Baile » Sceideal » Sceideal Iomlán

Déardaoin, Feabhra 15, 2018
France 24
France 24
05:30
 
Cainéal nuachta 24 uair an chloig na Fraince atá i France 24. Bíonn an clár á chraoladh beo as Páras. Tá 180 iriseoir ag an stáisiún ar fud an domhain mhóir a thugann tuairiscí cuimsitheacha agus cumasacha chuig an lucht féachana ar imeachtaí móra laethúla.

Cúla 4 na nÓg
Cúla 4 na nÓg
07:00
 
Mír do ghasúir réamhscoile atá i Cúla4 na nÓg a thosóidh gach maidin ag 7 a.m. go dtí an 10.00 am agus arís ag an 3p.m. i rith na seachtaine. I measc na gclár beidh Wanda and the Alien, Masha agus an Béar, QPootle, Olly an Veain Bheag Bhán agus Dinosaur Train agus neart eile.

Olivia (GS)
Olivia (GS)
07:02
(S1/CL8)
Tugann an múinteoir síolta don rang agus is fada le Olivia go bhfásfaidh a cuid plandaí.

An Captaen Flinn agus na Foghlaithe Dineasár
An Captaen Flinn agus na Foghlaithe Dineasár
07:13
(S1/CL2)
Goideann na foghlaithe gránna an mapa a léiríonn an áit a bhfuil Dealbh an Óir.

Astroblast! (GS)
Astroblast! (GS)
07:25
(S1/CL49)
Tá na cairde ag iarraidh smaoineamh ar bhealach le buíochas a ghabháil lena gcustaiméirí, ach tá na pleananna ag imeacht ó smacht anois orthu.

Astroblast! (GS)
Astroblast! (GS)
07:37
(S1/CL50)
Níl ach deich nóiméad ag na cairde chun tomhais Sal a réiteach.

Olly an Veain Bheag Bhán
Olly an Veain Bheag Bhán
07:50
(S2/CL13)
Tá slaghdán ar Pheadar agus tá ar Olly agus ar Stan duine eile a fháil chun seinm sa cheolchoirm ina áit.

Olly an Veain Bheag Bhán
Olly an Veain Bheag Bhán
07:55
(S1/CL1)
Ba mhaith le Alice caifé a oscailt ach níl aon áras aici lena aghaidh.

Dora (GS)
Dora (GS)
08:00
(S8/CL5)
Rachaidh Dora agus Perrito chuig an Loch Mór chun Bróigín a thabhairt slán.

Tractor Tom
Tractor Tom
08:25
(S1/CL35)
Tá Buzz ag ceapadh go bhfuil sé róbheag ach scaití is maith an rud é a bheith beag.

Balloon Barnyard
Balloon Barnyard
08:36
(S1/CL19)
Tá balún aer te sa chlós agus tá na bainbh ag iarraidh dul isteach sa chiseán.

Dot
Dot
08:45
(S1/CL29)
Tá Dot agus Hal ag iarraidh cúnamh a thabhairt do dhaoine.

Masha agus an Béar
Masha agus an Béar
08:56
(S2/CL8)
Faigheann Masha seancheamara agus tógann sí pictiúir dá cairde ar fad.

Peg & Cat
Peg & Cat
09:03
(S3/CL12)
Ní choinneoidh dada Romeo agus Juliet óna chéile - seachas dineasár b'fhéidir.

Cat a' Hata (GS)
Cat a' Hata (GS)
09:15
(S1/CL42)
Nuair a bhíonn Nic agus Sailí ag imirt sacair, téann an liathróid tríd poll san eangach.

Ainmhithe Craiceáilte (OS & TS)
Ainmhithe Craiceáilte (OS & TS)
09:30
(S1/CL55)
Ar chlár an lae inniu beidh smutmhadra nach bhfuil in ann fanacht socair, pearóid a dhéanann praiseach mhór agus cangarú atá ag iarraidh déanamh mór le cat.

The Waltons (TS)
The Waltons (TS)
10:00
(S8/CL1)
Filleann Olivia ar an mbaile. Is cosúil go bhfuil an teaghlach ar fad sáite sa chogadh anois. Faigheann muintir Satterfield scéala go bhfuil mac leo maraithe agus bagraíonn siad ar John go n-íocfaidh seisean go daor as.

The Waltons (TS)
The Waltons (TS)
10:58
(S8/CL2)
Bagraíonn fear, ar maraíodh a mhac sa chogadh, ar Jim-Bob ach nuair a thagann scéala go bhfuil John-Boy tógtha ina phríosúnach cogaidh san Eoraip, tugann sin an dá theaghlach le chéile.

