Baile » Sceideal » Sceideal Iomlán

Dé Luain, Feabhra 12, 2018
France 24
France 24
05:30
 
Cainéal nuachta 24 uair an chloig na Fraince atá i France 24. Bíonn an clár á chraoladh beo as Páras. Tá 180 iriseoir ag an stáisiún ar fud an domhain mhóir a thugann tuairiscí cuimsitheacha agus cumasacha chuig an lucht féachana ar imeachtaí móra laethúla.

Cúla 4 na nÓg
Cúla 4 na nÓg
07:00
 
Mír do ghasúir réamhscoile atá i Cúla4 na nÓg a thosóidh gach maidin ag 7 a.m. go dtí an 10.00 am agus arís ag an 3p.m. i rith na seachtaine. I measc na gclár beidh Wanda and the Alien, Masha agus an Béar, QPootle, Olly an Veain Bheag Bhán agus Dinosaur Train agus neart eile.

Olivia (GS)
Olivia (GS)
07:02
(S1/CL5)
Tá an t-aistear go dtí teach Mhamó an-fhada go deo.

An Captaen Flinn agus na Foghlaithe Dineasár
An Captaen Flinn agus na Foghlaithe Dineasár
07:13
(S1/CL51)
Inseoidh Féasóg scéal faoin uair a rinneadh foghlaithe de Flinn, Violet, Tom agus Pearl.

Astroblast! (GS)
Astroblast! (GS)
07:25
(S1/CL43)
Tá faitíos ar na cuairteoirí atá ag teacht chuig an stáisiún spáis roimh Jet.

Astroblast! (GS)
Astroblast! (GS)
07:37
(S1/CL44)
Faigheann Comet meaisín ceoil le go mbainfidh gach duine sult as ach ní bhíonn Radar sásta é a roinnt.

Olly an Veain Bheag Bhán
Olly an Veain Bheag Bhán
07:50
(S2/CL7)
Tá damáiste déanta de dhroichead an bhaile agus níl Cóil ná Tom in ann na hearraí atá acu a sheachadadh.

Olly an Veain Bheag Bhán
Olly an Veain Bheag Bhán
07:55
(S2/CL8)
Rachaidh Olly, Stan agus Bazza ar thuras báid in éineacht lena gcara nua, An Captaen Bairneach.

Dora (GS)
Dora (GS)
08:00
(S8/CL2)
Rachaidh Dora agus a cairde in éineacht le Dáithí chun coileáinín a shábháil.

Tractor Tom
Tractor Tom
08:25
(S1/CL32)
Tá gach duine ag obair go crua. Gach duine seachas na caoirigh dhána!

Balloon Barnyard
Balloon Barnyard
08:36
(S1/CL16)
Tá gach duine sa chlós ag dul i bhfolach, ach an mbeidh Streak in ann iad a aimsiú?

Dot
Dot
08:45
(S1/CL26)
Tá Dot chun fanacht thar oíche ag teach a cara.

Masha agus an Béar
Masha agus an Béar
08:56
(S2/CL5)
Tagann Masha ar scuab dhraíochta.

Messy, Seo Linn go Okido
Messy, Seo Linn go Okido
09:03
(S1/CL29)
Téann na dathanna ar fad in Okido amú agus caithfidh Messy agus a chairde an baile ar fad a phéinteáil arís.

Cat a' Hata (GS)
Cat a' Hata (GS)
09:15
(S1/CL39)
Níl aon bhainne ag Nic agus Sailí don bhricfeasta. Tugann an Cat chuig feirm Finola iad le bricfeasta a bheith acu in éineacht léi.

Ainmhithe Beaga Thart Orainn (OS)
Ainmhithe Beaga Thart Orainn (OS)
09:30
(S2/CL20)
Caithfimid súil ar mar a chaitheann ainmhithe óga sa zú an tráthnóna.

The Waltons (TS)
The Waltons (TS)
10:00
(S7/CL20)
Nuair a thagann Ashley Longworth Junior chuig Sliabh Walton cruthaíonn sé atmaisféar rómánsúil san áit. Níl muinín ar bith ag Elizabeth inti féin.

