Baile » Sceideal » Sceideal Iomlán

Dé hAoine, Feabhra 23, 2018
France 24
France 24
05:30
 
Cainéal nuachta 24 uair an chloig na Fraince atá i France 24. Bíonn an clár á chraoladh beo as Páras. Tá 180 iriseoir ag an stáisiún ar fud an domhain mhóir a thugann tuairiscí cuimsitheacha agus cumasacha chuig an lucht féachana ar imeachtaí móra laethúla.

Cúla 4 na nÓg
Cúla 4 na nÓg
07:00
 
Mír do ghasúir réamhscoile atá i Cúla4 na nÓg a thosóidh gach maidin ag 7 a.m. go dtí an 10.00 am agus arís ag an 3p.m. i rith na seachtaine. I measc na gclár beidh Wanda and the Alien, Masha agus an Béar, QPootle, Olly an Veain Bheag Bhán agus Dinosaur Train agus neart eile.

Olivia (GS)
Olivia (GS)
07:02
(S1/CL14)
Tugann Fraincín cuireadh d'Olivia chuig dinnéar sa teach.

An Captaen Flinn agus na Foghlaithe Dineasár
An Captaen Flinn agus na Foghlaithe Dineasár
07:13
(S1/CL8)
Féachann Violet le fáil réidh le custard lofa atá déanta ag Féasóg ach titeann sí isteach i bpoll. Bíonn a cairde ag iarraidh cabhrú léi ach titeann siad féin isteach sa bpoll céanna!

Astroblast! (GS)
Astroblast! (GS)
07:25
(S1/CL9)
Tá seó tallainne le bheith ar an spáslong inniu.. ach níl a fhios ag cuid acu cén tallann atá acu.

Astroblast! (GS)
Astroblast! (GS)
07:37
(S1/CL10)
Inniu breithlá Sputnik agus tá a cairde ag iarraidh bronntanas iontach a fháil di.

Olly an Veain Bheag Bhán
Olly an Veain Bheag Bhán
07:50
(S1/CL12)
Tá cairtín déanta ag Stan d'Eoinín don rás agus is cairtín fíor-speisialta í mar go bhfuil ríomhaire inti!

Olly an Veain Bheag Bhán
Olly an Veain Bheag Bhán
07:55
(S1/CL13)
Tá sé ag cur sneachta agus níl na trucailí in ann bia a thabhairt chuig na hainmhithe sa zú.

Dora (GS)
Dora (GS)
08:00
(S8/CL12)
Tá Dora agus Bróigín i dTír na Sí. An mbeidh siad in ann an draíocht a shábháil?

Tractor Tom
Tractor Tom
08:25
(S1/CL41)
Níl Fi ag aireachtáil go maith. Fágann sí Matt i gceannas fad is a théann sí ar ais a chodladh.

Balloon Barnyard
Balloon Barnyard
08:36
(S1/CL25)
Breithlá Cud atá ann agus tá na hasail ag iarraidh cóisir a eagrú di.

Dot
Dot
08:45
(S1/CL35)
Caithfidh Dot feabhas a chur ar a cuid gluaiseachtaí don chóisir dhamhsa.

Masha agus an Béar
Masha agus an Béar
08:56
(S2/CL15)
Aimsíonn Masha hata draíochta a chabhraíonn léi imeacht as radharc.

Messy, Seo Linn go Okido
Messy, Seo Linn go Okido
09:03
(S1/CL34)
Faigheann Messy amach cén fáth a bhfuil roinnt de na cnámha i do cholainn crua agus roinnt eile acu bog.

Cat a' Hata (GS)
Cat a' Hata (GS)
09:15
(S1/CL48)
Níl Sailí ná Nic in ann feadaíl.

Ainmhithe Craiceáilte (OS & TS)
Ainmhithe Craiceáilte (OS & TS)
09:30
(S1/CL61)
Ar chlár an lae inniu beidh sí-abhabha ag imirt billéardaí agus pearóid ag seinm an veidhlín.

The Waltons (TS)
The Waltons (TS)
10:00
(S8/CL14)
Tá Cindy ag léamh an leabhair 'The Fastidious Wife' agus í ag leanúint na rialacha inti. Is beag nach mbíonn an páiste aici roimh an am mar gheall go bhfuil sí maraithe tuirseach.

