Baile » Sceideal » Sceideal Iomlán

Dé Sathairn, Feabhra 10, 2018
France 24
France 24
05:30
 
Cainéal nuachta 24 uair an chloig na Fraince atá i France 24. Bíonn an clár á chraoladh beo as Páras. Tá 180 iriseoir ag an stáisiún ar fud an domhain mhóir a thugann tuairiscí cuimsitheacha agus cumasacha chuig an lucht féachana ar imeachtaí móra laethúla.

Cúla 4
Cúla 4
07:00
 
Beidh Cúla 4 ar an aer ón 7 gach maidin agus ón 4 tráthnóna ó Luan go hAoine. I measc na gclár iontach a bheidh ar siúl, beidh Angelo Rules, Get Ace, Jungle Bunch, Camp Lakebottom, Dude that's my Ghost, Garfield agus neart eile.

Cat Cliste
Cat Cliste
07:02
(S1/CL61)
Rachaidh an Cat Cliste agus a chairde ar eachtra sa bhfásach chun teacht ar phlanda neamhghnách atá réidh le teacht i mbláth.

Is Ait an Mac é Mús
Is Ait an Mac é Mús
07:15
(S1/CL25)
Réiteoidh Mús agus Jeaicín mias speisialta don chailleach mar gur éirigh léi pas a fháil ina cúrsa.

Camp Lakebottom
Camp Lakebottom
07:22
(S1/CL51)
Greamaítear Susie agus Gráinne le chéile trí thimpiste.

Camp Lakebottom
Camp Lakebottom
07:33
(S1/CL52)
Faigheann MacAodh amach nach aon ghnáthchampa é Campa Loch Íochtar.

Angelo Rules (GS)
Angelo Rules (GS)
07:45
(S3/CL31)
Tá Angelo ag iarraidh a bheith mór.

Cúla 4 na nÓg
Cúla 4 na nÓg
08:00
 
Mír do ghasúir réamhscoile atá i Cúla4 na nÓg a thosóidh gach maidin ag 7 a.m. go dtí an 10.00 am agus arís ag an 3p.m. i rith na seachtaine. I measc na gclár beidh Wanda and the Alien, Masha agus an Béar, QPootle, Olly an Veain Bheag Bhán agus Dinosaur Train agus neart eile.

Seo Linn Pocoyo
Seo Linn Pocoyo
08:02
(S3/CL31)
Is foghlaithe mara iad ár gcairde atá sa tóir ar thaisce.

Seo Linn Pocoyo
Seo Linn Pocoyo
08:08
(S3/CL32)
Tá Elly ar an ríomhaire ach tá Pocoyo ag iarraidh cluiche a imirt in éineacht léi.

Eolaíocht le Bert
Eolaíocht le Bert
08:15
(S1/CL12)
Inniu déanfaidh Bert turgnamh ar sholas athraonadh.

Elmo Anseo
Elmo Anseo
08:20
(S1/CL15)
Inniu foghlaimeoidh Elmo agus a chara nua Cliste níos mó faoi na séasúir.

Scéalta le Masha
Scéalta le Masha
08:25
(S3/CL26)
Inseoidh Masha scéal faoi chapall dronnach a bhronnann mianta ar bhuachaill óg nach bhfuil an-chliste.

Saol Faoi Shráid (GS)
Saol Faoi Shráid (GS)
08:30
(S1/CL20)
Breithlá Chicí atá ann agus déanann Rocco cáca álainn di. Ach milleann Ribín agus Glibín é trí thimpiste. An féidir leo cáca eile a dhéanamh in am don chóisir?

Masha agus an Béar
Masha agus an Béar
08:42
(S2/CL4)
Ólann Masha deoch a chabhraíonn le plandaí fás agus nach bhfuil sí féin mór millteach anois freisin.

Zou
Zou
08:49
(S2/CL26)
Tá togra scoile le déanamh ag Zou. Téann sé féin agus Daideo chuig an trá ag lorg ainmhí a iompraíonn a theach féin ar a dhroim.

Zack & Quack
Zack & Quack
09:00
(S2/CL3)
Tugann Kira Peigeasas abhaile ach bíonn sé gránna le Quack.

Loopdidoo
Loopdidoo
09:11
(S5/CL9)
Tugann Petunia peata na scoile abhaile léi le haire a thabhairt dó agus bíonn éad ar Loopdidoo.

