Baile » Sceideal » Sceideal Iomlán

Dé Céadaoin, Márta 14, 2018
France 24
France 24
05:30
 
Cainéal nuachta 24 uair an chloig na Fraince atá i France 24. Bíonn an clár á chraoladh beo as Páras. Tá 180 iriseoir ag an stáisiún ar fud an domhain mhóir a thugann tuairiscí cuimsitheacha agus cumasacha chuig an lucht féachana ar imeachtaí móra laethúla.

Cúla 4 na nÓg
Cúla 4 na nÓg
07:00
 
Mír do ghasúir réamhscoile atá i Cúla4 na nÓg a thosóidh gach maidin ag 7 a.m. go dtí an 10.00 am agus arís ag an 3p.m. i rith na seachtaine. I measc na gclár beidh Wanda and the Alien, Masha agus an Béar, QPootle, Olly an Veain Bheag Bhán agus Dinosaur Train agus neart eile.

Olivia (GS)
Olivia (GS)
07:02
(S1/CL27)
Ó tharla Olivia in ann grianghraif a thógáil dá cat, síleann sí go bhfuil sí réidh le pictiúir a thógáil d'ainmhithe fiáine.

An Captaen Flinn agus na Foghlaithe Dineasár
An Captaen Flinn agus na Foghlaithe Dineasár
07:13
(S1/CL21)
Aimsítear duais mhaith i rith an chluiche tóraíochta taisce.

Astroblast! (GS)
Astroblast! (GS)
07:25
(S1/CL35)
Tugann Comet Feithid-óin, atá an-chosúil le feithidí, isteach sa chaifé nuair atá cigire ag teacht. Tá imní ar gach duine faoi ar ndóigh.

Astroblast! (GS)
Astroblast! (GS)
07:37
(S1/CL36)
Tá péitseog mhór mhillteach ag fás ar chrann péitseog Sputnik. Ach nuair a théann an phéitseog ar iarraidh bíonn sí cinnte gur ghoid duine éigin í.

Olly an Veain Bheag Bhán
Olly an Veain Bheag Bhán
07:50
(S1/CL38)
Tá Olly ag súil go mór le casadh le Súibhín!

Olly an Veain Bheag Bhán
Olly an Veain Bheag Bhán
07:55
(S1/CL39)
Bíonn anraith speisialta réitithe ag Bazza do na carranna ar fad a thagann Tigh Mick ach ní bhíonn sé i bhfad go bhfaigheann na carranna ar fad tinn.

Dora (GS)
Dora (GS)
08:00
(S8/CL5)
Rachaidh Dora agus Perrito chuig an Loch Mór chun Bróigín a thabhairt slán.

Tractor Tom
Tractor Tom
08:25
(S1/CL2)
Téann na caoirigh i bhfeidhm ar gach duine lena ndamhsa ach bíonn Tom fós níos fearr ná iad.

Balloon Barnyard
Balloon Barnyard
08:36
(S1/CL12)
Tá fail ar Streak bocht. Cén chaoi a bhfaighidh sé réidh leo?

Dot
Dot
08:45
(S1/CL48)
Thaitneodh sé le Ruby dul chuig ceolchoirm.

Masha agus an Béar
Masha agus an Béar
08:56
(S1/CL5)
Féachann na mic tíre le Masha a fhuadach le go mbeidh ar Bhéar airgead a íoc leo chun í a fháil ar ais.

Messy, Seo Linn go Okido
Messy, Seo Linn go Okido
09:03
(S1/CL42)
Téann Messy agus a chairde ag campáil in éineacht le róbat atá in ann gach rud a dhéanamh.

Cat a' Hata (GS)
Cat a' Hata (GS)
09:15
(S1/CL61)
Oíche Shamhna atá ann agus tugann an Cat Nic agus Sailí timpeall an domhain ag imirt bob nó bia.

Ainmhithe Craiceáilte (OS & TS)
Ainmhithe Craiceáilte (OS & TS)
09:30
(S1/CL74)
Ar chlár an lae inniu, feicimid sicín ag seinm an phianó, eagraíonn sionnaigh cóisir agus gabhar a cheapann gur cat atá ann.

