Baile » Sceideal » Sceideal Iomlán

Dé Luain, Feabhra 26, 2018
France 24
France 24
05:30
 
Cainéal nuachta 24 uair an chloig na Fraince atá i France 24. Bíonn an clár á chraoladh beo as Páras. Tá 180 iriseoir ag an stáisiún ar fud an domhain mhóir a thugann tuairiscí cuimsitheacha agus cumasacha chuig an lucht féachana ar imeachtaí móra laethúla.

Cúla 4 na nÓg
Cúla 4 na nÓg
07:00
 
Mír do ghasúir réamhscoile atá i Cúla4 na nÓg a thosóidh gach maidin ag 7 a.m. go dtí an 10.00 am agus arís ag an 3p.m. i rith na seachtaine. I measc na gclár beidh Wanda and the Alien, Masha agus an Béar, QPootle, Olly an Veain Bheag Bhán agus Dinosaur Train agus neart eile.

Olivia (GS)
Olivia (GS)
07:02
(S1/CL15)
Tá Olivia ag magadh faoi Chian mar go bhfuil sé beag.

An Captaen Flinn agus na Foghlaithe Dineasár
An Captaen Flinn agus na Foghlaithe Dineasár
07:13
(S1/CL9)
Ní mar a shíltear a bhítear le hollphéist atá ag cur eagla ar dhaoine.

Astroblast! (GS)
Astroblast! (GS)
07:25
(S1/CL11)
Féachann Sputnik le turas iontach a eagrú dá cara Glippi. Tá sí ag teacht ar cuairt den chéad uair riamh.

Astroblast! (GS)
Astroblast! (GS)
07:37
(S1/CL12)
Faigheann Comet bréagán speisialta ar an bpost. Ní thugann Radar aird ar bith air nuair a deir sé leis gan lámh a leagan ar an mbréagán.

Olly an Veain Bheag Bhán
Olly an Veain Bheag Bhán
07:50
(S1/CL14)
Tá Stan agus Olly ag iarraidh dul chuig cóisir bhréigéide ach tá culaith Stan ró-bheag aige!

Olly an Veain Bheag Bhán
Olly an Veain Bheag Bhán
07:55
(S1/CL15)
Is héileacaptar tarrthála faoi oiliúint í Rúbaí ach ní shábhálann sí an duine ceart riamh! An mbeidh Olly in ann cúnamh a thabhairt di?

Dora (GS)
Dora (GS)
08:00
(S8/CL13)
Tá Dora agus Bróigín i dTír na Sí ach an mbeidh siad in ann an draíocht a shábháil?

Tractor Tom
Tractor Tom
08:25
(S1/CL42)
Tá neart torainn ag seanshúire na feirme.

Balloon Barnyard
Balloon Barnyard
08:36
(S1/CL26)
Oíche Shamhna atá ann ach tá faitíos ar Fraidy Francach dul chuig an gcóisir.

Dot
Dot
08:45
(S1/CL36)
Caithfidh Dot agus a cuid cairde róbat rásaíochta a dhéanamh.

Masha agus an Béar
Masha agus an Béar
08:56
(S2/CL17)
Féachann Masha le bheith ina sárlaoch.

Messy, Seo Linn go Okido
Messy, Seo Linn go Okido
09:03
(S1/CL35)
I rith phicnic lá breithe an Mhéara Oki, téann Messy ag méiseáil le haireagáin nua Zam.

Cat a' Hata (GS)
Cat a' Hata (GS)
09:15
(S1/CL49)
Is é an boladh atá ar bhrioscaí sceallaí seacláide an boladh is fearr le Nic, ach níl a fhios ag Sailí cén boladh is ansa léi féin.

Ainmhithe Craiceáilte (OS & TS)
Ainmhithe Craiceáilte (OS & TS)
09:30
(S1/CL62)
Ar chlár an lae inniu feicfimid púdail ag léim thart, piongainí ghleoite agus madra a dhéanfaidh rud ar bith le friosbaí a fháil ar ais.

The Waltons (TS)
The Waltons (TS)
10:00
(S8/CL16)
Tá cara mór le Elizabeth, bean a bhíodh á múineadh, ag fáil bháis. Tá páiste Ben agus Cindy tagtha ar an saol.

