Baile » Sceideal » Sceideal Iomlán

Dé Máirt, Feabhra 20, 2018
France 24
France 24
05:30
 
Cainéal nuachta 24 uair an chloig na Fraince atá i France 24. Bíonn an clár á chraoladh beo as Páras. Tá 180 iriseoir ag an stáisiún ar fud an domhain mhóir a thugann tuairiscí cuimsitheacha agus cumasacha chuig an lucht féachana ar imeachtaí móra laethúla.

Cúla 4 na nÓg
Cúla 4 na nÓg
07:00
 
Mír do ghasúir réamhscoile atá i Cúla4 na nÓg a thosóidh gach maidin ag 7 a.m. go dtí an 10.00 am agus arís ag an 3p.m. i rith na seachtaine. I measc na gclár beidh Wanda and the Alien, Masha agus an Béar, QPootle, Olly an Veain Bheag Bhán agus Dinosaur Train agus neart eile.

Olivia (GS)
Olivia (GS)
07:02
(S1/CL11)
Ligeann Olivia agus a cuid deartháireacha orthu féin go bhfuil fios acu. Briseann Liam trófaí babhlála Dhaidí trí thimpiste.

An Captaen Flinn agus na Foghlaithe Dineasár
An Captaen Flinn agus na Foghlaithe Dineasár
07:13
(S1/CL5)
Casann Captaen Flinn agus a chriú le scuid mór millteach a dtaitníonn custard Fhéasóige go mór leis.

Astroblast! (GS)
Astroblast! (GS)
07:25
(S1/CL3)
Ní cosúil go mbuafaidh Comet bonn óir ag comórtas bliantúil Zizmort i mbliana ach an oiread.

Astroblast! (GS)
Astroblast! (GS)
07:37
(S1/CL4)
Tagann deartháir Comet ar cuairt aige agus téann sé i bhfeidhm go mór ar a chuid cairde. Ach meas tú an rud maith é sin?

Olly an Veain Bheag Bhán
Olly an Veain Bheag Bhán
07:50
(S1/CL6)
Tugann Olly agus Stan cúnamh d'Iníon Florette Páirc na gCrann a ghlanadh i ndiaidh cóisire. Ach cá gcuirfidh siad an bruscar ar fad?

Olly an Veain Bheag Bhán
Olly an Veain Bheag Bhán
07:55
(S1/CL7)
Tá Jethro agus Olly ag faire ar na héin.

Dora (GS)
Dora (GS)
08:00
(S8/CL8)
Tugann Dora agus Bróigín aghaidh ar an mbulaí nach bhfuil ag ligean cead do ghasúir eile spraoi sa pháirc scátála.

Tractor Tom
Tractor Tom
08:25
(S1/CL38)
Tá áit chiúin faighte ag Wheezy chun an lá a chaitheamh ach níl seans dá laghad go ligfidh na cairde dó a scíth a ligean.

Balloon Barnyard
Balloon Barnyard
08:36
(S1/CL22)
Tá an t-arbhar réidh le baint ach tá na préacháin á ithe.

Dot
Dot
08:45
(S1/CL32)
Tá Dot le haire a thabhairt do chat Ruby ar an deireadh seachtaine.

Masha agus an Béar
Masha agus an Béar
08:56
(S2/CL12)
Titeann an Béar agus buaileann sé a chloigeann. Nuair a thagann sé chuige féin, bíonn sé ag déanamh aithrise ar Masha.

Peg & Cat
Peg & Cat
09:03
(S3/CL13)
Cuireann uachtar�n na St�t Aontaithe fios ar Pheg agus ar Chat le fadhb ollmh�r a r�iteach.

Cat a' Hata (GS)
Cat a' Hata (GS)
09:15
(S1/CL45)
Cé go bhfuil neart cleachtadh á dhéanamh acu, níl Nic ná Sailí fós in ann aer-rothlú.

Ainmhithe Craiceáilte (OS & TS)
Ainmhithe Craiceáilte (OS & TS)
09:30
(S1/CL58)
Ar chlár an lae inniu beidh panda ar maith leis a bheith ag spraoi, ostrais a bhfuil ocras air agus casfaidh cat le faoileán fiosrach.

The Waltons (TS)
The Waltons (TS)
10:00
(S8/CL8)
Iarrann Ashley Longworth Jr. ar Erin é a phósadh láithreach nuair a thagann sé abhaile ón Aigéan Theas ar saoire. Bíonn Erin an-sásta go dtí go ndeir Ashley nach leagfaidh sé a chos taobh istigh de dhoras séipéil arís go brách.

