Baile » Sceideal » Sceideal Iomlán

Dé Luain, Feabhra 19, 2018
France 24
France 24
05:30
 
Cainéal nuachta 24 uair an chloig na Fraince atá i France 24. Bíonn an clár á chraoladh beo as Páras. Tá 180 iriseoir ag an stáisiún ar fud an domhain mhóir a thugann tuairiscí cuimsitheacha agus cumasacha chuig an lucht féachana ar imeachtaí móra laethúla.

Cúla 4 na nÓg
Cúla 4 na nÓg
07:00
 
Mír do ghasúir réamhscoile atá i Cúla4 na nÓg a thosóidh gach maidin ag 7 a.m. go dtí an 10.00 am agus arís ag an 3p.m. i rith na seachtaine. I measc na gclár beidh Wanda and the Alien, Masha agus an Béar, QPootle, Olly an Veain Bheag Bhán agus Dinosaur Train agus neart eile.

Olivia (GS)
Olivia (GS)
07:02
(S1/CL10)
Tá Olivia ag iarraidh a bheith ina damhsóir bailé. Níl uaithi anois ach páirtí.

An Captaen Flinn agus na Foghlaithe Dineasár
An Captaen Flinn agus na Foghlaithe Dineasár
07:13
(S1/CL4)
Buaileann long Flinn agus long T-Rex faoina chéile agus cuirtear Flinn ar long T-Rex agus T-Rex ar long Flinn.

Astroblast! (GS)
Astroblast! (GS)
07:25
(S1/CL1)
Caithfidh Comet agus a chriú praiseach mór a ghlanadh sula mbeidh siad in ann breathnú ar sheó na réalta reatha.

Astroblast! (GS)
Astroblast! (GS)
07:37
(S1/CL2)
Ní maith le Comet go gcaithfidh sé caoineog plorbie agus pluma a bheith aige le haghaidh bricfeasta.

Olly an Veain Bheag Bhán
Olly an Veain Bheag Bhán
07:50
(S1/CL4)
Tá an príomhoide Tabitha i bponc mar nach bhfuil córas teasa na scoile ag obair. Cabhraíonn Stan agus Olly léi ceolchoirm a eagrú le hairgead a bhailiú.

Olly an Veain Bheag Bhán
Olly an Veain Bheag Bhán
07:55
(S1/CL5)
Cuireann Stan a mhadra Ben isteach ar Sheó Madraí Phlimpáin. Ach nuair a ghortaíonn Ben é féin roimh ré bíonn ar Olly teacht ar phlean eile.

Dora (GS)
Dora (GS)
08:00
(S8/CL7)
Tá lámhainní na bpiscíní ar iarraidh. An mbeidh Dora in ann iad a aimsiú?

Tractor Tom
Tractor Tom
08:25
(S1/CL37)
Tá neart ainmhithe nuabheirthe ar an bhfeirm. Socraíonn Fi go bhfuil sé in am an áit a ghlanadh.

Balloon Barnyard
Balloon Barnyard
08:36
(S1/CL21)
Tá eitleog faighte ag Streak agus ag Pip ach níl siad in ann í a chur ag eitilt.

Dot
Dot
08:45
(S1/CL31)
Faigheann iasc órga Nev agus Dev bás.

Masha agus an Béar
Masha agus an Béar
08:56
(S2/CL11)
Tá Béar ag iarraidh dul ar laethanta saoire. Ach ní éiríonn leis an stáisiún traenach a fhágáil.

Messy, Seo Linn go Okido
Messy, Seo Linn go Okido
09:03
(S1/CL32)
Cabhraíonn Messy agus a chairde na hainmhithe ar fad a dhíbirt ón oileán sula bpléascann an bolcán Brídín.

Cat a' Hata (GS)
Cat a' Hata (GS)
09:15
(S1/CL44)
Tá Sailí agus Nic ag dul ar eachtra, ach cén chaoi a rachaidh siad ann?

Ainmhithe Craiceáilte (OS & TS)
Ainmhithe Craiceáilte (OS & TS)
09:30
(S1/CL57)
Ar chlár an lae inniu beidh racún glórach, pearóid bhríomhar chomh maith le gasúr óg ag imirt cluiche le moncaí.

The Waltons (TS)
The Waltons (TS)
10:00
(S8/CL6)
Creideann Erin go mbeidh sí ina réalta mór Hollywood nuair a ghlacann sí páirt i gclár faisnéise faoi Mhonarchan Pickett Defence.