The Waltons (TS)
The Waltons (TS)
11:00
(S7/CL21)
Baintear siar as an teaghlach é nuair a thagann Ben abhaile agus é pósta. Níl cúrsaí rómhaith idir an leannán nuaphósta áfach. Labhraíonn Mamó leo.

The Cook & The Chef (TS)
The Cook & The Chef (TS)
11:55
(S4/CL32)
Sraith Cócaireachta. Is é seo an clár deiridh de The Cook and The Chef agus déanfaidh Maggie agus Simon ceiliúradh mór. Tá cóisir mhór eagraithe acu le buíochas a ghabháil le gach duine a thug cúnamh ar an gclár le ceithre bliana anuas.

Dallamullóg (OS & TS)
Dallamullóg (OS & TS)
12:30
(S1/CL6)
Tabharfaidh an ceireamach Doirin Saurus as Tiobraid Árann cúnamh don teiripeoir suathaireachta Mairéad Ní Chonghaile píosa ealaíne a cheapadh ach an gceapfaidh an léirmheastóir gur ealaíontóir gairmiúil í?

The Gilmore Girls (TS)
The Gilmore Girls (TS)
13:05
(S2/CL5)
Sraith ghrinn drámaíochta. Féachann Lorelai le intinn Luke a athrú faoi aire a thabhairt do Jess, nia fiáin Luke, ach ní éiríonn léi. Tá suim ag Rory i Jess.

Weakest Link (TS)
Weakest Link (TS)
14:00
(S8/CL10)
Sraith Tráth na gCeist ina bhféachfaidh 9 n-iomaitheoir leis an bpota óir a thabhairt abhaile leo. Cuirfear an t-iomaitheoir is measa, dar leis na hiomaitheoirí eile, abhaile ag deireadh gach babhta go dtí nach mbeidh ach duine amháin fanta chun an t-airgead a bhuachan. Á chur i láthair ag Anne Robinson.

Cúla 4 na nÓg
Cúla 4 na nÓg
15:00
 
Mír do ghasúir réamhscoile atá i Cúla4 na nÓg a thosóidh gach maidin ag 7 a.m. go dtí an 10.00 am agus arís ag an 3p.m. i rith na seachtaine. I measc na gclár beidh Wanda and the Alien, Masha agus an Béar, QPootle, Olly an Veain Bheag Bhán agus Dinosaur Train agus neart eile.

Masha agus an Béar
Masha agus an Béar
15:02
(S2/CL9)
Teastaíonn ó Masha a bheith ina dochtúir ach is mó dochair ná maitheas a dhéanann sí.

Masha agus an Béar
Masha agus an Béar
15:09
(S2/CL10)
Tagann col ceathar Masha ar cuairt agus ní bhíonn an Béar in ann iad a aithint thar a chéile.

PJ Masks
PJ Masks
15:15
(S1/CL51)
Caithfidh ár laochra aghaidh a thabhairt ar an Ninja Oíche agus ar Chailín Luna anocht.

Wissper
Wissper
15:28
(S1/CL16)
Tá an-tart ar Ghearóidín an sioráf ach níl sí in ann dul chomh fada leis an uisce. Tabharfaidh Wissper agus na piongainí cúnamh di.

Is Ait an Mac é Mús
Is Ait an Mac é Mús
15:35
(S1/CL26)
Féachann Jeaicín le roinnt aclaíochta a dhéanamh agus tugann Mús cúnamh dó.

Cat a' Hata (GS)
Cat a' Hata (GS)
15:40
(S1/CL50)
Tá maisc d'Oíche Shamhna á ndéanamh ag Sailí agus Nic agus tá siad ag iarraidh go mbeidh siad an-scanrúil.

Cúla 4
Cúla 4
15:55
 
Beidh Cúla 4 ar an aer ón 7 gach maidin agus ón 4 tráthnóna ó Luan go hAoine. I measc na gclár iontach a bheidh ar siúl, beidh Angelo Rules, Get Ace, Jungle Bunch, Camp Lakebottom, Dude that's my Ghost, Garfield agus neart eile.