The Waltons (TS)
The Waltons (TS)
10:00
(S9/CL16)
Nuair a dhéanann fear céile ionsaí brúidiúil ar a bhean, arb as an áit í, ní bhíonn sé i bhfad go mbíonn Mary Ellen agus Erin sáite sa scéal. Féachann Jim-Bob le hairgead a dhéanamh trí earraí barrachais an chogaidh a dhíol.

The Waltons (TS)
The Waltons (TS)
10:58
(S9/CL17)
Déanann Jim-Bob teilifís sa chaoi is go mbeidh an teaghlach in ann breathnú ar thionscadal trialach teilifíse John-Boy. Cruthaíonn dian-aiste bia Rose fadhbanna di féin, don teaghlach agus dá cairde.

Ó Cuisine (OS)
Ó Cuisine (OS)
11:55
(S1/CL11)
Enda Conneely as South Aran House in Inis Oírr a bheidh sa chistin in éineacht linn inniu. Miasa feamainne a bheidh Enda a ullmhú. Arán le Duileasc, Anraith le Alaria agus Sméara Dubha le Carraigín a chuirfidh Enda chun boird.

Garraí Glas (OS & TS)
Garraí Glas (OS & TS)
12:30
(S4/CL8)
Tabharfaidh Síle cuairt ar Mhicheál Mac Giolla Coda atá ina chónaí in aice le Coill Ghleann Garaidh i gCluain Meala i dTiobraid Árann. Beachaire é Micheál agus taispeánfaidh sé do Shíle le mil a chruinniú as coirceog. Ullmhóidh sí síoróip as creamha agus mil in éineacht leis an Dr. Frieda Ní Chatháin. Casfaidh sí leis an luibhlia Vivien Campbell a inseoidh di faoi chrann a fhásann i ngach áit.

The Gilmore Girls (TS)
The Gilmore Girls (TS)
13:05
(S3/CL5)
Sraith ghrinn drámaíochta. Téann Lorelai sa tóir ar fhear a casadh uirthi ag ceant a d'eagraigh a máthair. Ach nuair nach n-éiríonn go maith leo an chéad uair a dtéann siad amach féachann Lorelai leis an dara coinne a chur ar ceal. Ní mó ná sásta atá Emily agus Richard léi go bhfuil sí ag tarraingt droch-chlú orthu féin. Iarrann Rory cúnamh ar Jess spréire uisce a comharsan a chasadh as.

Weakest Link (TS)
Weakest Link (TS)
14:00
(S8/CL12)
Sraith Tráth na gCeist ina bhféachfaidh 9 n-iomaitheoir leis an bpota óir a thabhairt abhaile leo. Cuirfear an t-iomaitheoir is measa, dar leis na hiomaitheoirí eile, abhaile ag deireadh gach babhta go dtí nach mbeidh ach duine amháin fanta chun an t-airgead a bhuachan. Á chur i láthair ag Anne Robinson.

Cúla 4 na nÓg
Cúla 4 na nÓg
15:00
 
Mír do ghasúir réamhscoile atá i Cúla4 na nÓg a thosóidh gach maidin ag 7 a.m. go dtí an 10.00 am agus arís ag an 3p.m. i rith na seachtaine. I measc na gclár beidh Wanda and the Alien, Masha agus an Béar, QPootle, Olly an Veain Bheag Bhán agus Dinosaur Train agus neart eile.

Masha agus an Béar
Masha agus an Béar
15:02
(S2/CL1)
Téann Masha agus an Béar ag cuardach rud éigin le péinteáil.

Masha agus an Béar
Masha agus an Béar
15:09
(S2/CL2)
Tagann cara leis an mBéar, an Tíogar, ar cuairt agus imríonn siad cluiche fichille.

PJ Masks
PJ Masks
15:16
(S1/CL29)
Goidfidh an Ninja Oíche na busanna scoile uilig anocht.

Wissper
Wissper
15:28
(S1/CL29)
Lorgaíonn Wissper cúnamh ó Chian an crogall damba na mbéabhar a chríochnú. An mbeidh sé in ann smaoineamh ar phlean?

Is Ait an Mac é Mús
Is Ait an Mac é Mús
15:35
(S1/CL48)
Tá scrúdú ealaíne 10 nóiméad le déanamh ag Jeaicín agus tá sé cinnte go mbeidh sé breá éasca.

