Baile » Sceideal » Sceideal Iomlán

Dé Sathairn, Feabhra 17, 2018
France 24
France 24
05:30
 
Cainéal nuachta 24 uair an chloig na Fraince atá i France 24. Bíonn an clár á chraoladh beo as Páras. Tá 180 iriseoir ag an stáisiún ar fud an domhain mhóir a thugann tuairiscí cuimsitheacha agus cumasacha chuig an lucht féachana ar imeachtaí móra laethúla.

Cúla 4
Cúla 4
07:00
 
Beidh Cúla 4 ar an aer ón 7 gach maidin agus ón 4 tráthnóna ó Luan go hAoine. I measc na gclár iontach a bheidh ar siúl, beidh Angelo Rules, Get Ace, Jungle Bunch, Camp Lakebottom, Dude that's my Ghost, Garfield agus neart eile.

Cat Cliste
Cat Cliste
07:02
(S1/CL63)
Cabhróidh na cairde le frog nach bhfuil in ann grágaíl.

Is Ait an Mac é Mús
Is Ait an Mac é Mús
07:15
(S1/CL27)
Tabharfaidh Jeaicín agus Mús ochtapas amach ag siúl.

Camp Lakebottom
Camp Lakebottom
07:22
(S1/CL3)
Tá MacAodh, Gretchen agus Squirt ag argóint le Suzi agus le Buttsquat faoi cheapach prátaí.

Camp Lakebottom
Camp Lakebottom
07:33
(S1/CL4)
Tá rud éigin faighte amach ag MacAodh faoi Bhláithín.

Angelo Rules (GS)
Angelo Rules (GS)
07:45
(S3/CL33)
Caithfidh Angelo a sheomra a roinnt le Peadar.

Cúla 4 na nÓg
Cúla 4 na nÓg
08:00
 
Mír do ghasúir réamhscoile atá i Cúla4 na nÓg a thosóidh gach maidin ag 7 a.m. go dtí an 10.00 am agus arís ag an 3p.m. i rith na seachtaine. I measc na gclár beidh Wanda and the Alien, Masha agus an Béar, QPootle, Olly an Veain Bheag Bhán agus Dinosaur Train agus neart eile.

Seo Linn Pocoyo
Seo Linn Pocoyo
08:02
(S3/CL35)
Tá Pocoyo agus Pato ag tarraingt pictiúr. Tá Elly ag iarraidh orthu ceann a tharraingt dá bábóg.

Seo Linn Pocoyo
Seo Linn Pocoyo
08:08
(S3/CL36)
Tá ollmhargadh ag Pocoyo agus ag Pato. Ach ní féidir chuile rud a dhéanamh.

Eolaíocht le Bert
Eolaíocht le Bert
08:15
(S1/CL1)
Inniu déanfaidh Bert turgnamh a bhaineann le leictreachas.

Elmo Anseo
Elmo Anseo
08:20
(S1/CL17)
Inniu foghlaimeoidh Elmo agus a chara nua Cliste níos mó faoi athchúrsáil.

Scéalta le Masha
Scéalta le Masha
08:25
(S3/CL3)
Inseoidh Masha scéal faoi shionnach glic ar éirigh leis an coinín a chaitheamh amach as a theach féin.

Saol Faoi Shráid (GS)
Saol Faoi Shráid (GS)
08:30
(S1/CL21)
Lá na nAmadán atá ann agus tá Ribín ag iarraidh cleas a imirt ar a cuid cairde. Ach filleann an feall ar an bhfeallaire. Ribín bhocht! Tá cairde Ribín & Ghlibín ag imirt cleas os cionn sráide chomh maith.

Masha agus an Béar
Masha agus an Béar
08:42
(S2/CL10)
Tagann col ceathar Masha ar cuairt agus ní bhíonn an Béar in ann iad a aithint thar a chéile.

Zou
Zou
08:49
(S2/CL28)
Caithfidh Daideo, Zou agus Zak glacadh le seachadadh mór i siopa Uncail Zavier agus Aintín Zelda inniu.

