Baile » Sceideal » Sceideal Iomlán

Dé Céadaoin, Feabhra 21, 2018
France 24
France 24
05:30
 
Cainéal nuachta 24 uair an chloig na Fraince atá i France 24. Bíonn an clár á chraoladh beo as Páras. Tá 180 iriseoir ag an stáisiún ar fud an domhain mhóir a thugann tuairiscí cuimsitheacha agus cumasacha chuig an lucht féachana ar imeachtaí móra laethúla.

Cúla 4 na nÓg
Cúla 4 na nÓg
07:00
 
Mír do ghasúir réamhscoile atá i Cúla4 na nÓg a thosóidh gach maidin ag 7 a.m. go dtí an 10.00 am agus arís ag an 3p.m. i rith na seachtaine. I measc na gclár beidh Wanda and the Alien, Masha agus an Béar, QPootle, Olly an Veain Bheag Bhán agus Dinosaur Train agus neart eile.

Olivia (GS)
Olivia (GS)
07:02
(S1/CL12)
Ní thaitníonn sé le Olivia go gcaithfidh sí a seomra a roinnt lena deartháir Cian. Téann sí sa tóir ar áit nach bhfuil deartháireacha ar bith ann.

An Captaen Flinn agus na Foghlaithe Dineasár
An Captaen Flinn agus na Foghlaithe Dineasár
07:13
(S1/CL6)
Tá na foghlaithe dána tar éis maighnéad "Ó Thuaidh" a ghoid agus tá siad á úsáid chun miotal a ghoid ó bháid eile.

Astroblast! (GS)
Astroblast! (GS)
07:25
(S1/CL5)
Níl suim ar bith ag Radar cluiche sacair a imirt lena chuid cairde inniu.

Astroblast! (GS)
Astroblast! (GS)
07:37
(S1/CL6)
Tá Comet ag iarraidh a chluiche ríomhaireachta a imirt ach tá Halley ag cur isteach air.

Olly an Veain Bheag Bhán
Olly an Veain Bheag Bhán
07:50
(S1/CL8)
Tá rás mór le bheith i bPlimpán agus tá chuile dhuine ag iarraidh a bheith sa chéad áit.

Olly an Veain Bheag Bhán
Olly an Veain Bheag Bhán
07:55
(S1/CL9)
Tagann Olly agus Stan ar Ghróigín an cat thuas sa chrann.

Dora (GS)
Dora (GS)
08:00
(S8/CL9)
Tá biseach ar Splanc anois agus tá sé féin agus Dora ag dul ag spaisteoireacht.

Tractor Tom
Tractor Tom
08:25
(S1/CL39)
Níl Dusty ag iarraidh folcadh a bheith aige agus níl Rev ag iarraidh aoileach a iompar.

Balloon Barnyard
Balloon Barnyard
08:36
(S1/CL23)
Tá Pip agus Streak ag eagrú damhsa sa scioból ach níl Fraidy in ann damhsa.

Dot
Dot
08:45
(S1/CL33)
Caithfidh Hal agus Dot dul ar shiúlóid charthanachta.

Masha agus an Béar
Masha agus an Béar
08:56
(S2/CL13)
Níor cheart don Bhéar Masha a fhágáil ag breathnú ar scannán scanrúil léi féin.

Messy, Seo Linn go Okido
Messy, Seo Linn go Okido
09:03
(S1/CL33)
Tá Messy tinn tuirseach de mhíreanna mearaí dineasár. Tugann a chairde cúnamh dó chun míreanna mearaí cearta a dhéanamh.

Cat a' Hata (GS)
Cat a' Hata (GS)
09:15
(S1/CL46)
Tá Sailí agus Nic ag ligean orthu féin go bhfuil siad imithe amú. Ach cén chaoi a mbeadh sé i ndáiríre, dá ngabhfadh siad amú?

Ainmhithe Craiceáilte (OS & TS)
Ainmhithe Craiceáilte (OS & TS)
09:30
(S1/CL59)
Ar chlár an lae inniu buailfidh racht feirge pearóid, beidh cat a thuigeann leis an ríomhaire a úsáid agus beidh hamstair á ngléasadh féin suas freisin.