The Waltons (TS)
The Waltons (TS)
11:00
(S8/CL7)
Caithfidh John agus Olivia a shocrú an bhfuil siad le píosa, a scríobh John-Boy nuair a bhí sé thar lear a fhoilsiú. Tá Jeffrey an-tógtha le seanmhadra.

Cheese Slices
Cheese Slices
11:55
(S6/CL2)
Sraith a fhiosraíonn na scéalta agus na traidisiúin iontacha a bhaineann leis na cáiseanna is mó cáil ar domhan. Cáiseanna na Tuirce a bheidh faoi chaibidil inniu. Tá neart cáiseanna réigiúnacha sa Tuirc ach is annamh a chloistear fúthu taobh amuigh den tír. Tabharfaidh Will cuairt ar mhargaí spíosraí ársa Iostanbúl sula dtabharfaidh sé a aghaidh ar Cannakale lena fháil amach faoi cháis mharanáidithe mhór le rá na tíre, Ezine Peynir agus cáis chrua darb ainm Mihalic. Rachaidh sé go Anatolia ansin le cuairt a thabhairt ar déirí beag a dhéanann an cáis chrua, Kasar.

Bia Dúchais (OS & TS)
Bia Dúchais (OS & TS)
12:30
(S1/CL1)
Sraith ina bhfiosraítear oidhreacht chócaireachta na hÉireann. Déantar cur síos sa chéad chlár ar mhuiceoil agus an tábhacht atá léi in aiste bia mhuintir na hÉireann.

The Gilmore Girls (TS)
The Gilmore Girls (TS)
13:05
(S2/CL10)
Sraith ghrinn drámaíochta. Tá Rory ar a dícheall ag iarraidh an choimhlint idir Dean agus Jess a choinneáil faoi smacht. Tugann Lorelai cuireadh do mhuintir Stars Hollow chuig féasta breá. Baintear siar as Emily é nuair a insíonn Richard di go bhfuil sé imithe ar scor.

Weakest Link (TS)
Weakest Link (TS)
14:00
(S8/CL15)
Sraith Tráth na gCeist ina bhféachfaidh 9 n-iomaitheoir leis an bpota óir a thabhairt abhaile leo. Cuirfear an t-iomaitheoir is measa, dar leis na hiomaitheoirí eile, abhaile ag deireadh gach babhta go dtí nach mbeidh ach duine amháin fanta chun an t-airgead a bhuachan. Á chur i láthair ag Anne Robinson.

Cúla 4 na nÓg
Cúla 4 na nÓg
15:00
 
Mír do ghasúir réamhscoile atá i Cúla4 na nÓg a thosóidh gach maidin ag 7 a.m. go dtí an 10.00 am agus arís ag an 3p.m. i rith na seachtaine. I measc na gclár beidh Wanda and the Alien, Masha agus an Béar, QPootle, Olly an Veain Bheag Bhán agus Dinosaur Train agus neart eile.

Masha agus an Béar
Masha agus an Béar
15:02
(S2/CL19)
Déanann Masha bleachtaire di féin le réiteach a fháil ar chás aisteach.

Masha agus an Béar
Masha agus an Béar
15:09
(S2/CL20)
Foghlaimíonn Masha agus an Panda le damhsa agus cuireann siad seó ar siúl.

PJ Masks
PJ Masks
15:16
(S1/CL6)
Ní mó ná sásta atá Owlette le Catboy anocht.

Wissper
Wissper
15:28
(S1/CL19)
Iarrann Pól an Panda cúnamh ar Wissper. Tá sé ag iarraidh a bheith in ann casadh ach níl aon ghlór aige.

Is Ait an Mac é Mús
Is Ait an Mac é Mús
15:35
(S1/CL31)
Tá Jeaicín ag iarraidh a thaispeáint do Greg an Ghaisce Mhóir go bhfuil sé féin go maith ag surfáil eitleoige freisin.

Cat a' Hata (GS)
Cat a' Hata (GS)
15:40
(S1/CL56)
Bíonn Sailí agus Nic ag triail gluaiseachtaí nua a dhéanamh nuair a thagann an Cat le gluaiseachtaí dá chuid féin.

