Baile » Sceideal » Sceideal Iomlán

Dé Domhnaigh, Feabhra 25, 2018
France 24
France 24
05:30
 
Cainéal nuachta 24 uair an chloig na Fraince atá i France 24. Bíonn an clár á chraoladh beo as Páras. Tá 180 iriseoir ag an stáisiún ar fud an domhain mhóir a thugann tuairiscí cuimsitheacha agus cumasacha chuig an lucht féachana ar imeachtaí móra laethúla.

Cúla 4
Cúla 4
07:00
 
Beidh Cúla 4 ar an aer ón 7 gach maidin agus ón 4 tráthnóna ó Luan go hAoine. I measc na gclár iontach a bheidh ar siúl, beidh Angelo Rules, Get Ace, Jungle Bunch, Camp Lakebottom, Dude that's my Ghost, Garfield agus neart eile.

Cat Cliste
Cat Cliste
07:02
(S1/CL66)
Tabharfaidh na cairde cúnamh do lampróg a bhealach a dhéanamh ar ais chuig an bhforaois agus chuig a ghrá geal.

Is Ait an Mac é Mús
Is Ait an Mac é Mús
07:15
(S1/CL30)
Tá Jeaicín sa tóir ar an gcaochán atá ag milleadh gairdín Ghearóid Gránna.

Camp Lakebottom
Camp Lakebottom
07:22
(S1/CL10)
Tugann Suzi bábóg aicsin neamhchoitianta do Bhricín a bhí sí in ainm a thabhairt do MhacAodh.

Camp Lakebottom
Camp Lakebottom
07:33
(S1/CL11)
Nuair a thagann réalta teilifíse chuig Campa Loch Íochtair, féachann MacAodh le rúin an champa a choinneáil uaidh.

Angelo Rules (GS)
Angelo Rules (GS)
07:45
(S3/CL36)
Tá Ollie Van Dunk, an clár-scátálaí, ag teacht ach níl aon chuireadh faighte ag Angelo.

Cúla 4 na nÓg
Cúla 4 na nÓg
08:00
 
Mír do ghasúir réamhscoile atá i Cúla4 na nÓg a thosóidh gach maidin ag 7 a.m. go dtí an 10.00 am agus arís ag an 3p.m. i rith na seachtaine. I measc na gclár beidh Wanda and the Alien, Masha agus an Béar, QPootle, Olly an Veain Bheag Bhán agus Dinosaur Train agus neart eile.

Seo Linn Pocoyo
Seo Linn Pocoyo
08:02
(S3/CL41)
Tá Pocoyo ag ligean air féin go bhfuil sé ag rialú an tráchta.

Seo Linn Pocoyo
Seo Linn Pocoyo
08:08
(S3/CL42)
Tá Pato ag iarraidh breathnú ar an teilifís ach tá a chuid cairde tagtha ar cuairt.

Eolaíocht le Bert
Eolaíocht le Bert
08:15
(S1/CL4)
Inniu déanfaidh Bert turgnamh le teileafóin déanta as cannaí.

Elmo Anseo
Elmo Anseo
08:20
(S1/CL20)
Inniu foghlaimeoidh Elmo agus a chara nua Cliste níos mó faoi bhreithlaethanta.

Scéalta le Masha
Scéalta le Masha
08:25
(S3/CL6)
Inseoidh Masha scéal an tsionnaigh ghlic agus an chomhairle a chuir sí ar an mac tíre.

Bia Linn (TS)
Bia Linn (TS)
08:30
(S2/CL7)
Sraith spleodrach cócaireachta do pháistí óga. Bí linn sa chistin go bhfeicfidh tú cé a bheidh ag cuidiú le Muireann. Ullmhóidh sí miasa cáise inniu. Féachfaidh Coco lena fháil amach cá as a dtagann cáis.

Woozle & Pip
Woozle & Pip
08:44
(S1/CL7)
Tá sé ag cur isteach ar Woozle go bhfuil Pip ag iarraidh a bheith ina cat.

Zou
Zou
08:49
(S2/CL31)
Tagann cuairteoir go dtí garraí glasraí Dhaideo agus féachann Zou le baile nua a fháil dó.

Zack & Quack
Zack & Quack
09:00
(S2/CL8)
Bíonn Zack agus Quack ag fáil faoi réir dá laethanta saoire nuair a thagann na foghlaithe mara!

Loopdidoo
Loopdidoo
09:11
(S5/CL14)
Tá slaghdán ar Petunia agus caithfidh Loopdidoo a cuid obair bhaile a fháil ó Basil.

Maya an Bheachín
Maya an Bheachín
09:18
(S1/CL42)
Tá éiclips ar bun agus eagraíonn Maya taispeántas.

Wissper
Wissper
09:30
(S1/CL14)
Tá dath aisteach ar fhiacla Stríocaí. Iarrann Wissper cúnamh ar Chian chun iad a chur ina gceart.

