Baile » Sceideal » Sceideal Iomlán

Dé Domhnaigh, Feabhra 11, 2018
France 24
France 24
05:30
 
Cainéal nuachta 24 uair an chloig na Fraince atá i France 24. Bíonn an clár á chraoladh beo as Páras. Tá 180 iriseoir ag an stáisiún ar fud an domhain mhóir a thugann tuairiscí cuimsitheacha agus cumasacha chuig an lucht féachana ar imeachtaí móra laethúla.

Cúla 4
Cúla 4
07:00
 
Beidh Cúla 4 ar an aer ón 7 gach maidin agus ón 4 tráthnóna ó Luan go hAoine. I measc na gclár iontach a bheidh ar siúl, beidh Angelo Rules, Get Ace, Jungle Bunch, Camp Lakebottom, Dude that's my Ghost, Garfield agus neart eile.

Cat Cliste
Cat Cliste
07:02
(S1/CL62)
Rachaidh an Cat Cliste agus a chairde sa tóir ar dhreige a tháinig anuas ón spéir.

Is Ait an Mac é Mús
Is Ait an Mac é Mús
07:15
(S1/CL26)
Féachann Jeaicín le roinnt aclaíochta a dhéanamh agus tugann Mús cúnamh dó.

Camp Lakebottom
Camp Lakebottom
07:22
(S1/CL1)
Titeann MacAodh isteach i bpoll armadailín le linn cluiche éagórach póló.

Camp Lakebottom
Camp Lakebottom
07:33
(S1/CL2)
Tógann MacAodh golem ag úsáid cré. Leanann an golem orduithe MhicAodh.

Angelo Rules (GS)
Angelo Rules (GS)
07:45
(S3/CL32)
Is é Angelo atá i gceannas ar an scoil.

Cúla 4 na nÓg
Cúla 4 na nÓg
08:00
 
Mír do ghasúir réamhscoile atá i Cúla4 na nÓg a thosóidh gach maidin ag 7 a.m. go dtí an 10.00 am agus arís ag an 3p.m. i rith na seachtaine. I measc na gclár beidh Wanda and the Alien, Masha agus an Béar, QPootle, Olly an Veain Bheag Bhán agus Dinosaur Train agus neart eile.

Seo Linn Pocoyo
Seo Linn Pocoyo
08:02
(S3/CL33)
Tá cárta poist tagtha ó Elly atá ar saoire.

Seo Linn Pocoyo
Seo Linn Pocoyo
08:08
(S3/CL34)
Tá Pocoyo ag spraoi le cianrialtán atá in ann rudaí a dhéanamh beag agus mór.

Eolaíocht le Bert
Eolaíocht le Bert
08:15
(S1/CL13)
Inniu déanfaidh Bert turgnamh a bhaineann le solas agus le scáil.

Elmo Anseo
Elmo Anseo
08:20
(S1/CL16)
Inniu foghlaimeoidh Elmo agus a chara nua Cliste níos mó faoi a bheith ag gléasadh suas.

Scéalta le Masha
Scéalta le Masha
08:25
(S3/CL2)
Inseoidh Masha scéal faoi bhuachaill óg ar rinneadh gabhar dó mar gur ith sé an iomarca.

Bia Linn (TS)
Bia Linn (TS)
08:30
(S2/CL5)
Sraith spleodrach cócaireachta do pháistí óga. Bí linn sa chistin go bhfeicfidh tú cé a bheidh ag cuidiú le Muireann. Seacláid an príomhchomhábhar ag Muireann inniu. Gheobhaidh Coco amach cá as a bhfuil seacláid déanta.

Woozle & Pip
Woozle & Pip
08:44
(S1/CL5)
Tá na cairde ag imirt cluiche.

Zou
Zou
08:49
(S2/CL27)
Tá Zou trína chéile mar go bhfuil go leor dá chuid rudaí ag dul amú air.

Zack & Quack
Zack & Quack
09:00
(S2/CL4)
Rachaidh na cairde sa tóir ar phreab na mianta.

Loopdidoo
Loopdidoo
09:11
(S5/CL10)
Tabharfaidh Petunia agus Gladys ceachtanna tiomána do Loopdidoo agus do Oodles inniu mar go bhfuil siad saor ón scoil.

Maya an Bheachín
Maya an Bheachín
09:18
(S1/CL39)
Tá Lara ag ligean uirthi féin go bhfuil sí in ann an aimsir a athrú.