Zack & Quack
Zack & Quack
09:00
(S2/CL5)
Nuair a dhéanann Lochlannaigh ionradh ar an ngairdín, imríonn Zack agus a chairde cluiche preab-pheile leo go bhfeicfidh siad cé aige a fhanfaidh an gairdín.

Loopdidoo
Loopdidoo
09:11
(S5/CL11)
Tá tionscadal ealaíne le déanamh ag Petunia agus tá Loopdidoo ag iarraidh a bheith mar mhainicín aici.

Maya an Bheachín
Maya an Bheachín
09:18
(S1/CL40)
Faigheann Maya agus a cairde ubh. Níl a fhios acu cá as a dtáinig sí ná cén sórt ainmhí atá inti.

Wissper
Wissper
09:30
(S1/CL11)
Tá Cormac an Capall ag ceapadh go bhfuil a neart caillte aige. Tá súil aige go bhfuil réiteach na faidhbe ag Wissper.

Cat a' Hata (GS)
Cat a' Hata (GS)
09:37
(S1/CL24)
Tá Sailí agus Nic ag imirt leaisteanna ach tá púicín orthu agus níl siad in ann a chéile a aimsiú!

Alvinnn !!! & the Chipmunks
Alvinnn !!! & the Chipmunks
09:50
(S2/CL6)
Níl ag éirí go maith le seó draíochta Simon. Déanann Alvin cúrsaí níos measa nuair a chuireann sé tús lena sheó draíochta féin.

Naíonáin an Zú (OS)
Naíonáin an Zú (OS)
10:05
(S3/CL2)
Sraith faoin saol mar atá sé ag ainmhithe nuabheirthe i zú nua-aimseartha i mBeirlín na Gearmáine. Bíonn na hainmhithe óga ag foghlaim scileanna nua gach lá; cén chaoi le dul ag iascach, le dul ag dreapadh agus iad féin a chosaint óna ndeirfiúracha fiú! Tá na mór-rónta ag foghlaim cleas nua le taispeáint do na cuairteoirí.

GAA 2018
GAA 2018
10:35
(S18/CL3)
Buaicphointí ón tríú babhta de Shraitheanna Peile Allianz.

The Waltons (TS)
The Waltons (TS)
11:35
(S5/CL24)
Tá John agus Ben in árach a chéile arís faoin obair sa mhuileann. Éiríonn Ben as an obair. Is ag díol carranna atá sé anois.

Weakest Link (TS)
Weakest Link (TS)
12:35
(S8/CL14)
Sraith Tráth na gCeist ina bhféachfaidh 9 n-iomaitheoir leis an bpota óir a thabhairt abhaile leo. Cuirfear an t-iomaitheoir is measa, dar leis na hiomaitheoirí eile, abhaile ag deireadh gach babhta go dtí nach mbeidh ach duine amháin fanta chun an t-airgead a bhuachan. Á chur i láthair ag Anne Robinson.

An Aimsir Láithreach
An Aimsir Láithreach
13:27
(S21/CL40)
Aimsir réigiúnach agus náisiúnta.

GAA Beo
GAA Beo
13:30
 
Craoladh beo ar Achadh Mhórdha v Cora Finne i gCluiche Leathcheannais Chraobhchomórtas na gClubanna as Tulach Mhór. Á chur i láthair ag Micheál Ó Domhnaill.

Lurgan 2K17 (GS)
Lurgan 2K17 (GS)
15:35
(S1/CL1)
Sraith siamsaíochta do dhaoine óga ina dtaispeánfar físeáin nua ó, 'TG Lurgan' chomh maith leis na daltaí ardchumasacha a ghlacann páirt iontu. Tabharfar cuntas sa tsraith seo ar na heachtraí saoil a thug na daoine óga seo le chéile agus tabharfar léargas ar an tuiscint atá ag na scoláirí ar chultúr na Gaeilge tríd an gceol. Sa chlár seo casfaidh Jack Ó Nualláin, 14, as Glas Naíon 'This Town' le Niall Horan agus 'There's Nothing Holding Me Back' le Shawn Mendes.