The Waltons (TS)
The Waltons (TS)
10:58
(S8/CL15)
Deir fear Giúdach atá ag obair i gcomhlacht Jason gur mharaigh saighdiúirí as an nGearmáin a sheanathair i Vársá.

Cheese Slices
Cheese Slices
11:55
(S6/CL6)
Sraith a fhiosraíonn na scéalta agus na traidisiúin iontacha a bhaineann leis na cáiseanna is mó cáil ar domhan. Cáiseanna traidisiúnta na Spáinne a bheidh faoi chaibidil inniu. Le 20 bliain anuas tá athrú curtha ag cócairí na Catalóine ar mhiasa na Spáinne. Tá athnuachan mór ar dhéanamh cáise ceardaí sa cheantar, nós a bhí imithe i léig ó ré Franco. Rachaidh Will go Barcelona le casadh leis an údar Enric Canut le níos mó a fháil amach faoi athbheochan na gcáiseanna traidisiúnta, Mato, Tupi agus Garrotxa. Rachaidh sé go Menorca, oileán na gcáiseanna, go bhfeicfidh sé Mahon á dhéanamh.

Meitheal nó Meáin (OS)
Meitheal nó Meáin (OS)
12:30
(S1/CL2)
Rachaidh Áine Goggins agus Tomaí Ó Conghaile ar fud na hÉireann agus tabharfaidh dúshlán na meán sóisialta. An fearr ócáid a fhógairt ar líne nó an fearr an focal ó bhéal? Tá 48 uair an chloig ag Tomaí cailíní a aimsiú a rachaidh amach i gcomhair na hoíche in éineacht leis gan aon úsáid a bhaint as na meáin shóisialta i gCo. an Chláir. Idir an dá linn beidh Áine i mbun cleamhnais dhigitigh do Ghaeilgeoirí na príomhchathrach.

The Gilmore Girls (TS)
The Gilmore Girls (TS)
13:05
(S2/CL14)
Sraith ghrinn drámaíochta. Baintear siar as Lorelai agus as Rory é nuair a thugann Christopher, athair Rory, a bhean nua, Sherry, chuig Stars Hollow. Is léir go bhfuil Sherry ag iarraidh go mbeidh sí féin agus Rory mór lena chéile. Tá Emily le ceangal go bhfuil Sherry thart mar nár éirigh le Lorelai Christopher a mhealladh ar ais.

Weakest Link (TS)
Weakest Link (TS)
14:00
(S8/CL19)
Sraith Tráth na gCeist ina bhféachfaidh 9 n-iomaitheoir leis an bpota óir a thabhairt abhaile leo. Cuirfear an t-iomaitheoir is measa, dar leis na hiomaitheoirí eile, abhaile ag deireadh gach babhta go dtí nach mbeidh ach duine amháin fanta chun an t-airgead a bhuachan. Á chur i láthair ag Anne Robinson.

Cúla 4 na nÓg
Cúla 4 na nÓg
15:00
 
Mír do ghasúir réamhscoile atá i Cúla4 na nÓg a thosóidh gach maidin ag 7 a.m. go dtí an 10.00 am agus arís ag an 3p.m. i rith na seachtaine. I measc na gclár beidh Wanda and the Alien, Masha agus an Béar, QPootle, Olly an Veain Bheag Bhán agus Dinosaur Train agus neart eile.

Masha agus an Béar
Masha agus an Béar
15:02
(S1/CL1)
Castar Masha agus an Béar ar a chéile den chéad uair.

Masha agus an Béar
Masha agus an Béar
15:09
(S1/CL2)
Tá an Béar ag iarraidh codladh ar feadh an gheimhridh ach ní tharlóidh sé sin agus Masha timpeall air!

PJ Masks
PJ Masks
15:16
(S1/CL10)
Níl cairde Gekko ag éisteacht leis anocht.

Wissper
Wissper
15:28
(S1/CL21)
Airíonn Máire nach cuid den ráth í níos mó ach nuair a mhúineann Wissper an t-amhrán di, bíonn sí ar ais ar a sean léim arís.

Is Ait an Mac é Mús
Is Ait an Mac é Mús
15:35
(S1/CL35)
Tá an sean-iarnród ceannaithe ag Bean Van Oeuf agus tá Jeaicín chun na cóistí a ghlanadh di.