The Waltons (TS)
The Waltons (TS)
11:00
(S8/CL17)
Briseann Jeffrey agus Josh isteach i siopa Ike. Liostálann Ben san arm nuair a náiríonn saighdiúir é.

Cheese Slices
Cheese Slices
11:55
(S7/CL1)
Sraith a fhiosraíonn na scéalta agus na traidisiúin iontacha a bhaineann leis na cáiseanna is mó cáil ar domhan. Cáiseanna cheantar Minas sa Bhrasaíl a bheidh faoi chaibidil inniu. Táirgtear an oiread céanna cáise bainne amh i Minas sa Bhrasaíl is a tháirgtear sa bhFrainc ach go bhfuil an chuid is mó de mídhleathach. Rachaidh Will go Canastra le heolas a chur ar cháis feirme traidisiúnta agus Pain de Quejo sula dtabharfaidh sé a aghaidh ó dheas go ceantar Campos Altos.

Bia Dúchais (OS & TS)
Bia Dúchais (OS & TS)
12:30
(S1/CL2)
Sraith ina bhfiosraítear oidhreacht chócaireachta na hÉireann. An Práta, an glasra is mó i mbia-aiste mhuintir na hÉireann a bheidh faoi chaibidil ar chlár na hoíche anocht.

The Gilmore Girls (TS)
The Gilmore Girls (TS)
13:05
(S2/CL15)
Sraith ghrinn drámaíochta. Bíonn Rory trína chéile nuair a chailleann sí an bráisléad a rinne Dean di. Tagann Lorelai ar Jess i seomra Rory agus cuireann ina leith go raibh sé ag goid. Ceannaíonn Luke an foirgneamh uilig os cionn an chaifé gan smaoineamh i gceart air.

Weakest Link (TS)
Weakest Link (TS)
14:00
(S8/CL20)
Sraith Tráth na gCeist ina bhféachfaidh 9 n-iomaitheoir leis an bpota óir a thabhairt abhaile leo. Cuirfear an t-iomaitheoir is measa, dar leis na hiomaitheoirí eile, abhaile ag deireadh gach babhta go dtí nach mbeidh ach duine amháin fanta chun an t-airgead a bhuachan. Á chur i láthair ag Anne Robinson.

Cúla 4 na nÓg
Cúla 4 na nÓg
15:00
 
Mír do ghasúir réamhscoile atá i Cúla4 na nÓg a thosóidh gach maidin ag 7 a.m. go dtí an 10.00 am agus arís ag an 3p.m. i rith na seachtaine. I measc na gclár beidh Wanda and the Alien, Masha agus an Béar, QPootle, Olly an Veain Bheag Bhán agus Dinosaur Train agus neart eile.

Masha agus an Béar
Masha agus an Béar
15:02
(S1/CL3)
Tá deacrachtaí ag an mBéar agus ag Masha lena gcrann Nollag.

Masha agus an Béar
Masha agus an Béar
15:09
(S1/CL4)
Féachann an Béar lena thaispeáint do Masha le lorg coise ainmhithe éagsúla a aithint.

PJ Masks
PJ Masks
15:16
(S1/CL13)
Tá glór Gekko goidte ag Romeo ach níl sé ag cur isteach ná amach ar Gekko.

Wissper
Wissper
15:28
(S1/CL22)
Tá ocras ar Shorcha an loras mall. Bíonn na torthaí ite ag na moncaithe i gcónaí uirthi mar go bhfuil siad i bhfad níos sciobtha ná í. Iarrann Wissper cúnamh ar Mháirtín an míorchat le rith níos tapa a mhúineadh do Shorcha.

Is Ait an Mac é Mús
Is Ait an Mac é Mús
15:35
(S1/CL36)
Féachann Jeaicín agus Mús le greim a fháil ar luch atá ag ithe na cáise uilig i dteach an Bhandiúic.

Cat a' Hata (GS)
Cat a' Hata (GS)
15:40
(S1/CL2)
Tá an gabhlán corcra a bhí i ngairdín Sailí imithe amú.

