Baile » Sceideal » Sceideal Iomlán

Déardaoin, Feabhra 01, 2018
France 24
France 24
05:30
 
Cainéal nuachta 24 uair an chloig na Fraince atá i France 24. Bíonn an clár á chraoladh beo as Páras. Tá 180 iriseoir ag an stáisiún ar fud an domhain mhóir a thugann tuairiscí cuimsitheacha agus cumasacha chuig an lucht féachana ar imeachtaí móra laethúla.

Cúla 4 na nÓg
Cúla 4 na nÓg
07:00
 
Mír do ghasúir réamhscoile atá i Cúla4 na nÓg a thosóidh gach maidin ag 7 a.m. go dtí an 10.00 am agus arís ag an 3p.m. i rith na seachtaine. I measc na gclár beidh Wanda and the Alien, Masha agus an Béar, QPootle, Olly an Veain Bheag Bhán agus Dinosaur Train agus neart eile.

Olivia (GS)
Olivia (GS)
07:02
(S1/CL48)
Tugann Mamó Olivia agus Cian chuig trá speisialta ach bíonn iontas orthu go bhfuil sconsa tógtha ag seanchara Mhamó chun iad a choinneáil amach.

An Captaen Flinn agus na Foghlaithe Dineasár
An Captaen Flinn agus na Foghlaithe Dineasár
07:13
(S1/CL44)
Glacann Flinn agus a chriú páirt i gcomórtas ach bíonn na dineasáir ag caimiléireacht.

Astroblast! (GS)
Astroblast! (GS)
07:25
(S1/CL29)
Tá faitíos ar Comet go mbeidh daoine ag gáire faoi nuair a fheicfidh siad a bhréagán bog.

Astroblast! (GS)
Astroblast! (GS)
07:37
(S1/CL30)
Níl cuma ná caoi ar Comet ná ar Halley mar nár chodail siad go maith aréir.

Olly an Veain Bheag Bhán
Olly an Veain Bheag Bhán
07:50
(S1/CL45)
Iarrann Ronald cúnamh ar Stan agus ar Olly mar go bhfuil cáca mór ar an mbealach.

Olly an Veain Bheag Bhán
Olly an Veain Bheag Bhán
07:55
(S1/CL46)
Tá Lá Phlimpáin linn agus tá gach duine ar bís faoin gceiliúradh.

Dora (GS)
Dora (GS)
08:00
(S8/CL15)
Tá Iaguar Óg sáinnithe in aimsir na ndineasár. An mbeidh sé ar ais in am don chóisir?

Tractor Tom
Tractor Tom
08:25
(S1/CL25)
Nuair a fhágann Fi Tom i gceannas, caitheann sé dul i ngleic le cúpla bligeard.

Balloon Barnyard
Balloon Barnyard
08:36
(S1/CL9)
Tá Streak ag léamh faoi chleasa draíochta, ach níl sé in ann iad a dhéanamh!

Dot
Dot
08:45
(S1/CL19)
Beartaíonn muintir Dot gan aon leictreachas a úsáid inniu.

Masha agus an Béar
Masha agus an Béar
08:56
(S1/CL22)
Tá fail ar Masha agus tá an Béar ar a dhícheall ag iarraidh fáil réidh leo.

Peg & Cat
Peg & Cat
09:03
(S3/CL8)
Tá gadaí ar Luasthraein Peg agus Cat inniu.

Cat a' Hata (GS)
Cat a' Hata (GS)
09:15
(S1/CL32)
Bíonn Nic agus Sailí ag baint sult as picnic nuair a thugann siad faoi deara go bhfuil a sú talún deiridh ar iarraidh. Ach cé a thóg í?

Ainmhithe Beaga Thart Orainn (OS)
Ainmhithe Beaga Thart Orainn (OS)
09:30
(S2/CL10)
Caithfimid súil ar mar a chaitheann tuilleadh ainmhithe óga atá ina bpeataí an tráthnóna.

The Waltons (TS)
The Waltons (TS)
10:00
(S7/CL6)
Níl Elizabeth ag iarraidh a bheith mór. Cruthaíonn sí poltergeist a chruthaíonn go leor trioblóide.

The Waltons (TS)
The Waltons (TS)
10:58
(S7/CL7)
Casann Erin le healaíontóir uaigneach a bhfuil meabhairghalar air. Tugtar canáraí do Mhamó ach ní chasann an canáraí ceol ar bith.