Cat a' Hata (GS)
Cat a' Hata (GS)
15:40
(S1/CL60)
Téann liathróid Nic agus Sailí i bhfostú sa chrann nuair a bhíonn siad ag imirt cluiche. Nach é an peaca é nach bhfuil siad ard.

Cúla 4
Cúla 4
15:55
 
Beidh Cúla 4 ar an aer ón 7 gach maidin agus ón 4 tráthnóna ó Luan go hAoine. I measc na gclár iontach a bheidh ar siúl, beidh Angelo Rules, Get Ace, Jungle Bunch, Camp Lakebottom, Dude that's my Ghost, Garfield agus neart eile.

Alvinnn !!! & the Chipmunks
Alvinnn !!! & the Chipmunks
15:57
(S2/CL6)
Níl ag éirí go maith le seó draíochta Simon. Déanann Alvin cúrsaí níos measa nuair a chuireann sé tús lena sheó draíochta féin.

Dónall Dána (GS)
Dónall Dána (GS)
16:08
(S1/CL43)
Níl Dónall ag iarraidh dul ar bhainis agus déanann sé cinnte go milleann sé an lá ar gach duine eile.

Garfield (GS)
Garfield (GS)
16:19
(S4/CL23)
Tá ní éigin ag cur isteach ar Minerva agus Drusilla.

Winston Steinburger & Sir Dudley Ding Dong
Winston Steinburger & Sir Dudley Ding Dong
16:32
(S1/CL40)
Faigheann Winston amach go bhfuil Ham an-sciobtha ag ithe agus deir sé leis páirt a ghlacadh i gcomórtas.

Fangbone
Fangbone
16:43
(S1/CL13)
Cruthaíonn an ladhar réaltacht mhalartach agus is í máthair Bill anois cosantóir na laidhre.

WAC (OS)
WAC (OS)
16:55
(S1/CL8)
Cuirfidh Tomaí, Éadaoin agus Caoimhe orthu a gcuid cultacha scúbadóireachta agus rachaidh siad sna farraigí is dainséaraí ar domhan ar thóir na n-ainmhithe mara a mbeadh faitíos ar Jaws féin rompu.

Is Eolaí Mé (GS)
Is Eolaí Mé (GS)
17:25
(S1/CL15)
Uisce agus an tábhacht atá leis is ábhar do chlár an lae inniu. Fiosróidh Peadar an bealach a ghlantar uisce sula dtagann sé isteach inár dtithe. Beidh Conall Ó Mainnín agus Bláithín Nic Dhonnacha ag cabhrú le Peadar sa stiúideo. Rachaidh Úna ar thuras ar an Celtic Explorer a bhíonn i mbun taighde ar an bhfarraige agus tá fadhb ag an tOllamh Ullamh le sconna nach bhfuil ag obair.

Aifric (OS)
Aifric (OS)
17:55
 
Nuair a roghnaítear Aifric don phríomhpháirt sa dráma scoile, faigheann sí amach nach é an stumpa breá Jeaic as an idirbhliain a bheidh le pógadh aici ach Maidhc, an pleota páistiúil sin ina rang féin.

Lurgan 2K17 (GS)
Lurgan 2K17 (GS)
18:25
(S1/CL2)
Sraith siamsaíochta do dhaoine óga ina dtaispeánfar físeáin nua ó, 'TG Lurgan' chomh maith leis na daltaí ardchumasacha a ghlacann páirt iontu. Tabharfar cuntas sa tsraith seo ar na heachtraí saoil a thug na daoine óga seo le chéile agus tabharfar léargas ar an tuiscint atá ag na scoláirí ar chultúr na Gaeilge tríd an gceol. Sa chlár seo casfaidh Seán Damary, 16, as Corcaigh 'Be Good Or Be Gone' le Fionn Regan agus 'Believer' le Imagine Dragons. Inseoidh Seán na dúshláin a bhaineann le bheith ag casadh beo chomh maith leis an sásamh a bhaineann sé as.