Cúla 4
Cúla 4
15:55
 
Beidh Cúla 4 ar an aer ón 7 gach maidin agus ón 4 tráthnóna ó Luan go hAoine. I measc na gclár iontach a bheidh ar siúl, beidh Angelo Rules, Get Ace, Jungle Bunch, Camp Lakebottom, Dude that's my Ghost, Garfield agus neart eile.

Alvinnn !!! & the Chipmunks
Alvinnn !!! & the Chipmunks
15:57
(S2/CL7)
Ní mó ná sásta atá na hioraí talún go mbíonn Dáithí imithe go minic leis an obair. Nuair a leanann siad é, tagann siad ar dhealbh dó déanta as céir agus ceapann siad gurb é Dáithí féin atá ann mar gheall ar scannán uafáis a chonaic siad.

Dónall Dána (GS)
Dónall Dána (GS)
16:08
(S1/CL44)
Cuireann Dónall an scoil trína chéile nuair a thugann sé isteach a hamstar.

Garfield (GS)
Garfield (GS)
16:19
(S4/CL24)
Déanann an Dochtúir Bonkers spéaclaí speisialta ar féidir an todhchaí a fheiceáil leo agus bíonn sé thar a bheith sásta leis féin.

Winston Steinburger & Sir Dudley Ding Dong
Winston Steinburger & Sir Dudley Ding Dong
16:32
(S1/CL41)
Téann Winston agus Dudley isteach i mbrionglóidí Ham go bhfaighidh siad amach cá bhfuil bronntanais bhreithlae Winston curtha i bhfolach aige.

Fangbone
Fangbone
16:43
(S1/CL14)
Socraíonn Fangbone a chairde scoile a thraenáil le go mbeidh siad in ann troid sa chluiche caide - ach ní gnáthchluiche é seo!

Whiz sa Chistin (GS)
Whiz sa Chistin (GS)
16:55
(S1/CL43)
Seó cluichí é Whiz sa Chistin atá bunaithe ar bhia. Beidh ceathrar leanaí sa chistin ar gach clár agus beidh a fhios againn cé chomh maith is atá said sa chistin nuair a chaithfidh siad tabhairt faoi dhúshlán bia agus ceisteanna go leor a fhreagairt. Ar chlár an lae inniu tabharfaidh Dylan agus Conor aghaidh ar Niamh agus ar Róisín.

An Aimsir Láithreach
An Aimsir Láithreach
17:25
(S21/CL48)
Aimsir réigiúnach agus náisiúnta.

Irish Paint Magic
Irish Paint Magic
17:30
(S19/CL3)
Tógadh Droichead Leacaigh, Dún na nGall gar do Chraoslach sa bhliain 1750 ar chostas £207.16 ag an am. Droichead aon-áirse amháin atá ann agus is fiú go mór tagairt a dhéanamh dó.

Weakest Link (TS)
Weakest Link (TS)
18:00
(S8/CL20)
Sraith Tráth na gCeist ina bhféachfaidh 9 n-iomaitheoir leis an bpota óir a thabhairt abhaile leo. Cuirfear an t-iomaitheoir is measa, dar leis na hiomaitheoirí eile, abhaile ag deireadh gach babhta go dtí nach mbeidh ach duine amháin fanta chun an t-airgead a bhuachan. Á chur i láthair ag Anne Robinson.

An Aimsir Láithreach
An Aimsir Láithreach
18:57
(S22/CL57)
Aimsir réigiúnach agus náisiúnta.

Nuacht TG4
Nuacht TG4
19:00
 
Mórimeachtaí an lae ó Aonad Nuachta TG4.

Cúl an Tí (OS & TS)
Cúl an Tí (OS & TS)
19:30
(S1/CL3)
Tabharfaidh an láithreoir Pól Ó Ceannabháin cuairt ar scoileanna na tíre áit a dtabharfaidh na daltaí faoina gcuid leaganacha féin de sheanamhráin agus dánta. Déanfar físeáin bheochana d'amhráin Ghaeilge le cúnamh ó Cartoon Saloon, stiúideo beochana a bhfuil gradam buaite aige, & ón mbanna ceoil KILA. Casfaidh Pól le scoláirí Scoil Naomh Breandán i mBiorra atá ag foghlaim an t-amhrán 'An Spailpín Fánach' le cúnamh ón iarscoláire Mundy. Casfaidh Pól ansin le healaíontóirí Choláiste Ráithín i mBré, i gContae Chill Mhantáin agus casfaidh Liam Ó Maonlaí an t-amhrán 'An Raibh Tú ar an gCarraig'.