The Waltons (TS)
The Waltons (TS)
10:58
(S8/CL9)
Tá muintir Walton ag fanacht le scéala faoi John-Boy, atá ar iarraidh sa chogadh san Eoraip. Tá Olivia ag obair go deonach le Cumann na Croise Deirge. Féachann sí le cúnamh a thabhairt do chailín óg ar éigníodh í.

Cheese Slices
Cheese Slices
11:55
(S6/CL3)
Sraith a fhiosraíonn na scéalta agus na traidisiúin iontacha a bhaineann leis na cáiseanna is mó cáil ar domhan. Cáiseanna mhanaigh na Fraince a bheidh faoi chaibidil inniu. Tá laghdú mór tagtha ar líon na manach a bhíonn ag déanamh cáise sna mainistreacha agus is gearr nach mbeidh an cháis sin ann níos mó. Rachaidh Will chuig mainistir Mont des Cats sa Normainn, chuig Citeaux sa Bhurgúin agus chuig Tamie i Savoie go bhfaighidh sé amach mar a dhéantar an cháis seo. Fiosróidh sé freisin a bhfuil i ndán don cháis.

Laochra Gael (OS & TS)
Laochra Gael (OS & TS)
12:30
(S11/CL2)
Bhí Anthony Tohill ar dhuine de na himreoirí lár páirce ab fhearr a bhí ann sna 90idí. Fear a fuair neart scór iontach ón imirt agus ó chiceanna saora. Bhuaigh sé craobh na hÉireann uair amháin, craobh Uladh faoi dhó, an tsraith Náisiúnta ceithre huaire agus tá ceithre ghradam All Star buaite aige. Bhí sé ina chaptaen agus ina bhainisteoir ar fhoireann na hÉireann a d'imir sa bPeil Chomhrialacha in aghaidh na hAstráile. Cuirfear Peter Canavan, Tony Scullion agus Jarlath Burns faoi agallamh freisin.

The Gilmore Girls (TS)
The Gilmore Girls (TS)
13:05
(S2/CL11)
Sraith ghrinn drámaíochta. Tá imní ar Lorelai nach mbeidh dóthain airgid aici chun an damáiste atá déanta ag teirmítí sa teach a réiteach. Tá Lorelai oibrithe le Rory gur inis sí do Emily faoi. Ní thuigeann Rory beo cén fáth a bhfuil Lane ina gárthóir molta mar go mbíodh sí i gcónaí ag magadh faoina leithéid roimhe seo.

Weakest Link (TS)
Weakest Link (TS)
14:00
(S8/CL16)
Sraith Tráth na gCeist ina bhféachfaidh 9 n-iomaitheoir leis an bpota óir a thabhairt abhaile leo. Cuirfear an t-iomaitheoir is measa, dar leis na hiomaitheoirí eile, abhaile ag deireadh gach babhta go dtí nach mbeidh ach duine amháin fanta chun an t-airgead a bhuachan. Á chur i láthair ag Anne Robinson.

Cúla 4 na nÓg
Cúla 4 na nÓg
15:00
 
Mír do ghasúir réamhscoile atá i Cúla4 na nÓg a thosóidh gach maidin ag 7 a.m. go dtí an 10.00 am agus arís ag an 3p.m. i rith na seachtaine. I measc na gclár beidh Wanda and the Alien, Masha agus an Béar, QPootle, Olly an Veain Bheag Bhán agus Dinosaur Train agus neart eile.

Masha agus an Béar
Masha agus an Béar
15:02
(S2/CL21)
Ceapann Masha gurb é an bealach is fearr le bua a fháil i gcluiche leadóige ná a bheith ag screadaíl nuair a bhuaileann tú an liathróid.

Masha agus an Béar
Masha agus an Béar
15:09
(S2/CL22)
Caithfidh an Béar meaisín ama a chruthú, ach ar ndóigh níl Masha in ann fanacht amach uaidh!

PJ Masks
PJ Masks
15:16
(S1/CL7)
Gaireas nua Romeo a chruthóidh trioblóid do Catboy anocht.

Loopdidoo
Loopdidoo
15:28
(S5/CL13)
Itheann Loopdidoo lón Petunia agus caitheann sé an chuid eile den mhaidin ag cuardach lón eile di!

Is Ait an Mac é Mús
Is Ait an Mac é Mús
15:35
(S1/CL32)
Rachaidh Jeaicín agus Mús siar san am atá caite i dtairseach ama.

Cat a' Hata (GS)
Cat a' Hata (GS)
15:40
(S1/CL57)
Tá Nic agus Sailí ag iarraidh chomh domhain agus atá siad in ann tochailt sa bhosca gainimh a fháil amach.

