Baile » Sceideal » Sceideal Iomlán

Dé Céadaoin, Feabhra 14, 2018
France 24
France 24
05:30
 
Cainéal nuachta 24 uair an chloig na Fraince atá i France 24. Bíonn an clár á chraoladh beo as Páras. Tá 180 iriseoir ag an stáisiún ar fud an domhain mhóir a thugann tuairiscí cuimsitheacha agus cumasacha chuig an lucht féachana ar imeachtaí móra laethúla.

Cúla 4 na nÓg
Cúla 4 na nÓg
07:00
 
Mír do ghasúir réamhscoile atá i Cúla4 na nÓg a thosóidh gach maidin ag 7 a.m. go dtí an 10.00 am agus arís ag an 3p.m. i rith na seachtaine. I measc na gclár beidh Wanda and the Alien, Masha agus an Béar, QPootle, Olly an Veain Bheag Bhán agus Dinosaur Train agus neart eile.

Olivia (GS)
Olivia (GS)
07:02
(S1/CL7)
Tá an oiread sin eolais ag Cian faoin spás tar éis turas chuig an bpláinéadlann go gceapann Olivia gur coimhthíoch é.

An Captaen Flinn agus na Foghlaithe Dineasár
An Captaen Flinn agus na Foghlaithe Dineasár
07:13
(S1/CL1)
Féachann Flinn agus a chriú le taisce an Chaptaein Gurgleguts a fháil ar ais.

Astroblast! (GS)
Astroblast! (GS)
07:25
(S1/CL47)
Ceapann Halley go mbeidh sí in ann post Radar a dhéanamh don lá, ach is gearr go mbíonn a fhios aici nach jab éasca ar bith é.

Astroblast! (GS)
Astroblast! (GS)
07:37
(S1/CL48)
Ceannaíonn Halley bronntanas dá cairde ach níl a fhios acu céard é féin.

Olly an Veain Bheag Bhán
Olly an Veain Bheag Bhán
07:50
(S2/CL11)
Cliseann Súibhín agus téann sí chuig garáiste Mick lena deisiú. Réitíonn Bazza amach as an nua í ach an mbeidh sí sásta?

Olly an Veain Bheag Bhán
Olly an Veain Bheag Bhán
07:55
(S2/CL12)
Tá taibhse i bPlimpán agus tá Olly agus Stan chun é a aimsiú.

Dora (GS)
Dora (GS)
08:00
(S8/CL4)
Tugann Dora agus Bróigín cúnamh an damáiste a rinne na tuilte a ghlanadh suas in am do chóisir Verde.

Tractor Tom
Tractor Tom
08:25
(S1/CL34)
Tá Fi ag fáil feithicil nua. Meas tú cén sórt feithicle atá ann agus an dteastóidh Tom agus a chairde uaithi níos mó?

Balloon Barnyard
Balloon Barnyard
08:36
(S1/CL18)
Tá Tuck bocht sáinnithe thuas ar an díon. An mbeidh Pip agus Streak in ann cúnamh a thabhairt dó teacht anuas?

Dot
Dot
08:45
(S1/CL28)
Ligeann máthair Dot cead di a drón eitilte a úsáid.

Masha agus an Béar
Masha agus an Béar
08:56
(S2/CL7)
Tá fiacail le tarraingt ag Masha mar gheall go bhfuil sí ag ithe an iomarca rudaí milse.

Messy, Seo Linn go Okido
Messy, Seo Linn go Okido
09:03
(S1/CL30)
Foghlaimeoidh Messy faoi ghnáthóga difriúla ar fud an domhain.

Cat a' Hata (GS)
Cat a' Hata (GS)
09:15
(S1/CL41)
Tá an sleamhnán caillte ag Nic agus Sailí sa sneachta. Iarrann siad cúnamh ar Mhagnus, mar go bhfuil sé iontach ag aimsiú rudaí.

Ainmhithe Craiceáilte (OS & TS)
Ainmhithe Craiceáilte (OS & TS)
09:30
(S1/CL54)
Ar chlár an lae inniu beidh coileán ag siúl ar théad rite, beidh laghairteanna ag léim thart agus beidh moncaí ag gléasadh suas freisin.