The Waltons (TS)
The Waltons (TS)
10:00
(S8/CL10)
Tá John-Boy gan aithne gan urlabhra. Glacann Olivia le post ina hoibrí deonach le Cumann na Croise Deirge. Tá creideamh láidir aici agus súil aici go dtiocfaidh sé slán. Tá Rose le béile buíochas mór a réiteach.

The Waltons (TS)
The Waltons (TS)
10:58
(S8/CL11)
Titeann Jim-Bob i ngrá le bean óg atá pósta a bhfuil a fear imithe thar lear. Is píolóta é a fear san Aerchór.

Cheese Slices
Cheese Slices
11:55
(S6/CL4)
Sraith a fhiosraíonn na scéalta agus na traidisiúin iontacha a bhaineann leis na cáiseanna is mó cáil ar domhan. Cáiseanna traidisiúnta a dhéantar sna hAlpa in Iarthuaisceart na hIodáile a bheidh faoi chaibidil inniu. Rachaidh Will go bunchnoic na nAlp le casadh leis an duine is faide atá ag déanamh cáise san Iodáil. Taispeánfar dó mar a dhéantaí Asiago d'avello ar thine adhmaid sula dtabharfaidh sé a aghaidh ar dhéirí theaghlach Perezin a dhéanann Montasio. Rachaidh sé go Dolomites chun siléar cáise atá i seanbhuncar a théann siar roimh aimsir an chogaidh a fheiceáil.

Garraí Glas (OS & TS)
Garraí Glas (OS & TS)
12:30
(S4/CL5)
Rachaidh Síle go Foirnis i Leitir Mealláin, Co. na Gaillimhe le casadh le John Bhaba Jeaic, fear a rugadh agus a tógadh sa cheantar. Rachaidh siad ag baint fheamainne ar Cheann Gólaim. Casfaidh sí leis an Dr. Prannie Rhatigan a inseoidh di faoi chomh maith is atá feamainn ag an duine. As sin léi go Gaillimh, áit a dtabharfaidh sí cuairt ar an chef Enda McEvoy i nGaillimh, a bhfuil duais Michelin buaite aige. Réiteoidh sé lón blasta al fresco di a mbeidh luibheanna fiáine mara tríd.

The Gilmore Girls (TS)
The Gilmore Girls (TS)
13:05
(S2/CL12)
Sraith ghrinn drámaíochta. Tá Richard ag cur Emily as a meabhair ó tharla é ar scor anois agus mar sin ardaíonn Lorelai léi é ar feadh lae. Ach cuireann sé Lorelai agus Rory soir freisin. Níl dada a dhéanann Lorelai ná Rory sách maith ag Richard agus níl sé sásta go nglacfadh Rory leis an gcarr a rinne Dean di.

Weakest Link (TS)
Weakest Link (TS)
14:00
(S8/CL17)
Sraith Tráth na gCeist ina bhféachfaidh 9 n-iomaitheoir leis an bpota óir a thabhairt abhaile leo. Cuirfear an t-iomaitheoir is measa, dar leis na hiomaitheoirí eile, abhaile ag deireadh gach babhta go dtí nach mbeidh ach duine amháin fanta chun an t-airgead a bhuachan. Á chur i láthair ag Anne Robinson.

Cúla 4 na nÓg
Cúla 4 na nÓg
15:00
 
Mír do ghasúir réamhscoile atá i Cúla4 na nÓg a thosóidh gach maidin ag 7 a.m. go dtí an 10.00 am agus arís ag an 3p.m. i rith na seachtaine. I measc na gclár beidh Wanda and the Alien, Masha agus an Béar, QPootle, Olly an Veain Bheag Bhán agus Dinosaur Train agus neart eile.

Masha agus an Béar
Masha agus an Béar
15:02
(S2/CL23)
Ceannaíonn an Béar teilifís úrnua.

Masha agus an Béar
Masha agus an Béar
15:09
(S2/CL24)
Is sióg dhraíochtúil í Masha agus faigheann sí cultacha speisialta dá cairde do chóisir na Samhna.

PJ Masks
PJ Masks
15:16
(S1/CL8)
Is í Cailín Luna a tharraingeoidh an trioblóid anocht.

Wissper
Wissper
15:28
(S1/CL20)
Tá Risteard ag iarraidh eitilt ar nós na lasairéan ach níl ostrais in ann eitilt. An mbeidh Wissper in ann cúnamh a thabhairt dó?

