Baile » Sceideal » Sceideal Iomlán

Dé hAoine, Feabhra 02, 2018
France 24
France 24
05:30
 
Cainéal nuachta 24 uair an chloig na Fraince atá i France 24. Bíonn an clár á chraoladh beo as Páras. Tá 180 iriseoir ag an stáisiún ar fud an domhain mhóir a thugann tuairiscí cuimsitheacha agus cumasacha chuig an lucht féachana ar imeachtaí móra laethúla.

Cúla 4 na nÓg
Cúla 4 na nÓg
07:00
 
Mír do ghasúir réamhscoile atá i Cúla4 na nÓg a thosóidh gach maidin ag 7 a.m. go dtí an 10.00 am agus arís ag an 3p.m. i rith na seachtaine. I measc na gclár beidh Wanda and the Alien, Masha agus an Béar, QPootle, Olly an Veain Bheag Bhán agus Dinosaur Train agus neart eile.

Olivia (GS)
Olivia (GS)
07:02
(S1/CL49)
Tá an scoil dúnta de bharr an tsneachta. Téann Olivia amach chun tuairisc a thabhairt ar imeachtaí an lae.

An Captaen Flinn agus na Foghlaithe Dineasár
An Captaen Flinn agus na Foghlaithe Dineasár
07:13
(S1/CL45)
Tugann an Rí cuireadh do Chaptaen Flinn agus a chriú páirt a ghlacadh sa gcéad "Lá na Maitheasa Foghlaithe".

Astroblast! (GS)
Astroblast! (GS)
07:25
(S1/CL31)
Tá go leor le foghlaim ag Radar má cheapann sé go bhfuil sé in ann aclaíocht a dhéanamh gan bogadh.

Astroblast! (GS)
Astroblast! (GS)
07:37
(S1/CL32)
Tá an clár surfála is fearr le Halley ar iarraidh. Féachann Comet lena aimsiú ach ní bhíonn bun ná barr lena chuid tuairimí.

Olly an Veain Bheag Bhán
Olly an Veain Bheag Bhán
07:50
(S1/CL47)
Tá náire ar Bertie a spéaclaí nua a chur air os comhair mhuintir an bhaile.

Olly an Veain Bheag Bhán
Olly an Veain Bheag Bhán
07:55
(S1/CL48)
Tugann Olly cúnamh do Stan le go mbeidh Lá Vailintín deas ag Alice.

Dora (GS)
Dora (GS)
08:00
(S8/CL16)
Caithfidh Dora agus Bróigín béar óg a thabhairt ar ais abhaile chuig a thuismitheoirí ach tá sé chomh tuirseach go bhfuil sé ag cinneadh air fanacht ina dhúiseacht.

Tractor Tom
Tractor Tom
08:25
(S1/CL26)
Ba mhaith le Matt a bheith ina bhuachaill bó.

Balloon Barnyard
Balloon Barnyard
08:36
(S1/CL10)
Tá an lá inniu an-te agus tá na hasail ag iarraidh líomanáid a dhéanamh.

Dot
Dot
08:45
(S1/CL20)
Tá Dot ag iarraidh a madra a thuiscint.

Masha agus an Béar
Masha agus an Béar
08:56
(S1/CL23)
Tagann Masha ar ubh agus is piongain a thagann amach aisti.

Messy, Seo Linn go Okido
Messy, Seo Linn go Okido
09:03
(S1/CL25)
Laghdaítear Zim agus sáinnítear i gceapaire é. Caithfidh Messy agus a chairde é a shábháil.

Cat a' Hata (GS)
Cat a' Hata (GS)
09:15
(S1/CL33)
Tá Sailí agus Nic ar bís go bhfuil siad ag dul ag scátáil amárach agus níl siad in ann codladh!

Ainmhithe Beaga Thart Orainn (OS)
Ainmhithe Beaga Thart Orainn (OS)
09:30
(S2/CL11)
Caithfimid súil ar mar a chaitheann ainmhithe óga sa zú an mhaidin.