Maya an Bheachín
Maya an Bheachín
09:18
(S1/CL38)
Caithfidh cuid de na beacha cuasnóg nua a fháil. Roghnaítear Willy bocht ar cheann acu!

Wissper
Wissper
09:30
(S1/CL9)
Tugann Wissper cúnamh d'Oisín, an cangarú óg, púitse a mháthar a fhágáil.

Cat a' Hata (GS)
Cat a' Hata (GS)
09:37
(S1/CL22)
Tá Sailí, Nic agus an Cat ag iarraidh eitleog a chur ag eitilt ach níl sé sách gaofar.

Alvinnn !!! & the Chipmunks
Alvinnn !!! & the Chipmunks
09:50
(S2/CL3)
Tá Derek ag piocadh ar chairde Simon. Féachann Alvin lena thaispeáint dóibh leis an bhfód a sheasamh.

GAA 2018
GAA 2018
10:05
(S18/CL2)
Buaicphointí ón dara babhta de Shraitheanna Peile agus Iomána Allianz. I measc na gcluichí beidh Loch Garman v Corcaigh, Dún na nGall v Gaillimh, Cill Chainnigh v an Clár, Tiobraid Árann v Port Láirge, Maigh Eo v Ciarraí agus Tír Eoghain v Áth Cliath.

Weakest Link (TS)
Weakest Link (TS)
11:05
(S8/CL9)
Sraith Tráth na gCeist ina bhféachfaidh 9 n-iomaitheoir leis an bpota óir a thabhairt abhaile leo. Cuirfear an t-iomaitheoir is measa, dar leis na hiomaitheoirí eile, abhaile ag deireadh gach babhta go dtí nach mbeidh ach duine amháin fanta chun an t-airgead a bhuachan. Á chur i láthair ag Anne Robinson.

Mending Legends (OS & TS)
Mending Legends (OS & TS)
12:00
 
Fiosróidh an láithreoir spóirt, Máire Treasa Ní Dhubhghaill ceann de na gortuithe is mó a mbíonn ar lucht spóirt éirí as mar gheall air - gortú teannáin. Féachfaidh sí ar an tionchar a bhíonn ag gortú mar seo ar lúthchleasaithe, ar a n-intinn agus ar a gcorp. I measc na ndaoine a labhróidh sí leo beidh iar-chaptaen peile na Gaillimhe Pádraic Joyce, an tOilimpeach Jessie Barr agus an t-iar-imreoir rugbaí Denis Leamy. Ar a turas casfaidh sí le saineolaithe spóirt sa gCurrach, i bPáirc an Chrócaigh, in Ospidéal na Tréidliachta i Londain agus in Institiúid Spóirt na hÉireann.

Gradaim an Uachtaráin 2018
Gradaim an Uachtaráin 2018
12:30
 
Craoladh ar oíche mhór Ghradaim an Uachtaráin ar Pháirc an Chrócaigh. Bronnfaidh Uachtarán Chumann Lúthchleas Gael, Aogán Ó Fearghail, Gradaim ar phlúr na lúthchleasaithe as na Ceithre Cúigí - idir pheil agus iománaíocht, chamógaíocht, pheil na mban, chluichí corr agus liathróid láimhe. Á chur i láthair ag Micheál Ó Domhnaill.

GAA Beo
GAA Beo
13:30
 
Craoladh beo ar Na Piarsaigh v Sleacht N�ill (2 p.m.) ar Ph�irc Parnell agus ar Chuala v Liam U� Mhaoil�osa (4 p.m.) as Staid Semple i gCluich� Leathcheannais Chraobhchom�rtas Iom�na na gClubanna.

An Aimsir Láithreach
An Aimsir Láithreach
17:30
(S21/CL35)
Aimsir réigiúnach agus náisiúnta.

Is Eolaí Mé (GS)
Is Eolaí Mé (GS)
17:35
(S1/CL12)
Athchúrsáil is ábhar do chlár an lae inniu. Ar smaoinigh sibh riamh ar chéard a tharlaíonn nuair a bhailítear an bruscar sa mbaile? Bhuel tabharfaidh Peadar cuairt ar ionad athchúrsála chun é a fháil amach. Beidh Muireann Ní Ghloinn agus Ailbhe Ní Ghionnáin ag cabhrú sa stiúideo chun piastlann a dhéanamh. Beidh Úna ag breathnú ar na rudaí iontacha a dhéanann siad san ionad 'ReCreate' as ábhair athchúrsála. Mar is iondúil, tabharfaimid muid cuairt ar an tOllamh Ullamh agus a chúntóir Aodh, go bhfeicfimid céard atá ar siúl acu inniu.