The Cook & The Chef (TS)
The Cook & The Chef (TS)
11:55
(S4/CL25)
Bhí lear mór cócairí mór le rá ag an Astráil riamh a choinnigh comhluadar le daoine a bhfuil an-suim acu i mbia, a roinn a gcuid eolais agus a chabhraigh le caighdeán bia na tíre a fheabhsú. Tá an-tóir ag Simon ar Gordon Ramsay, duine de na cócairí is fearr aithne ón Ríocht Aontaithe. Réiteoidh sé oideas timbeal de chuid Gordon - a mbeidh ruainne beag milléid liath ann ó Dheisceart na hAstráile.

Bliain in Árainn Mhór (OS & TS)
Bliain in Árainn Mhór (OS & TS)
12:30
(S3/CL4)
Tá sé ina gheimhreadh ar Árainn Mhór. Tá na míonna crua seo deacair orthusan atá tagtha chun cónaithe ar an oileán. Gach bliain déantar comóradh ar thubaiste farraige inar bádh go leor de mhuintir óg an oileáin. Cé go bhfuil sé 75 bliain ó tharla an tubaiste tá a lorg go láidir ar an oileán, sna bunscoileanna go háirithe áit a bhfuil líon na ndaltaí ag titim.

The Gilmore Girls (TS)
The Gilmore Girls (TS)
13:05
(S1/CL19)
Sraith ghrinn drámaíochta. Baintear siar as Emily é nuair a fheiceann sí an teach inar tógadh Rory ann nuair a d'fhéadfadh sí a bheith fanta in éineacht léi féin agus le Richard. Féachann Emily le seomra álainn a réiteach do Rory ina teach féin. Cuireann Lorelai ina luí ar Luke seans eile a thabhairt do chailín a mbíodh sé ag dul amach in éineacht léi.

Weakest Link (TS)
Weakest Link (TS)
14:00
(S8/CL3)
Sraith Tráth na gCeist ina bhféachfaidh 9 n-iomaitheoir leis an bpota óir a thabhairt abhaile leo. Cuirfear an t-iomaitheoir is measa, dar leis na hiomaitheoirí eile, abhaile ag deireadh gach babhta go dtí nach mbeidh ach duine amháin fanta chun an t-airgead a bhuachan. Á chur i láthair ag Anne Robinson.

Cúla 4 na nÓg
Cúla 4 na nÓg
15:00
 
Mír do ghasúir réamhscoile atá i Cúla4 na nÓg a thosóidh gach maidin ag 7 a.m. go dtí an 10.00 am agus arís ag an 3p.m. i rith na seachtaine. I measc na gclár beidh Wanda and the Alien, Masha agus an Béar, QPootle, Olly an Veain Bheag Bhán agus Dinosaur Train agus neart eile.

Masha agus an Béar
Masha agus an Béar
15:02
(S1/CL21)
Tarlaíonn míorúiltí i gcónaí ar Oíche Chinn Bliana. Faigheann Masha hata draíochta a bhronnann bronntanais ar a cuid cairde.

Masha agus an Béar
Masha agus an Béar
15:09
(S1/CL22)
Tá fail ar Masha agus tá an Béar ar a dhícheall ag iarraidh fáil réidh leo.

PJ Masks
PJ Masks
15:16
(S1/CL42)
Ceapann Gekko nach bhfuil maith ar bith lena sárchumhachtaí.

Loopdidoo
Loopdidoo
15:28
(S5/CL8)
Tá tráth na gceist boird ar siúl idir na gasúir agus na hainmhithe ach níl rudaí mar ba cheart dóibh a bheith.

Is Ait an Mac é Mús
Is Ait an Mac é Mús
15:35
(S1/CL19)
Féachann Mús agus Jeaicín le seanchlog a dheisiú.

Cat a' Hata (GS)
Cat a' Hata (GS)
15:40
(S1/CL42)
Nuair a bhíonn Nic agus Sailí ag imirt sacair, téann an liathróid tríd poll san eangach.

Cúla 4
Cúla 4
15:55
 
Beidh Cúla 4 ar an aer ón 7 gach maidin agus ón 4 tráthnóna ó Luan go hAoine. I measc na gclár iontach a bheidh ar siúl, beidh Angelo Rules, Get Ace, Jungle Bunch, Camp Lakebottom, Dude that's my Ghost, Garfield agus neart eile.

Alvinnn !!! agus na Chipmunks
Alvinnn !!! agus na Chipmunks
15:57
(S1/CL40)
Ceapann Alvin go bhfuil scíth ag teastáil ó Dháithí agus beartaíonn tithe a mhalartú le teaghlach i Haváí.

