Baile » Sceideal » Sceideal Iomlán

Dé hAoine, Feabhra 16, 2018
France 24
France 24
05:30
 
Cainéal nuachta 24 uair an chloig na Fraince atá i France 24. Bíonn an clár á chraoladh beo as Páras. Tá 180 iriseoir ag an stáisiún ar fud an domhain mhóir a thugann tuairiscí cuimsitheacha agus cumasacha chuig an lucht féachana ar imeachtaí móra laethúla.

Cúla 4 na nÓg
Cúla 4 na nÓg
07:00
 
Mír do ghasúir réamhscoile atá i Cúla4 na nÓg a thosóidh gach maidin ag 7 a.m. go dtí an 10.00 am agus arís ag an 3p.m. i rith na seachtaine. I measc na gclár beidh Wanda and the Alien, Masha agus an Béar, QPootle, Olly an Veain Bheag Bhán agus Dinosaur Train agus neart eile.

Olivia (GS)
Olivia (GS)
07:02
(S1/CL9)
Tá an Nollaig ag teannadh linn agus tá Olivia ag súil go mór le Daidí na Nollag.

An Captaen Flinn agus na Foghlaithe Dineasár
An Captaen Flinn agus na Foghlaithe Dineasár
07:13
(S1/CL3)
Slogann Gigantosaurus na foghlaithe agus an Captaen Flinn, féachann an chuid eile de chriú Flinn len iad a shábháil.

Astroblast! (GS)
Astroblast! (GS)
07:25
(S1/CL51)
Níl a fhios ag na cairde cén fáth a bhfuil an oiread cuairteoirí ag teacht chuig an gcaifé.

Astroblast! (GS)
Astroblast! (GS)
07:37
(S1/CL52)
Tá faitíos ar na cairde nach bhfuil siad sách speisialta le bheith ar an teilifís.

Olly an Veain Bheag Bhán
Olly an Veain Bheag Bhán
07:50
(S1/CL2)
Milleann Olly agus Bazz Comórtas Déanta Cácaí Phlimpáin.

Olly an Veain Bheag Bhán
Olly an Veain Bheag Bhán
07:55
(S1/CL3)
Tá Olly agus Stan i bhfad ag fanacht sa scuaine chun uachtar reoite a cheannach nuair a deir Mario leo go bhfuil sé ar fad díolta aige!

Dora (GS)
Dora (GS)
08:00
(S8/CL6)
Tá Dora ag iarraidh doras rúnda na foraoise a aimsiú chun teacht ar an bpáirc siamsaíochta.

Tractor Tom
Tractor Tom
08:25
(S1/CL36)
Deir Rora le gach duine nach bhfuil faitíos ar ghluaisrothair roimh dhada. Ach tá faitíos ag gach duine roimh rud éigin.

Balloon Barnyard
Balloon Barnyard
08:36
(S1/CL20)
Tá Pip ag cur mapa tóraíochta taisce i dtoll a chéile do Streak, ach cén taisce a bheidh le haimsiú aige?

Dot
Dot
08:45
(S1/CL30)
Aimsíonn Scratch bolb sa ghairdín.

Masha agus an Béar
Masha agus an Béar
08:56
(S2/CL9)
Teastaíonn ó Masha a bheith ina dochtúir ach is mó dochair ná maitheas a dhéanann sí.

Messy, Seo Linn go Okido
Messy, Seo Linn go Okido
09:03
(S1/CL31)
Faigheann Messy deis eitleán an mhéara a eitilt ach éiríonn timpiste dó. Tá an eitleán sáinnithe i gcrann anois.

Cat a' Hata (GS)
Cat a' Hata (GS)
09:15
(S1/CL43)
Tagann Nic ar bhóín Dé beag ach ansin feiceann Sailí seangán atá níos lú arís.

Ainmhithe Craiceáilte (OS & TS)
Ainmhithe Craiceáilte (OS & TS)
09:30
(S1/CL56)
Ar chlár an lae inniu beidh cat cainteach, moncaithe ag pleidhcíocht chomh maith le béar sa chathair.