The Waltons (TS)
The Waltons (TS)
10:00
(S7/CL24)
Tá deacrachtaí ag Jason píosa ceoil an-tábhachtach a chumadh. Tá plean curtha i dtoll a chéile do Lá Bunaitheoirí Shliabh Walton.

The Waltons (TS)
The Waltons (TS)
10:58
(S8/CL3)
Tagann col ceathar Olivia, Rose, ar cuairt agus tugann sí a garpháistí in éineacht léi, chomh maith lena trioblóidí!

Cheese Slices
Cheese Slices
11:55
(S5/CL7)
Sraith a fhiosraíonn na scéalta agus na traidisiúin iontacha a bhaineann leis na cáiseanna is mó cáil ar domhan. Cáiseanna Banon agus Brousse du Rove a bheidh faoi chaibidil inniu. Tabharfaidh Will a aghaidh ar Provence in Oirdheisceart na Fraince le blaiseadh de Banon, cáis bhainne gabhair thraidisiúnta le crústa duilleoga chrann cnó capaill agus blaisfidh sé ansin de cháis neamhchoitianta, Brousse du Rove. Rachaidh sé ansin ó thuaidh go Vercors le St Marcellin a fhiosrú áit a dtagann sé ar cháis ghabhair thirim an-speisialta.

Garraí Glas (OS & TS)
Garraí Glas (OS & TS)
12:30
(S4/CL4)
Tabharfaidh Síle cuairt ar Marina Kesso, luibhlia i Sligeach. Déanann sí cur síos do Shíle ar na hairíonna iontacha sláinte a bhaineann le bianna de dhathanna éagsúla. Téann sí ansin ag cuardach gairleoige in éineacht le Eoin Warner a thaispeánann di le pesto tapa agus éasca a dhéanamh.

The Gilmore Girls (TS)
The Gilmore Girls (TS)
13:05
(S2/CL7)
Sraith ghrinn drámaíochta. Molann treoirchomhairleoir Rory di gan a bheith ag imeacht aisti féin i gcónaí agus féachaint le cairde a dhéanamh. Molann seansailéir na scoile do Lorelai a bheith páirteach in imeachtaí na scoile. Tugann sí cead don scoil seó faisin a reáchtáil san óstán ar mhaithe le hairgead a bhailiú. Ní mó ná sásta a bhíonn Lorelai faraor nuair a bhíonn uirthi na héadaí céanna lena máthair a chur uirthi sa seó faisin.

Weakest Link (TS)
Weakest Link (TS)
14:00
(S8/CL12)
Sraith Tráth na gCeist ina bhféachfaidh 9 n-iomaitheoir leis an bpota óir a thabhairt abhaile leo. Cuirfear an t-iomaitheoir is measa, dar leis na hiomaitheoirí eile, abhaile ag deireadh gach babhta go dtí nach mbeidh ach duine amháin fanta chun an t-airgead a bhuachan. Á chur i láthair ag Anne Robinson.

Cúla 4 na nÓg
Cúla 4 na nÓg
15:00
 
Mír do ghasúir réamhscoile atá i Cúla4 na nÓg a thosóidh gach maidin ag 7 a.m. go dtí an 10.00 am agus arís ag an 3p.m. i rith na seachtaine. I measc na gclár beidh Wanda and the Alien, Masha agus an Béar, QPootle, Olly an Veain Bheag Bhán agus Dinosaur Train agus neart eile.

Masha agus an Béar
Masha agus an Béar
15:02
(S2/CL13)
Níor cheart don Bhéar Masha a fhágáil ag breathnú ar scannán scanrúil léi féin.

Masha agus an Béar
Masha agus an Béar
15:09
(S2/CL14)
Tugann an béar baineannach iris shnasta do Masha, faigh réidh do cheacht san áilleacht!

PJ Masks
PJ Masks
15:15
(S1/CL1)
Féachann ár laochra le stop a chur le Romeo agus a thraein thrioblóideach anocht.

Wissper
Wissper
15:28
(S1/CL17)
Féachann Wissper le cúnamh a thabhairt do bhéar óg codladh maith a fháil.

Is Ait an Mac é Mús
Is Ait an Mac é Mús
15:35
(S1/CL28)
Tá Jeaicín agus Mús ag obair in óstán an bhandiúic.