Is Ait an Mac é Mús
Is Ait an Mac é Mús
15:35
(S1/CL33)
Caithfidh Jeaicín agus Mús na dreancaidí i Sorcas Dreancaidí an Mhéara a thraenáil sula dtagann cigire na ndreancaidí.

Cat a' Hata (GS)
Cat a' Hata (GS)
15:40
(S1/CL58)
Tá Nic agus Sailí ag súil go mór le léim isteach sa lochán uisce atá sa ghairdín - ach tá sé imithe. Cá ndeachaigh sé?

Cúla 4
Cúla 4
15:55
 
Beidh Cúla 4 ar an aer ón 7 gach maidin agus ón 4 tráthnóna ó Luan go hAoine. I measc na gclár iontach a bheidh ar siúl, beidh Angelo Rules, Get Ace, Jungle Bunch, Camp Lakebottom, Dude that's my Ghost, Garfield agus neart eile.

Alvinnn !!! & the Chipmunks
Alvinnn !!! & the Chipmunks
15:57
(S2/CL4)
Éiríonn Alvin mór le scoláire nua, Éamonn, agus féachann sé lena thaispeáint dó le bheith 'cúláilte'.

Dónall Dána (GS)
Dónall Dána (GS)
16:08
(S1/CL41)
Tuigeann Dónall anois go bhfuil go leor oibre i gceist le bheith cliste.

Garfield (GS)
Garfield (GS)
16:19
(S4/CL21)
Tá faitíos ar Garfield roimh chait a bhuíochas don Dochtúir Whipple.

Winston Steinburger & Sir Dudley Ding Dong
Winston Steinburger & Sir Dudley Ding Dong
16:32
(S1/CL39)
Déanann Winston culaith nua le bheith cosúil le Sáirsint Sasha, ach mar is iondúil tarraingíonn a aireagán trioblóid air.

Fangbone
Fangbone
16:43
(S1/CL12)
Agus iad ar thuras scoile thar oíche sa mhúsaem, aimsíonn Fangbone agus Bill iarsma Blaoscbánach a chruthaíonn tairseach go dtí domhan dúchais Fangbone.

Whiz sa Chistin (GS)
Whiz sa Chistin (GS)
16:55
(S1/CL42)
Seó cluichí é Whiz sa Chistin atá bunaithe ar bhia. Beidh ceathrar leanaí sa chistin ar gach clár agus beidh a fhios againn cé chomh maith is atá said sa chistin nuair a chaithfidh siad tabhairt faoi dhúshlán bia agus ceisteanna go leor a fhreagairt. Ar chlár an lae inniu tabharfaidh Leah agus Méabh aghaidh ar Mharc agus ar Conor.

An Aimsir Láithreach
An Aimsir Láithreach
17:25
(S21/CL44)
Aimsir réigiúnach agus náisiúnta.

Irish Paint Magic
Irish Paint Magic
17:30
(S19/CL2)
An Rabhchán i nDún na Séad, Iarthar Chorcaí, atá ar cheann shraith tithe solais ar Chósta na hÉireann, is ábhar do chlár an lae inniu de Irish Paint Magic.

Weakest Link (TS)
Weakest Link (TS)
18:00
(S8/CL17)
Sraith Tráth na gCeist ina bhféachfaidh 9 n-iomaitheoir leis an bpota óir a thabhairt abhaile leo. Cuirfear an t-iomaitheoir is measa, dar leis na hiomaitheoirí eile, abhaile ag deireadh gach babhta go dtí nach mbeidh ach duine amháin fanta chun an t-airgead a bhuachan. Á chur i láthair ag Anne Robinson.

An Aimsir Láithreach
An Aimsir Láithreach
18:57
(S22/CL52)
Aimsir réigiúnach agus náisiúnta.

Nuacht TG4
Nuacht TG4
19:00
 
Mórimeachtaí an lae ó Aonad Nuachta TG4.