Survivor: Millennials vs. Gen X (OS & TS)
Survivor: Millennials vs. Gen X (OS & TS)
18:05
(S33/CL5)
Rachaidh na hiomaitheoirí sa tóir ar an íol díolúine.

An Aimsir Láithreach
An Aimsir Láithreach
18:57
(S22/CL41)
Aimsir réigiúnach agus náisiúnta.

Nuacht TG4
Nuacht TG4
19:00
 
Mórimeachtaí an lae ó Aonad Nuachta TG4.

Rugbaí Beo
Rugbaí Beo
19:15
 
Craoladh beo ar Mhumha v Zebre ar Pháirc Thuamhan sa cheathrú babhta déag den tSraith Guinness PRO14. Á chur i láthair ag Máire Treasa Ní Dhubhghaill.

An Aimsir Láithreach
An Aimsir Láithreach
21:45
(S22/CL41)
An Aimsir Náisiúnta agus Idirnáisiúnta.

Glór Tíre (OS & TS)
Glór Tíre (OS & TS)
21:50
(S14/CL5)
Sraith nua eile de Ghlór Tíre. Beidh seisear iomaitheoirí i dteannta Aoife Ní Thuairisg agus Phádraic Ó Neachtain agus gach duine acu ag iarraidh an duais mhór a thabhairt leo. John Creedon, Caitríona Ní Shúilleabháin agus Jó Ní Chéide a bheidh ag moltóireacht. Shawn Cuddy a bheidh ag casadh ar stáitse Ghlór Tíre an tseachtain seo. Cuirfidh Shawn a iomaitheoir féin in aithne dúinn freisin, Orlaith Furey. Seo a leanas sonraí vótála Orlaith: Glór 4: 1513 415 104 / Glor4 to 53307; Glór 4: 0901 6566 104 / Glor4 to 60999.

Scannán: Elizabethtown (TS)
Scannán: Elizabethtown (TS)
22:50
 
(2005, Scannán grinn) Orlando Bloom, Kirsten Dunst agus Susan Sarandon na príomhaisteoirí sa scannán seo faoi stiúir Cameron Crowe. Éiríonn fear óg, atá ar an mbealach chuig searmanas cuimhneacháin a athar i Elizabethtown, an-mhór le haeróstach álainn a chastar air. Ach an bhféadfadh sé i ndáiríre go mbeadh suim ag an mbean álainn seo ann?

Céard sa Diabhal! (OS & TS)
Céard sa Diabhal! (OS & TS)
01:00
(S1/CL26)
Clár ar a mbeidh na hiarrachtaí spóirt is seafóidí agus na pleidhcí is mó ann le feiceáil. Daoine fásta ag rásaíocht i gcarranna Barbie ina measc.

Ceol ar an Imeall (OS)
Ceol ar an Imeall (OS)
01:30
(S5/CL5)
Beidh Old Hannah agus Daithí ag ceol sa stiúideo dúinn. Is banna ceol é Old Hanna a mheascann ceol traidisiúnta le ceol comhaimseartha rud a thugann fuaim ceoil tíre dóibh. Is ceoltóir leictreonach é Daithí as Co. an Chláir agus is í an fhidil a phríomhuirlis ceoil. Casfaidh Una leis an mbanna ceoil MGMT as Meiriceá. Labhróidh siad faoina n-albam nua agus faoin gceolchoirm a bheidh acu go gairid san Olympia.

France 24
France 24
02:00
 
Cainéal nuachta 24 uair an chloig na Fraince atá i France 24. Bíonn an clár á chraoladh beo as Páras. Tá 180 iriseoir ag an stáisiún ar fud an domhain mhóir a thugann tuairiscí cuimsitheacha agus cumasacha chuig an lucht féachana ar imeachtaí móra laethúla.

Dé Sathairn, Feabhra 10, 2018
Níl TG4 freagrach as an ábhar ar Shuíomh Gréasáin seachtrach ar bith