Alvinnn !!! agus na Chipmunks
Alvinnn !!! agus na Chipmunks
15:57
(S1/CL48)
Tá Alvin ag iarraidh a bheith páirteach i gclár réalaíoch a bheidh thar a bheith dian air. Ach gortaíonn sé é féin agus é ag traenáil.

Dónall Dána (GS)
Dónall Dána (GS)
16:08
(S1/CL14)
Inniu breithlá Dhónaill agus tá a mhuintir ag iarraidh cóisir a eagrú dó nach dtarraingeoidh an iomarca trioblóide.

Garfield (GS)
Garfield (GS)
16:19
(S4/CL13)
Leanann Jon, Garfield, Odie agus Angelica Vito chuig an Iodáil, ach an mbeidh siad in ann theacht ar Vito sa Veinéis? Agus céard faoin gCrann Lasáinne?

Winston Steinburger & Sir Dudley Ding Dong
Winston Steinburger & Sir Dudley Ding Dong
16:32
(S1/CL35)
Cruthaíonn Winston ath-úraitheoir borróige a dhéanann páiste de Sháirsint Sasha Spritz trí thimpiste.

Fangbone
Fangbone
16:43
(S1/CL8)
Cuireann sé as do Bill nach bhfuil sé in ann a insint d'aon duine go mbíonn sé féin agus Fangbone ag troid arrachtaí.

Whiz sa Chistin (GS)
Whiz sa Chistin (GS)
16:55
(S1/CL39)
Seó cluichí é Whiz sa Chistin atá bunaithe ar bhia. Beidh ceathrar leanaí sa chistin ar gach clár agus beidh a fhios againn cé chomh maith is atá said sa chistin nuair a chaithfidh siad tabhairt faoi dhúshlán bia agus ceisteanna go leor a fhreagairt. Ar chlár an lae inniu tabharfaidh Jack agus Evan aghaidh ar Kian agus ar Conor.

An Aimsir Láithreach
An Aimsir Láithreach
17:25
(S21/CL36)
Aimsir réigiúnach agus náisiúnta.

The Foster & Allen Show
The Foster & Allen Show
17:30
(S3/CL11)
Sraith eile ceoil agus siamsaíochta i dteannta Mick Foster agus Tony Allen. Tabharfaidh siad siar ar bhóithrín na smaointe muid sa chlár seo leis na hamhráin 'My Eileen Is Waiting For Me', 'I'll Never Stop Wanting You' agus 'A Hug'. Is é Nathan Carter aoi an chláir seo agus casfaidh sé an t-amhrán 'Pretty Woman'.

Weakest Link (TS)
Weakest Link (TS)
18:00
(S8/CL10)
Sraith Tráth na gCeist ina bhféachfaidh 9 n-iomaitheoir leis an bpota óir a thabhairt abhaile leo. Cuirfear an t-iomaitheoir is measa, dar leis na hiomaitheoirí eile, abhaile ag deireadh gach babhta go dtí nach mbeidh ach duine amháin fanta chun an t-airgead a bhuachan. Á chur i láthair ag Anne Robinson.

An Aimsir Láithreach
An Aimsir Láithreach
18:57
(S22/CL43)
Aimsir réigiúnach agus náisiúnta.

Nuacht TG4
Nuacht TG4
19:00
 
Mórimeachtaí an lae ó Aonad Nuachta TG4.

Cúl an Tí (OS & TS)
Cúl an Tí (OS & TS)
19:30
(S1/CL1)
Tabharfaidh an láithreoir Pól Ó Ceannabháin cuairt ar scoileanna na tíre áit a dtabharfaidh na daltaí faoina gcuid leaganacha féin de sheanamhráin agus dánta. Déanfar físeáin bheochana d'amhráin Ghaeilge le cúnamh ó Cartoon Saloon, stiúideo beochana a bhfuil gradam buaite aige, & ón mbanna ceoil KILA. Is i gCarna, ina sheanscoil, Scoil na hAirde a chuirfidh Pól tús lena aistear. 'An tAmhrán Bréagach' a bheidh faoi chaibidil ag Scoil na hAirde. Rachaidh Pól ansin chuig Meánscoil San Lughaidh i gCoillte Mach. Labhróidh sé le déagóirí an cheantair faoin amhrán Cill Aodáin le Antoine Ó Raifteirí.

