Baile » Sceideal » Sceideal Iomlán

Dé Domhnaigh, Feabhra 18, 2018
France 24
France 24
05:30
 
Cainéal nuachta 24 uair an chloig na Fraince atá i France 24. Bíonn an clár á chraoladh beo as Páras. Tá 180 iriseoir ag an stáisiún ar fud an domhain mhóir a thugann tuairiscí cuimsitheacha agus cumasacha chuig an lucht féachana ar imeachtaí móra laethúla.

Cúla 4
Cúla 4
07:00
 
Beidh Cúla 4 ar an aer ón 7 gach maidin agus ón 4 tráthnóna ó Luan go hAoine. I measc na gclár iontach a bheidh ar siúl, beidh Angelo Rules, Get Ace, Jungle Bunch, Camp Lakebottom, Dude that's my Ghost, Garfield agus neart eile.

Cat Cliste
Cat Cliste
07:02
(S1/CL64)
Tá díomá ar Gheonaíl go bhfuil an linn snámha triomaithe amach, bhí sé ag iarraidh cóisir linne a eagrú.

Is Ait an Mac é Mús
Is Ait an Mac é Mús
07:15
(S1/CL28)
Tá Jeaicín agus Mús ag obair in óstán an bhandiúic.

Camp Lakebottom
Camp Lakebottom
07:22
(S1/CL6)
Meallann Slisín Anna a bhíodh ar scoil leis, ach is nathair mór millteach í.

Camp Lakebottom
Camp Lakebottom
07:33
(S1/CL7)
Caithfidh Eamonn arrachtach gealaí a dhíbirt lena chuid damhsa ach titeann sé ina chodladh go tobann.

Angelo Rules (GS)
Angelo Rules (GS)
07:45
(S3/CL34)
Cé a bheadh mar laoch dá ndéanfaí scannán faoi na gasúir, Angelo, Lola nó Sherwood?

Cúla 4 na nÓg
Cúla 4 na nÓg
08:00
 
Mír do ghasúir réamhscoile atá i Cúla4 na nÓg a thosóidh gach maidin ag 7 a.m. go dtí an 10.00 am agus arís ag an 3p.m. i rith na seachtaine. I measc na gclár beidh Wanda and the Alien, Masha agus an Béar, QPootle, Olly an Veain Bheag Bhán agus Dinosaur Train agus neart eile.

Seo Linn Pocoyo
Seo Linn Pocoyo
08:02
(S3/CL37)
Tá teachín beag spraoi ag Elly ach nach mbriseann Pocoyo agus Pato uirthi é.

Seo Linn Pocoyo
Seo Linn Pocoyo
08:08
(S3/CL38)
Tagann Pocoyo ar bhosca puipéad agus tugann Elly cúnamh dó iad a chur ar stáitse.

Eolaíocht le Bert
Eolaíocht le Bert
08:15
(S1/CL2)
Inniu tabharfaidh Bert faoi thurgnamh a bhaineann le fuaim.

Elmo Anseo
Elmo Anseo
08:20
(S1/CL18)
Inniu foghlaimeoidh Elmo agus a chara nua Cliste níos mó faoi ghairdíní.

Scéalta le Masha
Scéalta le Masha
08:25
(S3/CL4)
Inseoidh Masha a leagan féin den scéal Cochaillín Dearg.

Bia Linn (TS)
Bia Linn (TS)
08:30
(S2/CL6)
Sraith spleodrach cócaireachta do pháistí óga. Bí linn sa chistin go bhfeicfidh tú cé a bheidh ag cuidiú le Muireann. Bananaí príomhchomhábhar an lae inniu. Gheobhaidh Coco amach cén tír as a dtagann siad. An raibh a fhios agat gur bunoscionn a fhásann siad?

Woozle & Pip
Woozle & Pip
08:44
(S1/CL6)
Bíonn na cairde díomách nuair a imíonn an Gairdín Draíochta as radharc.

Zou
Zou
08:49
(S2/CL29)
Ba mhaith le Zou a bheith ina mhaor tráchta inniu.

Zack & Quack
Zack & Quack
09:00
(S2/CL6)
Nuair a chailleann Kira a péarla corcra speisialta, téann a cuid cairde faoi uisce len é a thóraíocht di.

Loopdidoo
Loopdidoo
09:11
(S5/CL12)
Dúisíonn Loopdidoo moch gach maidin le go mbeidh sé in ann a bheith ag spraoi le Petunia sula dtéann sí ar scoil.

Maya an Bheachín
Maya an Bheachín
09:18
(S1/CL41)
Buaileann Ben le Rudy. Tá an bheirt acu ag iarraidh an liathróid aoiligh is fearr a dhéanamh.

Wissper
Wissper
09:30
(S1/CL12)
De ghnáth is maith le Pól an panda a bheith as féin ach lá amháin iarrann sé ar Wissper cúnamh a thabhairt dó cara a aimsiú.