Cat a' Hata (GS)
Cat a' Hata (GS)
09:37
(S1/CL27)
Tá na gasúir ag maisiú an teachín crainn don chóisir. Tá aithne ag an gCat ar an maisitheoir is fearr ar domhan.

Alvinnn !!! & the Chipmunks
Alvinnn !!! & the Chipmunks
09:50
(S2/CL9)
Tá Jeanette ag iarraidh scannán a thaifeadadh do chomórtas scoile agus tá sí ag iarraidh go mbeidh an príomhpháirt ag Dáithí.

Ainmhithe Craiceáilte (OS & TS)
Ainmhithe Craiceáilte (OS & TS)
10:05
(S1/CL53)
Ar chlár an lae inniu beidh pearóid a bhíonn ag tógáil meáchan, camall a bhíonn ag damhsa agus labradóir atá faoi ionsaí ag balúin.

Timpeall na Tíre (OS)
Timpeall na Tíre (OS)
10:35
(S16/CL7)
Achoimre ar chuid de mhórscéalta na seachtaine mar a craoladh ar Nuacht TG4.

Rawhide
Rawhide
11:05
(S8/CL213)
Caitear urchar le Jud agus nuair a fhilleann sé ar an gcampa bíonn marascal ansin ag fanacht lena ghabháil.

The Waltons (TS)
The Waltons (TS)
12:05
(S6/CL1)
Tá seabhac ag ionsaí sicíní mhuintir Walton. Féachann Daideo agus Jim-Bob le greim a fháil air. Tá ministir nua sa cheantar.

Ar Chúl an Chuirtín (OS & TS)
Ar Chúl an Chuirtín (OS & TS)
12:55
(S1/CL1)
Sraith a thugann léargas ón taobh istigh ar cheird agus ar ealaín na hamharclannaíochta. Is gairm ar leith í don aisteoir proifisiúnta agus don té a bhaineann taitneamh aisti mar chaitheamh aimsire. Sa tsraith seo faighimid tuiscint ar an obair agus ar an dua a bhaineann le léiriú dráma d'aon chineál. Buailfimid le haisteoirí i nGaoth Dobhair, i mBaile Átha Cliath agus i gColáiste na hOllscoile Corcaigh. Tá aisteoirí maithe i nGaoth Dobhair ach an mbeidh amharclann acu in am? Tá scoláirí i gCorcaigh i mbun éisteachtaí agus rachaidh Aisteoirí Thamhlachta ar an ardán.

An Aimsir Láithreach
An Aimsir Láithreach
13:25
(S21/CL47)
Aimsir réigiúnach agus náisiúnta.

GAA Beo: Sraith Allianz
GAA Beo: Sraith Allianz
13:30
 
Craoladh beo agus iarbheo ar thr� chluiche �n gceathr� babhta i Sraitheanna Iom�na agus Peile Allianz. � chur i l�thair ag Miche�l � Domhnaill agus is � Brian Tyers a bheidh i mbun tr�chtaireachta.

An Aimsir Láithreach
An Aimsir Láithreach
19:12
(S22/CL56)
Aimsir réigiúnach agus náisiúnta.

Nuacht TG4
Nuacht TG4
19:15
 
Mórimeachtaí an lae ó Aonad Nuachta TG4.

Ollchlár Ros na Rún (OS & GS)
Ollchlár Ros na Rún (OS & GS)
19:30
(S21/CL25)
Tá lucht béadáin an bhaile fós ag caint ar Thadhg agus ar Maggie. Tá olc ar Phádraig nach bhfuil dada cloiste aige ó Sonia ná ó Sam. Tá Mo san ospidéal anois le dul faoi scian agus níl sí ag iarraidh aon duine in éineacht léi. Tá Áine agus Frances ag fanacht i B&B Mháire anois agus tá Áine ag déanamh cinnte go bhfuil a fhios ag Tadhg gur mar gheall airsean é. Tá an córas teasa tigh Maggie briste agus tá John Joe le caoi a chur ar a bhuíochas do Thadhg. Tá Mo sa bhaile agus tá Colm agus Úna ag tabhairt aire na huibhe di.

Beidh Mé Ar Ais! (OS & TS)
Beidh Mé Ar Ais! (OS & TS)
20:30
(S1/CL2)
Sraith nua turasóireachta a fhiosróidh áiteanna ar cheart do gach duine cuairt a thabhairt orthu. Á chur i láthair ag Sinéad Ní Uallacháin agus Osgur Ó Ciardha. Rachaidh Sinéad agus Osgur ó cheann ceann na tíre chun teacht ar áiteanna nua turasóireachta agus le comhairle a thabhairt ar bhealaí a bhféadfaí taithí an chuairteora a fheabhsú. An tseachtain seo rachaidh Osgur chuig Inis Cathaigh i gCo. an Chláir agus bainfidh sé triail as aoireacht caorach i gCo. Chill Mhantáin. Fiosróidh Sinéad trinse ón gCéad Chogadh Domhanda i gCo. an Chabháin agus rachaidh sí ó thuaidh go Winterfell ansin.