Cúla 4
Cúla 4
15:55
 
Beidh Cúla 4 ar an aer ón 7 gach maidin agus ón 4 tráthnóna ó Luan go hAoine. I measc na gclár iontach a bheidh ar siúl, beidh Angelo Rules, Get Ace, Jungle Bunch, Camp Lakebottom, Dude that's my Ghost, Garfield agus neart eile.

Alvinnn !!! & the Chipmunks
Alvinnn !!! & the Chipmunks
15:57
(S2/CL2)
Caithfidh Theodore aire a thabhairt d'ubh dragúin. Cé nach gcreideann Alvin agus Simon gur ubh dragúin cheart atá ann, cuireann Dáithí iallach orthu cúnamh a thabhairt do Theodore.

Dónall Dána (GS)
Dónall Dána (GS)
16:08
(S1/CL19)
Díolann Dónall Learaí chun airgead a dhéanamh ach filleann an feall ar an bhfeallaire!

Garfield (GS)
Garfield (GS)
16:19
(S4/CL19)
Bíonn Renfrew go síoraí ag cur de mar go gceapann sé go bhfuil saol níos fearr ag cait ná ag madraí, mar sin socraíonn na cait ceacht a mhúineadh dó.

Winston Steinburger & Sir Dudley Ding Dong
Winston Steinburger & Sir Dudley Ding Dong
16:32
(S1/CL38)
Nuair a úsáideann Winston fógraíocht chun burgair Cutty a dhíol, déanann sé dearmad ar an fhírinne.

Fangbone
Fangbone
16:43
(S1/CL11)
Tá déideadh ar Fangbone. Tuigeann Bill go gcuireann an fiaclóir an-fhaitíos go deo air.

Whiz sa Chistin (GS)
Whiz sa Chistin (GS)
16:55
(S1/CL41)
Seó cluichí é Whiz sa Chistin atá bunaithe ar bhia. Beidh ceathrar leanaí sa chistin ar gach clár agus beidh a fhios againn cé chomh maith is atá said sa chistin nuair a chaithfidh siad tabhairt faoi dhúshlán bia agus ceisteanna go leor a fhreagairt. Ar chlár an lae inniu tabharfaidh Aisling agus Chloe aghaidh ar Moya agus ar Hanna.

An Aimsir Láithreach
An Aimsir Láithreach
17:25
(S21/CL42)
Aimsir réigiúnach agus náisiúnta.

Irish Paint Magic
Irish Paint Magic
17:30
(S19/CL1)
Páipéar Tadhaill nó Fablon agus an úsáid is féidir a bhaint as is ábhar do chlár an lae inniu.

Weakest Link (TS)
Weakest Link (TS)
18:00
(S8/CL15)
Sraith Tráth na gCeist ina bhféachfaidh 9 n-iomaitheoir leis an bpota óir a thabhairt abhaile leo. Cuirfear an t-iomaitheoir is measa, dar leis na hiomaitheoirí eile, abhaile ag deireadh gach babhta go dtí nach mbeidh ach duine amháin fanta chun an t-airgead a bhuachan. Á chur i láthair ag Anne Robinson.

An Aimsir Láithreach
An Aimsir Láithreach
18:57
(S22/CL50)
Aimsir réigiúnach agus náisiúnta.

Nuacht TG4
Nuacht TG4
19:00
 
Mórimeachtaí an lae ó Aonad Nuachta TG4.

Cúl an Tí (OS & TS)
Cúl an Tí (OS & TS)
19:30
(S1/CL2)
Tabharfaidh an láithreoir Pól Ó Ceannabháin cuairt ar scoileanna na tíre áit a dtabharfaidh na daltaí faoina gcuid leaganacha féin de sheanamhráin agus dánta. Déanfar físeáin bheochana d'amhráin Ghaeilge le cúnamh ó Cartoon Saloon, stiúideo beochana a bhfuil gradam buaite aige, & ón mbanna ceoil KILA. Is ó thuaidh a bheidh Pól an tseachtain seo ag casadh le scoláirí Phobalscoil Ghaoth Dobhair agus casfaidh siad 'Domhnall na Gréine'. Rachaidh Pól ansin chuig Coláiste Ailigh i Leitir Ceanainn agus casfaidh Mary Coughlan an t-amhrán álainn grá 'Laoi an Lagáin' (My Lagan Love).