Cat a' Hata (GS)
Cat a' Hata (GS)
09:37
(S1/CL25)
Tá Nic agus Sailí ag ligean orthu féin gur foghlaithe mara iad. Tugann an Cat ag tóraíocht taisce iad ag úsáid léarscáil foghlaí mara.

Alvinnn !!! & the Chipmunks
Alvinnn !!! & the Chipmunks
09:50
(S2/CL7)
Ní mó ná sásta atá na hioraí talún go mbíonn Dáithí imithe go minic leis an obair. Nuair a leanann siad é, tagann siad ar dhealbh dó déanta as céir agus ceapann siad gurb é Dáithí féin atá ann mar gheall ar scannán uafáis a chonaic siad.

Ainmhithe Beaga Thart Orainn (OS)
Ainmhithe Beaga Thart Orainn (OS)
10:05
(S2/CL19)
Caithfimid súil ar mar a chaitheann ainmhithe óga sa zú an mhaidin.

Naíonáin an Zú (OS)
Naíonáin an Zú (OS)
10:35
(S3/CL3)
Sraith faoin saol mar atá sé ag ainmhithe nuabheirthe i zú nua-aimseartha i mBeirlín na Gearmáine. Tagann ainmhithe óga ar an saol gach lá sa zú ach ní hé sin le rá go mbíonn am ag mamaí aire a thabhairt dóibh i gcónaí. Bíonn ar na hainmhithe óga an fód a sheasamh iad féin má tá greim le hithe uathu.

Timpeall na Tíre (OS)
Timpeall na Tíre (OS)
11:05
(S16/CL6)
Achoimre ar chuid de mhórscéalta na seachtaine mar a craoladh ar Nuacht TG4.

Rawhide
Rawhide
11:35
(S8/CL212)
Teastaíonn foscadh ó na beithígh ach níl foscadh le fáil ach ar thalamh bhean atá go mór ar son cearta na mban. Tá sí féin, fear an bheáir agus méara Broken Bluff in éadan a chéile. Níl fear an bheáir ná an méara sásta cúnamh a thabhairt dóibh go dtí go vótálfaidh an criú in aghaidh chearta na mban.

The Waltons (TS)
The Waltons (TS)
12:35
(S5/CL25)
Tá a úrscéal seolta ag John-Boy chuig foilsitheoir ach níl aon aiseolas faighte fós aige. Téann sé go Nua-Eabhrac le tuilleadh eolais a fháil faoi. Is maith leo é agus tá siad len é a fhoilsiú.

An Aimsir Láithreach
An Aimsir Láithreach
13:25
(S21/CL41)
Aimsir réigiúnach agus náisiúnta.

GAA Beo: Sraith Allianz
GAA Beo: Sraith Allianz
13:30
 
Craoladh beo ar An Clár v Corcaigh (iomáint) ar Pháirc Uí Chíosóg. Craoladh iarbheo ar Mhuineachán v Ciarraí (peil) ar Pháirc Grattan agus ar Phort Láirge v Cill Chainnigh (iomáint) ar Pháirc an Bhreathnaigh sa tríú babhta de Shraitheanna Iomána agus Peile Allianz. Á chur i láthair ag Micheál Ó Domhnaill agus is é Brian Tyers a bheidh i mbun tráchtaireachta.

An Aimsir Láithreach
An Aimsir Láithreach
19:12
(S22/CL49)
Aimsir réigiúnach agus náisiúnta.

Nuacht TG4
Nuacht TG4
19:15
 
Mórimeachtaí an lae ó Aonad Nuachta TG4.

Ollchlár Ros na Rún (OS & GS)
Ollchlár Ros na Rún (OS & GS)
19:30
(S21/CL24)
Is cosúil nach bhfuil dada i Ros na Rún anois ach cúplaí sásta, grámhara. Sin mar is léir do Bobbi Lee é ar aon nós. Tá Áine thar a bheith sásta go bhfuil Tadhg ar ais sa bhaile. Tá Sam thar a bheith sásta go bhfuil Sonia dúisithe as an gcóma. Tá ag éirí go maith le Berni agus le Briain a gcaidreamh a choinneáil faoi rún. Tá Sonia fós san ospidéal agus diansmaoineamh a dhéanamh aici ar cé a thabharfadh aire do Sam dá dtarlódh dada di. Tá Mo ag fáil faoi réir don obráid agus ní mó ná sásta atá sí go bhfuil fios curtha ag Mack ar dhuine éigin le haire a thabhairt di.