Cat a' Hata (GS)
Cat a' Hata (GS)
15:40
(S1/CL16)
Tá an geansaí is fearr le Nic róbheag aige ach níl sé ag iarraidh é a chaitheamh amach.

Cúla 4
Cúla 4
15:55
 
Beidh Cúla 4 ar an aer ón 7 gach maidin agus ón 4 tráthnóna ó Luan go hAoine. I measc na gclár iontach a bheidh ar siúl, beidh Angelo Rules, Get Ace, Jungle Bunch, Camp Lakebottom, Dude that's my Ghost, Garfield agus neart eile.

Alvinnn !!! & the Chipmunks
Alvinnn !!! & the Chipmunks
15:57
(S2/CL21)
Nuair a chríochnaíonn buaf suas ar éadan Brittany, bíonn uirthi féin agus Alvin aire a thabhairt dó agus é a choinneáil beo go dtagann an saineolaí.

Dónall Dána (GS)
Dónall Dána (GS)
16:08
(S1/CL4)
Is gearr go mbeidh aonach na scoile ar siúl agus caithfidh Dónall agus Learaí roinnt de na bréagáin nach mbíonn siad ag spraoi leo níos mó a thabhairt uathu.

Garfield (GS)
Garfield (GS)
16:19
(S4/CL38)
Cuireann Makookoo an dallamullóg ar Garfield agus ar a chairde agus fágann sé iad ag na siorcanna le hithe!

Winston Steinburger & Sir Dudley Ding Dong
Winston Steinburger & Sir Dudley Ding Dong
16:32
(S1/CL48)
Bíonn Winston breá sásta nuair a aimsíonn sé bróga eachtraíochta i seomra na n-earraí caillte.

Fangbone
Fangbone
16:43
(S1/CL21)
Nuair a théann rang Fangbone ar thuras scoile chuig an mBlaoscbán, bíonn deis aige an ladhar a scriosadh ar deireadh.

Whiz sa Chistin (GS)
Whiz sa Chistin (GS)
16:55
(S1/CL48)
Seó cluichí é Whiz sa Chistin atá bunaithe ar bhia. Beidh ceathrar leanaí sa chistin ar gach clár agus beidh a fhios againn cé chomh maith is atá said sa chistin nuair a chaithfidh siad tabhairt faoi dhúshlán bia agus ceisteanna go leor a fhreagairt. Ar chlár an lae inniu tabharfaidh Niall agus Anu aghaidh ar Róise agus ar William.

An Aimsir Láithreach
An Aimsir Láithreach
17:25
(S21/CL62)
Aimsir réigiúnach agus náisiúnta.

Irish Paint Magic
Irish Paint Magic
17:28
(S19/CL8)
Caisleán Dhrom Ólainn i gCo. an Chlár is ábhar do phictiúr an lae inniu. Is le muintir Uí Bhriain as Drom Ólainn an caisleán mórga agus loch seo.

Weakest Link (TS)
Weakest Link (TS)
18:00
(S8/CL12)
Sraith Tráth na gCeist ina bhféachfaidh 9 n-iomaitheoir leis an bpota óir a thabhairt abhaile leo. Cuirfear an t-iomaitheoir is measa, dar leis na hiomaitheoirí eile, abhaile ag deireadh gach babhta go dtí nach mbeidh ach duine amháin fanta chun an t-airgead a bhuachan. Á chur i láthair ag Anne Robinson.

An Aimsir Láithreach
An Aimsir Láithreach
18:57
(S22/CL73)
Aimsir réigiúnach agus náisiúnta.

Nuacht TG4
Nuacht TG4
19:00
 
Mórimeachtaí an lae ó Aonad Nuachta TG4.

Beidh Mé Ar Ais! (OS & TS)
Beidh Mé Ar Ais! (OS & TS)
19:30
(S1/CL4)
Sraith nua turasóireachta a fhiosróidh áiteanna ar cheart do gach duine cuairt a thabhairt orthu. Á chur i láthair ag Sinéad Ní Uallacháin agus Osgur Ó Ciardha. Rachaidh Sinéad agus Osgur ó cheann ceann na tíre chun teacht ar áiteanna nua turasóireachta agus le comhairle a thabhairt ar bhealaí a bhféadfaí taithí an chuairteora a fheabhsú. An tseachtain seo, tiomáinfidh siad traein i Liatroim agus beidh saol na bhfuíoll acu ar an Muileann gCearr. Beidh deis ag Sinéad feamainn a bhlaiseadh i gCiarraí agus caithfidh Osgur súil ar an 'Greenway' atá beartaithe i Sligeach.