The Waltons (TS)
The Waltons (TS)
10:00
(S8/CL4)
Tá fadhbanna ag John mar go bhfuil sé faighte amach anois ag an arm nár chríochnaigh sé an scoil. Tógann Mary Ellen áit an bhanaltra contae ach níl muintir an bhaile ag comhoibriú léi.

The Waltons (TS)
The Waltons (TS)
10:58
(S8/CL5)
Iarrann Olivia cúnamh ar mhonarchan Pickett le naíolann a oscailt. Tagann Corabeth ar naipcín galánta i bpóca Ike agus ceapann go bhfuil sé ag dul i mbradaíl uirthi.

Cheese Slices
Cheese Slices
11:55
(S6/CL1)
Sraith a fhiosraíonn na scéalta agus na traidisiúin iontacha a bhaineann leis na cáiseanna is mó cáil ar domhan. Cáiseanna na Bútáine a bheidh faoi chaibidil inniu. Tabharfaidh Will cuairt ar fheirm bheag go bhfeicfidh sé mar a dhéanann muintir na háite im agus blaisfidh sé de bhia na háite sula rachaidh sé chuig ceann de na mainistreacha is sine sa tír. Blaisfidh sé de mhias sillí agus cáise agus tabharfaidh a aghaidh ansin ar na Himiléithe le geac a bhleán. Déanfaidh sé cáis ar an mbealach traidisiúnta freisin i mbothán sléibhe.

Meitheal nó Meáin (OS)
Meitheal nó Meáin (OS)
12:30
(S1/CL1)
Rachaidh Áine Goggins agus Tomaí Ó Conghaile ar fud na hÉireann agus tabharfaidh dúshlán na meán sóisialta. An fearr imeacht a fhógairt ar líne nó ar fearr an focal ó bhéal? Beidh 48 n-uair an chloig ag Tomaí le céilí traidisiúnta a eagrú faoin tuath i gContae Chiarraí agus caithfidh Áine slua dá cuid cairde ar líne a bhailiú le 'flash mob' Gaelach a chur ar siúl in ollmhargadh i dTír Chonaill.

The Gilmore Girls (TS)
The Gilmore Girls (TS)
13:05
(S2/CL9)
Sraith ghrinn drámaíochta. Faigheann Rory agus Tristan páirt Romeo agus Juliet i ndráma na scoile agus bíonn éad ar Dean. Téann Dean chuig gach cleachtadh agus impíonn Rory ar Tristan a insint do Dean gur phóg siad. Téann Lorelai amach in éineacht le fear atá níos óige ná í agus bíonn Luke ag magadh fúithi.

Weakest Link (TS)
Weakest Link (TS)
14:00
(S8/CL14)
Sraith Tráth na gCeist ina bhféachfaidh 9 n-iomaitheoir leis an bpota óir a thabhairt abhaile leo. Cuirfear an t-iomaitheoir is measa, dar leis na hiomaitheoirí eile, abhaile ag deireadh gach babhta go dtí nach mbeidh ach duine amháin fanta chun an t-airgead a bhuachan. Á chur i láthair ag Anne Robinson.

Cúla 4 na nÓg
Cúla 4 na nÓg
15:00
 
Mír do ghasúir réamhscoile atá i Cúla4 na nÓg a thosóidh gach maidin ag 7 a.m. go dtí an 10.00 am agus arís ag an 3p.m. i rith na seachtaine. I measc na gclár beidh Wanda and the Alien, Masha agus an Béar, QPootle, Olly an Veain Bheag Bhán agus Dinosaur Train agus neart eile.

Masha agus an Béar
Masha agus an Béar
15:02
(S2/CL17)
Féachann Masha le bheith ina sárlaoch.

Masha agus an Béar
Masha agus an Béar
15:09
(S2/CL18)
Is gearr go mbeidh breithlá Masha ann agus tá sí ag déanamh cinnte nach ndéanfaidh aon duine dearmad air.

PJ Masks
PJ Masks
15:16
(S1/CL3)
Caithfidh muinín a bheith ag Owlette aisti féin anocht.

