siad ag imirt cluiche. Nach é an peaca é nach bhfuil siad ard.

Ainmhithe Craiceáilte (OS & TS)
Ainmhithe Craiceáilte (OS & TS)
09:30
(S1/CL73)
Ar chlár an lae inniu, feicimid ostraisí óga ag rásaíocht, coileán ag surfáil agus cat gléasta ina shiorc ar an bhfolúsghlantóir.

The Waltons (TS)
The Waltons (TS)
10:00
(S9/CL14)
Tagann ministir nua chuig séipéal Shliabh Walton agus ní fada go mbíonn sé ag cur isteach ar an bpobal. Ach ní bhíonn sé i bhfad go mbíonn sé ar dhuine de na daoine is tábhachtaí sa phobal, go háirithe nuair a thugann sé cúnamh do Jason agus Toni cinneadh a dhéanamh faoi phósadh.

The Waltons (TS)
The Waltons (TS)
10:58
(S9/CL15)
Tugann deirfiúr Corabeth cuairt ar Ike nuair a bhíonn Corabeth as baile. Éalaíonn Elizabeth ón mbaile mar go n-airíonn sí ina héan corr.

Ó Cuisine (OS)
Ó Cuisine (OS)
11:55
(S1/CL10)
Orla Talbot as Óstán Talbot i mBéal an Mhuirthead a bheidh ar ais sa chistin in éineacht linn an tseachtain seo. Cístí Ispíní le Putóg Dhubh Uí Cheallaigh, Pióg an Iascaire agus Cáca Cáise le Barra Daim a chuirfidh sí chun boird.

Laochra Gael (OS & TS)
Laochra Gael (OS & TS)
12:30
(S11/CL5)
Bhí Gerald McCarthy ar dhuine de na himreoirí iomána ab fhearr riamh ag Corcaigh. Bhuaigh sé craobh na hÉireann cúig huaire idir 1966 agus 1978. Bhí sé ina bhainisteoir ar fhoireann Phort Láirge sna 90idí agus ina bhainisteoir ar fhoireann Chorcaí ó 2007 go dtí go ndeachaigh na himreoirí ar stailc. I measc rannpháirtithe eile an chláir, beidh Justin McCarthy, Tony Dempsey agus Pat Fleury.

The Gilmore Girls (TS)
The Gilmore Girls (TS)
13:05
(S3/CL4)
Sraith ghrinn drámaíochta. Tugann Cumann Tuismitheoirí agus Múinteoirí Stars Hollow cuireadh do Lorelai agus do Luke aoichaint a thabhairt ag lá gairme na scoile. Tosaíonn cúrsaí ag dul in aimhréidh nuair a chuirtear ceisteanna ar Lorelai faoi a bheith ag iompar clainne nuair nach raibh sí ach ina déagóir. Cuireann Lane dath corcra ina gruaig nuair a fhaigheann sí amach go bhfuil sé beartaithe ag a máthair í a chur chuig coláiste an-chaomhnach.

Weakest Link (TS)
Weakest Link (TS)
14:00
(S8/CL11)
Sraith Tráth na gCeist ina bhféachfaidh 9 n-iomaitheoir leis an bpota óir a thabhairt abhaile leo. Cuirfear an t-iomaitheoir is measa, dar leis na hiomaitheoirí eile, abhaile ag deireadh gach babhta go dtí nach mbeidh ach duine amháin fanta chun an t-airgead a bhuachan. Á chur i láthair ag Anne Robinson.

Cúla 4 na nÓg
Cúla 4 na nÓg
15:00
 
Mír do ghasúir réamhscoile atá i Cúla4 na nÓg a thosóidh gach maidin ag 7 a.m. go dtí an 10.00 am agus arís ag an 3p.m. i rith na seachtaine. I measc na gclár beidh Wanda and the Alien, Masha agus an Béar, QPootle, Olly an Veain Bheag Bhán agus Dinosaur Train agus neart eile.

Masha agus an Béar
Masha agus an Béar
15:02
(S1/CL25)
Taispeánann Béar cleasa draíochta do Masha.

Masha agus an Béar
Masha agus an Béar
15:09
(S1/CL26)
Féachann an Béar le pictiúir a chrochadh ar an mballa, ach is gearr go mbíonn pléasc mhór ann.

PJ Masks
PJ Masks
15:16
(S1/CL28)
Tá Owlette ag iarraidh peata, ach an bhfuil sí réidh le ceann a fháil?

Loopdidoo
Loopdidoo
15:28
(S5/CL19)
Níl Loopdidoo ná Petunia mór le Basil agus Oodles agus tá sé ina chogadh dearg eatarthu.