Dónall Dána (GS)
Dónall Dána (GS)
16:08
(S1/CL7)
Féachann Dónall Dána leis an dallamullóg a chur ar shióg na bhfiacla.

Garfield (GS)
Garfield (GS)
16:19
(S4/CL5)
Aimsíonn Varicella na trí ní draíochta agus bíonn sí ar tí frog a dhéanamh de gach duine nuair a chuimhníonn Abigail ar rud éigin.

Jamie's Got Tentacles
Jamie's Got Tentacles
16:32
(S1/CL8)
Seolann muintir Jamie pacáiste speisialta chuige.

Spongebob Squarepants (GS)
Spongebob Squarepants (GS)
16:43
(S9/CL26)
Insíonn an tUasal Krabs scéalta do SpongeBob faoin am ar chaith sé sa chabhlach.

Dochreidte Gan Dabht (GS)
Dochreidte Gan Dabht (GS)
16:55
(S4/CL5)
Seo é Dochreidte Gan Dabht, an clár ar a mbeidh na curiarrachtaí is aistí, is iontaí agus is dochreidte dá bhfaca tú riamh. Tá na deartháireacha Moffatt ar ais le triail tuilleadh curiarrachtaí a bhaint amach lena scileanna tiomána iontacha. Á chur i láthair ag Eoghan Ó Loideáin.

Dochreidte Gan Dabht (GS)
Dochreidte Gan Dabht (GS)
17:10
(S4/CL6)
Seo é Dochreidte Gan Dabht, an clár ar a mbeidh na curiarrachtaí is aistí, is iontaí agus is dochreidte dá bhfaca tú riamh. Inniu déanfar iarracht an pirimid is mó déanta as cupáin phlaisteacha a dhéanamh. Á chur i láthair ag Eoghan Ó Loideáin.

An Aimsir Láithreach
An Aimsir Láithreach
17:25
(S21/CL28)
Aimsir réigiúnach agus náisiúnta.

Ros na Rún (OS & GS)
Ros na Rún (OS & GS)
17:30
(S22/CL44)
Tá Evan ag iarraidh greasáil a thabhairt do Bhriain ach cuireann Bobbi Lee ciall ann. Tá imní ar Berni go bhfaighidh Máire amach fúithi féin agus Briain. Ceapann Frances go bhfuil Tadhg le teacht abhaile chuici nuair a thagann ceantálaí ag breathnú ar an teach tábhairne ach ní mar a shíltear a bhítear faraor. Lá Fhéile Bríde atá ann agus níl a fhios cén seanchas atá ag Gráinne faoin ngrá, sláinte agus saibhreas do Mo.

Weakest Link (TS)
Weakest Link (TS)
18:00
(S8/CL3)
Sraith Tráth na gCeist ina bhféachfaidh 9 n-iomaitheoir leis an bpota óir a thabhairt abhaile leo. Cuirfear an t-iomaitheoir is measa, dar leis na hiomaitheoirí eile, abhaile ag deireadh gach babhta go dtí nach mbeidh ach duine amháin fanta chun an t-airgead a bhuachan. Á chur i láthair ag Anne Robinson.

An Aimsir Láithreach
An Aimsir Láithreach
18:57
(S22/CL32)
Aimsir réigiúnach agus náisiúnta.

Nuacht TG4
Nuacht TG4
19:00
 
Mórimeachtaí an lae ó Aonad Nuachta TG4.

Turas Húicéara (OS & TS)
Turas Húicéara (OS & TS)
19:30
(S1/CL4)
Leanann criú an Naoimh Bairbre orthu go bacach go Hiort atá go domhain san Atlantach sula bhfilleann siad ar an saol mór ag na Geimeanann Gaelacha ar an Eilean Sgitheannach.

Tríd an Lionsa (OS & TS)
Tríd an Lionsa (OS & TS)
20:00
(S2/CL4)
Sraith nua 6 chlár a thugann léargas ar an saibhreas breá atá sna taiscí cartlainne de ghrianghraif a tógadh sa tír sa tréimhse ó 1880-1902, luath-laethanta ré na grianghrafadóireachta in Éirinn. Á chur i láthair ag an Dr. Úna Ní Bhroiméil. Sa bhliain 1913 ba léir gur mór a bhí idir na daoine saibhre agus na daoine bochta i mBaile Átha Cliath. Ba é John Cooke ón gCumann Náisiúnta um Chosaint Leanaí a thóg na grianghraif sa bhailiúchán 'Darkest Dublin' chun léargas a thabhairt ar an drochbhail a bhí ar na bochtáin.