Cat a' Hata (GS)
Cat a' Hata (GS)
15:40
(S1/CL52)
Níl Nic in ann a chleas draíochta a dhéanamh i gceart.

Cúla 4
Cúla 4
15:55
 
Beidh Cúla 4 ar an aer ón 7 gach maidin agus ón 4 tráthnóna ó Luan go hAoine. I measc na gclár iontach a bheidh ar siúl, beidh Angelo Rules, Get Ace, Jungle Bunch, Camp Lakebottom, Dude that's my Ghost, Garfield agus neart eile.

Alvinnn !!! agus na Chipmunks
Alvinnn !!! agus na Chipmunks
15:57
(S1/CL50)
Ní thaitníonn sé leis na hioraí talún go bhfuil Dáithí ag caitheamh an oiread ama le Nuala agus féachann siad len iad a scaradh óna chéile.

Dónall Dána (GS)
Dónall Dána (GS)
16:08
(S1/CL16)
Imríonn Dónall cleas ar Learaí, cuireann sé ina luí air gur thaistil sé chun cinn san am.

Garfield (GS)
Garfield (GS)
16:19
(S4/CL15)
Tá Garfield agus Odie leo féin, agus caithfidh siad rún an Chrainn Lasáinne a choinneáil ó Mhama Meaney.

Winston Steinburger & Sir Dudley Ding Dong
Winston Steinburger & Sir Dudley Ding Dong
16:32
(S1/CL36)
Ní théann cúrsaí go maith do Winston ná do Dudley nuair a ligeann siad orthu féin gur Gardaí Spáis iad.

Fangbone
Fangbone
16:43
(S1/CL9)
Cé nach gcailleann sé í, airíonn Bill an-chiontach nuair a shleamhnaíonn an ladhar as a lámh.

Whiz sa Chistin (GS)
Whiz sa Chistin (GS)
16:55
(S1/CL40)
Seó cluichí é Whiz sa Chistin atá bunaithe ar bhia. Beidh ceathrar leanaí sa chistin ar gach clár agus beidh a fhios againn cé chomh maith is atá said sa chistin nuair a chaithfidh siad tabhairt faoi dhúshlán bia agus ceisteanna go leor a fhreagairt. Ar chlár an lae inniu tabharfaidh Lauren agus Aoife aghaidh ar Shadhbh agus ar Aoife.

An Aimsir Láithreach
An Aimsir Láithreach
17:25
(S21/CL38)
Aimsir réigiúnach agus náisiúnta.

The Foster & Allen Show
The Foster & Allen Show
17:30
(S3/CL12)
Clár deiridh na sraithe. Beidh Foster agus Allen i nDaonpháirc Uladh-Mheiriceá san Ómaigh, i mBéal Feirste, i nDoire agus i Nashville Tennessee. Casfaidh siad meascán amhrán 'Love's Gonna Live Here' ina measc. Feicfimid Mick agus Tony ag casadh i stiúideonna TG4 chomh maith. Á chur i láthair ag an gcraoltóir mór le rá Gloria Hunniford.

Weakest Link (TS)
Weakest Link (TS)
18:00
(S8/CL12)
Sraith Tráth na gCeist ina bhféachfaidh 9 n-iomaitheoir leis an bpota óir a thabhairt abhaile leo. Cuirfear an t-iomaitheoir is measa, dar leis na hiomaitheoirí eile, abhaile ag deireadh gach babhta go dtí nach mbeidh ach duine amháin fanta chun an t-airgead a bhuachan. Á chur i láthair ag Anne Robinson.

An Aimsir Láithreach
An Aimsir Láithreach
18:57
(S22/CL45)
Aimsir réigiúnach agus náisiúnta.

Nuacht TG4
Nuacht TG4
19:00
 
Mórimeachtaí an lae ó Aonad Nuachta TG4.

Gafa ar Cheamara (OS & TS)
Gafa ar Cheamara (OS & TS)
19:30
(S5/CL6)
Sraith fiadhúlra a léireoidh iontais an dúlra ar fud na cruinne. Tabharfar léiriú neamhghnách ar fhiadhúlra ó phictiúir agus ó scannáin a thóg lucht gairmiúil agus gnáthdhaoine a bhí san áit cheart ag an am ceart.

