Baile » Sceideal » Sceideal Iomlán

Déardaoin, Feabhra 22, 2018
France 24
France 24
05:30
 
Cainéal nuachta 24 uair an chloig na Fraince atá i France 24. Bíonn an clár á chraoladh beo as Páras. Tá 180 iriseoir ag an stáisiún ar fud an domhain mhóir a thugann tuairiscí cuimsitheacha agus cumasacha chuig an lucht féachana ar imeachtaí móra laethúla.

Cúla 4 na nÓg
Cúla 4 na nÓg
07:00
 
Mír do ghasúir réamhscoile atá i Cúla4 na nÓg a thosóidh gach maidin ag 7 a.m. go dtí an 10.00 am agus arís ag an 3p.m. i rith na seachtaine. I measc na gclár beidh Wanda and the Alien, Masha agus an Béar, QPootle, Olly an Veain Bheag Bhán agus Dinosaur Train agus neart eile.

Olivia (GS)
Olivia (GS)
07:02
(S1/CL13)
Tá Olivia ar bís mar go bhfuil Mamó ag teacht ar cuairt.

An Captaen Flinn agus na Foghlaithe Dineasár
An Captaen Flinn agus na Foghlaithe Dineasár
07:13
(S1/CL7)
Téann long na bhfoghlaithe i bhfostú thuas san aer mar go bhfuil an iomarca balún ar bord acu do bhreithlá T-Rex.

Astroblast! (GS)
Astroblast! (GS)
07:25
(S1/CL7)
Tá Comet an-tógtha leis an gCaptaen is Fearr Riamh agus tá sé ag iarraidh a bheith díreach cosúil leis.

Astroblast! (GS)
Astroblast! (GS)
07:37
(S1/CL8)
Iarrann Sputnik ar Comet aire a thabhairt dá planda beag Zorky fad agus atá sí imithe.

Olly an Veain Bheag Bhán
Olly an Veain Bheag Bhán
07:50
(S1/CL10)
Oíche Shamhna atá ann agus tá sé ráite ag an bhFeirmeoir Dan agus ag Jethro le Olly agus le Bazza gan dul an Bóithrín Caol mar go bhfuil taibhsí ann.

Olly an Veain Bheag Bhán
Olly an Veain Bheag Bhán
07:55
(S1/CL11)
Tá dealbh nua le nochtadh go poiblí ag an Méara ach rinne sí dearmad é sin a rá le daoine!

Dora (GS)
Dora (GS)
08:00
(S8/CL10)
Féachann Dora le prionsa a dhéanamh arís de leon.

Tractor Tom
Tractor Tom
08:25
(S1/CL40)
Inniu a bheidh Rás na gCaorach ar siúl agus tá gach duine ar bís faoi, go háirithe Buzz.

Balloon Barnyard
Balloon Barnyard
08:36
(S1/CL24)
Tá na hasail ag léamh leabhar faoi shárlaochra ach an dteastaíonn uatha duine ar bith a shábháil?

Dot
Dot
08:45
(S1/CL34)
Tá soilse na cathrach ag teacht idir Dot agus na réaltaí.

Masha agus an Béar
Masha agus an Béar
08:56
(S2/CL14)
Tugann an béar baineannach iris shnasta do Masha, faigh réidh do cheacht san áilleacht!

Peg & Cat
Peg & Cat
09:03
(S3/CL14)
Cuireann Peg agus Cat fios ar a gcairde ar fad chun an domhan a shábháil ó leath deiridh mhuc mhór.

Cat a' Hata (GS)
Cat a' Hata (GS)
09:15
(S1/CL47)
Tá Sailí ag iarraidh go bhfásfaidh an bláth a chuir sí dá máthair ach níl sé ag fás ar chor ar bith.