Is Ait an Mac é Mús
Is Ait an Mac é Mús
15:35
(S1/CL47)
Rachaidh Jeaicín agus Mús chuig an leabharlann chun eolas a bhailiú do thionscnamh eolaíochta Jeaicín.

Cat a' Hata (GS)
Cat a' Hata (GS)
15:40
(S1/CL15)
Tá Sailí ag iarraidh uisce a chur ar na plandaí ach níl sé te ná grianmhar taobh amuigh.

Cúla 4
Cúla 4
15:55
 
Beidh Cúla 4 ar an aer ón 7 gach maidin agus ón 4 tráthnóna ó Luan go hAoine. I measc na gclár iontach a bheidh ar siúl, beidh Angelo Rules, Get Ace, Jungle Bunch, Camp Lakebottom, Dude that's my Ghost, Garfield agus neart eile.

Alvinnn !!! & the Chipmunks
Alvinnn !!! & the Chipmunks
15:57
(S2/CL20)
Tugann Dáithí agus Alvin cúnamh d'fhear a bhfuil bonn pollta ar a charr agus bíonn Alvin ag cumadh dó go bhfuil deartháir níos sine leis ina chónaí sa tSín.

Dónall Dána (GS)
Dónall Dána (GS)
16:08
(S1/CL3)
Tá gasúir na scoile ag bailiú dearbhán ó bhoscaí gránach. Beartaíonn Dónall a bheith dána chun an ceann atá uaidh féin a fháil.

Garfield (GS)
Garfield (GS)
16:19
(S4/CL37)
Caithfidh Garfield agus a chuid cairde an chuid eile den mhapa a fháil le go mbeidh siad in ann an taisce a fháil.

Jamie's Got Tentacles
Jamie's Got Tentacles
16:32
(S1/CL19)
Mar a bhuail Jamie le Erwin.

Spongebob Squarepants (GS)
Spongebob Squarepants (GS)
16:43
(S9/CL37)
Tá SpongeBob ina bhall de gheaing an tSiorca Mhóir.

Dochreidte Gan Dabht (GS)
Dochreidte Gan Dabht (GS)
16:55
(S2/CL3)
Seo é Dochreidte Gan Dabht, an clár ar a mbeidh na curiarrachtaí is aistí, is iontaí agus is dochreidte dá bhfaca tú riamh, ina measc madraí sa spéir! Á chur i láthair ag Eoghan Ó Loideáin.

An Aimsir Láithreach
An Aimsir Láithreach
17:25
(S21/CL61)
Aimsir réigiúnach agus náisiúnta.

Ros na Rún (OS & GS)
Ros na Rún (OS & GS)
17:30
(S22/CL55)
Tá Tadhg i ndroch-chaoi faoin scéala is déanaí. Scanraíonn Maggie nuair nach bhfilleann sé ó chuairt ar an Athair Eamonn agus glaonn sí ar na Gardaí. Tagann scéal Bhriain chun solais ar líne agus tá lucht béadáin an bhaile ag baint súp as. Tá amhras ar Bobbi Lee faoi an raibh fhios ag Briain go ndearnadh taifeadadh air an chéad lá riamh? Ní fada go dtuigeann Caitríona chomh spréachta is atá Berni léi nuair a thugann sí leidhce di. Is beag aird atá ag Mo ar Cholm agus ar Úna nuair a théann sí in éineacht le Mack chuig a gcoinne ceimiteiripe.

Weakest Link (TS)
Weakest Link (TS)
18:00
(S8/CL11)
Sraith Tráth na gCeist ina bhféachfaidh 9 n-iomaitheoir leis an bpota óir a thabhairt abhaile leo. Cuirfear an t-iomaitheoir is measa, dar leis na hiomaitheoirí eile, abhaile ag deireadh gach babhta go dtí nach mbeidh ach duine amháin fanta chun an t-airgead a bhuachan. Á chur i láthair ag Anne Robinson.

An Aimsir Láithreach
An Aimsir Láithreach
18:57
(S22/CL72)
Aimsir réigiúnach agus náisiúnta.

Nuacht TG4
Nuacht TG4
19:00
 
Mórimeachtaí an lae ó Aonad Nuachta TG4.

7 Lá
7 Lá
19:30
 
Clár cúrsaí reatha TG4 beo as Baile na hAbhann.

Garraí Glas (OS & TS)
Garraí Glas (OS & TS)
20:00
(S4/CL8)
Tabharfaidh Síle cuairt ar Mhicheál Mac Giolla Coda atá ina chónaí in aice le Coill Ghleann Garaidh i gCluain Meala i dTiobraid Árann. Beachaire é Micheál agus taispeánfaidh sé do Shíle le mil a chruinniú as coirceog. Ullmhóidh sí síoróip as creamha agus mil in éineacht leis an Dr. Frieda Ní Chatháin. Casfaidh sí leis an luibhlia Vivien Campbell a inseoidh di faoi chrann a fhásann i ngach áit.