Lurgan 2K17 (GS)
Lurgan 2K17 (GS)
15:47
(S1/CL3)
Sraith siamsaíochta do dhaoine óga ina dtaispeánfar físeáin nua ó, 'TG Lurgan' chomh maith leis na daltaí ardchumasacha a ghlacann páirt iontu. Tabharfar cuntas sa tsraith seo ar na heachtraí saoil a thug na daoine óga seo le chéile agus tabharfar léargas ar an tuiscint atá ag na scoláirí ar chultúr na Gaeilge tríd an gceol. Sa chlár seo casfaidh Grace Willis, 15, as Co. na Mí 'Mo Chara is Fearr' a scríobh sí féin agus 'Green Light' le Lorde. Labhróidh Grace faoin suim atá aici san eolaíocht agus tabharfaidh sí léargas dúinn ar shaol sóisialta an choláiste.

Alvinnn !!! & the Chipmunks
Alvinnn !!! & the Chipmunks
16:00
(S2/CL1)
Tagann na hioraí talún ar mhadra agus beartaíonn siad an madra a choinneáil. Ach an éireoidh leo an madra a choinneáil i ngan fhios do Dháithí?

Camp Lakebottom
Camp Lakebottom
16:12
(S1/CL5)
Rachaidh MacAodh, Gretchen agus Buttsquat ag imirt gailf.

Garfield (GS)
Garfield (GS)
16:23
(S4/CL18)
Cruthaíonn Garfield Jon eile sa chaoi is nach mbeidh Odie uaigneach nuair a bheidh Jon imithe, ach is mó trioblóid ná síocháin a tharraingíonn sé áfach.

Whiz sa Chistin (GS)
Whiz sa Chistin (GS)
16:35
(S1/CL39)
Seó cluichí é Whiz sa Chistin atá bunaithe ar bhia. Beidh ceathrar leanaí sa chistin ar gach clár agus beidh a fhios againn cé chomh maith is atá said sa chistin nuair a chaithfidh siad tabhairt faoi dhúshlán bia agus ceisteanna go leor a fhreagairt. Ar chlár an lae inniu tabharfaidh Jack agus Evan aghaidh ar Kian agus ar Conor.

Whiz sa Chistin (GS)
Whiz sa Chistin (GS)
17:05
(S1/CL40)
Seó cluichí é Whiz sa Chistin atá bunaithe ar bhia. Beidh ceathrar leanaí sa chistin ar gach clár agus beidh a fhios againn cé chomh maith is atá said sa chistin nuair a chaithfidh siad tabhairt faoi dhúshlán bia agus ceisteanna go leor a fhreagairt. Ar chlár an lae inniu tabharfaidh Lauren agus Aoife aghaidh ar Shadhbh agus ar Aoife.

Is Eolaí Mé (GS)
Is Eolaí Mé (GS)
17:35
(S1/CL14)
An grianchóras is ábhar do chlár an lae inniu. Beidh Fionán Ó Conghaile agus Pat Ó Murchú sa stiúideo agus iad ag déanamh teileascóip. Tabharfaidh Peadar cuairt ar Chaisleán Bhiorra go bhfeicfidh sé an teileascóp mór stairiúil ansin. Tabharfaidh Úna cuairt ar Réadlann Chaisleán na Dúcharraige lena cairde. Tá trioblóidí ag an Ollamh Ullamh le hAodh arís.

Survivor: Millennials vs. Gen X (OS & TS)
Survivor: Millennials vs. Gen X (OS & TS)
18:05
(S33/CL6)
An mbeidh aiféala ar Figgy agus ar Taylor gur inis siad do na hiomaitheoirí eile go bhfuil siad mór lena chéile? Tá imní ar chuid de na hiomaitheoirí go bhfuil sceithire sa champa.

An Aimsir Láithreach
An Aimsir Láithreach
18:57
(S22/CL48)
Aimsir réigiúnach agus náisiúnta.