Ros na Rún (OS & GS)
Ros na Rún (OS & GS)
20:30
(S22/CL44)
Tá Evan ag iarraidh greasáil a thabhairt do Bhriain ach cuireann Bobbi Lee ciall ann. Tá imní ar Berni go bhfaighidh Máire amach fúithi féin agus Briain. Ceapann Frances go bhfuil Tadhg le teacht abhaile chuici nuair a thagann ceantálaí ag breathnú ar an teach tábhairne ach ní mar a shíltear a bhítear faraor. Lá Fhéile Bríde atá ann agus níl a fhios cén seanchas atá ag Gráinne faoin ngrá, sláinte agus saibhreas do Mo.

A Little Bit Showband
A Little Bit Showband
21:00
(S1/CL6)
Clár faisnéise ar Philomena Quinn, nó Tina mar ab fhearr aithne uirthi. Ba réalta mór i ré na seó-bhannaí í Tina. Cé gur éirigh thar cionn léi i saol na seó-bhannaí bhain go leor tubaistí di sa saol. Chaith sí na chéad bhlianta dá saol san ospidéal le TB. Nuair a tháinig biseach uirthi cuireadh isteach i ndílleachtlann í mar go raibh a máthair ró-thinn le haire a thabhairt di. Cailleadh a máthair ansin ach bhí an t-ádh uirthi ina dhiaidh nuair a bhuaigh sí comórtas amhránaíochta in ionad saoire Butlins agus ní raibh sé i bhfad go raibh gach seó-bhanna in Éirinn ag iarraidh uirthi casadh leo.

Taithí gan Teorainn (OS & TS)
Taithí gan Teorainn (OS & TS)
21:30
(S1/CL4)
Rachaidh beirt bhan a bhfuil an-suim i bhfaisean acu - Siobhán Heffernan, 20, as Baile Átha Cliath agus Aoife Nic an tSaoir, 29, as Béal Feirste - chuig an gCambóid le léargas a fháil ar na coinníollacha oibre a bhaineann le bheith ag obair sa tionscal ansin. Caithfidh siad an chéad dhá lá ag obair i monarcha i Phnom Penh. Monarchana iad seo a fhaigheann obair ar conradh ó na monarchana móra dúshaothair. Caithfidh siad lá eile i gceardlann Tonlé, branda faisin as Meiriceá, a bhaineann leas as an éadach a chaitheann na monarchana móra amach le héadaí thar a bheith faiseanta a dhéanamh as.

Fíorscéal (OS & TS)
Fíorscéal (OS & TS)
22:30
(S18/CL19)
Clár faisnéise ar mar atá meaisíní ag glacadh áit an duine sa láthair oibre. Is cosúil nach ann don fhostaíocht lánaimseartha níos mó. Táthar ag baint níos mó agus níos mó úsáide ná riamh as meaisíní chun obair a dhéanamh agus is iad na fostaithe atá siar leis. Tabharfaidh taighdeoirí, fir ghnó agus sceithirí a gcuid tuairimí féin ar an ábhar sa chlár seo.

An Aimsir Láithreach
An Aimsir Láithreach
23:35
(S22/CL32)
An Aimsir Náisiúnta agus Idirnáisiúnta.

Scannán: Detention (TS)
Scannán: Detention (TS)
23:40
 
(2008, Scéinséir) Yancey Arias, Alison Brie agus Abby Cooper na príomhaisteoirí sa scannán seo faoi stiúir Harry Winer. Feiceann múinteoir scoile, Gloria Abraham, dúnmharú á dhéanamh agus í ar a bealach chuig an scoil ar maidin. Beartaíonn sí fianaise a thabhairt in aghaidh Oscar Reyes, an mangaire drugaí, agus mar sin beartaíonn Oscar agus a chuid bithiúnach Gloria a mharú.

Dáil Éireann
Dáil Éireann
01:10
(S18/CL32)
Craoladh ar imeachtaí na maidine de riar na hoibre i nDáil Éireann.

France 24
France 24
01:35
 
Cainéal nuachta 24 uair an chloig na Fraince atá i France 24. Bíonn an clár á chraoladh beo as Páras. Tá 180 iriseoir ag an stáisiún ar fud an domhain mhóir a thugann tuairiscí cuimsitheacha agus cumasacha chuig an lucht féachana ar imeachtaí móra laethúla.

Déardaoin, Feabhra 01, 2018
Níl TG4 freagrach as an ábhar ar Shuíomh Gréasáin seachtrach ar bith