Cheese Slices
Cheese Slices
11:55
(S5/CL8)
Sraith a fhiosraíonn na scéalta agus na traidisiúin iontacha a bhaineann leis na cáiseanna is mó cáil ar domhan. Cáiseanna na Gearmáine a bheidh faoi chaibidil inniu. Tá an Ghearmáin ar an tír is mó san Eoraip a thairgeann cáis. Rachaidh Will sna hAlpa le blaiseadh den cháis sléibhe Bergkase agus ansin chuig feirm bhithdhinimiciúil go bhfeicfidh sé mar a dhéantar an cháis úr mhóréilimh, quark. Blaisfidh sé ansin de cháis Tilsiter i dtuaisceart na tíre agus casfaidh sé le manach a bhíonn ag déanamh cáise.

Bia 's Bóthar (OS)
Bia 's Bóthar (OS)
12:30
(S1/CL2)
Téann Éamonn Ó Catháin go dtí Gaeltacht Thír Chonaill, áit a gcuireann sé eolas ar stair Chaisleán Ghleann Bheatha agus faoi bhia traidisiúnta i nGaoth Dobhair. Léiríonn sé a scileanna cócaireachta in ionad cócaireachta i nGort an Choirce.

The Gilmore Girls (TS)
The Gilmore Girls (TS)
13:05
(S2/CL8)
Sraith ghrinn drámaíochta. Tá Lorelai agus Sookie in árach a chéile. Cloiseann siad go bhfuil an t-óstán le dúnadh agus ceapann Lorelai gur cheart dóibh dearmad a dhéanamh ar óstán a raibh sé i gceist acu a oscailt in éineacht.

Weakest Link (TS)
Weakest Link (TS)
14:00
(S8/CL13)
Sraith Tráth na gCeist ina bhféachfaidh 9 n-iomaitheoir leis an bpota óir a thabhairt abhaile leo. Cuirfear an t-iomaitheoir is measa, dar leis na hiomaitheoirí eile, abhaile ag deireadh gach babhta go dtí nach mbeidh ach duine amháin fanta chun an t-airgead a bhuachan. Á chur i láthair ag Anne Robinson.

Cúla 4 na nÓg
Cúla 4 na nÓg
15:00
 
Mír do ghasúir réamhscoile atá i Cúla4 na nÓg a thosóidh gach maidin ag 7 a.m. go dtí an 10.00 am agus arís ag an 3p.m. i rith na seachtaine. I measc na gclár beidh Wanda and the Alien, Masha agus an Béar, QPootle, Olly an Veain Bheag Bhán agus Dinosaur Train agus neart eile.

Masha agus an Béar
Masha agus an Béar
15:02
(S2/CL15)
Aimsíonn Masha hata draíochta a chabhraíonn léi imeacht as radharc.

Masha agus an Béar
Masha agus an Béar
15:09
(S2/CL16)
Beartaíonn Masha agus an Béar scannán a dhéanamh ach níl siad in ann aontú ar an scéal.

PJ Masks
PJ Masks
15:15
(S1/CL2)
Caithfidh Catboy smacht a fháil ar an bhfaitíos atá air roimh uisce anocht.

Loopdidoo
Loopdidoo
15:28
(S5/CL12)
Dúisíonn Loopdidoo moch gach maidin le go mbeidh sé in ann a bheith ag spraoi le Petunia sula dtéann sí ar scoil.

Is Ait an Mac é Mús
Is Ait an Mac é Mús
15:35
(S1/CL29)
Féachann Jeaicín agus Mús le capall rása an Bhandiúic a chur ag rásaíocht!

Cat a' Hata (GS)
Cat a' Hata (GS)
15:40
(S1/CL53)
Tá sé te taobh amuigh inniu, cén chaoi a bhfanfaidh Sailí agus Nic fuar?

Cúla 4
Cúla 4
15:55
 
Beidh Cúla 4 ar an aer ón 7 gach maidin agus ón 4 tráthnóna ó Luan go hAoine. I measc na gclár iontach a bheidh ar siúl, beidh Angelo Rules, Get Ace, Jungle Bunch, Camp Lakebottom, Dude that's my Ghost, Garfield agus neart eile.

Alvinnn !!! agus na Chipmunks
Alvinnn !!! agus na Chipmunks
15:57
(S1/CL51)
Buann Brittany mála galánta ach nach milleann Alvin uirthi é trí thimpiste.

Dónall Dána (GS)
Dónall Dána (GS)
16:08
(S1/CL17)
Tuigeann Dónall nach é féin amháin atá dána nuair a thagann bas a mháthar chun dinnéir.