Cúla 4
Cúla 4
15:55
 
Beidh Cúla 4 ar an aer ón 7 gach maidin agus ón 4 tráthnóna ó Luan go hAoine. I measc na gclár iontach a bheidh ar siúl, beidh Angelo Rules, Get Ace, Jungle Bunch, Camp Lakebottom, Dude that's my Ghost, Garfield agus neart eile.

Alvinnn !!! & the Chipmunks
Alvinnn !!! & the Chipmunks
15:57
(S2/CL3)
Tá Derek ag piocadh ar chairde Simon. Féachann Alvin lena thaispeáint dóibh leis an bhfód a sheasamh.

Dónall Dána (GS)
Dónall Dána (GS)
16:08
(S1/CL20)
Cuirtear Dónall siar ina sheomra mar go raibh sé gránna le Learaí. Tá díoltas anois uaidh.

Garfield (GS)
Garfield (GS)
16:19
(S4/CL20)
Ceapann Garfield gur cuma le daoine ann nó as é. Féachann a chara lena thaispeáint dó nach bhfuil sé sin fíor!

Jamie's Got Tentacles
Jamie's Got Tentacles
16:32
(S1/CL13)
Tá saighdiúir tagtha chun Jamie a ghabháil.

Spongebob Squarepants (GS)
Spongebob Squarepants (GS)
16:43
(S9/CL31)
Athraíonn saol SpongeBob nuair a chuireann sé bríste fada air féin.

Dochreidte Gan Dabht (GS)
Dochreidte Gan Dabht (GS)
16:55
(S3/CL13)
Seo é Dochreidte Gan Dabht, an clár ar a mbeidh na curiarrachtaí is aistí, is iontaí agus is dochreidte dá bhfaca tú riamh - fear a fhéachfaidh le héachtaí aisteacha a dhéanamh ar rothar BMX ina measc. Á chur i láthair ag Eoghan Ó Loideáin.

An Aimsir Láithreach
An Aimsir Láithreach
17:25
(S21/CL43)
Aimsir réigiúnach agus náisiúnta.

Ros na Rún (OS & GS)
Ros na Rún (OS & GS)
17:30
(S22/CL49)
Tá lucht béadáin an bhaile fós ag caint ar Thadhg agus ar Maggie. Tá Tadhg ar ais sa mbaile. An bhfuil sé imithe ó Maggie mar sin? Tá olc ar Phádraig nach bhfuil dada cloiste aige ó Sonia ná ó Sam. Tá Mo san ospidéal anois le dul faoi scian agus níl sí ag iarraidh aon duine in éineacht léi. Ach an mbeidh sí sásta nuair a dhúiseoidh sí agus duine éigin áirithe lena taobh?

Weakest Link (TS)
Weakest Link (TS)
18:00
(S8/CL16)
Sraith Tráth na gCeist ina bhféachfaidh 9 n-iomaitheoir leis an bpota óir a thabhairt abhaile leo. Cuirfear an t-iomaitheoir is measa, dar leis na hiomaitheoirí eile, abhaile ag deireadh gach babhta go dtí nach mbeidh ach duine amháin fanta chun an t-airgead a bhuachan. Á chur i láthair ag Anne Robinson.

An Aimsir Láithreach
An Aimsir Láithreach
18:57
(S22/CL51)
Aimsir réigiúnach agus náisiúnta.

Nuacht TG4
Nuacht TG4
19:00
 
Mórimeachtaí an lae ó Aonad Nuachta TG4.

7 Lá
7 Lá
19:30
 
Clár cúrsaí reatha TG4 beo as Baile na hAbhann.

Garraí Glas (OS & TS)
Garraí Glas (OS & TS)
20:00
(S4/CL5)
Rachaidh Síle go Foirnis i Leitir Mealláin, Co. na Gaillimhe le casadh le John Bhaba Jeaic, fear a rugadh agus a tógadh sa cheantar. Rachaidh siad ag baint fheamainne ar Cheann Gólaim. Casfaidh sí leis an Dr. Prannie Rhatigan a inseoidh di faoi chomh maith is atá feamainn ag an duine. As sin léi go Gaillimh, áit a dtabharfaidh sí cuairt ar an chef Enda McEvoy i nGaillimh, a bhfuil duais Michelin buaite aige. Réiteoidh sé lón blasta al fresco di a mbeidh luibheanna fiáine mara tríd.