Snáithe (OS & TS)
Snáithe (OS & TS)
20:30
(S1/CL5)
Sraith nua sé chlár ina ndéantar stair dhearadh faisin na hÉireann a scrúdú trí shúile dearthóirí comhaimseartha, saineolaithe agus staraithe faisin. Déanfaidh an blagálaí faisin, Ciara O'Doherty, téamaí ar nós féiniúlacht, traidisiún, pátrúnacht agus tuiscint a fhiosrú agus gheobhaidh amach faoin mbaint atá ag tírdhreach, cultúr agus teicstílí na hÉireann leis na ball éadaí a chruthaíonn dearthóirí in Éirinn agus go hidirnáisiúnta. Casfaidh Ciara leis an ngrianghrafadóir Perry Ogden agus le Helen Steele, a onnmhairíonn a cuid dearaí ar fud an domhain ó Chontae Mhuineacháin.

Siar an Bóthar (OS)
Siar an Bóthar (OS)
21:00
(S13/CL6)
Togha agus rogha an cheoil agus an damhsa ar Siar an Bóthar. Ar an gclár seo beidh mír den amhránaí Johnny Mháirtín Learaí Mac Donnchadha as Carna, Conamara ag casadh 'Bríd Thomáis Mhurchaidh'. Beidh Séamus Tansey agus James Murray ag caint le Paddy Glackin faoin bhfliúit agus tuairimí éagsúla acu beirt. Beidh Michael Tubridy agus Christy Barry againn chomh maith leis na damhsóirí Cathleen Murray agus Aaron Crosbie.

Laochra Gael (OS & TS)
Laochra Gael (OS & TS)
21:30
(S16/CL3)
Ashling Thompson - Gaiscíoch Ban: Sraith nua. Clár faisnéise faoi Ashling Thompson - All-Star Camógaíochta agus captaen buacach Uile Éireann. Tá sí ar dhuine de cheathrar lúthchleasaithe in Éirinn a fhaigheann urraíocht ó Red Bull. Is mainicín faisin, abhcóide dílis ar chúrsaí meabhairshláinte í gan trácht ar an tóir atá ag na meáin uirthi. Sa chlár seo, rachaimid ar aistear in éineacht le Ashling atá i mbarr a réime faoi láthair i saol na camógaíochta - bean a fuair an ceann is fearr ar dhrochghortuithe agus ar mhórfhadhbanna leis an dúlagar ar an mbealach.

Survivor: Millennials vs. Gen X (OS & TS)
Survivor: Millennials vs. Gen X (OS & TS)
22:30
(S33/CL10)
Tá na hiomaitheoirí ar fad ar a ndícheall ag iarraidh iad féin a chur chun cinn agus dul i bpáirt le hiomaitheoirí eile. Bíonn teannas mór sa ghrúpa nuair a iompaíonn na hiomaitheoirí ar fad ar a chéile.

An Aimsir Láithreach
An Aimsir Láithreach
23:23
(S22/CL73)
An Aimsir Náisiúnta agus Idirnáisiúnta.

Barbara Dickson  Ar Stáitse
Barbara Dickson Ar Stáitse
23:25
(S3/CL10)
Ceolchoirm le Barbara Dickson ó 1989. Casfaidh sí a cuid amhrán mór le rá ar fad ina measc, 'January, February', 'I know him so well', 'Missing You' agus 'Song of Bernadette'.

Scór Encore (OS)
Scór Encore (OS)
23:55
(S1/CL10)
Níl ach áit amháin eile fanta sa bhabhta ceathrú ceannais. Cé a roghnóidh na moltóirí?

France 24
France 24
00:55
 
Cainéal nuachta 24 uair an chloig na Fraince atá i France 24. Bíonn an clár á chraoladh beo as Páras. Tá 180 iriseoir ag an stáisiún ar fud an domhain mhóir a thugann tuairiscí cuimsitheacha agus cumasacha chuig an lucht féachana ar imeachtaí móra laethúla.

Dé Céadaoin, Márta 14, 2018
Níl TG4 freagrach as an ábhar ar Shuíomh Gréasáin seachtrach ar bith