Beidh Mé Ar Ais! (OS & TS)
Beidh Mé Ar Ais! (OS & TS)
20:30
(S1/CL1)
Sraith nua turasóireachta a fhiosróidh áiteanna ar cheart do gach duine cuairt a thabhairt orthu. Á chur i láthair ag Sinéad Ní Ullacháin agus Osgur Ó Ciardha. Rachaidh Sinéad agus Osgur ó cheann ceann na tíre chun teacht ar áiteanna nua turasóireachta agus le comhairle a thabhairt ar bhealaí a bhféadfaí taithí an chuairteora a fheabhsú. An tseachtain seo fiosróidh Osgur an ceangal a bhí ag Maigh Eo leis an Titanic. Tiomáinfidh Sinéad tanc trí Chontae na Mí agus tabharfaidh cuairt ar dhún cois farraige i gCorcaigh. Rachaidh siad beirt ar thuras Fr. Ted i gCo. an Chláir chomh maith.

Cúl an Tí (OS & TS)
Cúl an Tí (OS & TS)
21:30
(S1/CL2)
Tabharfaidh an láithreoir Pól Ó Ceannabháin cuairt ar scoileanna na tíre áit a dtabharfaidh na daltaí faoina gcuid leaganacha féin de sheanamhráin agus dánta. Déanfar físeáin bheochana d'amhráin Ghaeilge le cúnamh ó Cartoon Saloon, stiúideo beochana a bhfuil gradam buaite aige, & ón mbanna ceoil KILA. Is ó thuaidh a bheidh Pól an tseachtain seo ag casadh le scoláirí Phobalscoil Ghaoth Dobhair agus casfaidh siad 'Domhnall na Gréine'. Rachaidh Pól ansin chuig Coláiste Ailigh i Leitir Ceanainn agus casfaidh Mary Coughlan an t-amhrán álainn grá 'Laoi an Lagáin' (My Lagan Love).

Hup (OS & TS)
Hup (OS & TS)
22:00
(S1/CL10)
Sraith ceoil thraidisiúnta. In Acaill i gCo. Mhaigh Eo áit a bhfuil Scoil Acla faoi lán seoil a bheimid an tseachtain seo. Beidh ceol againn ó cheoltóirí Mhaigh Eo féin agus ó chuairteoirí araon. Casfaidh Emer Mayock dreas ceoil ar an bhfliúit agus Mick O'Brien ar na píb. Canfaidh fear Mhaigh Eo John Hoban amhrán dúinn faoi Acaill.. Seinnfidh fear eile as Acaill Des Cafferky cúpla port ar an bhfeadóga chum sé féin agus beidh Siobhán McGinnty agus Seán Seoighe ag damhsa ar an sean-nós. Beidh Diarmuid Gielty i mbun seisiún ceoil san óstán áitiúil.

Sé Mo Laoch (OS)
Sé Mo Laoch (OS)
22:30
(S1/CL4)
Déantar ceol an fhidléara as Contae an Chláir, Peadar O'Loughlin a cheiliúradh. Beidh Rónán Browne, Peter Browne, Ciarán Mac Mathúna agus Muiris Ó Rócháin i mbun cainte ar an gclár.

Smokie Ar Stáitse
Smokie Ar Stáitse
23:00
(S3/CL7)
Ceolchoirm Smokie a taifeadadh i dTeach Ceoldráma Chorcaí i 1988. Casfaidh sé amhráin ar nós 'If you think you know how to love me', 'Don't play your Rock 'n Roll To Me' agus 'Living Next Door To Alice'.

An Aimsir Láithreach
An Aimsir Láithreach
23:30
(S22/CL49)
An Aimsir Náisiúnta agus Idirnáisiúnta.

Crisis Eile (OS & TS)
Crisis Eile (OS & TS)
23:35
(S2/CL2)
Tagann cuairteoir� as �irinn go dt� an Bhruis�il rud a chuireann as go m�r don Choimisin�ir Maeve Kelly Clark. N� maith l�i ar chor ar bith go bhfuil an tAire Caoimhe N� Chuinn tagtha go dt� an Bheilg.

Islands of the Future (OS & TS)
Islands of the Future (OS & TS)
00:05
(S1/CL4)
Sraith a léiríonn mar atá oileáin amach ó chósta na Spáinne, na hAlban agus ó thíortha eile san Eoraip ag dul i ngleic le cúrsaí fuinnimh. In oirthear Inse Orc i mbaile beag Stromness atá ceann de na hinstitiúidí is suimiúla san Eoraip lonnaithe: An EMEC, nó Lárionad Eorpach an Fhuinnimh Mhuirí.

France 24
France 24
01:10
 
Cainéal nuachta 24 uair an chloig na Fraince atá i France 24. Bíonn an clár á chraoladh beo as Páras. Tá 180 iriseoir ag an stáisiún ar fud an domhain mhóir a thugann tuairiscí cuimsitheacha agus cumasacha chuig an lucht féachana ar imeachtaí móra laethúla.

Dé Domhnaigh, Feabhra 18, 2018
Níl TG4 freagrach as an ábhar ar Shuíomh Gréasáin seachtrach ar bith