Ainmhithe Craiceáilte (OS & TS)
Ainmhithe Craiceáilte (OS & TS)
09:30
(S1/CL60)
Ar chlár an lae inniu feicfimid láma ag tógáil folctha, racún nach bhfuil in ann greim a fháil ar rud agus moncaí a dtaitníonn bolgáin leis.

The Waltons (TS)
The Waltons (TS)
10:00
(S8/CL12)
Glacann Mary Ellen ague Erin páirt i rás ar iondúil gur fir amháin a bhíonn ann.

The Waltons (TS)
The Waltons (TS)
10:58
(S8/CL13)
Éalaíonn príosúnach cogaidh Gearmánach as campa North Carolina agus téann i bhfolach ar an sliabh. Tugann muintir Jeffrey cuireadh isteach don phríosúnach Oíche Nollag.

Cheese Slices
Cheese Slices
11:55
(S6/CL5)
Sraith a fhiosraíonn na scéalta agus na traidisiúin iontacha a bhaineann leis na cáiseanna is mó cáil ar domhan. Imeanna traidisiúnta na Fraince a bheidh faoi chaibidil inniu. Itear níos mó ime sa bhFrainc ná aon tír eile san Eoraip. Tá sé an-deacair teacht ar im traidisiúnta, maistrithe go réidh i barratte. Rachaidh Will go dtí an Normainn agus chuig an Charentes-Poitou chun cuairt a thabhairt ar phéire de na déirithe is sine atá fós ag déanamh ime ar an mbealach traidisiúnta. Casfaidh sé ansin le Yves Bourdier i La Maison de Buerre sa Bhriotáin le féachaint ar an Malaxer.

Bia 's Bóthar (OS)
Bia 's Bóthar (OS)
12:30
(S1/CL3)
Is é seo an tríú clár sa tsraith agus bia orgánach i gContae Liatroma a bheidh faoi chaibidil. Tugann Éamonn Ó Catháin cuairt ar ionad orgánach. Réitíonn sé béile agus ligeann sé a scíth ar bhád crúsála ar an tSionainn. Faigheann sé eolas faoi bhia orgánach agus faoi stoc ar fheirm áitiúil.

The Gilmore Girls (TS)
The Gilmore Girls (TS)
13:05
(S2/CL13)
Sraith ghrinn drámaíochta. Buann Jess lón in éineacht le Rory ag Ceant Bliantúil Ciseán Picnice Stars Hollow agus ní mó ná sásta atá Dean faoi. Bíonn Rory agus Lorelai in árach a chéile freisin - ceapann Lorelai go bhfuil Rory ag caitheamh an iomarca ama in éineacht le Jess.

Weakest Link (TS)
Weakest Link (TS)
14:00
(S8/CL18)
Sraith Tráth na gCeist ina bhféachfaidh 9 n-iomaitheoir leis an bpota óir a thabhairt abhaile leo. Cuirfear an t-iomaitheoir is measa, dar leis na hiomaitheoirí eile, abhaile ag deireadh gach babhta go dtí nach mbeidh ach duine amháin fanta chun an t-airgead a bhuachan. Á chur i láthair ag Anne Robinson.

Cúla 4 na nÓg
Cúla 4 na nÓg
15:00
 
Mír do ghasúir réamhscoile atá i Cúla4 na nÓg a thosóidh gach maidin ag 7 a.m. go dtí an 10.00 am agus arís ag an 3p.m. i rith na seachtaine. I measc na gclár beidh Wanda and the Alien, Masha agus an Béar, QPootle, Olly an Veain Bheag Bhán agus Dinosaur Train agus neart eile.

Masha agus an Béar
Masha agus an Béar
15:02
(S2/CL25)
Déanann Masha agus an Panda ninja díobh féin le ceacht a mhúineadh don Bhéar dubh dána.

Masha agus an Béar
Masha agus an Béar
15:09
(S2/CL26)
Tá Masha ag fáil mór agus caithfidh sí féin agus Béar slán a fhágáil ag a chéile.

