Baile » Sceideal » Sceideal Iomlán

Dé Sathairn, Feabhra 24, 2018
France 24
France 24
05:30
 
Cainéal nuachta 24 uair an chloig na Fraince atá i France 24. Bíonn an clár á chraoladh beo as Páras. Tá 180 iriseoir ag an stáisiún ar fud an domhain mhóir a thugann tuairiscí cuimsitheacha agus cumasacha chuig an lucht féachana ar imeachtaí móra laethúla.

Cúla 4
Cúla 4
07:00
 
Beidh Cúla 4 ar an aer ón 7 gach maidin agus ón 4 tráthnóna ó Luan go hAoine. I measc na gclár iontach a bheidh ar siúl, beidh Angelo Rules, Get Ace, Jungle Bunch, Camp Lakebottom, Dude that's my Ghost, Garfield agus neart eile.

Cat Cliste
Cat Cliste
07:02
(S1/CL65)
Téann na cairde sa tóir ar fheithidí a bhíonn ag lonrú sa dorchadas le súil an ceann is fearr a fháil ar Rónán.

Is Ait an Mac é Mús
Is Ait an Mac é Mús
07:15
(S1/CL29)
Féachann Jeaicín agus Mús le capall rása an Bhandiúic a chur ag rásaíocht!

Camp Lakebottom
Camp Lakebottom
07:22
(S1/CL8)
Tá MacAodh agus Scuaid in árach a chéile.

Camp Lakebottom
Camp Lakebottom
07:33
(S1/CL9)
Éiríonn le cailleach an dallamullóg a chur ar ár gcairde agus bíonn orthu píotsaí a ullmhú agus a sheachadadh ar fud na coille.

Angelo Rules (GS)
Angelo Rules (GS)
07:45
(S3/CL35)
Úsáidfidh Angelo carr a thuismitheoirí chun dealbh mhór a dhéanamh.

Cúla 4 na nÓg
Cúla 4 na nÓg
08:00
 
Mír do ghasúir réamhscoile atá i Cúla4 na nÓg a thosóidh gach maidin ag 7 a.m. go dtí an 10.00 am agus arís ag an 3p.m. i rith na seachtaine. I measc na gclár beidh Wanda and the Alien, Masha agus an Béar, QPootle, Olly an Veain Bheag Bhán agus Dinosaur Train agus neart eile.

Seo Linn Pocoyo
Seo Linn Pocoyo
08:02
(S3/CL39)
Tá Pocoyo ag taispeáint an difríocht idir suas agus síos d'éan beag.

Seo Linn Pocoyo
Seo Linn Pocoyo
08:08
(S3/CL40)
Tá bricfeasta ullmhaithe ag Elly do Pocoyo ach is mó an suim atá aige i mbricfeasta gach duine eile.

Eolaíocht le Bert
Eolaíocht le Bert
08:15
(S1/CL3)
Inniu tabharfaidh Bert faoi thurgnamh a bhaineann le maighnéadas.

Elmo Anseo
Elmo Anseo
08:20
(S1/CL19)
Inniu foghlaimeoidh Elmo agus a chara nua Cliste níos mó faoi a bheith ag comhaireamh.

Scéalta le Masha
Scéalta le Masha
08:25
(S3/CL5)
Inseoidh Masha scéal faoi Dheaide Reoite.

Saol Faoi Shráid (GS)
Saol Faoi Shráid (GS)
08:30
(S1/CL22)
Tá gadaí thíos faoin tsráid! Ghoid sé balún Rocco. Ach cé hé féin? Tá an bleachtaire Dris in aice láimhe agus bí cinnte go mbeidh freagra na ceiste aigesean! Os cionn sráide, tá cairde Ribín & Glibín ag spiaireacht.

Masha agus an Béar
Masha agus an Béar
08:42
(S2/CL16)
Beartaíonn Masha agus an Béar scannán a dhéanamh ach níl siad in ann aontú ar an scéal.

Zou
Zou
08:49
(S2/CL30)
Tugann Zou cúnamh dá theaghlach rudaí a dhéanamh níos sciobtha inniu, ach meas tú an raibh an iomarca deifre air?

Zack & Quack
Zack & Quack
09:00
(S2/CL7)
Cé go bhfuil Belly-Up ag iarraidh a bheith ina Phrionsa, is fearr lena chairde ina fhrog é.

Loopdidoo
Loopdidoo
09:11
(S5/CL13)
Itheann Loopdidoo lón Petunia agus caitheann sé an chuid eile den mhaidin ag cuardach lón eile di!

Wissper
Wissper
09:18
(S1/CL13)
Ní cosúil go bhfuil Odi an giobaire sásta lena chara Gearóidín an sioráf - is cosúil nach dteastaíonn mórán codlata ó shioráif ach teastaíonn go leor codlata ó ghiobairí.