The Waltons (TS)
The Waltons (TS)
10:00
(S7/CL8)
Tá sé ag cinneadh ar Elizabeth foghlaim le tiomáint. Tá Corabeth ag ól go leor.

The Waltons (TS)
The Waltons (TS)
10:58
(S7/CL9)
Filleann iníon Verdie Foster abhaile agus ní mó ná sásta atá sí lena máthair faoi gur cuireadh oideachas uirthi. Ainneoin a cuid oideachais, is beag meas atá ag daoine uirthi mar gheall gur bean dhubh í. Féachann Erin le post a fháil san áit.

The Cook & The Chef (TS)
The Cook & The Chef (TS)
11:55
(S4/CL26)
Sraith cócaireachta. Réiteoidh Maggie agus Simon miasa as an Liobáin inniu. Is mór i gceist pomagránaití, sú líomóide, cnó péine, ológa agus gallchnónna i ngnáthbhia na Liobáine.

Stair na mBannaí Céilí (OS & GS)
Stair na mBannaí Céilí (OS & GS)
12:30
(S1/CL4)
Sraith ar stair na mbannaí céilí in Éirinn. Ceoltóirí na Mainistreach as Co. an Chláir agus The Knockmore Céilí Band as Co. Fhear Manach a bheidh faoi chaibidil ar chlár na hoíche anocht.

The Gilmore Girls (TS)
The Gilmore Girls (TS)
13:05
(S1/CL20)
Sraith ghrinn drámaíochta. Tá Rory fós trína chéile faoi Dean. Cailleann sí an cloigeann le Lorelai mar nár inis sí di go raibh sí ar ais in éineacht le Max. Insíonn Dean do Lorelai an chúis ar bhris sé amach le Rory agus cuireann Lorelai comhairle ar Rory a bheith níos macánta faoi mar a mhothaíonn sí.

Weakest Link (TS)
Weakest Link (TS)
14:00
(S8/CL4)
Sraith Tráth na gCeist ina bhféachfaidh 9 n-iomaitheoir leis an bpota óir a thabhairt abhaile leo. Cuirfear an t-iomaitheoir is measa, dar leis na hiomaitheoirí eile, abhaile ag deireadh gach babhta go dtí nach mbeidh ach duine amháin fanta chun an t-airgead a bhuachan. Á chur i láthair ag Anne Robinson.

Cúla 4 na nÓg
Cúla 4 na nÓg
15:00
 
Mír do ghasúir réamhscoile atá i Cúla4 na nÓg a thosóidh gach maidin ag 7 a.m. go dtí an 10.00 am agus arís ag an 3p.m. i rith na seachtaine. I measc na gclár beidh Wanda and the Alien, Masha agus an Béar, QPootle, Olly an Veain Bheag Bhán agus Dinosaur Train agus neart eile.

Masha agus an Béar
Masha agus an Béar
15:02
(S1/CL23)
Tagann Masha ar ubh agus is piongain a thagann amach aisti.

Masha agus an Béar
Masha agus an Béar
15:09
(S1/CL24)
Tagann gaolta leis an mbéar ar cuairt. Réitíonn siad bia Síneach ach is gearr go mbíonn Masha sa bhealach orthu.

PJ Masks
PJ Masks
15:16
(S1/CL43)
Ceapann Owlette go bhfuil sí féin ina máistir ar an Ninja Oíche anocht.

Wissper
Wissper
15:28
(S1/CL12)
De ghnáth is maith le Pól an panda a bheith as féin ach lá amháin iarrann sé ar Wissper cúnamh a thabhairt dó cara a aimsiú.

Is Ait an Mac é Mús
Is Ait an Mac é Mús
15:35
(S1/CL20)
Tá Mús agus Jeaicín ag tabhairt aire do chat nua an Mhéara.

Cat a' Hata (GS)
Cat a' Hata (GS)
15:40
(S1/CL43)
Tagann Nic ar bhóín Dé beag ach ansin feiceann Sailí seangán atá níos lú arís.