Garfield (GS)
Garfield (GS)
16:19
(S4/CL16)
Fágann na lucha luch bheag chainteach amháin ina ndiaidh in éineacht le Garfield agus iad amuigh ag siúl. An mbeidh sé in ann cur suas léi ar feadh an lae?

Jamie's Got Tentacles
Jamie's Got Tentacles
16:32
(S1/CL12)
Tá seangáin le bheith i gceannas ar an domhan.

Spongebob Squarepants (GS)
Spongebob Squarepants (GS)
16:43
(S9/CL30)
Sruthlaítear taisceadán an Uasail Krabs síos sa leithreas.

Dochreidte Gan Dabht (GS)
Dochreidte Gan Dabht (GS)
16:55
(S4/CL9)
Seo é Dochreidte Gan Dabht, an clár ar a mbeidh na curiarrachtaí is aistí, is iontaí agus is dochreidte dá bhfaca tú riamh. Inniu déanfar iarracht 10 gcarr a iompú san am is tapa. Á chur i láthair ag Eoghan Ó Loideáin.

Dochreidte Gan Dabht (GS)
Dochreidte Gan Dabht (GS)
17:10
(S4/CL10)
Seo é Dochreidte Gan Dabht, an clár ar a mbeidh na curiarrachtaí is aistí, is iontaí agus is dochreidte dá bhfaca tú riamh. Inniu feicfimid iarracht ar an méid is mó péire stocaí a choimre i nóiméad amháin. Á chur i láthair ag Eoghan Ó Loideáin.

An Aimsir Láithreach
An Aimsir Láithreach
17:25
(S21/CL39)
Aimsir réigiúnach agus náisiúnta.

Ros na Rún (OS & GS)
Ros na Rún (OS & GS)
17:30
(S22/CL48)
Mar is iondúil tá neart cúlchainte á dhéanamh i Ros na Rún faoi chúplaí éagsúla agus Caitríona agus Máire ag baint an-sásamh as. Tá ag éirí go maith le Berni agus le Briain a gcaidreamh a choinneáil faoi rún. Tá Sonia fós san ospidéal agus diansmaoineamh a dhéanamh aici ar cé a thabharfadh aire do Sam dá dtarlódh dada di. Tá Mo ag fáil faoi réir don obráid agus ní mó ná sásta atá sí go bhfuil fios curtha ag Mack ar dhuine éigin le haire a thabhairt di.

Weakest Link (TS)
Weakest Link (TS)
18:00
(S8/CL13)
Sraith Tráth na gCeist ina bhféachfaidh 9 n-iomaitheoir leis an bpota óir a thabhairt abhaile leo. Cuirfear an t-iomaitheoir is measa, dar leis na hiomaitheoirí eile, abhaile ag deireadh gach babhta go dtí nach mbeidh ach duine amháin fanta chun an t-airgead a bhuachan. Á chur i láthair ag Anne Robinson.

An Aimsir Láithreach
An Aimsir Láithreach
18:57
(S22/CL46)
Aimsir réigiúnach agus náisiúnta.

Nuacht TG4
Nuacht TG4
19:00
 
Mórimeachtaí an lae ó Aonad Nuachta TG4.

Turas Húicéara (OS & TS)
Turas Húicéara (OS & TS)
19:30
(S1/CL6)
Tar éis do chriú an Naoimh Bairbre blas d'fhuisce órga na nGael a fháil, filleann siad ar chóstaí na hÉireann áit a dtagann siad ar uaigh Chlann Lir agus ar cheol ársa na cláirsí in Árainn sula bhfilleann siad abhaile go Conamara.

Tríd an Lionsa (OS & TS)
Tríd an Lionsa (OS & TS)
20:00
(S2/CL6)
Sraith nua a thugann léargas ar an saibhreas breá grianghraf atá sna taiscí cartlainne, grianghraif a tógadh sa tír sa tréimhse 1880-1902, luath-laethanta ré na grianghrafadóireachta in Éirinn. Á chur i láthair ag an Dr. Úna Ní Bhroiméil. Scrúdófar pictiúir a tógadh laistigh agus lasmuigh de Leabharlann Náisiúnta na hÉireann a thugann léargas ar chúrsaí inscne agus aicme nuair a d'oscail an leabharlann in 1877. Bhí cead ag mná den uasaicme cuairt a thabhairt ar an áit phoiblí seo ina n-aonar agus gan aon imní orthu go dtarraingeodh siad droch-cháil orthu féin.