Nuacht TG4
Nuacht TG4
19:00
 
Mórimeachtaí an lae ó Aonad Nuachta TG4.

Bocsáil i mBoston (OS & TS)
Bocsáil i mBoston (OS & TS)
19:15
 
Clár faisnéise faoi dhornálaithe ó chlub Dornálaíochta Chonamara a chuaigh go Bostún chun páirt a ghlacadh i gcomórtas dornálaíochta a d'eagraigh Méara Bhostún, Marty Walsh. Seisear dornálaí déag ar fad a chuaigh anonn agus ba é seo an chéad uair ag an gcomórtas a bheith ar bun.

Glór Tíre (OS & TS)
Glór Tíre (OS & TS)
20:15
(S14/CL6)
Sraith nua eile de Ghlór Tíre. Beidh seisear iomaitheoirí i dteannta Aoife Ní Thuairisg agus Phádraic Ó Neachtain agus gach duine acu ag iarraidh an duais mhór a thabhairt leo. John Creedon, Caitríona Ní Shúilleabháin agus Jó Ní Chéide a bheidh ag moltóireacht. Muintir Sheerin a bheidh ag casadh ar stáitse Ghlór Tíre an tseachtain seo. Cuirfidh Muintir Sheerin a n-iomaitheoir féin in aithne dúinn freisin, Joe Rabbette. Seo a leanas sonraí vótála Joe: Glór 5: 1513 415 105 / Glor5 to 53307; Glór 5: 0901 6566 105 / Glor5 to 60999.

An Aimsir Láithreach
An Aimsir Láithreach
21:15
(S22/CL48)
An Aimsir Náisiúnta agus Idirnáisiúnta.

Scannán: Adore (TS)
Scannán: Adore (TS)
21:20
 
(2013, Dráma) Naomi Watts, Robin Wright agus Xavier Samuel na príomhaisteoirí sa scannán seo faoi stiúir Anne Fontaine. Tosaíonn beirt bhan, ar cairde iad, caidreamh le mac an duine eile ach bíonn sé ina thrioblóid nuair a shocraíonn duine de na fir óga gur fearr leis a bheith in éineacht le bean a chomhaois féin.

Rugbaí Beo
Rugbaí Beo
23:20
(S7/CL40)
Buaicphointí na gcluichí idir Laighin v Scarlets agus Cardiff Blues v Mumha sa chúigiú babhta déag den tSraith Guinness PRO14. Beidh foirne na hÉireann agus foirne na Breataine Bige san iomaíocht agus iad ag iarraidh fanacht ar bharr an tábla.

Céard sa Diabhal! (OS & TS)
Céard sa Diabhal! (OS & TS)
00:50
(S1/CL1)
Clár ar a mbeidh na hiarrachtaí spóirt is seafóidí agus na pleidhcí is mó ann le feiceáil. Leaid a bheidh ag ithe banana agus é ag léim d'aill ina measc.

Ceol ar an Imeall (OS)
Ceol ar an Imeall (OS)
01:20
(S5/CL6)
Ceol beo sa stiúideo ó bhanna ceoil as Baile Átha Cliath 'White Collar Boy' le Gemma Dunleavy ina dteannta. Beidh ceol againn chomh maith ó Chian Nugent And The Cosmos agus Maud in Cahoots. Casfaidh Una leis an mbanna ceoil Parquet Courts, banna ceoil raic-punc as Meiriceá.

France 24
France 24
01:50
 
Cainéal nuachta 24 uair an chloig na Fraince atá i France 24. Bíonn an clár á chraoladh beo as Páras. Tá 180 iriseoir ag an stáisiún ar fud an domhain mhóir a thugann tuairiscí cuimsitheacha agus cumasacha chuig an lucht féachana ar imeachtaí móra laethúla.

Dé Sathairn, Feabhra 17, 2018
Níl TG4 freagrach as an ábhar ar Shuíomh Gréasáin seachtrach ar bith