Cúla 4
Cúla 4
15:55
 
Beidh Cúla 4 ar an aer ón 7 gach maidin agus ón 4 tráthnóna ó Luan go hAoine. I measc na gclár iontach a bheidh ar siúl, beidh Angelo Rules, Get Ace, Jungle Bunch, Camp Lakebottom, Dude that's my Ghost, Garfield agus neart eile.

Alvinnn !!! agus na Chipmunks
Alvinnn !!! agus na Chipmunks
15:57
(S1/CL41)
Cuirtear Alvin agus Simon ag obair le chéile ar thionscnamh eolaíochta. Ach déantar fathach ollmhór de Theodore nuair a chruthaíonn Alvin deoch draíochta.

Dónall Dána (GS)
Dónall Dána (GS)
16:08
(S1/CL8)
Tá an bhean lóin ag goid rudaí milse na ngasúr, caithfidh Dónall teacht ar bhealach len í a stopadh.

Garfield (GS)
Garfield (GS)
16:19
(S4/CL6)
Is é Jon an sirriam nua ach ní bheidh an post sin i bhfad aige má tá aon neart ag an Dochtúir Whipple air.

Winston Steinburger & Sir Dudley Ding Dong
Winston Steinburger & Sir Dudley Ding Dong
16:32
(S1/CL31)
Ní théann dada i gceart do Winston ná do Dudley nuair a bhíonn siad ag iarraidh dul chuig an bhFéile sa spás.

Fangbone
Fangbone
16:43
(S1/CL4)
Tá seachtain chrua caite ag Bill ag troid in aghaidh arrachtaí Drool. Socraíonn sé go bhfuil briseadh beag tuillte aige féin agus ag Fangbone.

WAC (OS)
WAC (OS)
16:55
(S1/CL5)
Rachaidh Caoimhe, Tomaí agus Éadaoin sa tóir ar na hainmhithe is gleoite agus is clúmhaí ar domhan.

Is Eolaí Mé (GS)
Is Eolaí Mé (GS)
17:25
(S1/CL9)
Ní gá gur sa tsaotharlann a d'fheicfeá ceimiceáin ag obair! Faigheann Peadar amach go mbíonn ceimiceáin i gceist leis an mbia is fearr leis féin a réiteach - píotsa. Beidh Cian Feeney agus Tadhg Ó Beaglaoich sa stiúideo in éineacht le Peadar le taos fiacla eilifinte a dhéanamh! Tabharfaidh Úna agus a cairde i nGaelscoil Dara cuairt ar shaotharlann eolaí. Tabharfaimid cuairt freisin ar an Ollamh Ullamh agus a chúntóir Aodh go bhfeicfimid céard atá ar siúl acusan inniu.

Clann Feirm Factor (OS)
Clann Feirm Factor (OS)
17:55
(S1/CL7)
Anocht an babhta ceannais agus buaiteoirí na seachtaine seo a thabharfaidh an duais mhór Eur20,000 leo. Beidh iomaíocht ghéar idir muintir Crowley Chorcaí agus muintir Walsh Chiarraí. Síleann James agus Helena agus deartháireacha James, John agus Tim, gur acusan a bheidh an lá ach beidh orthu an ceann is fearr a fháil ar na tascanna aonair ar dtús.

Lurgan 2K17 (GS)
Lurgan 2K17 (GS)
18:40
(S1/CL7)
Sraith siamsaíochta do dhaoine óga ina dtaispeánfar físeáin nua ó, 'TG Lurgan' chomh maith leis na daltaí ardchumasacha a ghlacann páirt iontu. Tabharfar cuntas sa tsraith seo ar na heachtraí saoil a thug na daoine óga seo le chéile agus tabharfar léargas ar an tuiscint atá ag na scoláirí ar chultúr na Gaeilge tríd an gceol. Sa chlár seo casfaidh Kathryn O'Donoghue, 17, as Baile Átha Cliath 'Slow Hands' le Niall Horan agus 'I Can't Feel My Face' le the Weekend.