PJ Masks
PJ Masks
15:16
(S1/CL9)
Ní maith le Gekko a bheith ag scátáil ar an oighear. Ach ní bheidh aon rogha aige anocht má tá sé ag iarraidh an Nollaig a shábháil.

Loopdidoo
Loopdidoo
15:28
(S5/CL14)
Tá slaghdán ar Petunia agus caithfidh Loopdidoo a cuid obair bhaile a fháil ó Basil.

Is Ait an Mac é Mús
Is Ait an Mac é Mús
15:35
(S1/CL34)
Tabharfaidh Jeaicín agus Mús tóstaer an Mhéara chuig an monarcha chun é a dheisiú.

Cat a' Hata (GS)
Cat a' Hata (GS)
15:40
(S1/CL59)
Inniu breithlá Iasc ach níl cliú ag Nic ná ag Sailí céard a gheobhaidh siad dó. Cé a chuirfidh comhairle orthu?

Cúla 4
Cúla 4
15:55
 
Beidh Cúla 4 ar an aer ón 7 gach maidin agus ón 4 tráthnóna ó Luan go hAoine. I measc na gclár iontach a bheidh ar siúl, beidh Angelo Rules, Get Ace, Jungle Bunch, Camp Lakebottom, Dude that's my Ghost, Garfield agus neart eile.

Alvinnn !!! & the Chipmunks
Alvinnn !!! & the Chipmunks
15:57
(S2/CL5)
Teastaíonn airgead ó Alvin agus faigheann sé post sa scoil ina mhúinteoir ceoil.

Dónall Dána (GS)
Dónall Dána (GS)
16:08
(S1/CL42)
Féachann Dónall le hairgead a shaothrú ach ní éiríonn lena phlean.

Garfield (GS)
Garfield (GS)
16:19
(S4/CL22)
Níl cead ag Garfield féachaint ar scannáin uafáis. Ach nuair nach bhfuil Jon ann, déanann Garfield a rogha rud.

Jamie's Got Tentacles
Jamie's Got Tentacles
16:32
(S1/CL14)
Ba mhaith le Jamie dul ar thuras chuig an Spás ach tá a spáslong briste.

Spongebob Squarepants (GS)
Spongebob Squarepants (GS)
16:43
(S9/CL32)
Tá giomnáisiam nua oscailte ag Larry agus tá SpongeBob tosaithe ag dul ann.

Dochreidte Gan Dabht (GS)
Dochreidte Gan Dabht (GS)
16:55
(S4/CL11)
Seo é Dochreidte Gan Dabht, an clár ar a mbeidh na curiarrachtaí is aistí, is iontaí agus is dochreidte dá bhfaca tú riamh. Bean ag tarraingt feithicil trom lena cuid gruaige ina measc. Á chur i láthair ag Eoghan Ó Loideáin.

Dochreidte Gan Dabht (GS)
Dochreidte Gan Dabht (GS)
17:10
(S4/CL12)
Seo é Dochreidte Gan Dabht, an clár ar a mbeidh na curiarrachtaí is aistí, is iontaí agus is dochreidte dá bhfaca tú riamh. Féachfaidh Lee Mack le curiarracht a bhaint amach le dairteanna. Á chur i láthair ag Eoghan Ó Loideáin.

An Aimsir Láithreach
An Aimsir Láithreach
17:25
(S21/CL45)
Aimsir réigiúnach agus náisiúnta.

Ros na Rún (OS & GS)
Ros na Rún (OS & GS)
17:30
(S22/CL50)
Tá Áine agus Frances ag fanacht i B&B Mháire anois agus tá Áine ag déanamh cinnte go bhfuil a fhios ag Tadhg gur mar gheall airsean é. Tá an córas teasa tigh Maggie briste agus tá John Joe le caoi a chur ar a bhuíochas do Thadhg. Tá Mo sa bhaile agus tá Colm agus Úna ag tabhairt aire na huibhe di. Ach is léir go bhfuil amhras ar Úna faoi Cholm go fóill rud a thagann idir í féin agus Mo. Tá Micheál ar a dhícheall ag iarraidh Laoise agus Imelda a thabhairt le chéile le haghaidh deoch ach níl sé chomh héasca sin Laoise a mhealladh.