Ros na Rún (OS & GS)
Ros na Rún (OS & GS)
20:30
(S22/CL49)
Tá lucht béadáin an bhaile fós ag caint ar Thadhg agus ar Maggie. Tá Tadhg ar ais sa mbaile. An bhfuil sé imithe ó Maggie mar sin? Tá olc ar Phádraig nach bhfuil dada cloiste aige ó Sonia ná ó Sam. Tá Mo san ospidéal anois le dul faoi scian agus níl sí ag iarraidh aon duine in éineacht léi. Ach an mbeidh sí sásta nuair a dhúiseoidh sí agus duine éigin áirithe lena taobh?

Siar an Bóthar (OS)
Siar an Bóthar (OS)
21:00
(S12/CL4)
An chuid is fearr de na míreanna ceoil agus amhránaíochta traidisiúnta atá i gcartlann RTÉ. Ar chlár na hoíche anocht beidh míreanna againn ón gclár The Pure Drop ó 1992. Beidh mír againn de Paddy Glackin ag caint le Joe Burke agus a bhean Anne Conroy. Labhróidh sé faoin leabhar teagaisc agus faoi na dlúthdhioscaí atá déanta aige d'fhoghlaimeoirí agus faoin tréimhse a chaith sé i mbannaí céilí nuair a bhí sé óg. Beidh Sorcha Mac Cathmhaoil as Muineachán ag damhsa i mír ón mbliain 1990.

Glór Tíre (OS & TS)
Glór Tíre (OS & TS)
21:30
(S14/CL7)
Sraith nua eile de Ghlór Tíre. Beidh seisear iomaitheoirí i dteannta Aoife Ní Thuairisg agus Phádraic Ó Neachtain agus gach duine acu ag iarraidh an duais mhór a thabhairt leo. John Creedon, Caitríona Ní Shúilleabháin agus Jó Ní Chéide a bheidh ag moltóireacht. Cliona Hagan a bheidh ag casadh ar stáitse Ghlór Tíre an tseachtain seo. Cuirfidh Cliona a hiomaitheoir féin in aithne dúinn freisin, Gary Fitzpatrick. Seo a leanas sonraí vótála Gary: Glór 6 1513 415 106 / Glor6 to 53307; Glór 6: 0901 6566 106 / Glor6 to 60999.

Nashville (TS)
Nashville (TS)
22:30
(S5/CL18)
Níl Juliette tagtha chuici féin fós ó na gortuithe a bhain di sa timpiste. Is maith le Avery an tsaoirse atá aige agus é ar bóthar leis an mbanna. Casann Deacon ag imeacht carthanachta do cheann de na carthanachtaí ab fhearr le Rayna. Glacann Scarlett agus Gunnar páirt i bhfógra náisiúnta. Téann Daphne chuig cóisir in éineacht le buachaill ón scoil.

Friday Night Lights (TS)
Friday Night Lights (TS)
23:20
(S2/CL6)
Nuair a thagann Tim ar ais go Dillon, bíonn a thaisceadán foirne folamh. Tugann an cóitseálaí Taylor deis do Jason a bheith ina chóitseálaí, cé go bhfuil sé féin buartha faoin laghdú atá tagtha ar a phá ón mbliain roimhe. Tagann cara Lila agus a hathair go Dillon agus é ag iarraidh triail a bheith aige leis na Panthers. Tá athair Landry ag fáil níos gaire den fhírinne.

An Aimsir Láithreach
An Aimsir Láithreach
00:12
(S22/CL51)
An Aimsir Náisiúnta agus Idirnáisiúnta.

Fíorscéal (OS & TS)
Fíorscéal (OS & TS)
00:15
(S18/CL21)
Cuirfidh an t-eolaí spóirt mór le rá Steve Haake lúthchleasaithe an lae inniu i gcomórtas le lúthchleasaithe an ama a caitheadh. An bhfuil an teicneolaíocht nua-aimseartha ina bhuntáiste ag laochra an lae inniu? Cé leis a mbeadh an lá dá rachadh seaimpíní an lae inniu i gcomórtas leis na fir agus mná a bhíodh fadó ann? Féachfar go háirithe sa chlár seo ar spórt oighir agus sneachta.

France 24
France 24
01:20
 
Cainéal nuachta 24 uair an chloig na Fraince atá i France 24. Bíonn an clár á chraoladh beo as Páras. Tá 180 iriseoir ag an stáisiún ar fud an domhain mhóir a thugann tuairiscí cuimsitheacha agus cumasacha chuig an lucht féachana ar imeachtaí móra laethúla.

Dé Máirt, Feabhra 20, 2018
Níl TG4 freagrach as an ábhar ar Shuíomh Gréasáin seachtrach ar bith