An Aimsir Láithreach
An Aimsir Láithreach
18:57
(S22/CL33)
Aimsir réigiúnach agus náisiúnta.

Nuacht TG4
Nuacht TG4
19:00
 
Mórimeachtaí an lae ó Aonad Nuachta TG4.

GAA Beo - Na Scéalta 2017
GAA Beo - Na Scéalta 2017
19:30
 
Súil siar ar scéalta agus ar bhuaicphointí chluichí CLG 2017.

Rónán ar an Camino (OS)
Rónán ar an Camino (OS)
20:00
(S1/CL4)
Rachaimid i dteannta an láithreora raidió Rónán Mac Aodha Bhuí ar oilithreacht ársa an Camino de Santiago. An tseachtain seo bainfidh Rónán amach a cheann scríbe, Santiago de Compostela áit a gcasfaidh sé lena leathbhádóirí arís. Feicfidh sé an Botafumeiro, ceann de na túiseáin is mó ar domhan, ag obair.

Radharc na Rúise (OS & TS)
Radharc na Rúise (OS & TS)
20:30
(S1/CL4)
Sraith faisnéise ar an gceangal agus na cosúlachtaí atá ag an Rúis le hÉirinn na linne seo. Cén fáth a bhfuil an oiread suime ag na Rúisigh i gcultúr na hÉireann agus cé na cosúlachtaí atá ag na Rúisigh linn? Casfaidh Feargus le príomhoide scoile agus faigheann amach faoi na difríochtaí agus na cosúlachtaí atá idir córas oideachais na hÉireann agus na Rúise. Faigheann sé léargas na Rúiseach ar Éirinn ó bhean óg nach raibh in Éirinn riamh ach a bhfuil an-mheas aici ar Phádraig Mac Piarais agus ar Mhicheál Ó Coileáin.

An Aimsir Láithreach
An Aimsir Láithreach
21:00
(S22/CL33)
An Aimsir Náisiúnta agus Idirnáisiúnta.

An Western: Sabata
An Western: Sabata
21:05
 
(1969, Scannán buachaillí bó) Lee Van Cleef, William Berger agus Ignazio Spalla na príomhaisteoirí sa scannán seo faoi stiúir Gianfranco Parolini. Goideann daoine, a bhfuil an-mheas ag an bpobal orthu, $100,000 ón arm chun talamh a cheannach don iarnród ach ní raibh aon súil acu leis an bhfear gunna, Sabata.

Na Fíréin Arís! (OS)
Na Fíréin Arís! (OS)
23:05
 
Clár ar an mbanna rac-cheoil gaelach Na Fíréin atá ar ais i mbun ceoil arís.

Turas Húicéara (OS & TS)
Turas Húicéara (OS & TS)
00:05
(S1/CL4)
Leanann criú an Naoimh Bairbre orthu go bacach go Hiort atá go domhain san Atlantach sula bhfilleann siad ar an saol mór ag na Geimeanann Gaelacha ar an Eilean Sgitheannach.

The Almighty Johnsons
The Almighty Johnsons
00:35
(S2/CL8)
Tá tinneas éigin ag cur as do Axl agus do Michele. Ní mó ná sásta a bhíonn Anders lena chuid deartháireacha - Tá sé míshásta le Axl mar gheall gur chaith sé in aer a mhisean; tá sé míshásta le Mike mar gheall go ndeachaigh sé in éineacht leis an namhaid (i.e. Michele); agus tá sé míshásta leo ar fad mar gheall ar an méid a tharla le Agnetha.

France 24
France 24
01:30
 
Cainéal nuachta 24 uair an chloig na Fraince atá i France 24. Bíonn an clár á chraoladh beo as Páras. Tá 180 iriseoir ag an stáisiún ar fud an domhain mhóir a thugann tuairiscí cuimsitheacha agus cumasacha chuig an lucht féachana ar imeachtaí móra laethúla.

Dé hAoine, Feabhra 02, 2018
Níl TG4 freagrach as an ábhar ar Shuíomh Gréasáin seachtrach ar bith