Ros na Rún (OS & GS)
Ros na Rún (OS & GS)
20:30
(S22/CL55)
Tá Tadhg i ndroch-chaoi faoin scéala is déanaí. Scanraíonn Maggie nuair nach bhfilleann sé ó chuairt ar an Athair Eamonn agus glaonn sí ar na Gardaí. Tagann scéal Bhriain chun solais ar líne agus tá lucht béadáin an bhaile ag baint súp as. Tá amhras ar Bobbi Lee faoi an raibh fhios ag Briain go ndearnadh taifeadadh air an chéad lá riamh? Ní fada go dtuigeann Caitríona chomh spréachta is atá Berni léi nuair a thugann sí leidhce di. Is beag aird atá ag Mo ar Cholm agus ar Úna nuair a théann sí in éineacht le Mack chuig a gcoinne ceimiteiripe.

Siar an Bóthar (OS)
Siar an Bóthar (OS)
21:00
(S13/CL5)
Togha agus rogha an cheoil agus an damhsa ar Siar an Bóthar. Beidh míreanna ar an gclár as an gclár 'Art Attacks' ó 1993. Páirteach beidh Séamus Begley, Steve Cooney, Banna Céilí Four Courts agus Johnny O'Leary chomh maith le Rónán agus Tiarna Browne agus casfaidh Ciarán Ó Gealbháin as an Rinn 'Cití na gCumann'.

Glór Tíre (OS & TS)
Glór Tíre (OS & TS)
21:30
 
Sraith nua eile de Ghlór Tíre. Beidh seisear iomaitheoirí i dteannta Aoife Ní Thuairisg agus Phádraic Ó Neachtain agus gach duine acu ag iarraidh an duais mhór a thabhairt leo. John Creedon, Caitríona Ní Shúilleabháin agus Jó Ní Chéide a bheidh ag moltóireacht. Is iad Johnny Brady, Patrick Feeny, Mike Denver, The Sheerin Family, Shawn Cuddy agus Cliona Hagan réaltaí ceoil tíre na bliana seo.

Nashville (TS)
Nashville (TS)
22:30
(S5/CL21)
Faigheann Maddie páirt i bhfógra mascára ach ní bhíonn sí sásta leis an mbealach a bhfuiltear ag stiúradh an fhógra. Tugtar cuireadh do Deacon casadh ag an Opry ach de bharr strus sa mbaile agus ag an obair, tá sé idir dhá chomhairle. Tá Avery agus Gunnar ag baint an-cheart as a chéile ar an gcamchuairt.

Friday Night Lights (TS)
Friday Night Lights (TS)
23:20
(S2/CL9)
Insíonn Landry an fhírinne faoin méid a tharla nuair a bhí sé ag iarraidh Tyra a thabhairt slán. Tá brú mór ar Santiago roimh an gcéad chluiche eile. Tá teannas mór idir Julie agus a máthair ag teacht don bhaiste.

An Aimsir Láithreach
An Aimsir Láithreach
00:12
(S22/CL72)
An Aimsir Náisiúnta agus Idirnáisiúnta.

Fíorscéal (OS & TS)
Fíorscéal (OS & TS)
00:15
(S18/CL24)
Clár faisnéise faoin bhfia mór agus an laghdú tubaisteach atá tagtha ar a líon i bPáirc Náisiúnta Yellowstone i Meiriceá. Cé go bhfanann roinnt díobh sa pháirc i gcaitheamh na bliana, fágann tréada móra eile an pháirc sa gheimhreadh. Tá ceann de na tréada sin anois i mbaol. Bhíodh 19,000 ainmhí sa cheantar tráth ach le leathscór bliain, tá a líon laghdaithe 80 faoin gcéad. Ní fios go fóill cén fáth. Féachfaidh ceathrar taighdeoirí leis na míreanna mearaí a chur le chéile agus tabharfar léargas ar an éiceachóras casta atá ann.

France 24
France 24
01:20
 
Cainéal nuachta 24 uair an chloig na Fraince atá i France 24. Bíonn an clár á chraoladh beo as Páras. Tá 180 iriseoir ag an stáisiún ar fud an domhain mhóir a thugann tuairiscí cuimsitheacha agus cumasacha chuig an lucht féachana ar imeachtaí móra laethúla.

Dé Máirt, Márta 13, 2018
Níl TG4 freagrach as an ábhar ar Shuíomh Gréasáin seachtrach ar bith