Weakest Link (TS)
Weakest Link (TS)
18:00
(S8/CL18)
Sraith Tráth na gCeist ina bhféachfaidh 9 n-iomaitheoir leis an bpota óir a thabhairt abhaile leo. Cuirfear an t-iomaitheoir is measa, dar leis na hiomaitheoirí eile, abhaile ag deireadh gach babhta go dtí nach mbeidh ach duine amháin fanta chun an t-airgead a bhuachan. Á chur i láthair ag Anne Robinson.

An Aimsir Láithreach
An Aimsir Láithreach
18:57
(S22/CL53)
Aimsir réigiúnach agus náisiúnta.

Nuacht TG4
Nuacht TG4
19:00
 
Mórimeachtaí an lae ó Aonad Nuachta TG4.

Béaloideas Beo (OS & GS)
Béaloideas Beo (OS & GS)
19:30
(S3/CL1)
Tá Seán Mac an tSíthigh ar ais sa stiúideo chun traidisiúin agus nósanna an Bhéaloidis sa lá atá inniu ann agus san am atá caite a phlé. Scéalta agus tuiscintí a bhaineann le hoileáin dhraíochta agus tíortha faoi thoinn is ábhar don chlár seo. Beidh cur síos ar an Loch i gCathair Chorcaí chomh maith le scéal a luaitear i lámhscríbhinní Phádraig Feirtéar faoi chailíní óga as iarthar Chiarraí a dúirt go bhfacadar an Hy Brasil. I measc na n-aíonna sa stiúideo beidh Breandán Ó Cíobháin, Críostóir Mac Cárthaigh agus Paddy Bushe.

Ar Chúl an Chuirtín (OS & TS)
Ar Chúl an Chuirtín (OS & TS)
20:00
(S1/CL1)
Sraith a thugann léargas ón taobh istigh ar cheird agus ar ealaín na hamharclannaíochta. Is gairm ar leith í don aisteoir proifisiúnta agus don té a bhaineann taitneamh aisti mar chaitheamh aimsire. Sa tsraith seo faighimid tuiscint ar an obair agus ar an dua a bhaineann le léiriú dráma d'aon chineál. Buailfimid le haisteoirí i nGaoth Dobhair, i mBaile Átha Cliath agus i gColáiste na hOllscoile Corcaigh. Tá aisteoirí maithe i nGaoth Dobhair ach an mbeidh amharclann acu in am? Tá scoláirí i gCorcaigh i mbun éisteachtaí agus rachaidh Aisteoirí Thamhlachta ar an ardán.

Ros na Rún (OS & GS)
Ros na Rún (OS & GS)
20:30
(S22/CL50)
Tá Áine agus Frances ag fanacht i B&B Mháire anois agus tá Áine ag déanamh cinnte go bhfuil a fhios ag Tadhg gur mar gheall airsean é. Tá an córas teasa tigh Maggie briste agus tá John Joe le caoi a chur ar a bhuíochas do Thadhg. Tá Mo sa bhaile agus tá Colm agus Úna ag tabhairt aire na huibhe di. Ach is léir go bhfuil amhras ar Úna faoi Cholm go fóill rud a thagann idir í féin agus Mo. Tá Micheál ar a dhícheall ag iarraidh Laoise agus Imelda a thabhairt le chéile le haghaidh deoch ach níl sé chomh héasca sin Laoise a mhealladh.