Cat a' Hata (GS)
Cat a' Hata (GS)
09:25
(S1/CL26)
Níl ag éirí go maith le Nic agus Sailí agus iad ag iarraidh túr a thógáil.

Alvinnn !!! & the Chipmunks
Alvinnn !!! & the Chipmunks
09:40
(S2/CL8)
Thaitneodh sé le Simon a bheith ag obair le nuachtán na scoile ach níl aon scéalta maithe aige. Deir Alvin agus Theodore leis an mháistreás a fhiosrú mar go gceapann siad gur gníomhaire rúnda í. Ach ní mar a shíltear a bhítear!

Naíonáin an Zú (OS)
Naíonáin an Zú (OS)
09:55
(S3/CL4)
Sraith faoin saol mar atá sé ag ainmhithe nuabheirthe i zú nua-aimseartha i mBeirlín na Gearmáine. Tá sé an-tábhachtach go mbeadh ainmhithe óga an zú in ann seasamh ar a gcosa féin! Nuair a dhéantar bagairt ar ainmhí faoi leith caithfear an méid is féidir a dhéanamh chun an speiceas sin a shábháil. Má bhíonn imní ar mhamaí faoin ainmhí óg a scaoileadh amach taobh amuigh ag spraoi b'fhéidir gur fearr fanacht istigh.

On The Limit Sports
On The Limit Sports
10:25
(S8/CL1)
Cl�r seachtaini�il buaicphoint� rail� do lucht leanta an sp�irt in �irinn.

GAA 2018
GAA 2018
10:55
(S18/CL4)
Buaicphointí ón tríú babhta i Sraitheanna Peile Allianz, An Clár v Corcaigh, Port Láirge v Cill Chainnigh agus Gaillimh v Uíbh Fháilí ina measc.

Rugba� Beo
Rugba� Beo
11:55
 
Craoladh beo ar Benetton Rugby v Connachta as Stadio Monigo, Treviso sa s�� babhta d�ag den tSraith Guinness PRO14.

An Aimsir Láithreach
An Aimsir Láithreach
13:55
(S21/CL46)
Aimsir réigiúnach agus náisiúnta.

Weakest Link (TS)
Weakest Link (TS)
14:00
(S8/CL19)
Sraith Tráth na gCeist ina bhféachfaidh 9 n-iomaitheoir leis an bpota óir a thabhairt abhaile leo. Cuirfear an t-iomaitheoir is measa, dar leis na hiomaitheoirí eile, abhaile ag deireadh gach babhta go dtí nach mbeidh ach duine amháin fanta chun an t-airgead a bhuachan. Á chur i láthair ag Anne Robinson.

Cúla 4 na nÓg
Cúla 4 na nÓg
15:00
 
Mír do ghasúir réamhscoile atá i Cúla4 na nÓg a thosóidh gach maidin ag 7 a.m. go dtí an 10.00 am agus arís ag an 3p.m. i rith na seachtaine. I measc na gclár beidh Wanda and the Alien, Masha agus an Béar, QPootle, Olly an Veain Bheag Bhán agus Dinosaur Train agus neart eile.

Masha agus an Béar
Masha agus an Béar
15:02
(S1/CL11)
Tá mí Mheán Fómhair linn agus tá na gasúir ag filleadh ar an scoil. Tá Masha í féin ag iarraidh dul ar scoil. Iarrann sí ar an mBéar ceann a dhéanamh di.

Masha agus an Béar
Masha agus an Béar
15:10
(S1/CL12)
Féachann Masha le gach duine a choinneáil amach as gairdín an Bhéir.

PJ Masks
PJ Masks
15:18
(S1/CL11)
Caithfidh Catboy foghlaim le rudaí a dhéanamh go deas réidh agus le foighne anocht.

PJ Masks
PJ Masks
15:31
(S1/CL12)
Tá Owlette den tuairim nach bhfuil cabhair a cuid cairde ag teastáil uaithi anocht.

Cat a' Hata (GS)
Cat a' Hata (GS)
15:43
(S1/CL1)
Níl aon mhil fanta ag Sailí agus Nic. Ach ar an dea-uair tá a fhios ag an gCat cá bhfaighidh sé tuilleadh di!

GAA Beo
GAA Beo
16:00
 
Craoladh beo ar Sleacht N�ill (Doire) v Raonaithe Nemo (Corcaigh) i gCluiche Leathcheannais Chraobhchom�rtas Peile Sinsear na gClubanna ar Ph�irc U� Mh�rdha, Port Laoise.