Wissper
Wissper
15:28
(S1/CL18)
Féachann Wissper agus Stríocaí le cúnamh a thabhairt do leon óg búireacht a dhéanamh.

Is Ait an Mac é Mús
Is Ait an Mac é Mús
15:35
(S1/CL30)
Tá Jeaicín sa tóir ar an gcaochán atá ag milleadh gairdín Ghearóid Gránna.

Cat a' Hata (GS)
Cat a' Hata (GS)
15:40
(S1/CL54)
Tá Nic agus Sailí ag iarraidh teacht ar uirlis atá in ann chuile rud a dhéanamh.

Cúla 4
Cúla 4
15:55
 
Beidh Cúla 4 ar an aer ón 7 gach maidin agus ón 4 tráthnóna ó Luan go hAoine. I measc na gclár iontach a bheidh ar siúl, beidh Angelo Rules, Get Ace, Jungle Bunch, Camp Lakebottom, Dude that's my Ghost, Garfield agus neart eile.

Alvinnn !!! agus na Chipmunks
Alvinnn !!! agus na Chipmunks
15:57
(S1/CL52)
Tagann na hioraí talún ar éinín óg atá tite as crann. Tugann siad aire don éinín agus bíonn Alvin an-tógtha leis.

Dónall Dána (GS)
Dónall Dána (GS)
16:08
(S1/CL18)
Beidh aiféala ar Learaí gur chaith sé an T-léine chéanna le Dónall ar thuras scoile.

Garfield (GS)
Garfield (GS)
16:19
(S4/CL17)
Tá comórtas áilleachta ar siúl agus tá súil ag Nermal é a bhuachan. Ach an bhféadfadh scúnc an lá a mhilleadh air?

Winston Steinburger & Sir Dudley Ding Dong
Winston Steinburger & Sir Dudley Ding Dong
16:32
(S1/CL37)
Goideann Brad aireagán Winston, ach nuair a dhéanann sé roinnt athruithe air, féachann an t-aireagán le seilbh a ghlacadh ar an réaltra.

Fangbone
Fangbone
16:43
(S1/CL10)
Tabharfaidh Fangbone agus Bill aghaidh ar an namhaid is measa a casadh orthu go dtí seo - An Lacha Síoraí.

WAC (OS)
WAC (OS)
16:55
(S1/CL7)
Tá Tomaí, Caoimhe agus Éadaoin ag fáil réidh le dul i ngleic leis na hainmhithe is millteanaí ar domhan.

Is Eolaí Mé (GS)
Is Eolaí Mé (GS)
17:25
(S1/CL13)
Cúrsaí fuinnimh is ábhar do chlár an lae inniu. Beidh Peadar ag fiosrú na mbealaí is fearr le leas a bhaint as fuinneamh, lena stóráil agus le hathrú a chur air. Tabharfaidh sé cuairt ar fheirm ghaoithe agus gheobhaidh sé amach le fuinneamh a dhéanamh as aer. Beidh Marita Moran agus Éabha Bhreathnach sa stiúideo le tabhairt faoi thurgnaimh iontach spéisiúil. Tabharfaidh Úna cuairt ar an gcoiste fuinnimh i nGaelscoil Riada go bhfeicfidh sí an méid atá ar bun acusan chun fuinneamh a chaomhnú sa scoil. Is cosúil go mbeidh an tOllamh Ullamh ag cleasaíocht arís inniu.

Volvo Ocean Race
Volvo Ocean Race
17:55
 
An nuacht is déanaí ó Rás Aigéin Volvo 2017-18. Tá Annalise Murphy as Éirinn, a bhuaigh bonn airgid sna Cluichí Oilimpeacha, mar chuid den fhoireann atá ar bord 'Turn the Tide on Plastic'. Leagfar amach bealach an ráis - 45,000 míle farraige trasna cheithre aigéin, sé mhór-roinn agus dhá chathair déag.