Siar an Bóthar (OS)
Siar an Bóthar (OS)
21:00
(S12/CL6)
Eagrán speisialta le míreanna ó BBC Thuaisceart Éireann. Baineann ábhar na seachtaine seo leis na blianta 1977 agus 1978 agus beidh ceoltóirí as gach cearn den tír againn. Beidh mír againn de mhuintir Sands, a bhfuil aithne mhór orthu ar fud na tíre agus ar mhór-roinn na hEorpa chomh maith le neart ceoltóirí eile.

Tithe Cois Farraige (OS & TS)
Tithe Cois Farraige (OS & TS)
21:30
(S1/CL3)
Sraith 8 gclár a thabharfaidh léargas ar áilleacht agus ar éagsúlacht árais chónaithe le cósta in Éirinn. Ar chósta Mhaigh Eo a bheidh Síle Nic Chonaonaigh sa chlár seo áit a gcasfaidh sí leis an ailtire, Pat McCabe. Tabharfaidh sí cuairt ar theachín cois farraige a bhfuil féar ar an díon agus tabharfaidh sí cuairt ar Stáisiún Garda Cósta Bhéal an Mhuirthead.

Hector Central (OS & TS)
Hector Central (OS & TS)
22:00
(S1/CL3)
Is ar Mheiriceá Láir atá triail Hector sa tsraith seo, ó Chathair Phanama go Cathair na Beilíse agus é ag leanúint bhóthar an Pan-American Highway den chuid is mó. Is réigiún iontach ilghnéitheach é seo ina bhfuil áilleacht, cultúr spreagúil, polaitíocht chorrach, teannas go leor agus coiriúlacht ar fáil go forleathan freisin. Tá Hector fós i Pura Vida Costa Rica an tseachtain seo ach beidh sé ag dul thar an teorainn go Nicearagua. Tabharfaidh sé cuairt ar an bpóna madraí is mó ar domhan áit a bhfeicfidh sé 700 madra ag spraoi go fiáin. Rachaidh sé go Monteverde ansin.

Fíorscéal (OS & TS)
Fíorscéal (OS & TS)
22:30
(S18/CL22)
Clár faisnéise faoin bhforbairt atá á dhéanamh ar chóir leighis do ghalar croí agus an dul chun cinn atá súil a dhéanamh sa réimse sin amach anseo. Ní raibh Elmar Sprink ach 38 mbliana d'aois nuair a stop a chroí. Tháinig sé slán á bhuíochas do thrasplandú croí ach ní mhaireann croí ó thrasphlandú ach thart ar 10 mbliana agus tá Elmar ar a dhícheall ag iarraidh teacht ar bhealach chun cur leis sin. I measc na ndaoine a bheidh páirteach sa chlár beidh eolaithe agus speisialtóirí cairdiacha.

An Aimsir Láithreach
An Aimsir Láithreach
23:35
(S22/CL53)
An Aimsir Náisiúnta agus Idirnáisiúnta.

Scannán: Claire (TS)
Scannán: Claire (TS)
23:40
 
(2007, Dráma) Valerie Bertinelli, Sasha Pieterse agus Ray Baker na príomhaisteoirí sa scannán seo faoi stiúir Stephen Bridgewater. Is baintreach í Claire Bannion a bhfuil beirt ghasúr aici agus is bean í a bhfuil fios aici.

Dáil Éireann
Dáil Éireann
01:05
(S18/CL38)
Craoladh ar imeachtaí na maidine de riar na hoibre i nDáil Éireann.

France 24
France 24
01:30
 
Cainéal nuachta 24 uair an chloig na Fraince atá i France 24. Bíonn an clár á chraoladh beo as Páras. Tá 180 iriseoir ag an stáisiún ar fud an domhain mhóir a thugann tuairiscí cuimsitheacha agus cumasacha chuig an lucht féachana ar imeachtaí móra laethúla.

Déardaoin, Feabhra 22, 2018
Níl TG4 freagrach as an ábhar ar Shuíomh Gréasáin seachtrach ar bith