Wissper
Wissper
09:30
(S1/CL10)
Is breá le moncaithe óga a bheith ag spraoi agus ag diabhlaíocht. Tagann mamaí na moncaithe chuig Wissper ag lorg cúnaimh.

Cat a' Hata (GS)
Cat a' Hata (GS)
09:37
(S1/CL23)
Tá Nic agus Sailí le seó a chur ar siúl dá máithreacha ach níl siad in ann an seó a chríochnú gan titim!

Alvinnn !!! & the Chipmunks
Alvinnn !!! & the Chipmunks
09:50
(S2/CL4)
Éiríonn Alvin mór le scoláire nua, Éamonn, agus féachann sé lena thaispeáint dó le bheith 'cúláilte'.

Alvinnn !!! & the Chipmunks
Alvinnn !!! & the Chipmunks
10:05
(S2/CL5)
Teastaíonn airgead ó Alvin agus faigheann sé post sa scoil ina mhúinteoir ceoil.

Naíonáin an Zú (OS)
Naíonáin an Zú (OS)
10:20
(S3/CL1)
Sraith faoin saol mar atá sé ag ainmhithe nuabheirthe i zú nua-aimseartha i mBeirlín na Gearmáine. Tá na liopaird óga sách achrannach inniu. Tá na muca óga bailithe thart ar na coimeádaithe agus tá mac tíre óg leis féin sa chathair.

Timpeall na Tíre (OS)
Timpeall na Tíre (OS)
10:50
(S16/CL5)
Achoimre ar chuid de mhórscéalta na seachtaine mar a craoladh ar Nuacht TG4.

Volvo Ocean Race
Volvo Ocean Race
11:20
 
An nuacht is déanaí ó Rás Aigéin Volvo 2017-18. Tá Annalise Murphy as Éirinn, a bhuaigh bonn airgid sna Cluichí Oilimpeacha, mar chuid den fhoireann atá ar bord 'Turn the Tide on Plastic'. Leagfar amach bealach an ráis - 45,000 míle farraige trasna cheithre aigéin, sé mhór-roinn agus dhá chathair déag.

Peil na mBan Beo
Peil na mBan Beo
11:50
 
Craoladh beo ar Ghaillimh v Maigh Eo ar Pháirc an Phiarsaigh sa chéad bhabhta de Shraith Náisiúnta Pheil na mBan Lidl.

GAA Beo: Sraith Allianz
GAA Beo: Sraith Allianz
13:35
 
Craoladh beo ar Ghaillimh v Maigh Eo ar Ph�irc an Phiarsaigh sa tr�� babhta de Shraith Peile Allianz. Craoladh iarbheo ar Mhuineach�n v Ciarra� as Inis Caoin agus ar Chill Dara v T�r Eoghain as Droichead Nua.

An Aimsir Láithreach
An Aimsir Láithreach
19:12
(S22/CL42)
Aimsir réigiúnach agus náisiúnta.

Nuacht TG4
Nuacht TG4
19:15
 
Mórimeachtaí an lae ó Aonad Nuachta TG4.

Ollchlár Ros na Rún (OS & GS)
Ollchlár Ros na Rún (OS & GS)
19:30
(S21/CL23)
Is í an oíche roimh bhainis Ghráinne agus David í. Tá siad le pósadh ar an trá. Ligeann Mo uirthi féin nach bhfuil dada ag cur as di ach insíonn Colm do John Joe go bhfuil sé féin agus Mo imithe óna chéile. Tá Pádraig agus Sam ag tarraingt go maith lena chéile. Tugann Tadhg cuireadh do Maggie dul in éineacht leis Tigh Thaidhg ag an mbainis. Faigheann Pádraig scéala ón ospidéal go bhfuil Sonia ag feabhsú agus tugann sé Sam ar cuairt chuici. Tá na dochtúirí den tuairim gur gearr go mbeidh Sonia ina dúiseacht.

Anseo i lár an Ghleanna (OS & TS)
Anseo i lár an Ghleanna (OS & TS)
20:30
 
Tugann an saothar nuálach seo léargas dúinn ar mheath ceantair in imeacht bliana agus ar iarrachtaí misniúla an phobail an fód a sheasamh ainneoin neamhshuim na n-údarás agus fórsaí cumhachtacha eacnamaíocha atá ag treisiú na himirce. Seo bliain i Loch Con Aortha, ceantar iargúlta in Iorras Aithneach in iarthar Ghaeltacht na Gaillimhe. Níl aon tionscal ann a ghinfidh an fhostaíocht is gá le daoine óga agus teaghlaigh a chothú agus a choinneáil sa mbaile seachas dul ar imirce go Baile Átha Cliath nó thar sáile ar fad. Ach dá bhaolaí an easpa fostaíochta, is measa fós an easpa mhisnigh.