GAA 2018
GAA 2018
20:00
(S18/CL3)
Buaicphointí ón tríú babhta de Shraitheanna Peile Allianz.

A Little Bit Showband
A Little Bit Showband
21:00
(S2/CL5)
Clár faisnéise ar an amhránaí Tony Kenny as Baile Átha Cliath atá i mbun amhránaíochta le dhá scór bliain. Ina chúntóir ag búistéir a thosaigh Tony a shaol oibre ach ba ar a ghlór álainn a shaothródh sé a chuid airgid agus a bhainfeadh sé clú amach. Thosaigh Tony ag ceol leis 'The Sands Showband' agus as sin ghlac sé páirt Íosa i léiriúchán conspóideach de 'Jesus Christ Superstar'. Tá clú bainte amach aige ar stáitse agus i gcaberet agus chas sé freisin ag Aifreann sochraide Stephen Gately.

Scannán: Yves Saint Laurent (TS)
Scannán: Yves Saint Laurent (TS)
21:30
 
(2014, Beathaisnéis) Pierre Niney, Guillaume Gallienne agus Charlotte Le Bon na príomhaisteoirí sa scannán seo faoi stiúir Jalil Lespert. Súil siar ar shaol an dearthóra faisin as an bhFrainc Yves Saint Laurent ó thosaigh sé sa tionscal in 1958 nuair a casadh a leannán agus a pháirtí gnó, Pierre Bergé, air.

Wwoofáil (OS)
Wwoofáil (OS)
23:30
(S1/CL5)
Gheobhaidh Mairéad agus Conall léargas ar an saol i bpobal ar leith an tseachtain seo. Tá Los Portales suite i bPáirc Náisiúnta ar imeall Sevilla. Pobal é seo atá ag iarraidh maireachtáil ar bhealach inbhuanaithe, gan a bheith ag brath ar aon cheo ach orthu féin. Beidh ar an mbeirt gabhair a bhleán agus ullmhú do bhainis a bheidh ar siúl go gairid. Iarrtar an bheirt chuig an mbainis agus baineann siad an-sult as. Tabharfaidh siad cuairt ar roinnt de thaitneamhachtaí cultúir Chathair Sevilla, agus blaisfidh siad tapas blasta freisin.

An Aimsir Láithreach
An Aimsir Láithreach
00:00
(S22/CL43)
An Aimsir Náisiúnta agus Idirnáisiúnta.

The Vampire Diaries (TS)
The Vampire Diaries (TS)
00:05
(S7/CL15)
Fad is atá Stefan agus Valerie ar thóir luibhe a bheidh in ann Damon a choinneáil faoi cheilt ó Rayna, tá a phlean féin ag Damon len í a chur de dhroim seoil. Tá amhras ar Stefan faoi Caroline agus tá Matt den tuairim go bhfuil sé thar am aghaidh a thabhairt ar vaimpírí Mystic Falls.

The Vampire Diaries (TS)
The Vampire Diaries (TS)
00:55
(S7/CL16)
Tá Damon ar a dhícheall déanamh mór le Stefan arís ach an mbeidh sé féin siar leis? Féachann Valerie le ciall a chur i Damon sula mbeidh sé ró-dhéanach. Féachann Enzo lena ainm a ghlanadh nuair a chuirtear an milleán air faoi Rayna a scaoileadh saor, ach faigheann sé drochscéala nuair a chastar Nora air.

France 24
France 24
01:45
 
Cainéal nuachta 24 uair an chloig na Fraince atá i France 24. Bíonn an clár á chraoladh beo as Páras. Tá 180 iriseoir ag an stáisiún ar fud an domhain mhóir a thugann tuairiscí cuimsitheacha agus cumasacha chuig an lucht féachana ar imeachtaí móra laethúla.

Dé Luain, Feabhra 12, 2018
Níl TG4 freagrach as an ábhar ar Shuíomh Gréasáin seachtrach ar bith