Lurgan 2K17 (GS)
Lurgan 2K17 (GS)
18:40
(S1/CL3)
Sraith siamsaíochta do dhaoine óga ina dtaispeánfar físeáin nua ó, 'TG Lurgan' chomh maith leis na daltaí ardchumasacha a ghlacann páirt iontu. Tabharfar cuntas sa tsraith seo ar na heachtraí saoil a thug na daoine óga seo le chéile agus tabharfar léargas ar an tuiscint atá ag na scoláirí ar chultúr na Gaeilge tríd an gceol. Sa chlár seo casfaidh Grace Willis, 15, as Co. na Mí 'Mo Chara is Fearr' a scríobh sí féin agus 'Green Light' le Lorde. Labhróidh Grace faoin suim atá aici san eolaíocht agus tabharfaidh sí léargas dúinn ar shaol sóisialta an choláiste.

An Aimsir Láithreach
An Aimsir Láithreach
18:57
(S22/CL54)
Aimsir réigiúnach agus náisiúnta.

Nuacht TG4
Nuacht TG4
19:00
 
Mórimeachtaí an lae ó Aonad Nuachta TG4.

Rugba� Beo
Rugba� Beo
19:20
 
Craoladh beo ar Laighin v Southern Kings as an RDS sa s�� babhta d�ag den tSraith Guinness PRO14. N�l ach c�pla babhta fanta sa chom�rtas sula mbeidh foirne � nd�birt as an gcom�rtas agus beidh c�itse�la� Laighean, Leo Cullen, ag s�il gurb � foireann Laighean a rachaidh chun cinn as Roinn B c� go bhfuil com�rtas m�r acu � Scarlets agus Ulaidh. Buaicphoint� an chluiche a imr�odh tr�thn�na idir Mumha agus Glasgow Warriors chomh maith.

An Western: Lawman
An Western: Lawman
22:30
 
(1971, Scannán buachaillí bó) Burt Lancaster, Robert Duval, Robert Ryan agus Lee J Cobb na príomhaisteoirí sa scannán seo faoi stiúir Michael Winner. Féachann póilín as Bannock go Sabbath le fir eallach a ghabháil faoi fhear a bhásaigh an bhliain roimhe sin ag cóisir.

An Aimsir Láithreach
An Aimsir Láithreach
00:20
(S22/CL54)
An Aimsir Náisiúnta agus Idirnáisiúnta.

The Windmill Lane Sessions (OS & TS)
The Windmill Lane Sessions (OS & TS)
00:25
(S1/CL2)
Sraith ceoil a thaifead na hoirfidigh is aitheanta sa tír sa stiúideo is mó a luaitear le forbairt an cheoil in Éirinn le 30 bliain - stiúideo Lána an Mhuilinn Ghaoithe cois Life sa bpríomhchathair. Seinnfidh na ceoltóirí a rogha féin amhrán agus cuirfear faoi agallamh iad san áit is ansa leo - sa stiúideo taifeadta. Beidh triúr ceoltóirí faoi chaibidil gach seachtain - Damien Dempsey, Hot Sprockets agus Lethal Dialect aíonna na seachtaine seo.

The Almighty Johnsons (TS)
The Almighty Johnsons (TS)
00:55
(S2/CL12)
Tá Axl agus Gaia ag codladh sa charr ó d'éalaigh siad. Níl aon athrú éadaí, airgead, scuab fiacla ná aon ní eile is gá sa saol seo acu. Tá Axl ag fáil tinn de bheith ag codladh sa charr ach níl Gaia réidh le filleadh ar an saol atá fágtha ina diaidh aici. Caithfidh sí cinneadh a dhéanamh faoi cén bóthar a thógfaidh sí, bóthar Frigg nó bóthar Papatuanuku.

The Almighty Johnsons (TS)
The Almighty Johnsons (TS)
01:50
(S2/CL13)
Tá Gaia bliain is fiche agus is anois a gheobhaidh sí amach céard atá i ndán di. An rachaidh sí le Frigg nó le Papatuanuku?

France 24
France 24
02:45
 
Cainéal nuachta 24 uair an chloig na Fraince atá i France 24. Bíonn an clár á chraoladh beo as Páras. Tá 180 iriseoir ag an stáisiún ar fud an domhain mhóir a thugann tuairiscí cuimsitheacha agus cumasacha chuig an lucht féachana ar imeachtaí móra laethúla.

Dé hAoine, Feabhra 23, 2018
Níl TG4 freagrach as an ábhar ar Shuíomh Gréasáin seachtrach ar bith