Ros na Rún (OS & GS)
Ros na Rún (OS & GS)
20:30
(S22/CL48)
Mar is iondúil tá neart cúlchainte á dhéanamh i Ros na Rún faoi chúplaí éagsúla agus Caitríona agus Máire ag baint an-sásamh as. Tá ag éirí go maith le Berni agus le Briain a gcaidreamh a choinneáil faoi rún. Tá Sonia fós san ospidéal agus diansmaoineamh a dhéanamh aici ar cé a thabharfadh aire do Sam dá dtarlódh dada di. Tá Mo ag fáil faoi réir don obráid agus ní mó ná sásta atá sí go bhfuil fios curtha ag Mack ar dhuine éigin le haire a thabhairt di.

Siar an Bóthar (OS)
Siar an Bóthar (OS)
21:00
(S12/CL2)
Ar chlár na seachtaine seo casfaidh an t-amhránaí Con Greaney 'My Trousers Turned Back'. Beidh Martin Connolly ar an mbosca ceoil, Antoin Mac Gabhann ar an bhfidil chomh maith le neart ceoil eile ó cheoltóirí mór le rá.

Tithe Cois Farraige (OS & TS)
Tithe Cois Farraige (OS & TS)
21:30
(S1/CL2)
Sraith 8 gclár a thabharfaidh léargas ar áilleacht agus ar éagsúlacht árais chónaithe le cósta in Éirinn. Ar chósta Bhá Bheanntraí a bheidh Síle Nic Chonaonaigh sa chlár seo áit a dtabharfaidh sí cuairt ar Theach Bheanntraí, casfaidh sí le hiníon an ailtire Robin Walker agus tabharfaidh sí cuairt ar an Japanese Fusion House.

Hector Central (OS & TS)
Hector Central (OS & TS)
22:00
(S1/CL2)
Is ar Mheiriceá Láir atá triail Hector sa tsraith seo, ó Chathair Phanama go Cathair na Beilíse agus é ag leanúint bhóthar an Pan-American Highway den chuid is mó. Is réigiún iontach ilghnéitheach é seo ina bhfuil áilleacht, cultúr spreagúil, polaitíocht chorrach, teannas go leor agus coiriúlacht ar fáil go forleathan freisin. Tá 1000 km dá aistear curtha de ag Hector anois tríd Mheiriceá Láir. Sráideanna San José an chéad áit eile a stopfaidh sé, cathair mhór turasóireachta leighis agus cearrbhachais.

F�orsc�al (OS & TS)
F�orsc�al (OS & TS)
22:30
(S18/CL21)
Cuirfidh an t-eola� sp�irt m�r le r� Steve Haake l�thchleasaithe an lae inniu i gcom�rtas le l�thchleasaithe an ama a caitheadh. An bhfuil an teicneola�ocht nua-aimseartha ina bhunt�iste ag laochra an lae inniu? C� leis a mbeadh an l� d� rachadh seaimp�n� an lae inniu i gcom�rtas leis na fir agus mn� a bh�odh fad� ann? F�achfar go h�irithe sa chl�r seo ar sp�rt oighir agus sneachta.

An Aimsir Láithreach
An Aimsir Láithreach
23:35
(S22/CL46)
An Aimsir Náisiúnta agus Idirnáisiúnta.

Scannán: Be my Valentine (TS)
Scannán: Be my Valentine (TS)
23:40
 
(2013, Scannán grinn) William Baldwin, Natalie Brown agus Lisa Berry na príomhaisteoirí sa scannán seo faoi stiúir Graeme Campbell. Scéal faoi bhaintreach fir, Daniel Farrell, atá ag déanamh a dhíchill a mhac a thógáil chomh maith le bheith ag dul i ngleic le bás a mhná. Ó tharla go dtarraingíonn Tyler agus a athair chomh maith lena chéile, bíonn Tyler ar bís insint dá athair go bhfuil sé ag faire ar chailín ar scoil. Iarrann Tyler cúnamh ar a athair an cailín a mhealladh mar go gceapann sé gur mó an scil atá aigesean sna mná - ach ní mar a shíltear a bítear!

Dáil Éireann
Dáil Éireann
01:15
(S18/CL36)
Craoladh ar imeachtaí na maidine de riar na hoibre i nDáil Éireann.

France 24
France 24
01:40
 
Cainéal nuachta 24 uair an chloig na Fraince atá i France 24. Bíonn an clár á chraoladh beo as Páras. Tá 180 iriseoir ag an stáisiún ar fud an domhain mhóir a thugann tuairiscí cuimsitheacha agus cumasacha chuig an lucht féachana ar imeachtaí móra laethúla.

Déardaoin, Feabhra 15, 2018
Níl TG4 freagrach as an ábhar ar Shuíomh Gréasáin seachtrach ar bith