Beidh Mé Ar Ais! (OS & TS)
Beidh Mé Ar Ais! (OS & TS)
19:30
(S1/CL1)
Sraith nua turasóireachta a fhiosróidh áiteanna ar cheart do gach duine cuairt a thabhairt orthu. Á chur i láthair ag Sinéad Ní Ullacháin agus Osgur Ó Ciardha. Rachaidh Sinéad agus Osgur ó cheann ceann na tíre chun teacht ar áiteanna nua turasóireachta agus le comhairle a thabhairt ar bhealaí a bhféadfaí taithí an chuairteora a fheabhsú. An tseachtain seo fiosróidh Osgur an ceangal a bhí ag Maigh Eo leis an Titanic. Tiomáinfidh Sinéad tanc trí Chontae na Mí agus tabharfaidh cuairt ar dhún cois farraige i gCorcaigh. Rachaidh siad beirt ar thuras Fr. Ted i gCo. an Chláir chomh maith.

Snáithe (OS & TS)
Snáithe (OS & TS)
20:30
(S1/CL2)
Sraith nua sé chlár ina ndéantar stair dhearadh faisin na hÉireann a scrúdú trí shúile dearthóirí comhaimseartha, saineolaithe agus staraithe faisin. Déanfaidh an blagálaí faisin, Ciara O'Doherty, téamaí ar nós féiniúlacht, traidisiún, pátrúnacht agus tuiscint a fhiosrú agus gheobhaidh amach faoin mbaint atá ag tírdhreach, cultúr agus teicstílí na hÉireann leis na baill éadaí a chruthaíonn dearthóirí in Éirinn agus go hidirnáisiúnta. Sa dara clár fiosróidh Ciara an tionchar atá ag éadaí agus teicstílí traidisiúnta ar dhearthóirí na hÉireann.

Siar an Bóthar (OS)
Siar an Bóthar (OS)
21:00
(S12/CL5)
An chuid is fearr de na míreanna ceoil agus amhránaíochta traidisiúnta atá i gcartlann RTÉ. Míreanna ón mbliain 1985 a bheidh ar an gclár seo. Damhsóidh Paidí Bán Ó Broin cúpla steip dúinn le Séamus Mac Mathúna á thionlacan ar an bhfeadóg mhór. Casfaidh Peadar Ó Ceannabháin an Rógaire Dubh, Páidín Ó Raifeartaigh agus Na Ceannabháin Bhána.

L�thchleasa�ocht - AIT Grand Prix
L�thchleasa�ocht - AIT Grand Prix
21:30
 
Craoladh ar an Grand Prix Idirn�isi�nta L�thchleasa�ochta a bh� ar si�l tr�thn�na in Institi�id Teicneola�ochta Bhaile �tha Luain. Beidh cuid de na daoine is m�r le r� as gach cearn den domhan ag tabhairt a n-aghaidh ar Bhaile �tha Luain don �c�id seo. Beidh deis ag lucht lean�na na l�thchleasa�ochta cuid de na l�thchleasaithe is fearr ar domhan a fheice�il i mbun aicsin san air�ine l�r t�re.

Survivor: Millennials vs. Gen X (OS & TS)
Survivor: Millennials vs. Gen X (OS & TS)
23:00
(S33/CL7)
Féachann beirt de na mílaoisigh le dearmad a dhéanamh ar an am atá caite agus oibriú as lámh a chéile. Bíonn iomaitheoir eile faoi bhrú nuair a cheistítear é faoina ghairm beatha.

An Aimsir Láithreach
An Aimsir Láithreach
23:53
(S22/CL52)
An Aimsir Náisiúnta agus Idirnáisiúnta.

Scór Encore (OS)
Scór Encore (OS)
23:55
(S1/CL7)
Beidh tuilleadh iomaitheoirí ar stáitse anocht agus iad ar fad ag iarraidh a bheith ar Shiamsóirí Óga na Bliana TG4. Cé a bheidh in ann dul i gcion ar na moltóirí?

Dáil Éireann
Dáil Éireann
00:55
(S18/CL37)
Craoladh ar imeachtaí na maidine de riar na hoibre i nDáil Éireann.

France 24
France 24
01:20
 
Cainéal nuachta 24 uair an chloig na Fraince atá i France 24. Bíonn an clár á chraoladh beo as Páras. Tá 180 iriseoir ag an stáisiún ar fud an domhain mhóir a thugann tuairiscí cuimsitheacha agus cumasacha chuig an lucht féachana ar imeachtaí móra laethúla.

Dé Céadaoin, Feabhra 21, 2018
Níl TG4 freagrach as an ábhar ar Shuíomh Gréasáin seachtrach ar bith