GAA 2018
GAA 2018
20:00
(S18/CL5)
Buaicphointí ón gceathrú babhta i Sraitheanna Peile agus Iomána Allianz, Maigh Eo v Áth Cliath, Muineachán v Tír Eoghain, Ciarraí v Gaillimh, Dún na nGall v Cill Dara, Cill Chainnigh v Tiobraid Árann, Loch Garman v An Clár agus Corcaigh v Port Láirge ina measc.

Siar an Bóthar (OS)
Siar an Bóthar (OS)
21:00
(S12/CL9)
An chuid is fearr de na míreanna ceoil agus amhránaíochta traidisiúnta atá i gcartlann RTÉ. Beidh mír againn de Pheig McGrath ar an bhfliúit agus mír den amhránaí Packie Manus Byrne ag gabháil fhoinn. Beidh míreanna againn chomh maith de Liz Carroll ar an bhfidil agus de John Williams ar an gconsairtín.

Scannán: She's Funny That Way (TS)
Scannán: She's Funny That Way (TS)
21:30
 
(2014, Scannán) Imogen Poots, Owen Wilson agus Jennifer Aniston na príomhaisteoirí sa scannán seo faoi stiúir Peter Bogdanovich. Cuirtear dráma trína chéile nuair a thosaíonn bean an scríbhneora, cara léi agus aisteoir eile sa dráma ag dul in éineacht lena chéile.

Snáithe (OS & TS)
Snáithe (OS & TS)
23:15
(S1/CL2)
Sraith nua sé chlár ina ndéantar stair dhearadh faisin na hÉireann a scrúdú trí shúile dearthóirí comhaimseartha, saineolaithe agus staraithe faisin. Déanfaidh an blagálaí faisin, Ciara O'Doherty, téamaí ar nós féiniúlacht, traidisiún, pátrúnacht agus tuiscint a fhiosrú agus gheobhaidh amach faoin mbaint atá ag tírdhreach, cultúr agus teicstílí na hÉireann leis na baill éadaí a chruthaíonn dearthóirí in Éirinn agus go hidirnáisiúnta. Sa dara clár fiosróidh Ciara an tionchar atá ag éadaí agus teicstílí traidisiúnta ar dhearthóirí na hÉireann.

An Aimsir Láithreach
An Aimsir Láithreach
23:45
(S22/CL57)
An Aimsir Náisiúnta agus Idirnáisiúnta.

The Vampire Diaries (TS)
The Vampire Diaries (TS)
23:50
(S7/CL19)
Cuireann Enzo é féin i mbaol le Bonnie a shábháil. Níl aon duine seachas Rayna ábalta teacht i gcabhair ar Bonnie anois. Castar Alaric ar Stefan i Dallas. Níl an bheirt an-mhór lena chéile ó d'imigh Stefan ó Caroline. Faigheann Enzo amach an t-údar go bhfuil an Armory ag cuardach Bonnie.

The Vampire Diaries (TS)
The Vampire Diaries (TS)
00:40
(S7/CL20)
Féachann Damon agus Enzo le Bonnie a shábháil sula n-éiríonn sí níos measa. Cabhraíonn Stefan le Matt ar mhaithe le Bonnie agus faigheann sé amach an fáth go bhfuil Matt olc leis. Nuair a théann Caroline ar mhisean in éineacht le Alaric, tuigeann sí go n-airíonn sí uaithi an saol a bhí aici. Déanann Damon cinneadh a athróidh gach rud idir é féin agus Bonnie.

France 24
France 24
01:30
 
Cainéal nuachta 24 uair an chloig na Fraince atá i France 24. Bíonn an clár á chraoladh beo as Páras. Tá 180 iriseoir ag an stáisiún ar fud an domhain mhóir a thugann tuairiscí cuimsitheacha agus cumasacha chuig an lucht féachana ar imeachtaí móra laethúla.

Dé Luain, Feabhra 26, 2018
Níl TG4 freagrach as an ábhar ar Shuíomh Gréasáin seachtrach ar bith