Survivor: Millennials vs. Gen X (OS & TS)
Survivor: Millennials vs. Gen X (OS & TS)
18:05
(S33/CL7)
Féachann beirt de na mílaoisigh le dearmad a dhéanamh ar an am atá caite agus oibriú as lámh a chéile. Bíonn iomaitheoir eile faoi bhrú nuair a cheistítear é faoina ghairm beatha.

An Aimsir Láithreach
An Aimsir Láithreach
18:57
(S22/CL55)
Aimsir réigiúnach agus náisiúnta.

Nuacht TG4
Nuacht TG4
19:00
 
Mórimeachtaí an lae ó Aonad Nuachta TG4.

An Long Chaillte (OS & TS)
An Long Chaillte (OS & TS)
19:15
 
Clár faisnéise inar lean criú scannánaíochta foireann seandálaithe agus eolaithe ar feadh tréimhse trí bliana agus iad i mbun staidéir ar long bháite amach ó Inis Mhic an Doirn i dTuaisceart Dhún na nGall. Meastar anois gurb í an long bháite, an Spanish Armada, atá i gceist.

Glór Tíre (OS & TS)
Glór Tíre (OS & TS)
20:15
(S14/CL7)
Sraith nua eile de Ghlór Tíre. Beidh seisear iomaitheoirí i dteannta Aoife Ní Thuairisg agus Phádraic Ó Neachtain agus gach duine acu ag iarraidh an duais mhór a thabhairt leo. John Creedon, Caitríona Ní Shúilleabháin agus Jó Ní Chéide a bheidh ag moltóireacht. Cliona Hagan a bheidh ag casadh ar stáitse Ghlór Tíre an tseachtain seo. Cuirfidh Cliona a hiomaitheoir féin in aithne dúinn freisin, Gary Fitzpatrick. Seo a leanas sonraí vótála Gary: Glór 6 1513 415 106 / Glor6 to 53307; Glór 6: 0901 6566 106 / Glor6 to 60999.

An Aimsir Láithreach
An Aimsir Láithreach
21:15
(S22/CL55)
An Aimsir Náisiúnta agus Idirnáisiúnta.

Scannán: The Rewrite (TS)
Scannán: The Rewrite (TS)
21:20
 
(2014, Scannán grinn) Hugh Grant, Whit Baldwin agus Vanessa Wasche na príomhaisteoirí sa scannán seo faoi stiúir Marc Lawrence. Fágann scríbhneoir a bhfuil gradam Oscar buaite aige Hollywood chun cúrsa scríbhneoireachta a mhúineadh i gcoláiste ar an gCósta Thoir. Titeann sé i ngrá le bean a bhfuil leanbh aici atá ag freastal ar an gcoláiste.

Mná Díbeartha (OS & TS)
Mná Díbeartha (OS & TS)
23:15
(S1/CL1)
Faoi dheireadh an 18ú aois bhí an Bhreatain ar an tír ba mhó tionsclaíochta san Eoraip. Ach nuair a chaill sí an 13 coilíneacht i Meiriceá ní raibh aon áit leis na coirpigh a bhí á gcoinneáil ar bháid ar an Thames a chur. An t-aon réiteach a bhí air ná iad a chur go dtí an Astráil. Ós rud é gur fir ar fad a bhí i gceist shocraigh siad mná as Éirinn agus as an mBreatain Mhór a chur anonn freisin chun cúrsaí inscne a dhéanamh cothrom. Idir 1787 agus 1853 díbríodh suas le 25,000 bean chun na hAstráile, Éireannaigh nach mór a bhí i leath acu sin. Insítear a scéal anseo.

Céard sa Diabhal! (OS & TS)
Céard sa Diabhal! (OS & TS)
00:15
(S1/CL2)
Clár ar a mbeidh na hiarrachtaí spóirt is seafóidí agus na pleidhcí is mó ann le feiceáil. Leaid a bhíonn ag iarraidh piñata a bhualadh le builín nuair a théann a chara sa bhealach air ina measc.

Ceol ar an Imeall (OS)
Ceol ar an Imeall (OS)
00:45
(S5/CL7)
Sraith ina gcuirfidh Una Mullally bannaí ceoil nua in aithne dúinn.

France 24
France 24
01:15
 
Cainéal nuachta 24 uair an chloig na Fraince atá i France 24. Bíonn an clár á chraoladh beo as Páras. Tá 180 iriseoir ag an stáisiún ar fud an domhain mhóir a thugann tuairiscí cuimsitheacha agus cumasacha chuig an lucht féachana ar imeachtaí móra laethúla.

Dé Sathairn, Feabhra 24, 2018
Níl TG4 freagrach as an ábhar ar Shuíomh Gréasáin seachtrach ar bith