GAA 2018
GAA 2018
20:00
(S18/CL4)
Buaicphointí ón tríú babhta i Sraitheanna Peile Allianz, An Clár v Corcaigh, Port Láirge v Cill Chainnigh agus Gaillimh v Uíbh Fháilí ina measc.

Siar an Bóthar (OS)
Siar an Bóthar (OS)
21:00
(S12/CL3)
An chuid is fearr de na míreanna ceoil agus amhránaíochta traidisiúnta atá i gcartlann RTÉ. Ar chlár na hoíche anocht beidh mír againn de Johnny Ó Conghaile as Conamara ag casadh ar an mbosca ceoil, Frankie Gavin ar an bhfidil agus amhrán agus seanchas ó Phádraig Tom Phatch Ó Ceannabháin.

Scannán: Wrong Turn at Tahoe (TS)
Scannán: Wrong Turn at Tahoe (TS)
21:30
 
2009, Aicsean) Cuba Gooding Jr., Miguel Ferrer agus Harvey Keitel na príomhaisteoirí sa scannán seo faoi stiúir Frank Khalfoun. Maraíonn an ceann feadhna ar bhuíon coirpeach mangaire drugaí. Ní fada go bhfaigheann sé amach go raibh an mangaire drugaí céanna sin ag obair don choirpeach is mó sa tír.

Snáithe (OS & TS)
Snáithe (OS & TS)
23:10
(S1/CL1)
Sraith nua sé chlár ina ndéantar stair dhearadh faisin na hÉireann a scrúdú trí shúile dearthóirí comhaimseartha, saineolaithe agus staraithe faisin. Déanfaidh an blagálaí faisin, Ciara O'Doherty, téamaí ar nós féiniúlacht, traidisiún, pátrúnacht agus tuiscint a fhiosrú agus gheobhaidh amach faoin mbaint atá ag tírdhreach, cultúr agus teicstílí na hÉireann leis na ball éadaí a chruthaíonn dearthóirí in Éirinn agus go hidirnáisiúnta. Sa chéad chlár fiosróidh Ciara an bhfuil féiniúlacht faisin dá gcuid féin ag muintir na hÉireann.

Wwoofáil (OS)
Wwoofáil (OS)
23:40
(S1/CL6)
Beidh Mairéad agus Conall ar a gcompord an tseachtain seo in óstán álainn atá lonnaithe i ngarrán ológ ar imeall Marrakech. Beidh ológa a bhaint, aire a thabhairt do phéacóga agus cachtais a thrasphlandú ar roinnt dá gcuid dualgais. Tabharfaidh siad cuairt ar an gcuid is fearr de Marrakech ar a lá saor, blaisfidh siad de bhia na háite, inchinn caorach ina measc agus rachaidh siad ag marcaíocht ar chamaill sa Palmeraie.

An Aimsir Láithreach
An Aimsir Láithreach
00:10
(S22/CL50)
An Aimsir Náisiúnta agus Idirnáisiúnta.

The Vampire Diaries (TS)
The Vampire Diaries (TS)
00:15
(S7/CL17)
Nuair a dhúisíonn Stefan tuigeann sé go bhfuil sé i gcontúirt mhór. Tuigeann Damon go bhfuil díobháil mhór déanta aige féin ach ní stopfaidh sé go dtabharfaidh sé Stefan slán. Téann Valerie go Dallas chun cúnamh a fháil ó Alaric le Stefan a chuardach.

The Vampire Diaries (TS)
The Vampire Diaries (TS)
01:05
(S7/CL18)
Téann Damon agus Alaric go Memphis ag féachaint le greim a fháil ar vaimpír darb ainm Ambrose. Síleann siad go mbeadh seisean in ann leid a thabhairt dóibh faoin áit a bhfuil Stefan. Ach níl mórán suime ag Alaric a bheith ina shealgaire vaimpírí arís. Faigheann Enzo drochscéala ó Rayna.

France 24
France 24
01:55
 
Cainéal nuachta 24 uair an chloig na Fraince atá i France 24. Bíonn an clár á chraoladh beo as Páras. Tá 180 iriseoir ag an stáisiún ar fud an domhain mhóir a thugann tuairiscí cuimsitheacha agus cumasacha chuig an lucht féachana ar imeachtaí móra laethúla.

Dé Luain, Feabhra 19, 2018
Níl TG4 freagrach as an ábhar ar Shuíomh Gréasáin seachtrach ar bith