Cúl an Tí (OS & TS)
Cúl an Tí (OS & TS)
21:30
(S1/CL1)
Tabharfaidh an láithreoir Pól Ó Ceannabháin cuairt ar scoileanna na tíre áit a dtabharfaidh na daltaí faoina gcuid leaganacha féin de sheanamhráin agus dánta. Déanfar físeáin bheochana d'amhráin Ghaeilge le cúnamh ó Cartoon Saloon, stiúideo beochana a bhfuil gradam buaite aige, & ón mbanna ceoil KILA. Is i gCarna, ina sheanscoil, Scoil na hAirde a chuirfidh Pól tús lena aistear. 'An tAmhrán Bréagach' a bheidh faoi chaibidil ag Scoil na hAirde. Rachaidh Pól ansin chuig Meánscoil San Lughaidh i gCoillte Mach. Labhróidh sé le déagóirí an cheantair faoin amhrán Cill Aodáin le Antoine Ó Raifteirí.

Hup (OS & TS)
Hup (OS & TS)
22:00
(S1/CL9)
I bhFiacail i gCo. an Chláir áit a bhfuil féile cheoil an bhaile faoi lán seoil a bheimid an tseachtain seo. Cuirfidh an fidléir clúiteach Martin Hayes fáilte romhainn agus seinnfidh sé féin agus a chomrádaí ceoil Dennis Cahill cúpla port dúinn. As Oirthear an Chláir don bhoscadóir Joe Fitzgerald ach is fada i Melbourne na hAstráile é, tá stíl dá chuid féin aige mar a chloisfidh muid. Casfaidh Brian O'Rourke amhrán grinn freisin.

Sé Mo Laoch (OS)
Sé Mo Laoch (OS)
22:30
(S7/CL6)
Josephine Keegan, fidléir, pianódóir, cumadóir, eagarthóir, bailitheoir, múinteoir agus buaiteoir gradam i leith na cumadóireachta, as An Mullach Bán i gCo. Ard Mhacha a bheidh faoi chaibidil ar chlár na hoíche anocht. Chaith sí blianta sna 60í agus na 70í ag ceol leis an bhfidléir mór le rá, Seán Maguire agus chas ceol in éineacht le ceoltóirí móra ár linne.

Rebecca Storm  Ar Stáitse
Rebecca Storm Ar Stáitse
23:00
(S3/CL6)
Ceolchoirm Rebecca Storm a taifeadadh i dTeach Ceoldráma Chorcaí i 1988. Casfaidh sí amhráin ar nós 'Phantom of the Opera', 'I don't know how to Love Him', 'Tell Me It's Not True' agus 'Another Suitcase in Another Hall'.

An Aimsir Láithreach
An Aimsir Láithreach
23:30
(S22/CL42)
An Aimsir Náisiúnta agus Idirnáisiúnta.

Crisis Eile (OS & TS)
Crisis Eile (OS & TS)
23:35
(S2/CL1)
Tugann an tIar-Aire Iompair, Maeve Kelly Clarke, aghaidh ar an mBruiséil is í anois ina Coimisinéir san Eoraip. Tá sí ar bís dul chun cinn a dhéanamh i saol na polaitíochta san Eoraip. Ní bhíonn sí i bhfad ina post nua nuair a tharlaíonn tubaiste agus is ar Maeve a thiteann an t-ualach. An mbeidh sí in ann aige?

Islands of the Future (OS & TS)
Islands of the Future (OS & TS)
00:05
(S1/CL3)
Sraith a léiríonn mar atá oileáin amach ó chósta na Spáinne, na hAlban agus ó thíortha eile san Eoraip ag dul i ngleic le cúrsaí fuinnimh. Ar oileán Mhaidéara ar chósta an Atlantaigh, tá muintir na háite ag athchóiriú córas uisciúcháin ón gcúigiú aois déag le fuinneamh a stóráil.

France 24
France 24
01:10
 
Cainéal nuachta 24 uair an chloig na Fraince atá i France 24. Bíonn an clár á chraoladh beo as Páras. Tá 180 iriseoir ag an stáisiún ar fud an domhain mhóir a thugann tuairiscí cuimsitheacha agus cumasacha chuig an lucht féachana ar imeachtaí móra laethúla.

Dé Domhnaigh, Feabhra 11, 2018
Níl TG4 freagrach as an ábhar ar Shuíomh Gréasáin seachtrach ar bith