Lurgan 2K17 (GS)
Lurgan 2K17 (GS)
18:25
(S1/CL10)
Sraith siamsaíochta do dhaoine óga ina dtaispeánfar físeáin nua ó, 'TG Lurgan' chomh maith leis na daltaí ardchumasacha a ghlacann páirt iontu. Tabharfar cuntas sa tsraith seo ar na heachtraí saoil a thug na daoine óga seo le chéile agus tabharfar léargas ar an tuiscint atá ag na scoláirí ar chultúr na Gaeilge tríd an gceol. Sa chlár seo casfaidh Claire Reilly, 17, as Corcaigh 'Nervous' le Gavin James agus 'Don't Kill My Vibe' le Sigrid.

Lurgan 2K17 (GS)
Lurgan 2K17 (GS)
18:40
(S1/CL1)
Sraith siamsaíochta do dhaoine óga ina dtaispeánfar físeáin nua ó, 'TG Lurgan' chomh maith leis na daltaí ardchumasacha a ghlacann páirt iontu. Tabharfar cuntas sa tsraith seo ar na heachtraí saoil a thug na daoine óga seo le chéile agus tabharfar léargas ar an tuiscint atá ag na scoláirí ar chultúr na Gaeilge tríd an gceol. Sa chlár seo casfaidh Jack Ó Nualláin, 14, as Glas Naíon 'This Town' le Niall Horan agus 'There's Nothing Holding Me Back' le Shawn Mendes.

An Aimsir Láithreach
An Aimsir Láithreach
18:57
(S22/CL47)
Aimsir réigiúnach agus náisiúnta.

Nuacht TG4
Nuacht TG4
19:00
 
Mórimeachtaí an lae ó Aonad Nuachta TG4.

Rugbaí Beo
Rugbaí Beo
19:20
 
Craoladh beo ar Chonnachta v Zebre as an Sportsground sa chúigiú babhta déag den tSraith Guinness PRO14.

An Western: The Return of Sabata
An Western: The Return of Sabata
21:45
 
(1971, Scannán buachaillí bó) Lee Van Cleef, Reiner Schöne agus Giampiero Albertini na príomhaisteoirí sa scannán seo faoi stiúir Gianfranco Parolini. Téann fear ag obair sa sorcas le go mbeidh sé in ann méara an bhaile a robáil.

Turas Húicéara (OS & TS)
Turas Húicéara (OS & TS)
23:45
(S1/CL6)
Tar éis do chriú an Naoimh Bairbre blas d'fhuisce órga na nGael a fháil, filleann siad ar chóstaí na hÉireann áit a dtagann siad ar uaigh Chlann Lir agus ar cheol ársa na cláirsí in Árainn sula bhfilleann siad abhaile go Conamara.

An Aimsir Láithreach
An Aimsir Láithreach
00:15
(S22/CL47)
An Aimsir Náisiúnta agus Idirnáisiúnta.

The Almighty Johnsons (TS)
The Almighty Johnsons (TS)
00:20
(S2/CL10)
Tá sé ag cinneadh ar Gaia glacadh leis gurb í féin Frigg. Bíonn sí ag déanamh grinn le Axl agus Bryn faoi. Nuair a thuigeann Axl go bhfuil Gaia faoi thionchar drugaí, tugann sé abhaile í áit a bhfuil Eggther tar éis damáiste mór a dhéanamh.

The Almighty Johnsons (TS)
The Almighty Johnsons (TS)
01:15
(S2/CL11)
Fuadaítear Gaia taobh amuigh de bheár Mike. Leanann Axl an veain ach imíonn sí uaidh. Insíonn sé an scéal dá chuid deartháireacha agus téann siad sa tóir ar Gaia.

France 24
France 24
02:10
 
Cainéal nuachta 24 uair an chloig na Fraince atá i France 24. Bíonn an clár á chraoladh beo as Páras. Tá 180 iriseoir ag an stáisiún ar fud an domhain mhóir a thugann tuairiscí cuimsitheacha agus cumasacha chuig an lucht féachana ar imeachtaí móra laethúla.

Dé hAoine, Feabhra 16, 2018
Níl TG4 freagrach as an ábhar ar Shuíomh Gréasáin seachtrach ar bith