Snáithe (OS & TS)
Snáithe (OS & TS)
20:30
(S1/CL1)
Sraith nua sé chlár ina ndéantar stair dhearadh faisin na hÉireann a scrúdú trí shúile dearthóirí comhaimseartha, saineolaithe agus staraithe faisin. Déanfaidh an blagálaí faisin, Ciara O'Doherty, téamaí ar nós féiniúlacht, traidisiún, pátrúnacht agus tuiscint a fhiosrú agus gheobhaidh amach faoin mbaint atá ag tírdhreach, cultúr agus teicstílí na hÉireann leis na ball éadaí a chruthaíonn dearthóirí in Éirinn agus go hidirnáisiúnta. Sa chéad chlár fiosróidh Ciara an bhfuil féiniúlacht faisin dá gcuid féin ag muintir na hÉireann.

Siar an Bóthar (OS)
Siar an Bóthar (OS)
21:00
(S12/CL1)
An chéad chlár sa tsraith. Ar an gclár seo beidh ceoltóirí agus amhránaithe den scoth leithéidí Paddy Glackin, Dolores Keane, Jimmy Crowley, Gerry O' Connor, Carna Ceilí Band, Martin Bennett, agus Michael Tubridy.

Bás Nó Saoirse (OS & TS)
Bás Nó Saoirse (OS & TS)
21:30
(S1/CL2)
Ag tús an naoú haois déag, bhí Éire ina cuid dhílis d'Impireacht na Breataine, an impireacht ba mhó riamh i stair an chine dhaonna ina raibh a gcearta á ndiúltú do na milliúin. Bunaithe ar an leabhar 'Death or Liberty' le Tony Moore, insíonn 'Bás nó Saoirse' scéalta na dtírghráthóirí agus na n-idéalaithe a thug dúshlán na himpireachta móire seo. I gClár a Dó, 'Éire Óg' fiosraítear a raibh i ndán do na reibiliúnaigh Éireannacha William Smith O'Brien, John Flood agus daoine eile a díbríodh chuig coilíneacht príosúin ar an taobh eile den domhan - An Astráil.

Survivor: Millennials vs. Gen X (OS & TS)
Survivor: Millennials vs. Gen X (OS & TS)
22:30
(S33/CL6)
An mbeidh aiféala ar Figgy agus ar Taylor gur inis siad do na hiomaitheoirí eile go bhfuil siad mór lena chéile? Tá imní ar chuid de na hiomaitheoirí go bhfuil sceithire sa champa.

An Aimsir Láithreach
An Aimsir Láithreach
23:23
(S22/CL45)
An Aimsir Náisiúnta agus Idirnáisiúnta.

Smokie Ar Stáitse
Smokie Ar Stáitse
23:25
(S3/CL7)
Ceolchoirm Smokie a taifeadadh i dTeach Ceoldráma Chorcaí i 1988. Casfaidh sé amhráin ar nós 'If you think you know how to love me', 'Don't play your Rock 'n Roll To Me' agus 'Living Next Door To Alice'.

Scór Encore (OS)
Scór Encore (OS)
23:55
(S1/CL6)
Beidh iomaitheoirí as Gaillimh, Corcaigh, an Cabhán, Ciarraí, an Dún, Port Láirge, Uíbh Fhailí agus Fear Manach ar stáitse anocht agus iad ar fad ag iarraidh a bheith ar Shiamsóirí Óga na Bliana TG4. Cé a bheidh in ann dul i gcion ar na moltóirí?

Dáil Éireann
Dáil Éireann
00:55
(S18/CL35)
Craoladh ar imeachtaí na maidine de riar na hoibre i nDáil Éireann.

France 24
France 24
01:20
 
Cainéal nuachta 24 uair an chloig na Fraince atá i France 24. Bíonn an clár á chraoladh beo as Páras. Tá 180 iriseoir ag an stáisiún ar fud an domhain mhóir a thugann tuairiscí cuimsitheacha agus cumasacha chuig an lucht féachana ar imeachtaí móra laethúla.

Dé Céadaoin, Feabhra 14, 2018
Níl TG4 freagrach as an ábhar ar Shuíomh Gréasáin seachtrach ar bith