Cúl an Tí (OS & TS)
Cúl an Tí (OS & TS)
21:30
(S1/CL3)
Tabharfaidh an láithreoir Pól Ó Ceannabháin cuairt ar scoileanna na tíre áit a dtabharfaidh na daltaí faoina gcuid leaganacha féin de sheanamhráin agus dánta. Déanfar físeáin bheochana d'amhráin Ghaeilge le cúnamh ó Cartoon Saloon, stiúideo beochana a bhfuil gradam buaite aige, & ón mbanna ceoil KILA. Casfaidh Pól le scoláirí Scoil Naomh Breandán i mBiorra atá ag foghlaim an t-amhrán 'An Spailpín Fánach' le cúnamh ón iarscoláire Mundy. Casfaidh Pól ansin le healaíontóirí Choláiste Ráithín i mBré, i gContae Chill Mhantáin agus casfaidh Liam Ó Maonlaí an t-amhrán 'An Raibh Tú ar an gCarraig'.

Hup (OS & TS)
Hup (OS & TS)
22:00
(S1/CL11)
Sraith ceoil thraidisiúnta. I dTobar an Choire i gCo. Shligigh áit a bhfuil Scoil Samhraidh Shligigh Theas faoi lán seoil a bheimid an tseachtain seo. I measc na gceoltóirí ar chlár na hoíche anocht beidh na deartháireacha Colm agus Séamus O'Donnell ag portaireacht bhéil, na ceoltóirí áitiúla Damien Stenson, Declan Folan agus Shane McGowan a chasfaidh cúpla ríl chomh maith le James Murray a sheinnfidh ar an bhfliúit agus ar an bhfidil. Casfaidh Dáithí Gormley agus Theresa O'Grady cúpla rince sciobóil ar an mbosca agus ar an mbainseó.

Ceol ón Chlann (OS)
Ceol ón Chlann (OS)
22:30
(S2/CL5)
Sraith ina dtugtar chun cuimhne teaghlaigh aitheanta ceoil a bhfuil a rian fágtha go domhain acu ar oidhreacht cheoil na tíre. Muintir Uí Bheaglaoich as Baile na bPoc gar don Daingean teaghlach ceolmhar na seachtaine seo. Naonúr ar fad a bhí sa teach, idir cheoltóirí agus amhránaithe, a fáisceadh as cultúr agus as ceol traidisiúnta Ghaeltacht Chiarraí, teach a raibh cáil an cheoil is na siamsaíochta air i mBaile na bPoc.

Fiche Bliain le Bréag (OS)
Fiche Bliain le Bréag (OS)
23:00
 
Clár faisnéise faoin ngrúpa ska agus reigé as Béal Feirste, Bréag. Grúpa é seo a d'eascair as Gaeltacht Bhóthar Seoighe sna nóchaidí. Sa chlár seo, buailfidh 'Bréag' le seanchairde leo, Natty Wailer, iarbhall den ghrúpa 'The Wailers' agus Rónán Mac Aodh Bhuí, ar a dturas ceiliúrtha 'Fiche Bliain le Bréag.'

An Aimsir Láithreach
An Aimsir Láithreach
23:30
(S22/CL56)
An Aimsir Náisiúnta agus Idirnáisiúnta.

Crisis Eile (OS & TS)
Crisis Eile (OS & TS)
23:35
(S2/CL3)
T� dinn�ar eagraithe ag an gCoimisin�ir Maeve Kelly Clarke d'Uachtar�n an AE, Van De Veld. T� an Coimisin�ir ag iarraidh a chur ina lu� ar an Uachtar�n gur t�r bhre� �balta � �ire. Roghna�onn polaiteoir as an R�ocht Aontaithe �c�id Mhaeve chun s�laist� muiceola as a th�r f�in a chur chun boird.

Islands of the Future (OS & TS)
Islands of the Future (OS & TS)
00:05
(S1/CL5)
Sraith a léiríonn mar atá oileáin amach ó chósta na Spáinne, na hAlban agus ó thíortha eile san Eoraip ag dul i ngleic le cúrsaí fuinnimh. Is iontach an sampla é oileán Samsoe sa Mhuir Bhailt ó thaobh cúrsaí fuinnimh de. Ag deireadh na 1990idí ghlac muintir an oileáin orthu féin a soláthar fuinnimh féin a ghiniúint as na foinsí glana fuinnimh ar fad atá ar an oileán.

France 24
France 24
01:10
 
Cainéal nuachta 24 uair an chloig na Fraince atá i France 24. Bíonn an clár á chraoladh beo as Páras. Tá 180 iriseoir ag an stáisiún ar fud an domhain mhóir a thugann tuairiscí cuimsitheacha agus cumasacha chuig an lucht féachana ar imeachtaí móra laethúla.

Dé Domhnaigh, Feabhra 25, 2018
Níl TG4 freagrach as an ábhar ar Shuíomh Gréasáin seachtrach ar bith